FÁNAIḊEAĊT

I

gCONNDAE ṀUIĠEO

 

Séamus Mag Uiḋir

do scríoḃ.

 

 

OIFIG AN tSOLÁṪAIR

Baile Áṫa Cliaṫ.

 

 

An Ċéad Ċló, 1944.

Clóċualluċt Ċaṫail, Tta., Baile Áṫa Cliaṫ

 


 

FÁNAIḊEAĊT I gCONNDAE ṀUIĠEO

CLÁR AN LEAḂAIR

IORRUS

CAIBIDIL I. Sean-ċáirde - An Muirṫead - Áiteaċa cáileaṁla - Áilneaċt na h-áite - Muinntear na h-áite - A sliġe ḃeaṫaḋ .

CAIBIDIL II. Tobar Ḋeirble - Naoṁ Deirble - Roilig an Ḟáil Ṁóir - Slad 1927 - "An Báṫaḋ Mór" - Caora Inis Géiḋe .

CAIBIDIL III. Sean-aṁránaiḋe - Breaṫnaiġ Inis Géiḋe - "Sail Óg Ruaḋ" - Sgéal an aṁráin .

CAIBIDIL IV. Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na Croise - Mainistear Ṫearmainn Ċaṫraċ - "Eoġan Cóir" - Riocard Bairéad (file) .

CAIBIDIL V. Inis Glóire - Na foṫraċa - Uaiġ Ċlainne Lir - Sean-leaċtanna - Ag déanaṁ an "turais" .

CAIBIDIL VI. An Geata Mór - Tiġearnaí Talaiṁ - Na Biongamaiġ - Sgláḃuiḋeaċt agus imirce - Tobar an Ċáirn .

ACAILL.

CAIBIDIL VII. Suiḋeaṁ an Oileáin - Ríoġaċt Acla - Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneaċt an Oileáin - Sliġe ḃeaṫaḋ na ndaoine .

CAIBIDIL VIII. An Seanċaiḋe - "Cúl na Beinn’" - Clann tSuiḃniġ - San Teaċ Ósda .

CAIBIDIL IX. Smuglaereaċt - An caiptín ó’n ḃFrainnc - Máġnus Mac Suiḃne - Teaċt Humbert - An tAṫair Máġnus Mac Suiḃne - An Sagart ar a ṡeaċaint - An Sagart ina ṗríosúnaċ - A ḃás .

CAIBIDIL X. I n-aimsir na bPéin-Dliġṫe - An tAṫair Ó Gallaċuḃair - É ar a ṡeaċaint - An spiadóireaċt - An feall - A ḃás .

CAIBIDIL XI. Gráinne Ní Ṁáille - A bunaḋ - Na Flaiṫḃeartaiġ - Na Máilliġ - Na Búrcaiġ - Eaċtra Ġráinne - "Diaḃal an Ċorráin" - "Caiptín Ó Máille"

CAIBIDIL XII. Tiġearnaí talaiṁ - Muinntear Brún - Muinntear Uí Ḋoṁnaill - Muinntear Ṁic Loċlainn - Muinntear Ṁic Ċormaic - ’Liam Píce - Iarla Ċáḃáin - "Cailleaċ a’ Valley" .

CAIBIDIL XIII. Roiṁ an Ġorta - Teaċt Nangail - Bunuġaḋ an "Ṁisiuin" - Imṫeaċta an "Ṁisiuin" - An "Achill Herald" - Meaṫ an "Ṁisiuin" - A ḋeireaḋ

CAIBIDIL XIV. An Ċéad Traen go hAcaill - An Tairingireaċt - An Traen Speiséalta Deiriḋ - Ag Fóġluim an Ḃéarla - Lá an Easbuig - "Hata Acla"

 



 

Fánaiḋeaċt i gConndae Ṁuiġeo

IORRUS

CAIBIDIL I

Sean-ċáirde - An Muirṫead - Áiteaċa cáileaṁla - Áilneaċt na h-Áite - Muinntear na h-áite - A sliġe ḃeaṫaḋ.

I LÁR an tSaṁraiḋ sa mbliaḋain 1938, an té a ḃéaḋ ina ṡeasaṁ ar ḋroiċead an ċanáil i mBéal a’ Ṁuirṫid, d’ḟeicfeaḋ sé beirt ḟear ar ḋá roṫar ag taḃairt a n-aġaiḋ siar agus siuḃal maiṫ fúṫa. Fear óg, sgafánta, leigṫe b’eaḋ duine aca a raiḃ seal bliaḋanta caiṫte aige i Meiriocá, áit ar éiriġ an saoġal go maiṫ leis. Ḃí sé ar ais ina ṫír ḋúṫċais aríst ag caiṫeaṁ saoire a ḃí tuillte go maiṫ aige. B’as Iorrus é. É ina Ġaeḋeal agus ina Ġaeḋealgóir breáġ agus meas ṫar an gcoitċeann aige ar an Ġaeḋilg, a ṫeanga ḋúṫċais. Ba é a ṁian an ċuid ba ṁó de Ċonndae Ṁuiġeo, go mór ṁór an Ġaeḋealtaċt atá san gconndae sin, a ṡiuḃal agus eolas a ḟaġáil ar ṡaoġal na ndaoine, ar a gcuid staire agus seanċais, agus an oiread de’n ċonndae a ḟeiceál le n-a ṡúile féin agus a ṫiocfaḋ leis ar feaḋ a ṡaoire.

Ní raiḃ sé ṫar cupla lá sa mbaile as Meiriocá nuair a casaḋ an mac seo air, agus, má ḃí ríméad ar an mbeirt a ċéile a ḟeiceál i ndiaiḋ seaċt mbliaḋan, cé ṫóigfeaḋ orṫa é, mar tóigeaḋ ag béal a’ dorais ag a’ ċéile iad agus ċuaiḋ siad ar sgoil le ċéile. Le linn a n-óige ba doiliġ beirt a ḟaġáil a ḃí ċoṁ tugṫa ḋ’á ċéile, agus i dtaca le spóirt agus aċrann na h-óige ḋe, ḃíoḋ gaċ aoinne aca sáiḋte ċoṁ mór ann leis an duine eile. Ar an gcaoi sin d’ḟás cáirdeaṁlaċt agus carṫannas eatorṫa beirt naċ réabfaiḋear fad is beo a lá, bíoḋ gur fada sgaiṫte sgarṫa ó ċéile anois iad. Aċt naċ ’in cúrsaí an tsaoġail?

Ar ċuma ar biṫ nuair a ḃí cúrsaí an tsaoġail i Meiriocá agus sa mbaile i gcaiṫeaṁ na seaċt mbliaḋan sin cíorṫa agus spíonta go maiṫ, ṡocruiġ muid beirt sgaṫaṁ a ċaiṫeaṁ le ċéile ag fánaiḋeaċt i gConndae Ṁuiġeo, ár gconndae dúṫċais, ag cur eolais ar na h-áiteaċa ann a ḃfuil cliú agus cáil orṫa ó ṫaoḃ na staire agus na h-áilneaċta. Ḃí ḟios againn beirt, ó’n tseanċas a ċuala muid ó am go h-am ó na sean-daoine in ár mbaile ḋúṫċais féin, go raiḃ áiteaċa sa gconndae ar ḃ’ḟiú a ḃfeiceál agus go raiḃ sgéalta agus seanċas imeasg na ndaoine ann ar ċóir a gcur ar ṗár ṡul a nglaoiḋeaḋ an bás uainn na seanċaiḋṫe a raiḃ an stór luaċṁar seo aca.

Ba ṁaiṫ a ṫuig muid naċ mórán a d’ḟéadfaiḋe a ḋéanaṁ san am a ḃí againn aċt níor ċuir sin aon droċ-ṁisneaċ orainn. Ḃí ḟios againn go ndeaċa daoine róṁainn a rinne a gcion san obair ċéadna agus go dtiocfaḋ daoine in ár ndiaiḋ a ċuirfeaḋ leis an méid a ḃéaḋ déanta, agus ar an gcaoi sin go ḃféadfaiḋe na bailiúċáin ḃeaga a ċur i dtoll a ċéile am eicínt agus cnuasaċt toirteaṁail a ḋéanaṁ a ċuirfeaḋ cuid ṁaiṫ de stair agus béaloideas an ċonndae ar an ḃfód sáḃáilte. Ḃí dúil againn beirt ’ċuile lá ariaṁ an oiread de’n ċonndae fré ċéile a ḟeiceál agus a ṫiocfaḋ linn ḋá dtigeaḋ an deis, agus anois nuair a ḃí an ċaoi agus an t-am againn níor ḃfailliġeaċ ḋúinn a ṫapuġaḋ. Deir an sean-ḟocal naċ ḃfuil long a ḟanfas le cóir naċ ḃfuiġiḋ, agus b’ḟearaċt sin againne é.

Ar an Muirṫead siar a ṫug muid aġaiḋ i dtoiseaċ mar ḃí ḟios againn de ṫairḃe an tseanċais a ċuala muid faoi go raiḃ sé ar ċeann de na h-áiteaċa ba suimeaṁla i nIorrus le cúpla lá a ċaiṫeaṁ ann. ’Sé an Muirṫead an ċuid sin d’Iorrus atá ar an taoḃ ṫiar de’n ċanál atá ag dul ṫríd Ḃéal a’ Ṁuirṫid agus atá ag ceangailt Cuan an Ḟóid Ḋuiḃ agus Cuan an Inḃir le ċéile. Sgarann an canál seo an Muirṫead ó’n ṁóir-ṫír sa gcaoi gur féidir a ráḋ gur oileán é an Muirṫead. Tá droiċead ag dul treasna an ċanáil agus caoi ann leis an droiċead a árduġaḋ, le báid agus longa a leigint ó ċuan go cuan do réir mar a ḃíos gáḋ leis.

an talaṁ is fearr i nIorrus ar an Muirṫead agus ní ḋeaċa sé seo amuġa ar na tiġearnaí talaiṁ san am atá caiṫte, mar go mba líonṁaire iad ins an gceanntar sin ná i gceanntar ar biṫ eile i nIorrus. Ḃí go leor de na tiġearnaí seo a raiḃ an ċuid ba ṁó dá ndúiṫċí i n-áiteaċa eile ar fud Iorruis aċt má ḃí féin, ní raiḃ duine aca naċ raiḃ stiall de’n Ṁuirṫead aige. Is ar éigin má ḃí ceanntar ar biṫ eile dá ṁéid i nÉirinn a raiḃ an oiread tiġearnaí talaiṁ ag cur fúṫa ann agus a ḃí ar an Muirṫead. Aċt d’imṫiġ a lá agus is fada fánaċ an sgapaḋ atá orṫa agus ar a slioċt indiu agus tá a gcuid caisleán "ina ḃfoṫraċa folaṁa gan áird," aċt is glas i gcuiṁne na ndaoine go fóill cáil na dtiġearnaí sin, agus a leoca féin, ní h-í an deaġ-ċáil í. Is doiliġ dearmad a ḋéanaṁ ḋi mar ċáil, mar naċ ḃfuil míle de’n ċeanntar sin a ṡiuḃalfas duine naċ mbéiḋ rud eicínt le feiceál ann a ṁeaḃróċas dó an ċúṁaċt a ḃí ag na tiġearnaí sin agus an cruaḋtan agus an sgláḃuiḋeaċt a d’ḟulaing na daoine a ḃí mar ṫionóntaí fúṫa.

Ó Ḃéal a’ Ṁuirṫid siar ó ḋeas go dtí an Fál Mór ní tada gearr de ċeiṫre ṁíle ḋéag é. ’Sé an Fál Mór an baile is fuide ó ḋeas ar an Muirṫead, aċt ar ḟad na gceiṫre ṁíle ḋéag sin tá an oiread sin de’n áilneaċt faoi do ṡúil agat ar ’ċaon taoḃ naċ n-aireoċṫá fada mar aistear é. Tá Cuan an Ḟóid Ḋuiḃ ar ṫaoḃ na ciotóige ar ḟad an ḃealaiġ agus an Ḟairrge Ṁór ar ṫaoḃ na deasóige. Is ar éigin má cailltear aṁarc ar an ḃfairrge ar ’ċaon taoḃ ó ṫoiseaċ go deireaḋ an aistir agus ’ċaon taoḃ ḋíoḃ ċoṁ h-áluinn suimeaṁail leis an taoḃ eile. Tá tráiġeanna fada geala, alltraċa árda fiaḋáine agus carraigreaċa géara garḃa ar gaċ aon taoḃ agus iad uilig go léir ag cur leis an áilneaċt ina mbealaċ féin.

Ar ṫaoḃ na deasóige, amuiġ san ḃFairrge Ṁóir, tá Inis Glóire, an áit a ḃfuil Clann Lir curṫa, Inis gCaoraċ, Inis Géiḋe ó ṫuaiḋ agus Inis Géiḋe ó ḋeas. Ar an taoḃ ó ḋeas de’n Ḟál Mór tá Duḃ-Oileán agus na Léimneaċa. I ḃfad amaċ siar san aigéan tá an Toir, carraig ṁór atá corrlaċ le deiċ míle amaċ ó’n ṁóir-ṫír. Ar ṫaoḃ na ciotóige, mar aduḃraḋ, tá Cuan breáġ leaṫan an Ḟóid Ḋuiḃ. Taoḃ ṫoir de’n ċuan tá sléiḃte Iorruis agus Baile Ċruaiċ. Níos fuide soir aríst tá Corr-Ṡliaḃ le feiceál agus a ceann go maiṫ aici ar na sléiḃte eile atá luaiḋte. Ar an taoḃ ó ḋeas de’n ċuan tá Oileán Acla, áit a ḃfuil dúil againn cúpla lá a ċaiṫeaṁ agus a mbéiḋ cunntas faoi amaċ annseo.

Ceanntar réasúnta coṁṫrom é ó ḟágfas tú Béal a’ Ṁuirṫid go dtéiġiḋ tú go dtí an Fál Mór. Ṫiar i n-aice leis an ḃFál Mór tá Cnoc Tearmainn. Meall nó árdán mór cloċ-eiḃir é seo a ḃfuil clúdaċ tanaiḋe de ċréafóig ḃoiċt neaṁ-ṡéasúiriġ air. Suas go dtí timċeall fiċe bliaḋan ó ṡoin ḃí glaoḋaċ mór ar an gcineál sin cloiċe agus ḃí ḋá ċoiléar ḋ’á n-oibriuġaḋ ann agus ṫart ar céad fear ag obair agus ag saoṫruġaḋ ionnta.

Ṫugtaoi cuid ṁór de’n ċloiċ-eiḃir seo ċun bealaiġ go h-áiteaċa eile ar fud na tíre agus ṫar sáile go tíorṫa eile ċoṁ maiṫ mar ḃí árd-ċáil uirṫi agus í go feileaṁnaċ i gcóir foirgniḋ. Aċt cébí fáṫ a ḃí leis, ṫáinig meaṫ ar an tionnsgail sin sa gcaoi naċ ḃfuil ann anois aċt cineál béaloidis go raiḃ a leiṫeide ann.

Talaṁ gainiṁeaċ an ċuid eile de’n Ṁuirṫead, mórán. Tá cuid ṁaiṫ de faoi ġainiṁ ṡéidte atá ċoṁ geal le sneaċt, agus ċoṁ mín le min. Níl fásraḋ ar biṫ gur fiú tráċt air ar an ngainiṁ ṡéidte seo aċt corr-ṫom muiríniġe. Talaṁ sruṫ-ġainiṁ an ċuid eile agus é go maiṫ i gcóir curaiḋeaċta agus gan aiṁreas é saoṫruiġṫe go maiṫ. Níl fód aṁáin móna ó Ḃéal a’ Ṁuirṫid siar agus níl léiġeaḋ ná innseaċt ar an anró a ġeiḃtear ann ag iarraiḋ móin an ġeiṁriḋ a ṡoláṫar agus a ṫaḃairt ṫar cuan isteaċ ó’n ṁóir-ṫír.

Taoḃ tíre lom é naċ ḃfuil crann ná sgeaċ gur fiú le feiceál ann. Deir muinntir na h-áite gur cuireaḋ ann iad ó am go h-am agus go ḃfásaḋ siad maiṫ go leor go mbíoḋ siad sé nó seaċt dtroiġ ar airde agus annsin ċríonaḋ siad. An ġaoṫ láidir, ġuirt ó’n ḃfairrge ba ċionntaċ leis, dar leo.

Níl áilneaċt na h-áite seo ar aon dul le áilneaċt ḟiaḋáin, ṡléiḃteaṁail Ṫír Ċonaill ná áilneaċt ġarḃ, ċloċaċ, loċaċ Ċonamara, aċt mara ḃfuil féin tá áilneaċt ḋ’á ċuid féin ann. Tá raḋarc ar an ḃfairrge ó gaċ ball de. Tá tráiġeanna geala, gainiṁeaċa agus alltraċa árda, sin, agus corr-loċ, agus an méid sin go léir faoi n-a ṡúil ag duine i n-aon raḋarc aṁáin. Tá éagsaṁlaċt san áilneaċt atá ann agus an éagsaṁlaċt sin níos ciuine agus níos soċṁaiḋe ná mar atá le faġáil i n-aon áit eile san gconndae.

Is beag má tá difriḋeaċt ar biṫ idir tréiṫe na ndaoine ar an Muirṫead agus tréiṫe na ndaoine i gConamara ná i nGaeḋealtaċt Ṫír Ċonaill. Tá siad láġaċ, fial agus fáilteaċ agus iad i gcóṁnuiḋe réiḋ le caḃruġaḋ leis an strainséar. Fearaċt ’ċuile áit eile san Ġaeḋealtaċt, ní h-é go leor de ṁaoin an tsaoġail atá aca, nó ag an gcuid is mó aca ar ċuma ar biṫ. Aċt tá an ċuma orṫa go ḃfuil siad sásta le n-a ḃfuil aca, agus ní minic a cluintear ag claṁsán iad. Daoine láidre, cruaiḋ-ḋéanta iad uilig, agus cuma na sláinte agus an ḟollántais orṫa go léir fré ċéile.

Mar atá ráiḋte, tá an córtas agus an ġeanaṁlaċt a ġeiḃtear san Ġaeḋealtaċt le faġáil ann ó ṁuinntir na h-áite. I gceann an ṁéid sin, tá an tsaoiḋeaċt uasal Ġaeḋealaċ ann nár truailliġeaḋ go fóill le "síḃialtaċt" Gall. Is soiléir gur de’n dúṫċas an tsaoiḋeaċt sin; go ḃfuil sí geinte ins na daoine go smior agus go smúsaċ agus go ḃfuil an ḟuil uasal Ġaeḋealaċ go fóill ag ropaḋ léiṫe ina gcuisleanna go láidir bríoġṁar i ndiaiḋ an ṁéid a rinneaḋ le "Sacsan beag d’ar b’ainm Éire" a ḋéanaṁ de’n tír seo. Cé’n ċaoi eile a mbéaḋ sé leis na daoine seo atá le faġáil agus a tóigeaḋ san Ġaeḋealtaċt seo agus i ngaċ Gaeḋealtaċt eile sa tír? Naċ de ṡlioċt na riġṫe iad, an tslioċt sin a raiḃ an spiorad agus an uaisleaċt ró-láidir ionnta le n-a gcreideaṁ ná a ndúṫċas a ṡéanaḋ ná a ċaiṫeaṁ uaṫa ar ṁaiṫe le cúṁaċt, maoin ná saiḋḃreas? Is furast a ḟeiceál gur de ḃunaḋ na n-uasal iad san iomċur atá fúṫa agus an tógáil atá orṫa. Aċt naċ ’in é an sean-dúṫċas Gaeḋealaċ atá beo go fóill áit ar biṫ a ḃfuil an teanga ḋúṫċais go bríoġṁar láidir, mar atá sí ar an Muirṫead? Is roiġin an rud an dúṫċas agus is doiliġ a ċlaoiḋeaḋ agus tá a ċruṫuġaḋ sin go soiléir againn ins an áit seo.

an Ġaeḋilg go beo bríoġṁar ag muinntir na h-áite seo go fóill, ċoṁ bríoġṁar slán agus atá i nGaeḋealtaċt ar biṫ eile sa tír, agus leis an eolas ceart a ḟaġáil ar an áit agus eile, ní mór do ḋuine ḃeiṫ i n-ánn an Ġaeḋilg a laḃairt go measarḋa maiṫ. Aċt ná síltear go ḃfuil siad i muiniġin na Gaeḋilge ar fad mar ṫeangaiḋ, mar naċ mar sin atá. Tá cuimse maiṫ Béarla aca ċoṁ maiṫ, aċt gur fearr i ḃfad atá siad i n-ánn seanċas a ḋéanaṁ agus a gcuid smaointe a noċtaḋ sa nGaeḋilg. Ina ċeann sin tá eolas coṁṫrom aca - na h-iasgairí go mór ṁór - ar an ḃFrainncis. Tigeann báid iasgaċa anall ó’n ḃFrainnc ag iasgaireaċt ṫart ar ċóstaí Iorruis agus bíonn dlúṫ-ḃaint ag na h-iasgairí sin le iasgairí na h-áite. Sin é an ċaoi a ḃfuair siad an t-eolas ar an ḃFrainncis mar go mbíonn na Franncaiġ ag ceannaċt an éisg uaṫa, agus, ag déanaṁ an ṁargaiḋ ḋóiḃ, ’sé an dá mar a ċéile aca é an Béarla nó an Ḟrainncis.

 

 

CAIBIDIL II

Tobar Ḋeirble - Naoṁ Deirble - Roilig an Ḟáil Ṁóir - Slad 1927 - "An Báṫaḋ Mór" - Caora Inis Géiḋe.

ANOIS, a léiġṫeoir, ó ṫárla breac-ḃaraṁail agat ar an gcineál ceanntair é an Muirṫead ní fearr rud a ḋéanfá ná bualaḋ linn siar ċoṁ fada is is féidir linn agus annsin cuartuġaḋ linn aniar ar ais go ḃfeicimid cé’n t-eolas atá le faġáil. B’ḟéidir gur fánaċ an ċaoi a gcasfaiḋe sean-duine eicínt orainn ar an searsa sin a ḃéarfaḋ glac seanċais dúinn faoi na h-áiteaċa is mó le rá ó ṫaoḃ staire agus seanċais. Caiṫfiḋ sé go ḃfuil an t-an-ċuimse seanċais ann aċt bun a ċur air, mar ó n-a ḃfuil le feiceál ann de sean-ḃeanntraċa, ballóga agus foṫraċa sean-ṁainistreaċ, is cinnte go raiḃ an Muirṫead go h-árd i réim tráṫ de’n tsaoġal.

Mar aduḃraḋ ċeana ’sé an Fál Mór an baile is fuide siar ar an leiṫ-inse seo. Ar ċúl an ḃaile tá dúṁaċa móra gainiṁe gan aon ċeo ag fás orṫa aċt corr-ṡlámán muiríniġe agus dornán fánaċ de ḟéar ċruaḋ roiġin. Istiġ i logán imeasg na ndúṁaċa gainiṁe seo tá tobar beannuiġṫe. Is minic a déantar iongantas de naċ líontar suas an tobar seo leis an ngainiṁ atá ṫart air ar ’ċaon taoḃ. Tá ḋá ainm ar an tobar seo. Tobar na Dúṁaiċe an t-ainm is miniciġe a cluintear ag muinntir na h-áite air aċt tá Tobar Ḋeirble air ċoṁ maiṫ. ’Ċuile ḃliaḋain idir an dá Lá Ḟéile Muire bíonn na sluaiġte le feiceál ’ċuile lá, mórán, ag déanaṁ an "turais" ag an tobar seo.

Ar ndóiġ ní faisiún úr ná nuaiḋe é daoine a ḟeiceál ag déanaṁ "turais" áit ar biṫ a ḃfuil tobar beannuiġṫe aċt ní raiḃ aon tsásaṁ intinne le faġáil ag mo ċomrádaiḋe - Miċeál a b’ainm ḋó, mur ḃfuil sé i n-am agam é a ċur i n-aiṫne ḋuit, a léiġṫeoir! - go ḃfaġaḋ sé amaċ cé’rd ba ḃun leis an turas i dtoiseaċ. Cráin-ḟear cnáṁaċ, cruaiḋ de iasgaire a ḃí ag cur deis’ ar ṡean-ċuraċ ṫíos ar an dúirling a d’innis ḋúinn beirt an sgéal a ḃaineas leis an tobar beannuiġṫe seo agus seo ċugaiḃ anois é mar a h-innsiġeaḋ dúinne é, agus má tá bréag ann bíoḋ, ní muide a ċum ná a ċeap é, mar adeireaḋ na sean-tseanċaiḋṫe.

Am eicínt i ndeireaḋ na h-oċtṁaḋ aoise, ḃí tiġearna nó flaiṫ saiḋḃear ina ċóṁnuiḋe áit eicínt suas i lár na hÉireann. Ní raiḃ de ċlainn aige aċt an t-aon inġean aṁáin agus más fíor do’n tseanċas ba ḃreáġ, daṫaṁail an ainnir í nuair a ḃí sí ina cailín óg. Casaḋ taoiseaċ airm ar cuairt i dteaċ an ċailín óig tráṫ agus leis an gcéad aṁarc ṫuit sé i ngráḋ léiṫe. Ba ḃeag cluas a ṫug sise ḋó nuair a d’iarr sé uirṫi é a ṗósaḋ. Ċuir an taoiseaċ seo go bog agus go cruaiḋ ar aṫair an ċailín cóṁairle a ċur ar a inġin glacaḋ leis an tairisgint a ḃí ḋ’á taḃairt ḋi. Ḃí an t-aṫair sásta go leor leis aċt ḃí sé fánaċ ag an mbeirt ḟear a ḃeiṫ ag iarraiḋ cóṁairle mar sin a ċur uirṫi-se. Ḃí rún aici-se a saoġal a ċaiṫeaṁ i seirḃís Dé agus ċaiṫ sí ’ċuile smaoineaṁ ar ṗósaḋ as a ceann, sa gcaoi naċ raiḃ gar ann do’n aṫair ná do’n taoiseaċ a ḃeiṫ ag iarraiḋ uirṫi géilleaḋ ḋá dtoil.

Cé go ndearna sí gaċ a dtáinig léiṫe leis an rún a ḃí aici a ċur ina luiġe ar an mbeirt ḟear ní raiḃ lá suaiṁnis le faġáil aici ó’n taoiseaċ seo aċt é go síorraiḋe agus i dtólaṁ ag iarraiḋ a ċur i n-iúl do Ḋeirble, an cailín óg, ċoṁ mór agus ḃí sé i ngráḋ léiṫe. Ḃí sé ag dul di ċoṁ mór sin gur ṡocruiġ sí ar deireaḋ a h-áit ḋúṫċais a ḟágáil agus imṫeaċt léiṫe go h-áit eicínt naċ mbéaḋ aon ḟaġáil ag an taoiseaċ uirṫi.

D’ḟág sí slán ag a muinntir agus moill ná mór-ċóṁnuiḋe ní ḋearna sí gur ṡroiċ sí an Fál Mór i n-iarṫar Iorruis. Ag marcuiḋeaċt ar asal a ṫáinig sí, agus cinnte ba doiliġ áit ní b’iargcúltaiġe a ḟaġáil ná an áit ḟiaḋáin, lom sin ṫiar ar éadan an ċnuic ar bord na Fairrge Móire. Ba ċráiḃṫeaċ naoṁṫa an saoġal a ḃí ḋ’á ċaiṫeaṁ aici ann ag caḃruġaḋ leis na boċtáin agus ag treoruġaḋ na ndaoine san áit ċuig Dia ar ’ċuile ḃealaċ.

Aċt is doiliġ an gráḋ a ċeannsuġaḋ agus ar ndóiġ más fíor do’n tsean-ḟocal é, galar é an gráḋ naċ leiġeastar le luiḃeanna agus is cosaṁail naċ raiḃ leiġeas i ndán do’n taoiseaċ seo go ḃfaġaḋ sé Deirble. Ċoṁ luaṫ agus ċroṫnuiġ sé ise imṫiġṫe as a h-áit ḋúṫċais ṫoisiġ seisean ’ġá tóruiḋeaċt. Lean sé ḋó oiḋċe agus lá ar an tóir go géar go ḃfuair sé fáirnéis ar deireaḋ go raiḃ sí ag cur fúiṫi ṫiar ar an ḃFál Mór.

Nuair a fuair sé sin amaċ srian níor ṫarraing sé gur ṡroiċ sé an áit a raiḃ sí. Ba ar luing a ṫáinig sé ann agus ba i gclúid an Ṗuirt Ṁóir a ċaiṫ sé ancoire. Nuair a ṫáinig sé i dtír ċuir sé tuairisg Ḋeirble, rud a fuair sé gan ró-ṁoill. Nuair a ḃuail sé isteaċ sa mboṫán a ḃí aici, níor b’iongantaiġe léiṫe an sioc sa tSaṁraḋ ná é a ḟeiceál aríst, mar go mba é an duine deiriḋ a raiḃ súil aici a ḟeiceál san áit iargcúlta sin.

Ċuir sí fearaḋ na fáilte roiṁe agus d’ḟiafruiġ ḋe céard a ṫug an bealaċ sin é. D’innis sé ḋi agus ṫoisiġ air aríst ar an tsean-sgéal sin naċ mbéiḋ sean go deo, ag cur i n-iúl ḋi ċoṁ mór agus ḃí sé i ngráḋ léiṫe agus naċ raiḃ aon tsólás i ndán dó sa tsaoġal seo gan í. Lean an seanċas seo eatorṫa go ceann sgaṫaiṁ maiṫ, ise ag iarraiḋ cóṁairle a ċur air filleaḋ aḃaile agus dearmad a ḋéanaṁ ḋi. Aċt ní raiḃ gar ann di. Ar deireaḋ nuair a ḃí sí sáruiġṫe amaċ ḋ’á ċóṁairliuġaḋ agus é ag cliseaḋ amaċ is amaċ uirṫi, d’ḟiafruiġ sí ḋe céard a ċonnaic sé innti ṫar ċailín ar biṫ eile go dtug sé an oiread sin gráḋa ḋi.

"Do ḋá ṡúil," ar seisean.

Ní ḋearna sí a ḋaṫ aċt a ḋá súil a ṗiocaḋ amaċ as a ceann agus iad a ċaiṫeaṁ ċuige. D’ḟóbair go mbrisfiḋe a ċroiḋe nuair a ċonnaic sé an rud a rinne sí aċt ní raiḃ leiġeas aige ar an ngníoṁ a ḃí déanta. Le croiḋe a ḃí anois ina ċrotal-cró i ngeall ar a ḋílseaċt i ngráḋ, d’ḟág sé slán ag Deirble agus an Fál Mór agus sgéal ná sguan níor cluineaḋ faoi san áit sin ní ba ṁó.

Ḃí Deirble dall annsin agus caoi ḃoċt uirṫi aċt lean sí leis an tsaoġal diaḋanta cráiḃṫeaċ, ag guiḋe Dé fóirṫint di agus do ḃoċtáin na h-áite. Lá aṁáin agus í ag iarraiḋ a ḃeiṫ ag moṫuġaḋ a bealaiġ ṫríd dúṁaċa an Ḟáil Ṁóir, d’airiġ sí crónán fiodáin cóṁgaraċ ḋi. Rinne sí a bealaċ i dtreo an ḟiodáin agus nuair a ṡroiċ sí an t-uisge ċrom sí síos gur ċuir sí baslaċ ar a h-éadan. Ar an móiméad ar ċuir sí an t-uisge ar a h-aġaiḋ fuair sí raḋarc na súl ar ais aríst. Tá Tobar Ḋeirble ó’n lá sin go dtí an lá atá ann indiu san áit ar niġ an cailín óg sin a h-éadan na céadṫa bliaḋan ó ṡoin agus ómós mar is cuiḃe ḋ’á ṫaḃairt dó ag Gaeḋil anuas ṫríd na bliaḋanta sin.

Ṫoisiġ Deirble ag obair i ndáirírí annsin. Ċuir sí mainistear ar bun ar an ḃFál Mór agus lean sí uirṫi ag cur síol na Críostuiḋeaċta sa gceanntar sin. Idir an Eaċléim agus an Fál Mór tá baile a dtugtar an Tearmainn air agus ba leis an mainistir a ḃí ag Deirble talaṁ an ḃaile sin mar a tuigtear ó’n ainm. Tá foṫraċa na sean-ṁainistreaċ sin le feiceál go fóill i roilig an Ḟáil Ṁóir agus más féidir tuairim ar biṫ ar a méid a ḟaġáil ó’n ṁéid di atá fágṫa, is léir nár ṁainistear ró-ṁór a ḃí innti. Tá uaiġ Ḋeirble sa roilig sin le h-ais na ḃfoṫraċa agus balla beag cloċ ṫart uirṫi, agus gan fiú tráiṫnín aṁáin féir ag fás uirṫi aċt í ċoṁ lom le croiḋe do ḃoise. Tá sean-leaċtanna go leor sa roilig ċéadna, cuid aca ċoṁ h-aosta sin naċ féidir aon ṁeaḃair a ḃaint as an sgríḃinn atá orṫa. Tá sean-ċloċ ṫumba ann a ḃfuil an dáta 843 gearrṫa uirṫi agus giḋ go raiḃ tuilleaḋ ṫar an dáta uirṫi ní féidir níos mó a ḋéanaṁ amaċ.

Naċ fada siar a ṫéiġeas cuiṁne Gaeḋeal agus naċ iongantaċ mar a ṫáinig seanċas na laeṫe i n-allód anuas ṫríd na h-aoiseanna ó ġlúin go glúin go dtiocfaḋ le sean-iasgaire a tóigeaḋ ar bord na Fairrge Móire, seanċas bríoġṁar cruinn a ḋéanaṁ indiu ar neiṫe a ṫárla os cionn míle bliaḋan ó ṡoin!

"Tá sgéal Naoṁ Deirble agaiḃ anois," ar seisean, "mar a ṫáinig sé anuas ċugam-sa uaṫa seo atá imṫiġṫe agus cuirigiḋ siḃ-se uaiḃ é ċuca seo a ṫiocfas i n-ḃur ndiaiḋ, mar d’ḟág sí a rian ar an áit seo sa gcaoi naċ ndéanfaiḋear dearmad di ḟad ’s ḃéas uisge a’ riṫ ná féar ag fás ar na creagáin ġarḃa seo. Tá a h-uaiġ, mar aduḃairt mé liḃ, ṫoir sa roilig agus má ṫéiġeann siḃ soir, ná dearmad Paidir agus Cré a ċur le n-a ḃfuil curṫa ann mar ṫuill siad é agus is boċt an niḋ a ḃeiṫ gann faoi do ġuiḋe. Is beag ḋinn féin naċ mbéiḋ caḃair a ḋiṫ orainn. Aċt ar ndóiġ tá Dia láidir."

"’Sé ’tá," arsa Miċeál, "agus Máṫair ṁaiṫ Aige."

D’ḟág muid slán ag an tsean-iasgaire agus ḃog muid linn suas ag déanaṁ ar an tsean-roilig. "Ḃfaca tú iongantas ariaṁ aċt an ċaoi a ḃfuil an Ġaeḋilg agus an Béarla ar a ṫoil ag an tsean-ḟear sin?" arsa Miċeál. "Tig leis casaḋ leis ó ċeann go ceann aca ar a ṡocraċt gan pioc stróiṁ ná briotaiġile ’réir mar ḟeilfeas teanga aca ṫar an gceann eile do’n tseanċas."

"Naċ ḃfeicim sin," arsa mise, "aċt is bríoġṁaire i ḃfad a ċuid seanċais nuair is i nGaeḋilg a sgaoileann sé uaiḋ é. Naċ é an truaġ é go ḃfuil a leiṫeide ag imṫeaċt uainn go tiuġ agus ag taḃairt ’un na cille leo, an teanga uasal agus an stór luaċṁar seanċais atá aca?"

"Is mór an tsléaċt agus an ċaill é dá mbéaḋ neart air," arsa Miċeál, "go mór ṁór an Ġaeḋilg. Naċ ḃfeiceann tú go gcuireann an sean-Ġaeḋilgeoir i láṫair is faoi ċoimirce Dé ṫú leis an gcéad ḟocal a ṫigeas as a ḃéal nuair a castar ort é, agus aríst, agus tú ag sgaraḋ uaiḋ, guiḋeann sé Dia na nGrást’ a ḃeiṫ do d’ ċosaint ’s do d’ ċúṁdaċ ó anaċain ’s ó ḃaoġal?"

"Naċ ḃfeicim sin," arsa mise, "aċt seo í an roilig annseo agus buailimís isteaċ go mbreaṫnuiġmid ṫart. A Ṫiġearna, naċ é an áit atá ciuin, annseo ar ċolḃ na Fairrge Móire, gan aon ċeo ag cur isteaċ ar an gciuineadas sin aċt mion-tsleasáil na dtonnóg atá ag liġe agus ag pógaḋ na gcairrgreaċ ṫíos, an lá ciuin saṁraiḋ seo! Bíoḋ geall naċ mbíonn an áit seo ċoṁ soċṁaiḋe socair nuair ḃíos an ḟairrge tóigṫe le stoirm agus anfaḋ an ġeiṁriḋ, nuair a ḃíos na róisteaċa móra muing-ġeala ag teaċt ina sean-rása aniar ó ḃun na spéire agus ġá gcaiṫeaṁ féin go mío-ṫrócaireaċ árd-ġlóraċ i n-aġaiḋ na gcairrgreaċ seo ṫíos?"

"Is beag beann atá ag na cairrgreaċa sin ar ṫreasgairt na dtonn mar tá an seasaṁ ionnta agus iad sáṫaċ duḃṡláinneaċ ḋóiḃ dá ċúṁaċtaiġe iad," ar seisean. "Aċt naċ í seo uaiġ Ḋeirble leis an mballa beag cloċ ṫart uirṫi?"

B’ḟíor do’n tsean-iasgaire. Ní raiḃ tráiṫnín aṁáin féir ná cineál ar biṫ eile ag fás uirṫi. Í go lom íseal annsin i gcroiḋe na roilige mar ḃí an naoṁ í féin tráṫ i gcroiḋe na ndaoine atá ṫart uirṫi anois ag iomċur na ḃfód. Agus, a Ḋia, naċ é an sean-iomċur é ag cuid aca seo atá ’na luiġe annseo le corrlaċ ’s míle bliaḋan? Is doiliġ baraṁail a ṫaḃairt ar an gcineál saoġail a ḃí ar an ḃFál Mór nuair a ṁair Deirble ann aċt is cosaṁail gur ġlac na daoine a ḃí ann an tráṫ sin go fonnṁar, dúṫraċtaċ le teagasg an naoiṁ agus tá a rian sin san áit indiu, mar aduḃairt an t-iasgaire. Má ḃí sluaġ mór ṫart uirṫi ina lá níl sí gan cóṁluadar ṫart uirṫi anois ċoṁ maiṫ leis an uair sin. Nár ḋearmadṫar go deo iad, agus go mba h-árd a leabaiḋ imeasg na naoṁ.

"Aċt breaṫnuiġ, a Ṁiċeáil, cé ’tá curṫa faoi ’n leaċt ḃreáġ, árd údaiġ ṫiar ag sgonnsa na roilige?"

"Sin é an áit a ḃfuil na h-iasgairí as Inis Géiḋe a báiṫeaḋ suim bliaḋanta ó ṡoin curṫa. Nár ċuala tú faoi’n mbáṫaḋ ṁór sin?"

"Ní feasaċ mé gur ċuala," arsa mise.

"Innseoċaiḋ mise ḋuit é mar is maiṫ is cuiṁneaċ liom an oiḋċe ċéadna. Amaċ i mí Ḋeire Fóġṁair sa mbliaḋain 1927 ṫáinig tráṫnóna ċoṁ ciuin sáiṁ ’s a ṫáinig ó ṡoin. Ṫuit sé ’un ciuinis ċoṁ mór sin le contráṫ na h-oiḋċe naċ gcorróċaiḋe ribe gruaige ar do ċeann. Ḃí ’ċuile ċosaṁlaċt ar an ḃfairrge go mbéaḋ iasg le faġáil go fairsing an oiḋċe sin agus seo ċun fairrge iasgairí Inis Géiḋe ina gcuid curaċ ag braṫ slad a ḋéanaṁ ar na h-éisg an oiḋċe sin. Rinneaḋ an slad agus sléaċt aċt ní ar na h-éisg a rinneaḋ é aċt ar na h-iasgairí, mar a ċluinfeas tú.

Nuair a ḃí sé ag teannaḋ amaċ le meaḋon oiḋċe agus na h-iasgairí ag bordáil a gcuid eangaċ amuiġ i ndoiṁneaċt na fairrge, agus éadáil ṁaiṫ aca ionnta, mar a ḃuailfeá do ḋá ḃois faoi n-a ċéile, d’árduiġ an stoirm de ṗlimp. Ṡiab sí agus ṡéid sí, agus ag neartuġaḋ a ḃí sí go dtí go raiḃ an ḟairrge tóigṫe ina róisteaċa fiaḋáine aici taoḃ istiġ de leaṫ-uair a ċluig. A leiṫeide níor ṡéid ariaṁ ċoṁ tobann. Glacaḋ na h-iasgairí ċoṁ gearr sin san am naċ raiḃ súil ar biṫ aca le n-a leiṫeide, agus iad ag carraiḋeaċt le eangaċa fliuċa amuiġ san aigéan i ndorċadas na h-oiḋċe gur gearr a ṡeas siad. Cuireaḋ cuid de na curaiġ faoi ċois agus séideaḋ cuid eile aca roiṁ an ġaoiṫ gur dearnaḋ cláiríní ḋíoḃ i n-aġaiḋ na gcairrgreaċ sin ṫiar. Ba uaṫḃásaċ go deo an oiḋċe í le stoirm nár ṁair i ḃfad, aċt ba ḃoċt an oiḋċe í do ṁuinntir Inis Géiḋe. D’ḟág stoirm na h-oiḋċe sin néall ar ṁuinntir na n-oileán naċ ndéanfaiḋ siad dearmad de i gcaiṫeaṁ a solais."

"Ar báiṫeaḋ mórán an oiḋċe sin?" arsa mise.

"Báiṫeaḋ, fairíor," ar sisean. "Ní aṁáin as Inis Géiḋe aċt rug an stoirm ċéadna ar iasgairí ṫart ar ċladaiġ Ċonamara agus ar ṫuaisceart Ṁuiġeo gur sguabaḋ go tóin puill mór-ṡeisear a’s dá ḟiċead, más cuiṁneaċ liom i gceart é. Fuarṫas cuid de na cuirp ina ḋiaiḋ sin aċt ag Dia aṁáin atá ḟios cá ḃfuil uaiġ na coda eile."

"Feicim go ḃfuil aon duine ḋéag curṫa san uaiġ seo," arsa mise.

"Tá," ar seisean. "Iad seo a báiṫeaḋ as Inis Géiḋe atá curṫa annseo agus féaċ gur ċaḃruiġ na deoraiḋṫe Gaeḋeal le leaċt mar ba ċóir a ċur ar an muinntir a ḃfuil a gcolannaċa i dtaisge san uaiġ seo."

"Naċ ḃfeicim sin?" arsa mise, "agus ba ṁinic ċeana a mb’éigean dóiḃ teaċt de ċaḃair ar ṁuinntir na Gaeḋealtaċta. Is fada anois í faoi aṁgar agus faoi ċráḋ, mar Ġaeḋealtaċt. Le mo linn féin is iomḋa céasaḋ atá fáiġte aici ó Ċonamara go hÁrainn Ṁóir ar ċladaiġ Ṫír Ċonaill. Is fada a ḃéas cuiṁne ag muinntir Ċois Ḟairrge ar an tsléaċt a rinne an mine a ṫáinig i dtír annsin agus gan ḟios ag na daoine a ḃí cruinniġṫe ṫart air céard a ḃí ann gur ṗléasg sé agus gur dearnaḋ mion-spruaḋán díoḃ uilig. Annsin, naċ glas in do ċuiṁne féin an mío-áḋ mór a ṫuit ar ṁuinntir na h-Árainne Móire i dTír Ċonaill nuair a báiṫeaḋ naoi nduine ḋéag a ḃí ar a mbealaċ aḃaile as Albain agus an mío-áḋ sin a ṫuitim orṫa agus iad i n-aṁarc a dtiġṫe féin. Annsin aríst teanam leat go hAcaill áit a ḃfuil gruaiḋeanna fliuċa go fóill agus ní gan áḋḃar. Tá bás agus an-ḃás ann aċt naċ iad an deiċneaḃar ógánaċ a ḃí i nAlbain as Acaill a fuair an t-an-ḃás nuair a rinneaḋ luaiṫreaṁán díoḃ ṫall. Ní h-iongantas ar biṫ é na gruaiḋeanna a ḃeiṫ fliuċ ag muinntir Acla mar gur tugaḋ cuirp na n-ógánaċ sin aḃaile ċucu ina luaiṫreaṁán gan toirt gan aiṫne."

"Is truaġ é, agus is ró-ṫruaġ é go dtárluiġeann a leiṫeide," arsa Miċeál, "aċt ar ndóiġ b’in an bás a ḃí i ndán dóiḃ agus ní raiḃ aon dul uaiḋ aca."

"Sean-sgéal é sin agus meirg air, a Ṁiċeáil. An bás a ḃí i ndán dóiḃ.’ Seafóid! Naċ boċt an ḃail atá ag dul ar iarsmaí Ċlann Gaeḋeal i ndiaiḋ an ṁéid a d’ḟulaing siad le n-a dtír, a gcliú agus a gceart a ċosaint agus anois nuair ba ċóir tárrṫáil a ḃeiṫ le faġáil aca ar deireaḋ, níl le faġáil aca aċt báṫaḋ agus dóġaḋ. Mur ḃfuil i ndán dóiḃ aċt sin i ndiaiḋ an iomláin, is cleasaċ an peata an ċinneaṁaint."

"Aċt ós ag tráċt ar ár agus sléaċt muid, naċ iongantaċ nár cumaḋ dán ná aṁrán fúṫa seo atá curṫa annseo? Mac a saṁail ‘Anaċ Cuain’ a ċum Reaftuirí fadó atá mé a ráḋ," arsa Miċeál.

"Ó ṫárla gur ṁeaḃruiġ tú ḋom é, is cuiṁneaċ liom gur cumaḋ," arsa mise. "Ná síl go ḃfuil Iorrus fágṫa go fóill gan file. Tá fear a dtugtar Seán Ó Monaċáin air ina ċóṁnuiḋe ar an Árd Mór i n-aice le Béal a’ Ṁuirṫid agus ċum seisean píosa filiḋeaċta faoi. B’ḟéidir gur furast méar a leagaint air mar ḟiliḋeaċt aċt ba ṁaiṫ an iarraiḋ é do ḟear naċ raiḃ i n-ánn léiġeaḋ ná sgríoḃaḋ. Seo ċugat anois saoṫar Ṡeáin go ḃfeiciḋ mé do ḃaraṁail faoi:

 

AN BÁṪAḊ MÓR

1

Naċ boċt an ġáir is naċ daor an bás é,

Ó rinneaḋ an t-ár seo i nInis Géiḋe?

Tá’n sgata báiḋte a b’ḟearr san áit seo

I bPort a’ Ċárainn, ’s naċ mór an sgéal!

Dá sínṫí a gcnáṁa i gcóṁnra cláraiḋ

Nó ’n ċolainn ġránda ḃeiṫ curṫa i gcré,

Ní ḃéaḋ mná ’gus páistí ċoṁ buarṫa cráiḋte

’S ḃéaḋ a muinntear sásta i nInis Géiḋe.

2

Ní i mbaile ná paráiste ’tá cainnt faoi’n mbáṫaḋ

Aċt ins na ceiṫre h-áirdí uilig go léir;

Ar sgéal ċoṁ cásṁar tá’n doṁan a’ tráċtaḋ

’S ní gan áḋḃar, céad fairíor géar!

’S gurb é seo an cóireaḋ a ḃí geallta ḋóḃṫa

Nuair a d’árduiġ an cuaifeaċ ’s an tír faoi ṡuan,

Ṫart le cóstaí ḃí an ḟairrge tóigṫe

Gan sliġe gan treoruġaḋ mar ḃí i nAnaċ Cuain.

3

Ḃí ’n doṁan tréigṫe ag gealaċ ’s réalta,

Ba duḃ na spéarṫaí ó ṫuit an oiḋċ’,

Nár ṁór é a n-eagcaoint ’s iad sa ngéiḃinn,

Ní raiḃ gar ’á ḟéaċaint ó d’aṫruiġ an ġaoṫ.

Ní raiḃ gaṫ gealaiġe ann ná deallraṁ gréine,

Gur ċaill siad léargus ’s meaḃair cinn

’S ó d’ḟeall na céaslaí ’gus moṫuġaḋ a méara

Gur cuireaḋ i dtréas iad i mbéal na tuinn’.

4

Ḃí an ġaoṫ ag séideaḋ ṫrí ċnuic ’s sléiḃte,

An ḟairrge ag géaruġaḋ i mbéal an ċuain;

Ḃí an curaiċín éadtrom gan bríġ gan téagar,

’S nár ḃeag a h-éitir ar ḃárr na dtonn.

Ḃí an ḃuilg a’ bualaḋ ’r an taoḃ ó ṫuaiḋ ḋíoḃ,

’Sí taḃairt fuagraiḋ ġlain ġéir ó’n mbás,

Aċt ḃí aingle a’ fuagairt ’r an tráiġ taoḃ ṫuas díoḃ

Agus leagaḋ anuas iad i mbéal an tsnáiṁ.

5

Mac Dé ’s A Ṁáṫair a d’árduiġ an gála,

Le toil na nGrásta a ṡéid an ġaoṫ:

Ḃí a cúṁaċt ró-láidir, ní raiḃ goir ’á sáruġaḋ

’S ní ḟéadfaḋ bádóir a ṫeaċt i dtír.

Aċt níl sa mbáṫaḋ aċt gur mór an t-ár é,

Is tapaiḋ an bás é gan briseaḋ croiḋe,

Ní aicíd áiṫrid é feaḋ bliaḋan’ ná ráiṫe,

Aċt beannaċt a ḟágáil le buaiḋreaḋ ’n tsaoġail.

6

Séard duḃairt na h-áird-ċinn ċaiṫ i ḃfad i gcoláiste,

A fuair fios ó’n bPápa ar ċainnt na naoṁ,

Má rinneaḋ an báṫaḋ i bPort an Ċárainn

Go raiḃ an Breiṫeaṁ i láṫair ’ġá leigint saor.

Ḃí Dia ’ġá sáḃáil ’s ag réiḋteaċ áit’ dóiḃ

Ní sgaṫaṁ gearr é ná lóistín oiḋċ’,

Aċt do’n anam táruiġṫ’ céad míle fáilte

I Ríoġaċt an Áird-Ríoġ aríst a ċoiḋċ’."

 

"Ṁ’anam," arsa Miċeál, "gur maiṫ atá sé curṫa le ċéile ag an ḃfile agus ba doiliġ leaċt cuiṁneaċáin ní b’ḟeileaṁnaiġe a ṫógáil ar na créatúirí atá anois ag taḃairt an ḟéir annseo. Dream iad a ṡaoṫruiġ a gcuid go cruaiḋ, contaḃairteaċ oiḋċe ’gus lá aċt tá súil le Dia agam go ḃfuil siad san áit naċ mbéiḋ aon easnaiṁ orṫa feasta.

Tá sompla maiṫ le faġáil ṫart annseo ar an tsaoġal anróiteaċ atá aca seo atá ina gcóṁnuiḋe cois na Fairrge Móire. D’ḟéadfaiḋe a ráḋ gur ins an ḃfairrge sin atá a mbeaṫa agus a mbás leis na cianta. Ba í a ḃí ’ġá sguabaḋ anonn go Meiriocá fadó ina ngasúir ḃoga óga agus ina sean-daoine críona, liaṫa i n-aimsir an droċ-ṡaoġail. ’Sí atá ’ġá n-iomċur anois féin ṫar sáile go tíorṫa eile ar lorg greim a mbéal. Iad seo naċ ḃfágann baile bíonn siad ag síor-ṗléiḋe léiṫe ag iarraiḋ sliġe ḃeaṫaḋ a ḃaint aisti. Is iongantaċ é gráḋ na ndaoine seo do’n ḟairrge, aċt dá ṁéid a gcuid gráḋa ḋi, tá sgáṫ a gcroiḋe orṫa róimpi, mar is maiṫ atá ḟios aca, má tá sí mealltaċ ciuin sgaiṫte go ḃfuil sí fealltaċ, sanntaċ uaireannta eile agus go mbéiḋ a cuid féin aici ar deireaḋ. Is iomḋa duine a dtug sí sliġe maireaċtála ḋó, aċt ar an láiṁ eile is iomḋa duine a ṡluig sí ċuici féin gan sgaraḋ leis go deo, aċt is beag má tá tréiṫ ar biṫ innti naċ dtuigeann an cladaċóir agus cinnte is í atá tréiṫeaċ."

"Ṡul a n-imṫiġiḋ muid ó’n áit seo innseoċaiḋ mé sgéilín beag ḋuit a ċuala mé go minic, aċt b’ḟéidir gur ċuala tú féin é. ‘Caora Inis Géiḋe’ atá mé ag cuiṁniuġaḋ air," arsa mise le Miċeál nuair a ḃí an píosa cainnte ṫuas faoi na cladaċóirí agus an ḟairrge déanta aige.

"Ní cuiṁneaċ liom," ar seisean, "gur ċuala mé ariaṁ é agus le do ṫoil sgaoil ċugam é agus giorróċaiḋ sé an bóṫar dúinn mar tá sé i n-am againn an Fál Mór a ḟágáil."

"Seo é an ċaoi ar ċuala mise é. Casaḋ beirt ḟear as Inis Géiḋe ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid tráṫ aṁáin agus é ar intinn ag gaċ aoinne aca sgata caoraċ a ċeannaċt. Ċuartuiġ siad an t-aonaċ ar fad aċt ní raiḃ ann an lá sin aċt an sgata aṁáin gur ḃ’ḟiú ceannaċt. Níor ṫeastuiġ an sgata ar fad ó ċeaċtar de’n ḃeirt aċt ní raiḃ fear na gcaoraċ sásta an sgata a roinnt. Ar deireaḋ ṡocruiġ an ḃeirt as Inis Géiḋe an sgata uilig a ċeannaċt i bpáirt. Cúpla lá ina ḋiaiḋ sin nuair a tugaḋ na caoiriġ go hInis Géiḋe fuair an ḃeirt ḟear amaċ go raiḃ caora corr sa sgata. Annsin ṫoisiġ an clampar. Ní raiḃ ceaċtar aca sásta an ċaora ċorr a ḃeiṫ ag an duine eile agus ní leigfeaḋ an ċeann-dánaċt do ċeaċtar aca luaċ na caoraċ a ṫaḃairt do’n duine eile agus an ċeist a ṡocruġaḋ. Ar ndóiġ níor ḃ’ḟéidir smaoineaḋ ar ḋá leiṫ a ḋéanaṁ de’n ċaora agus cead ag gaċ aoinne aca leaṫ a ḃeiṫ aige.

Lean an t-aċrann mar sin go dtáinig an Geiṁreaḋ agus ḃí saoġal an ġirrḟiaiḋ ag an gcaora ḃoiċt ag imṫeaċt léiṫe, ruaigṫe ó sgata go sgata. Nuair a ṫáinig an t-am leis na caoiriġ a lomaḋ rug duine de’n ḃeirt ar an gcaora agus lom sé leaṫ-taoḃ ḋi, cead ag an ḃfear eile an leaṫ eile de’n olainn a ḃeiṫ aige. Níor ḃac an dara fear léiṫe agus ba seó do’n tsaoġal í anois agus leaṫ-taoḃ ḋi bearrṫa.

Ḃí go maiṫ go dtáinig oiḋċe ṗolltaċ, ḟuar sa nGeiṁreaḋ. Ċuaiḋ an ċaora ḃoċt ar fasgaḋ faoi ṫom driseaċa agus mío-áḋṁail go leor ċuaiḋ an olann ḟada i ḃfastóḋ ins na driseaċa sa gcaoi nár ḃ’ḟéidir léiṫe sin a ḟágáil gur cailleaḋ í. Annsin a ṫoisiġ an clibín agus an clampar i ndáirírí idir an ḃeirt ḟear faoi cé aca ba ċionntaċ le bás na caoraċ. Deir an fear nár lom a leaṫ féin di dá ḃfágtaoi í gan lomaḋ ċor ar biṫ naċ ngoillfeaḋ fuaċt na h-oiḋċe uirṫi agus naċ mbéaḋ call uirṫi dul ar fasgaḋ. Deir an fear eile nárḃ é féin ba ċionntaċ mar, dá lomṫaoi an ċaora uilig naċ ngaḃfaḋ sí i ḃfastóḋ mar ḃéaḋ an olann ró-ġearr.

Ċuaiḋ an ċeist ó ċúirt go cúirt gur boċtuiġeaḋ an ḃeirt ḟear sin ċoṁ mór leis an dliġe go mb’éigean dóiḃ an t-oileán a ḟágáil agus gan pinginn ruaḋ aca agus an ċeist gan socruġaḋ. Ó ṡoin i leiṫ tá sé ina leaṫ-ḟocal i nIorrus faoi ċeist ar biṫ a ṫéiġeas ó ċúirt go cúirt gur geall maiṫ le ‘Caora Inis Géiḋe’ é."

"Sin sgéal nár ċuala mé ariaṁ go dtí anois," arsa Miċeál, "agus ṁ’anam go gcreidfinn é. Bíonn daoine ann naċ leigeann an ċeann-dánaċt dóiḃ éisteaċt le réasún ná cóṁairle a mbéiḋ ciall léiṫe. Ba ṁilis a d’íoc an ḃeirt úd ar a gcuid ceann-dánaċta agus ba daor an ċaora orṫa í ar deireaḋ ṫiar."

"D’ḟéadfá a ráḋ go mba daor, a ḋuine, aċt naċ fíoraḋ ar an tsean-ḟocal é adeir gur i ngan ḟios do’n dliġe ba ċóir a ḃeiṫ ann ’gus ní costas ar biṫ an t-éadaċ?"

D’ḟág muid slán ag an ḃFál Mór agus ṫug muid an bóṫar aniar orainn féin mar ḃí sé ag teannaḋ amaċ go maiṫ sa lá. Aniar ṫríd Ġlais a ṫáinig muid ag tarraingt ar an Eaċléim. Baile réasúnta mór é Glais ó ṫáinig muinntir Inis Géiḋe isteaċ ann. I ndiaiḋ an ḃáṫaiḋ ṁóir a ḃfuil tráċt déanta air ṫuas tugaḋ talaṁ ar an ṁóir-ṫír do ṁuinntir Inis Géiḋe uilig sa gcaoi nár fágaḋ aoinne amuiġ ar na h-oileáin. Aċt má tá siad anois ar an ṁóir-ṫír tá a gcroiḋe go fóill ins na h-oileáin atá amuiġ ar uċt árd na dtonn.

Ba le iasgaireaċt a ċlaoiḋ siad nuair a ḃí siad ar na h-oileáin agus cé go raiḃ an obair sin anróiteaċ agus contaḃairteaċ, ḃí siad déanta air, agus a n-intinn air. Aċt nuair a tugaḋ isteaċ ar an ṁóir-ṫír iad le dúil go gclaoiḋfeaḋ siad le talṁaiḋeaċt, baineaḋ as a gcleaċtaḋ iad sa gcaoi anois naċ ḃfuil aon luiġe aca le curaiḋeaċt ná iasgaireaċt. Deir siad féin naċ ḃfuair siad leaṫ a ndíolaḋ de ṫalaṁ agus go mba deiseaṁla i ḃfad iad nuair a ḃí siad ar na h-oileáin ná mar atá siad anois. Ar ċuma ar biṫ tá an t-aos óg anois ag imṫeaċt leo go hAlbain agus go Sasana, nós naċ raiḃ aca ċor ar biṫ go dtáinig siad isteaċ ar an ṁóir-ṫír, ná call ar biṫ leis, má’s fíor dóiḃ féin é.

 

 

CAIBIDIL III

Sean-aṁránaiḋe - Breaṫnaiġ Inis Géiḋe - "Sail Óg Ruaḋ" - Sgéal an aṁráin.

NUAIR a ḃí muid ag teannaḋ aniar ar an gceann ṫoir de’n ḃaile ḃí bean ag buaċailleaċt cúpla bó i gcúlán a ḃí le h-ais an ḃóṫair. Ina suiḋe ar ċaragán cloċ ar ṫeorainn an ċúláin a ḃí sí, a h-aġaiḋ ar an ḃfairrge agus ar na h-oileáin amuiġ. Nuair a ṫáinig muid ní ba goire ḋi ṫug muid faoi deara go raiḃ sí ag casaḋ aṁráin di féin. D’ísliġ muid de na roṫair go ḃfeicfeaḋ sinn an dtiocfaḋ linn aon ṁeaḃair a ḃaint as a cuid aṁránaiḋeaċta. Gan aon stróṁ ḃain. Ba "Sail Óg Ruaḋ" a ḃí ḋá ġaḃáil aici agus cinnte, ba deas uaiṫi an t-aṁrán a ċasaḋ. D’ḟan muid go raiḃ sé críoċnuiġṫe aici agus annsin ċuaiḋ muid isteaċ ṫar an gclaiḋe agus suas ċoṁ fada léiṫe.

"Tá tú ag buaċailleaċt, bail ó Ḋia ort," arsa Miċeál.

"Tá go díreaċ, go mba h-é ḋuit," ar sise. "Is beag eile atá mé i n-ann a ḋéanaṁ mar tá aois ṁór orm agus ’sé mo ṡláinte é ḃeiṫ amuiġ nuair atá an lá go breáġ."

"Tá tú i n-ann níos mó ná buaċailleaċt a ḋéanaṁ," arsa mise, "mar is maiṫ is féidir leat aṁrán a ċasaḋ."

Ṫáinig meangaḋ beag gáiriḋe ar a h-aġaiḋ agus ar sise: "Leig do do ċuid magaiḋ anois faoi ṡean-ḃean."

"Ní magaḋ ar biṫ é," arsa mise, "aċt lom-ċlár na fírinne. Aċt cogair mé seo, le do ṫoil. Cé’n áit a ḃfuair tú an t-aṁrán sin a ḃí ḋ’á ċasaḋ agat ṡul a dtáinig muid aníos ċugat?"

"‘Sail Óg Ruaḋ,’ an eaḋ?" ar sise.

"Seaḋ díreaċ," arsa mise.

"Ḃí sé ag mo ṁuinntir róṁam le mo ṡean-ċuiṁne agus ṫáinig sé anuas ċugam-sa uaṫa, beannaċt Dé leo. Is beag má ḃí aoinne dá’r tóigeaḋ ariaṁ ar na h-oileáin úd amuiġ ó’n am ar ṁair Sail ḃoċt í féin amuiġ annsin, naċ raiḃ an t-aṁrán sin aige," ar sise.

Anois má ḃí iongantas ar aon ḃeirt ariaṁ ḃí iongantas orainne beirt nuair a ċuala muid sgéal na sean-ṁná sin faoi’n aṁrán cáileaṁail sin. Ḃí ḟios againn gur aṁrán é a ḃí le faġáil i gceiṫre ċeárda Fódla aċt níor ċuala ceaċtar againn go dtí sin go raiḃ aon ḃaint aige le Inis Géiḋe. Dá ḃriġ sin ċinn muid gan sin a ḟágáil go ḃfáġaḋ sinn amaċ ó’n tsean-ḃean seo gaċ a raiḃ ar eolas aici faoi’n aṁrán.

"Agus a ndeir tú liom é," arsa Miċeál, "go mba as Inis Géiḋe Sail Óg Ruaḋ?"

"B’as cinnte," ar sise, "agus dá ḃféadtaoi bun a ċur leis tá lúb gaoil agam féin le n-a muinntir. Tá daoine muinntearḋa ḋi ina gcóṁnuiḋe ar an mbaile seo go fóill, aċt ba amuiġ ar na h-oileáin a ḃí cóṁnuiḋe orṫa go dtí gur dearnaḋ tiġṫe ḋóiḃ annseo le goirid."

"Creidim," arsa mise, "go ḃfuil seanċas eicínt ag muinntir an ḃaile seo fúiṫe, nó b’ḟéidir go dtiocfaḋ leat féin tuairisg a ṫaḃairt dúinn fúiṫe, mar go mba ṁaiṫ linn an sgéal uilig a ċlons."

"Ḋeaṁan a ḃfuil agam-sa de’n tseanċas," ar sise, "aċt gaċ a ḃfuil ag ’ċuile ḋuine eile ar mo ḃaile agus bíoḋ sé agaiḃ agus fáilte." Leis sin ṫoisiġ uirṫi gur innis sí ḋúinn an sgéal seo a leanas i nGaeḋilg ġlain ḃríoġṁair:

Tráṫ aṁáin ba ṁór ar fad an ċáil a ḃí ar na h-aontaiġe a ḃíoḋ i mBéal a’ Ṁuirṫid, go mór ṁór ar aonaċ Lá ’l Muire Beag agus aonaċ na Saṁna. Ḃíoḋ ceannaċóirí ó ’ċuile ċeárd sa gconndae, mórán, ar na h-aontaiġe seo mar go mba ṁór an tír caoraċ é an ceanntar ṫart ar an mbaile mór, an tráṫ sin. Aċt ṫáinig lá eile air. D’éiriġ feilméirí an taoḃ sin tíre go mór as beaṫuġaḋ caoraċ agus ċlaoiḋ siad le curaiḋeaċt. Meastar gurḃ é an t-úġdar a ḃí leis an aṫruġaḋ go raiḃ na daoine ag dul i líonṁaireaċt agus an talaṁ ḋ’á roinnt orṫa, agus ar an áḋḃar sin ní raiḃ an leigint amaċ aca leis na tréada a ċoingḃeáil.

’Ċuile lá ariaṁ b’ḟearr oileáin Inis Géiḋe i gcóir caoraċ ná áit ar biṫ eile ar an ṁóir-ṫír ṫart ar an gcósta sin. B’ḟurast na caoraiġ a ṫigeaḋ as na h-oileáin a ṗiocaḋ amaċ ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid, ḃíoḋ siad ċoṁ raṁar beaṫuiġṫe sin. Dá ḃriġ sin ḃíoḋ tóir ṁór i gcóṁnuiḋe ag na ceannaċóirí go léir ar ċaoraiġ na n-oileán ar aontaiġe Ḃéal a’ Ṁuirṫid. Ḃíoḋ na ceannaċóirí ’ġá ngearraḋ féin amaċ sa luaċ sa gcaoi go ḃfuiġeaḋ muinntear na n-oileán an ṗinginn a b’aoirde i gcóṁnuiḋe ar a gcuid caoraċ.

San tráṫ sin ḃí triúr drioṫáireaċa de na Breaṫnaiġ ina gcóṁnuiḋe i nInis Géiḋe, agus le cruṫ agus dóiġeaṁlaċt ba doiliġ a sáruġaḋ a ḟaġáil. Fir ḃreáġṫa, ċruaiḋ-ḋéanta a ḃí ionnta agus ḃí siad ċoṁ dóiġeaṁail daṫaṁail sin go gcuirtí sunndas ionnta as imeasg an tsluaiġ ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid. Ḃí siad láidir, teann agus duḃṡláinneaċ agus gan baoġal orṫa a gcnáṁ a leigint go bog uaṫa ná go suiḋfeaḋ duine ar biṫ ina mbun. Aċt ar an láiṁ eile ḃí an córtas agus an ġeanaṁlaċt ionnta agus ḃí sé de ċáil orṫa nár ḋún siad súil ariaṁ ar an mboċtán ná ar an té a raiḃ call ná fágáil ar biṫ air, fad is ḃí an ċaoi aca-san fóirṫint air.

Drifiúr aṁáin a ḃí aca. Sail a b’ainm di agus mur’ raiḃ cion ag a cuid drioṫáireaċ uirṫi ní lá go maidin é. Cailleaḋ an ṁáṫair nuair a rugaḋ Sail agus ba le aire ċiuin agus freastal críonna a tugaḋ an naoiḋneán ṫríd, aċt ḃí a ḃuiḋeaċas seo ar ḃean-ġlúin an oileáin. Ní raiḃ Sail aċt ag teaċt ins na déaga nuair a báiṫeaḋ an t-aṫair agus é ag teaċt ó aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid agus d’ḟág sin na Breaṫnaiġ gan aṫair gan máṫair. Aċt má d’ḟág féin, ’sé an ċaoi ar ṁéaduiġ cion na ndrioṫáireaċ ar Ṡail agus ag méaduġaḋ a ḃí an cion agus an gráḋ sin in aġaiḋ an lae.

Gearrċaile ġleoiḋte, sgiaṁaċ b’eaḋ Sail. Gruag ḟionn-ḃán ag tuiteam ina duala trillseaċa anuas ar ’ċaon taoḃ de’n aġaiḋ láġaċ, ċineálta a ḃí uirṫi agus gan saṁail ar biṫ le taḃairt di aċt na ríoġain ṁaorḋa a ḃfuil tráċt orṫa san ḃFiannaiḋeaċt. Ḃíoḋ sí i gcóṁnuiḋe i n-éinḟeaċt leis na drioṫáireaċa ar Aifreann, aonaċ agus margaḋ agus ba doiliġ clann eile a ḟaġáil a ḃí ċoṁ dílis d’á ċéile leis an gclainn seo.

Ṫárla gur casaḋ na Breaṫnaiġ le sgata caoraċ ar aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid tráṫ, agus ḃí sin aca an sgata a b’ḟearr ar an aonaċ. Ḃí ceannaċóirí ag teaċt ag breaṫnuġaḋ ar na caoraiġ agus corr-ḋuine ag cur luaċ orṫa agus ag imṫeaċt leis aríst. Amaċ faoi ṁeaḋon lae ṫáinig ceannaċóir ó ċeanntar Ċaisleán a’ Ḃarraiġ ṫart agus ḃeannuiġ sé do na Breaṫnaiġ agus ḃeannuiġ siad-san dó. Ḃí sean-aiṫne aca ar a ċéile agus níor ḃ’ḟada go raiḃ na caoraiġ díolta ceannuiġṫe, an bonn-tsoċar tugṫa agus an béil-éist ḋ’á ól. Ḃí Sail i láṫair ag an mbéil-éist agus ba é seo an ċéad uair ariaṁ a leag an ceannaċóir súil uirṫi, cé gur ċuala sé cainnt uirṫi go mion minic. Ó’n móiméad ar leag sé súil uirṫi ṫuit sé i ngráḋ léiṫe agus sos ná suaiṁneas ní raiḃ aige ná ag na Breaṫnaiġ uaiḋ gur socruiġeaḋ lá an ċleaṁnais. Óig-ḟear múinte, tóigṫe a ḃí ann agus ba díol mná ar biṫ sa tír é. I gceann an dóiġeaṁlaċt a ḃeiṫ aige ḃí ainm an airgid air agus ba ṁaiṫ a ḃí a ḟios seo ag na Breaṫnaiġ agus ar an áḋḃar sin ḃí siad lán-toilteannaċ a ġlacaḋ mar ċéile do’n drifiúr.

Ar ċuma ar biṫ pósaḋ an ḃeirt agus i ndiaiḋ an ḃainis a ḃeiṫ ṫart i nInis Géiḋe ṫug sé Sail leis aḃaile. Ċuaiḋ na drioṫáireaċa leo ar cuairt go ceann seaċtṁaine agus b’in seaċtṁain a caiṫeaḋ go sultṁar má caiṫeaḋ seaċtṁain ariaṁ le aoiḃneas agus sult. Ba ḃrónaċ iad na drioṫáireaċa ar ḟilleaḋ aḃaile ḋóiḃ aċt ba ṁór a ċuaiḋ sé ċun sóláis dóiḃ go raiḃ fear fiúntaċ mar ċéile ag Sail.

Ba ċiotaċ ar fad a ḃí an saoġal anois orṫa sa mbaile gan bean sa teaċ aca aċt roiġniġ siad leo ag baint lá as agus gan ċainnt ag aoinne aca pósaḋ. Ċastaoi fear Sail’ orṫa go minic ag na h-aontaiġe agus ní ḃíoḋ aige ḋóiḃ aċt an deáġ-sgéal, agus lom-ċlár na fírinne aige ann mar go raiḃ an saoġal ag dul ar aġaiḋ go seolta leis féin agus le n-a ṁnaoi ó pósaḋ iad.

Aċt is corr-ḋuine naċ mbaineann an saoġal líomóg as luaṫ nó mall. I dtráṫa ama ḃí triúr clainne ag an lánaṁain agus ba doiliġ triúr a ḟaġáil a ḃí ċoṁ daṫaṁail, tóigṫe múinte leo. Aċt mar adeir an sean-ḟocal, "nuair atá an cupán lán seaḋ is fusa a ḋóirteaḋ" agus b’ḟearaċt sin é ag Sail agus ag a fear. Cailleaḋ ise i dtinneas clainne leis an tríoṁaḋ breiṫ agus fágaḋ an fear le triúr dílleaċtaiḋṫe le tógáil agus le soláṫar dóiḃ. Ḃí an saoġal ag teaċt crosaċ go maiṫ air anois aċt b’éigean dó cur suas leis. Ċuir sé a ṫoil le toil Dé agus ṡocruiġ sé go nglacfaḋ sé go foiġdeaċ le cébí a ḃí geallta ḋó, rud a rinne sé, cé go raiḃ a ċroiḋe réabṫa ina lár.

Cuireaḋ Sail i roilig Oileán Éadaiġ gan focal ná sgéal faoi n-a bás a ċur go h-Inis Géiḋe. B’ḟéidir gur ṁór a ḃeiṫfiḋe sa ṁilleán ar an mbaintriġ fir a leiṫeide a ḋéanaṁ aċt ba le teann truaiġe ḋóiḃ a rinne sé é mar nár ṁaiṫ leis an droċ-sgéal a ṡeolaḋ ċuca agus ḃí a ḟios aige go gcluinfeaḋ siad é sáṫaċ luaṫ.

Ní raiḃ caoi anois ag an gceannaċóir a ḃeiṫ ag dul ċuig na h-aontaiġe ċoṁ minic agus ḃíoḋ sé agus níor facṫas é ar aonaċ ná margaḋ taoḃ amuiġ ḋíoḃ seo a ḃí cóṁgaraċ ḋ’á ḃaile féin. Ċroṫnuiġ na Breaṫnaiġ as Béal a’ Ṁuirṫid é agus ḃíoḋ siad i dtólaṁ ag cur fáirnéise le ceannaċóirí eile faoi, go dtí ar deireaḋ fuair siad amaċ an sgéal ar fad, sé sin, go raiḃ Sail marḃ agus naċ mbíoḋ a fear ag dul i ḃfad ó ḃaile ó cailleaḋ í. B’aisteaċ leo é sin agus ġoill sé go mór orṫa nuair nár ċuir sé sgéal ċuca faoi ḃás Sail’. Ḃraiṫ siad gur dearnaḋ éagcóir uirṫi, naċ raiḃ sé ina ċeann ṁaiṫ ḋi agus go raiḃ sé ag ceilt na fírinne orṫa. Ċuir siad a gcóṁairle i gcionn a ċéile agus ṡocruiġ siad a ḋul ċoṁ fada leis agus cruṫuġaḋ a ḟaġáil dóiḃ féin faoi’n sgéal uilig. Ḃí rún ina gcroiḋe aca ag fágáil Inis Géiḋe ḋóiḃ go mbainfeaḋ siad díoġaltas amaċ dá ḃfáġaḋ siad cruṫuġaḋ gur dearnaḋ feall nó éagcóir ar an drifiúr.

Níor ḟás mórán féir faoi na gcosa aca ó d’ḟág siad Inis Géiḋe gur ḃain siad baile an ċeannaċóra amaċ. Ḃí an clap-ṡolas ann nuair a ḃí siad i n-aṁarc a ṫiġe agus ċinn siad go ḃfanfaḋ siad ag fálróid ṫart go n-éiriġeaḋ sé dorċa, agus annsin go ngaḃfaḋ siad go dtí an doras ag cluais-éisteaċt le faġáil amaċ céard a ḃéaḋ ar siuḃal istiġ. Nuair a ḃí an oiḋċe tuitṫe i gceart agus an saoġal go socair ciuin, d’éaluiġ an triúr leo go raiḃ siad taoḃ amuiġ de ḋoras an ċeannaċóra. Ar ṡroiċint an tiġe ḋóiḃ ċuala siad an fear istiġ ag bréagaḋ na bpáistí ċun codlata agus an t-aṁrán "Sail Óg Ruaḋ" ḋ’á ġaḃáil aige go binn-ġuṫaċ brónaċ.

D’ḟan an triúr ag éisteaċt go raiḃ an t-aṁrán críoċnuiġṫe agus annsin ba léir dóiḃ naċ raiḃ aon ḟeall ná éagcóir san sgéal. Ḃí siad sásta ina n-intinn agus cé go mba géar a sgrúduiġ bás an drifiúra iad-san ṫuig siad go mba seaċt ngéire a ġoill sé ar an té a ṫug gráḋ a ċroiḋe go fírinneaċ ḋi an ċéad ṁóiméad ar leag sé súil uirṫi aċt gur sgar an bás ó ċéile go deo iad.

D’ḟill na Breaṫnaiġ ar ais go hInis Géiḋe gan cur isteaċ ná amaċ ar an mbaintriġ fir ḃoċt. Ṫuig siad ó n-ar ċuala siad go raiḃ a ḋóṫain go binn de ḃuairt air agus sin ḋ’á noċtaḋ aige i n-aṁrán ḋ’á ċumaḋ féin.

Níl aon ċeanntar, mórán, sa gconndae naċ ḃfuil an t-aṁrán le faġáil ann. "Sail Óg Ruaḋ" a tugtar air i n-áiteaċa agus "Oileán Éadaiġ" i n-áiteaċa eile, aċt adṁuiġtear go ḃfuil sé ar ċeann de na h-aṁráin is brónaiġe aċt san am ċéadna orṫa seo is binne sa teangaiḋ.

Nuair a ḃí an cunntas seo ṫuas críoċnuiġṫe ag an tsean-ḃean, d’ḟiafruiġ muid di an mbéaḋ sí sásta an t-aṁrán a ráḋ aríst sa gcaoi go ḃféadfaḋ sinn é a sgríoḃaḋ síos mar go mba ṁian linn focla an aṁráin a ḃeiṫ againn mar a ḃí siad aici. Ṫoiliġ sí an t-aṁrán a ráḋ agus seo annseo focal ar ḟocal mar a ċan sí dúinne é.

 

SAIL ÓG RUAḊ

1

I nOileán Éadaiġ ’tá mo rún ’s mo ċéad ġráḋ,

An ḃean ar leig mé léiṫe mo rún ’s mé óg.

Triúr ar aon ċiall ag gol ’na diaiḋ-se,

’S an ḃean a ḃréagfaḋ iad mo léan, faoi’n ḃfód.

Tá mé go tréiṫ-lag ’s níl gar ’ġá ṡéanaḋ,

Níl mé ar aon ċaoi aċt mar a’ gceo

’S a stór mo ċléiḃe naċ tú d’ḟág liom féin mé

’S go ndeaċa tú i gcré uaim ’s tú i’ do ċailín óg.

2

I n-aois a sé déag ’seaḋ ṗós mé féin í,

Ba deas an féirín í ag fear le faġáil,

Ba deas a béasa ’s ba ċiuin é a méin-ṁaiṫ,

’S ba geal le réalt í ar maidin ḃreáġ.

Mo ġráḋ do ḃéilín nár ċum na bréaga,

Do ġruaḋ geal glégeal mar an eala ar snáṁ,

Do ċóṁráḋ tréiṫeaċ le do leanḃ a ḃréagaḋ,

Aċt a ġráḋ níor ḟéad mé ṫú a ṫaḃairt ó’n mbás.

3

Dá bpósainn málóid de ċailliġ ġránda,

Ṫóigfeaḋ a lán orm ḃeiṫ ’gol ’na diaiḋ,

Aċt an óig-ḃean ḃán úd ar ṫug mé gráḋ ḋi,

’S gur ina páistín seaḋ ṗós mé í.

B’ḟearr liom go mór mór mo ḋiaiḋ sa ród í,

Ag bleaġan mo ḃó nó i gcionn mo ṫiġe,

Ná saiḋḃreas Ṡeoirse ’gus é a ḟaġáil le stróinse,

’S gur faoi na fóidí a cuireaḋ í.

4

Níl ḟios ag na daoine ċoṁ brónaċ ’s ḃím-se,

An tráṫ a smaoiniġim ar stór mo ċroiḋe.

’S mé ag oileaḋ a leanḃ ar ḃacán mo láiṁe,

’S ’ġá ċur a ċodlaḋ le tiġeaċt na h-oiḋċ’.

Níl gar ḋom smaoineaḋ go ḃfeicfiḋ mé ċoiḋċ’ í,

I mbun mo ṫiġe nó mo leanḃ bán.

Tá fuil mo ċroiḋe istiġ a’ silt ina braonaċa

’S, a Ḋia, cé h-iongnaḋ ḋom ḃeiṫ i ndiaiḋ mo ġráḋa.

 

 

CAIBIDIL IV

Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na Croise - Mainistear Ṫearmainn Ċaṫraċ - "Eoġan Cóir" - Riocard Bairéad (file).

IS ar éigin má tá ceanntar ar biṫ eile i nIorrus a ḃfuil an oiread iarsmaí ó’n tsean-am le faġáil ann agus atá ar an Muirṫead. Idir ṡean-ṁainistreaċa, toibreaċa beannuiġṫe, sean-roiligí agus dúnta tá go leor aca ann le cruṫuġaḋ go raiḃ cóṁnuiḋe agus áitreaḃ ar an Muirṫead i ḃfad ṡul a raiḃ cóṁnuiḋe ar ḋaoine i n-áit ar biṫ eile i nIorrus, sé sin más cruṫuġaḋ ar biṫ é na sean-iarsmaí atá ann. Ṫart leis an gcósta atá an ċuid is mó de na sean-iarsmaí seo, agus uaiḋ sin is cosaṁail gur ṫar fairrge isteaċ a ṫáinig siad seo a ċuir fúṫa ar an Muirṫead i dtoiseaċ.

Ṫug muid cuairt ar ċuid de na h-áiteaċa seo agus geoḃfar beagán eolais fúṫa sin anois annseo do réir mar a casaḋ orainn iad, aċt ní ḃéiḋ ann aċt ag sgríobaḋ leis an uaċtar mar naċ raiḃ mórán ama againn le caiṫeaṁ ann agus ní raiḃ ḟios againn go gcasfaiḋe a leiṫeide orainn. Cinnte tá an seanċas le faġáil san gceanntar fúṫa aċt níor ṁór go leor ama le n-a ḟaġáil.

Mainistear na Croise

Ar an gcósta ṫiar de’n Ṁuirṫead, ar ḃruaċ na Fairrge Móire, agus timċeall sé ṁíle ar an taoḃ ó ṫuaiḋ de’n Ḟál Ṁór tá an tsean-ṁainistear seo. Do réir cosaṁlaċta tá sí níos sine ná Mainistear Ḋeirble féin. Tá difriḋeaċt ṁór eatorṫa sa déanaṁ agus sa leagaint amaċ ċoṁ maiṫ. Os a cóṁair amuiġ sa ḃfairrge tá Inis Glóire agus ní mór naċ mar a ċéile sa déanaṁ an ṁainistear seo agus na mainistreaċa, nó na foṫraċa atá ar Inis Glóire. Tá sean-roilig ṫart ar an mainistir seo agus cuireaḋ méid leis an roilig le gairid. Talaṁ gainiṁeaċ atá ṫart ar an roilig agus ar Ḃaile na Croise uilig. Níl aon tseasaṁ sa gcineál seo talaiṁ i n-aġaiḋ na fairrge atá ag caiṫeaṁ agus ag creimniú róimpi gan bac gan stop. Tá an creimniú seo ar siuḃal ċoṁ tréan sin go ḃfuil cuid ṁór de’n roilig atá ṫart ar an mainistir sguabṫa ċun bealaiġ aige ċeana féin. Tá an ḟairrge isteaċ anois go binn na mainistreaċ, mórán, agus mur’ gcuirtear bac leis an sgrios seo, agus is doiliġ a ḋéanaṁ, is gairid go raiḃ an roilig agus na foṫraċa sguabṫa síos san áibéis le oibriuġaḋ na fairrge.

Caiṫfiḋ sé gur mór an caiṫeaṁ a ṫáinig ar an talaṁ san áit sin le seal gearr anuas mar tá daoine beo go fóill gur cuiṁneaċ leo go mbíṫí ag bualaḋ báire i bpáirc a ḃí idir an roilig agus an ḟairrge. Aċt ní h-aon iongantas sin mar naċ ḃfuil cur síos ar an neart a ḃíos leis an ḃfairrge san áit seo go mór ṁór le linn stoirme, agus ar ndóiġ tugann an gaineaṁ uaiḋ go réiḋ.

Ina ṡeasaṁ do ḋuine ag an mainistir sin agus é ag breaṫnuġaḋ síos faoi ar an ḃfairrge ag greadaḋ agus ag síor-sguabaḋ an talaiṁ amaċ léiṫe do réir a ċéile, ċuirfiḋe i n-iúl dó go soiléir, suaraiġil agus éidtreoireaċt an ċine daonda i gcomórtas le cúṁaċt iongantaiġ na Nádúire. Tá cnáṁa na marḃ ḋ’á sguabaḋ amaċ go grinneall na fairrge le síor-oibriuġaḋ na dtonntraċ agus gan goir ag intleaċt an duine, dá ċumasaiġe í, stop a ċur leis an ár atá ḋ’á ḋéanaṁ.

Níl ina ṡeasaṁ de’n ṁainistir seo anois aċt an ḃinn ṫiar agus cuid de’n dá ṫaoḃ-balla. Is deacair baraṁail a ṫaḃairt ar a méid nuair a ḃí sí faoi lán-tseoil mar tá an ċuid is mó de na foṫraċa clúduiġṫe leis an ġainiṁ. Tá leaċt árd ina seasaṁ istiġ san tsean-ṁainistir agus deirtear go raiḃ sgríḃinn i n-óġam uirṫi tráṫ, aċt leis an gcaoi a ndeaċa an síon-ċaiṫeaṁ i gcionn uirṫi, ní mór naċ ḃfuil ’ċuile rian de’n sgríḃinn sin glanta ḋi anois. San roilig seo tá Riocard Bairéad, an file cumasaċ sin a ḃfuil an oiread tráċta air ag luċt litriḋeaċta na Gaeḋilge, curṫa. Níl lia ná leaċt ar a uaiġ aċt mur’ ḃfuil féin ná síltear go ndéanfaiḋear dearmad de, ná go ngaḃfaiḋ a uaiġ ó aiṫne ḟad is ḃéas sí ar ṫalaṁ tirm. Aċt níor ṁór féaċaint ċuige agus cosaint a ċur uirṫi i n-am, mar má déantar failliġe mórán níos fuide san obair, béiḋ an ḟairrge ṫart uirṫi agus ní ḃéiḋ aon drannaḋ léiṫe annsin.

Mainistear Ṫearmainn Ċaṫraċ

Ṫiar ó ṫuaiḋ i n-aice le cósta fiaḋáin Iorruis Ḋoṁnainn tá foṫraċ sean-teampaill eile. Mainistear Ṫearmainn Ċaṫraċ is ainm dó agus ó n-a ḃfuil fágṫa de na foṫraċa indiu tá ’ċuile ċosaṁlaċt gur sine i ḃfad an ṁainistear seo ná Mainistear na Croise. Is léir ċoṁ maiṫ go dtáinig feaḃas mór ar ċeird na saoirseanaċt cloċ ó rinneaḋ an ṁainistear seo go ndearnaḋ Mainistear na Croise. Níl an obair ċoṁ slaċtṁar ná ċoṁ teann. Tá na ballaí íseal agus is furast a aiṫne naċ go ró-ṁaiṫ a ḃí a ċeird ag an tsaor a ċuir an obair ó n-a láiṁ. Ó ainm na h-áite ḃeiṫfiḋe ag súil go mbéaḋ baile réasúnta mór san áit, aċt níl.

Ceanntar lom garḃ é aċt go ḃfuil an talaṁ atá ṫart ar na foṫraċa saiḋḃir go leor mar is talaṁ trom gainiṁeaċ an ċuid is mó ḋe. Tá, ar an leiceann ó ṫuaiḋ de’n árdán a ḃfuil na foṫraċa air, go leor sean-ḃallóga ag síneaḋ siar agus aniar, agus annseo agus annsiúd corr-ṁullán ag gobaḋ aníos ṫríd an ngainiṁ. Tá cuma ar na mulláin seo go raiḃ siad i n-obair tráṫ mar go ḃfuil rian an ċasúir orṫa. Ṫiocfaḋ ḋó mar sin go raiḃ baile nó "caṫair" ann nuair a ḃí an ṁainistear ina seaḋ aċt go ḃfuil sé ċoṁ fada sin ó ḃí, go ḃfuil foṫraċa na "caṫraċ" clúduiġṫe le gainiṁ ṡéidte, gan aċt corr-ċloċ aca le feiceál.

Tá roilig ṫart ar ḟoṫraċa na mainistreaċ seo agus balla slaċtṁar a rinneaḋ le gairid, ṫart ar an roilig. Ní raiḃ de ċosaint ṫart ar an roilig roiṁe sin aċt claiḋe fód agus i n-áiteaċa ḃí an claiḋe sin leagṫa go talaṁ sa gcaoi gur ar éigin a ḃí rian claiḋe ann ċor ar biṫ.

Ní mór naċ ḃfuil sé seo ar ċeann de na h-áiteaċa is fiaḋáine agus is iargcúltaiġe san gconndae. Aċt mar sin féin is doiliġ áit a ḟaġáil san gconndae a ḃfuil iomsgéiṁ ċoṁ breáġ fiaḋáin ann agus atá ṫart ar Ṫearmainn Ċaṫraċ. Tá, mar atá ráiḋte, réimse coṁṫrom de ṫalaṁ maiṫ ann aċt gur áit ḟosgailte lom é.

Dá iargcúltaiġe é, mar áit, fuair tiġearna talaiṁ amaċ é. Ṫóg sé áit ċóṁnuiḋṫe ḋó féin cóṁgaraċ do’n roilig agus ḃí talaṁ an ḃaile sin uilig aige. B’iomḋa sin tiġearna a ċaiṫ sgaṫaṁ ḋ’á ṡaoġal i nIorrus, aċt le olcas agus tíorántaċt ṫug sé seo an ċraoḃ leis orṫa uilig, más fíor do’n tseanċas atá le faġáil go fóill ṫart ar an áit faoi. Is glas agus is úr a ċuiṁne go fóill i seanċas na h-áite, agus níl aon ḃaoġal go ndéanfaiḋear dearmad go luaṫ ar a ċuid tíorántaċta ṫart san gceanntar sin. Ní gáḋ a ainm a luaḋ mar tá sean-daoine ṫart ar Ṫearmainn Ċaṫraċ go fóill a ḃfuil cuiṁne aca air agus ċuirfeaḋ siad an ġruag ina seasaṁ ar a ċeann ag duine leis na sgéalta atá aca faoi. Tá an sgéal seo a leanas aca faoi agus ḃéarfaiḋear annseo é mar atá sé aca-san agus má tá bréag ann bíoḋ.

"Annsin ṫall le h-ais na roilige a rinne an tíoránaċ a ṫeaċ mar go mba é an ṗlásóg ba deise agus ba tirme ar an mbaile é," arsa an seanċaiḋe. "Níor ġeall Dia ariaṁ go mbeaḋ croċadóir ċoṁ mío-ṫrócaireaċ leis ag cur faoi ċoṁ gar do roilig a raiḃ cnáṁa Críostuiḋṫe ina luiġe innte aċt ar ndóiġ ba ḃeag a ḃeann seisean ar Ċríostuiḋeaċt nó creideaṁ mar nár ṫuig an duine gránda céard é.

"Ba geal leis i gcóṁnuiḋe a ḃeiṫ ag imirt ’ċuile ċleas ba diaḃalta ná a ċéile ar na daoine a ḃí faoi n-a smaċt, aċt ba gearr an seal a fuair sé agus ba ḃeag an caṫuġaḋ a ḃí ina ḋiaiḋ nuair a ṫáinig an sgairt air. Nuair a d’airiġ sé go raiḃ a ṡeal ar an tsaoġal seo le ḃeiṫ tugṫa, d’orduiġ sé a ċur sa roilig i dTearmainn Ċaṫraċ. Anois ná síltear gur le gráḋ do’n áit ná do’n ṁuinntir a ḃí curṫa ann a ṫug sé an t-orduġaḋ seo, aċt le teann uilc agus droċ-ṁeasa ar ṁuinntir na h-áite, mar go mba ṁaiṫ a ṫuig sé naċ mbéaḋ siad-san sásta leis mar orduġaḋ. Ba ṁinic é ag déanaṁ magaiḋ agus ag sgig-aiṫris faoi na daoine nuair a ḃíoḋ soċraoid ag an roilig, agus ar ḃéasa na ndaoine ar ṡoċraoid. Aċt anois nuair a ċuaiḋ an sgéal amaċ go raiḃ orduiġṫe aige a ċur sa roilig ḃí siad i gcruṫ ceangailte le neart a ḃfeirge agus a mbáiniḋe. Ba ṁór a ḃí le ráḋ aca nuair a ċuala siad i dtoiseaċ é, go ndéanfaḋ siad siod agus seo, aċt ní raiḃ gar dóiḃ ann. Tugaḋ an t-orduġaḋ agus ċaiṫfiḋe a ċoiṁlíonaḋ, má b’olc maiṫ leo é.

"Ḃí an sgéal dona go leor aca é féin a ḃeiṫ ina measg ḟad is ḃí sé beo aċt ba seaċt measa leo é mar sgéal, a ċorpán a ḃeiṫ i n-aon roilig le n-a muinntir a ḃí ag taḃairt an ḟéir i gcré ċoisreacṫa.

"Lá na soċraoide tugaḋ an corp ċun na roilige agus cuireaḋ é aċt nuair a ḃí an sgraiṫ ḋeireannaċ socruiġṫe, d’ḟosgail an talaṁ agus le aon ḃrúċt aṁáin, caiṫeaḋ an ċóṁnra go h-uaċtar. Cuireaḋ aṫ-uair é aċt ṫárla an cleas céadna aríst. Féaċaḋ an tríoṁaḋ uair é aċt b’é an toraḋ céadna a ḃí air. Ní raiḃ aon ġlacaḋ ag an gcré ċoisreacṫa leis agus b’éigean a ċur taoḃ amuiġ de’n roilig áit a ḃfuil an uaiġ le feiceál go dtí an lá atá indiu ann."

Is ins an roilig seo atá Eoġan Cóir, an báille sin ar ċum Riocard Bairéad an dán cáileaṁail faoi, dán atá ina ṡeod ar aorṫa na teangaḋ agus a ḃuanóċas cuiṁne ar Eoġan go gcaiṫtear an saoġal. Ba as Baile na Léime Eoġan. Ba duine de na Conṁaċtáin é agus ḃí sé ina ḃáille ag tiġearna talaiṁ na h-áite. Báille dílis a ḃí ann naċ ndearna failliġe ar biṫ ar a ċuid oibre agus is iomḋa sgéal a innstear faoi agus faoi na cleasanna a ṫarraing sé ċuige féin le beiṫiḋiġ agus earraiḋe a ṫógáil i leiṫ an ċíosa.

Tráṫ aṁáin ḃí lánaṁain ann naċ raiḃ sé d’acfuinn aca an cíos trom a ḃí orṫa a íoc agus cuireaḋ Eoġan ar a lorg. Ġléas Eoġan é féin mar ḃacaċ bóṫair agus le tuitim na h-oiḋċe ṫáinig sé go dtí teaċ na lánaṁna agus d’iarr sé lóisdín oiḋċe, rud a fuair sé gan doiċeall. Ḋá mbéaḋ ḟios ag an lánaṁain gurḃ é an báille a ḃí aca ann ba ḃeag fáilte a ḃéaḋ roiṁe ní h-é aṁáin lóisdín a ṫaḃairt dó, aċt ar ndóiġ ṡíl siad-san gur "ḃoċtán Dé" a ḃí aca ann agus tugaḋ ’ċuile ċomṗórt d’á mb’ḟéidir dó.

Nuair a ṫáinig am luiġe ċuaiḋ muinntear an tiġe a ċodlaḋ agus ṡín an "boċtán Dé" ar an tsráideoig a ḃí cóiriġṫe ḋó féin. Nuair a d’airiġ sé muinntear an tiġe ina gcodlaḋ d’éiriġ sé. Sgaoil sé na beiṫiḋiġ agus ṫiomáin sé leis iad go dtí an ponta.

Baisteaḋ Eoġan Cóir mar leas-ainm air mar naċ raiḃ córtas ná trócaire ar biṫ aige. Nuair a fuair sé bás ċum Riocard Bairéad dán faoi. Dán cliste é ina dtugann an file árd-ṁolaḋ do’n ḃáille aċt gur ṁaiṫ a ṫuig sé go dtuigfeaḋ na daoine gur molaḋ magaiḋ a ḃí ḋ’á ḋéanaṁ aige i n-áit é a ċáineaḋ go díreaċ.

 

Eoġan Cóir

1

Naċ é seo an sgéal deacraċ sa tír seo,

I n-anacair ċroiḋe agus bróin,

Ó ḟágas tú cnocán na líne

Go dtéiġiḋ tú go dtí an Fál Mór.

A leiṫeid de sgreadaḋ ’s caoineaḋ

Níor cluineaḋ sa tír seo go fóill,

Aċt ar ndóiġ níl againn ann iongnaḋ,

Ó cailleaḋ, fairíor! Eoġan Cóir.

2

Ḃí cion agus meas ag gaċ aon air,

An sean-duine críon ’s an t-óg.

Ḃí saiḋḃir a’s daiḃir i ngráḋ leis,

I ngeall ar a ċroiḋe maiṫ mór.

Le toġa a’s roġa na tíre

Do ċaiṫeaḋ sé píosa óir,

’Gus le daoine boċt’ eile níor spíd leis

Buidéal ó’n tsíbín a ól.

3

Ba ró-ṁaiṫ ag tógáil a’ ċíos’ é.

Ba ḃeag aige mí nó ḋó,

Go ndíoltaoi an ḃó ar an aonaċ

Nó an giota a ḃí ins an tseol.

Tá Annraos Ó Gaḃáin ag caoineaḋ

’Gus ní ḃéiḋ Seán Ó Baoġaill i ḃfad beo,

Ó cailleaḋ a gcaraid sa tír seo

Is duḃ atá a gcroiḋe le brón.

4

I dTearmainn Ċaṫraċ níor síneaḋ

Ariaṁ faoi leac ná fód,

Aoinne ba ṁeasa do na daoine,

Ná an duine boċt maol Eoġan Cóir.

’Séard duḃairt Séimín Ṗeadair ag caoineaḋ,

’S é ag agairt ar Rí na nDeor,

Do réir mar ḃí seisean le daoine,

Gur b’aṁlaiḋ ḃéas Críosta ḋó.

5

Bréag atá siad-san ag déanaṁ,

Níor cailleaḋ an fear groiḋe go fóill.

Aċt ċuaiḋ sé ar cuairt ċuig a ġaolta,

Go ḃfeiceaḋ sé an ríoġaċt is mó.

Má ṫigeann sé ar ais ’un na tír’ seo,

Ní ṫiománfaiḋ sé a ċoiḋċe aon ḃó,

Aċt cuirfiḋ muid amaċ as an tír é

’S a leanḃ Ó Baoġaill a ḃéas leo.

6

Tá an h-aon ’s an seaċt ins a’ líne

’Gus an oċt a ċur síos faoi ḋó

Ó ġlac seisean cead le n-a ḋaoine,

Níor laḃair sé gíog níos mó.

Ó tá sé dearḃṫa sgríoḃṫa

Gur talaṁ is críoċ gaċ beo,

’S ċoṁ fada is ḃéas muid beo ar an tsaoġal seo,

Cé’n doċar dúinn braon beag a ól.

 

I mbaile beag ar a dtugtar Bearraic a rugaḋ an file cumasaċ Riocard Bairéad. Tá an baile seo timċeall sé ṁíle taoḃ ṫiar de Ḃéal a’ Ṁuirṫid, agus cé gur beag le ráḋ é mar ḃaile indiu tá dallaḋ cruṫaṁnais ṫart air go mba ṁór le ráḋ é san am atá imṫiġṫe. Tá foṫraċa sean-ḋún-ṗuirt ann agus is dóċa gur ó’n dún-ṗort ċéadna a fuair an baile a ainm.

Toġa sgoláire a b’eaḋ Riocard. Ṫiocfaḋ leis cúig cinn de ṫeangaċa a laḃairt gan aon stróṁ. Ḃí sé ina ṁúinteoir ag clainn na ndaoine móra san áit, aċt d’éiriġ sé as an múinteoireaċt agus ṫoisiġ sé ar ḟeilméaraċt. Ḃí sé pósta faoi ḋó. Neans Ní Tallot a b’ainm do’n ċéad ḃean a ḃí aige agus ḃí beirt ċlainne aca - beirt inġean - aċt níltear cinnte faoi’n tsloinneaḋ a ḃí ar an dara bean aċt ba Máire a h-ainm baiste. Leis an dara pósaḋ d’aṫruiġ sé a áit ċóṁnaiḋṫe ó Ḃearraic go Cáirn, baile atá timċeall trí ṁíle ar an taoḃ ṫiar de Ḃéal a’ Ṁuirṫid. Deirtear go mba fear láġaċ, gnaoiḋeaṁail é, folt tiuġ de ġruaig ḟinn air agus go raiḃ sé ina ċóṁráiḋteaċ breáġ agus ina ṡeanċaiḋe ṫar cionn. Deirtear faoi ċoṁ maiṫ gur amuiġ sa ngort agus é i gcionn a ċuid oibre a ċum sé an ċuid is mó agus an ċuid is fearr ḋ’á ċuid filiḋeaċta. Ar an gCáirn a fuair sé bás aċt ṫiar i roilig na Croise atá sé curṫa. Suim bliaḋanta ó ṡoin ṫóg an tAṫair Pádraig Ó Raġallaiġ leaċt os a ċionn aċt ní raiḃ ann aċt leaċt áḋmaid agus níor ṁair sé i ḃfad. Níl lia ná leaċt ar an uaiġ indiu.

 

 

CAIBIDIL V

Inis Glóire - Na foṫraċa - Uaiġ Ċlainne Lir - Sean-leaċtanna - Ag déanaṁ an "turais."

Í an t-áḋ orainn ṡul ar ḟág muid an Muirṫead go ḃfuair muid caoi le dul amaċ go hInis Glóire, ceann de na h-oileáin is mó cáil ar ċósta na hÉireann. Le breaṫnuġaḋ ó’n ṁóir-ṫír amaċ ar an oileán seo, Inis Gluaire Ḃreanndáin, mar a tugtar air ins an tsean-stair, déarfaḋ duine gur beag le ráḋ é, agus ar ndóiġ maidir le aċar is beag. Ní mórán le cois trí ceaṫraṁna míle ar ḟaid é agus isteaċ is amaċ le ceaṫraṁa míle ar leiṫead ins an áit is leiṫne.

Talaṁ gainiṁeaċ atá ar an oileán aċt tá cuid ṁaiṫ de’n oileán féin ina lom-ċarraig, go mór ṁór an ċuid ṫiar de. Tá an gaineaṁ agus an ċréafóig sguabṫa ċun bealaiġ leis an ḃfairrge áird a ṫéiġeas treasna an ċuid sin de’n oileán le linn stoirme. Annseo a ċuirfiḋe i n-iúl do ḋuine an ċúṁaċt agus an neart iongantaċ atá sa ḃfairrge. Tá cairrgreaċa móra a ḃfuil na céadta tonna meaḋċain ionnta réabṫa ó n-a leabṫaċa agus caiṫte soir agus isteaċ leiṫ-ċéad slat ar an oileán. Tá siad ina luiġe annsin ar ṁullaċ a ċéile ina gcárnáin ṁóra gan órd gan eagar go dtigiḋ ruaṫar eile a ċuirfeas sgaṫaṁ eile isteaċ iad. ’Sé an ceann ṫiar de’n oileán an ċuid is aoirde de. Tá an dul le fánaiḋ soir go dtí an ceann ṫoir de.

Aċt cé gur beag le ráḋ é an t-oileán anois i gcúrsaí staire, tá an cruṫuġaḋ ann go mba áit ċáileaṁail é ina lá. Tá foṫraċa ċeiṫre ṁainistreaċ nó teampall ann agus le cois an ṁéid sin, tá ann, foṫraċa ċeiṫre ċeall. Tá ḋá ċeann de na cealla seo a ḃfuil an clúdaċ slán orṫa go fóill. Clúdaċ cloċ atá orṫa agus iad déanta sa gcaoi go ḃfuil na sreaṫanna cloċ ag cuṁanguġaḋ isteaċ i dtreo lár na cille go dtí naċ ḃfuil san tsreaṫ ḋeiriḋ ar bárr aċt cúpla leac. Tá an clúdaċ nó an ceann tuitṫe isteaċ ins an dá ċeann eile agus tá maológa beaga eile ṫart cóṁgaraċ ḋóiḃ seo agus níl aiṁreas ar biṫ naċ cealla eile a ḃí ins na maológa seo aċt gur ṫuit an ceann isteaċ ionnta agus gur ḟás an féar orṫa.

Mar aduḃraḋ ṫuas, tá foṫraċa ċeiṫre ṫeampall ann. Teampall na ḃFear a tugtar ar an gceann is fuide soir, agus beagán ó ḋeas de, aċt gan é ċoṁ fada soir, tá Teampall na mBan. Tá cuid ṁaiṫ de Ṫeampall na ḃFear slán go fóill, aċt tá binn agus taoḃ-ḃalla de Ṫeampall na mBan leagṫa go talaṁ, mórán. Teampall Ḃreanndáin agus Teampall Ṁoċaṁóig atá ar an dá ṫeampall eile. Is beag de’n dá ċeann seo naċ ḃfuil leagṫa go talaṁ anois, aċt ó na foṫraċa, is soiléir naċ raiḃ mórán méid ionnta nuair a ḃí siad ina seaḋ.

Is geall maiṫ le ceiṫre cloċa cúinne iad na ceiṫre teampaill seo, agus istiġ i lár an ġiodáin atá eatorṫa tá Uaiġ Ċlainne Lir. Tá ceiṫre cloċa árda ina seasaṁ ar an uaiġ, ceann os cionn gaċ duine de’n ċeaṫrar do réir mar a d’orduiġ Fionnġuala do Naoṁ Moċaṁóg iad a ċur nuair aduḃairt sí:

"Is aṁlaiḋ orduiġim an uaiġ,

Fiaċra ’s Conn cruaiḋ rem’ ṫaoḃ;

Roiṁ m’uċt, idir mo ḋá láiṁ,

A ċléiriġ ċáiḋ, cuir Aoḋ."

Idir Uaiġ Ċlainne Lir agus Teampall na mBan tá tobar beannuiġṫe. Tá balla íseal cloċ ṫart air agus gan sa tobar aċt beagán uisge agus an méid sin féin i ḃfad síos ann. Tá seaċt nó oċt gcinn de ċéimeanna ag dul síos go dtí an t-uisge agus iad seo socruiġṫe go daingean slaċtṁar ina n-áit. Tá ’ċuile ċuma ar na céimeanna seo go ḃfuil siad ann leis na cianta agus go raiḃ tarraingt ṁór daoine síos agus aníos orṫa tráṫ eicínt, tá siad ċoṁ caiṫte sleaṁan sin. Níl idir an tobar agus an ḟairrge nuair a ḃíonn sé i n-aoirde-ṁara aċt timċeall deiċ slat de ṫalaṁ aċt ina ḋiaiḋ sin níl aon ḃlas ġuirteanas ar uisge an tobair, cé go ḃfuil leiḃéal an uisge ann níos ísle ná leiḃéal na fairrge, fiú aṁáin nuair a ḃíonn sé ina ḋíṫ-ṫráiġ. Cruṫuġaḋ ann féin é sin naċ ḃfuil bealaċ ar biṫ go fairrge ag uisge an tobair, giḋ go ḃfuil sé ċoṁ cóṁgaraċ di is atá sé. Áḋḃar iongantais eile atá ann, go mbíonn an t-uisge ins an tobar ar an leiḃéal ċéadna i gcóṁnuiḋe, is cuma fliuċ nó tirm an aimsear.

San tsean-am ḃíṫí ag teaċt ina sluaiġte ó ’ċuile ċeárd de’n ċonndae ag déanaṁ an "turais" ar Inis Glóire, aċt ní ṫéiġeann ann anois aċt fíor-ċorr-ḋuine. Tá sé ráiḋte ċoṁ maiṫ, má ṫógann bean uisge as an tobar go n-éiriġeann an t-uisge ins an soiṫeaċ ċoṁ dearg le fuil. Deir duine de ṁuinntir Ġáṫċain a ḃí ina ċóṁnuiḋe go dtí le goirid ar an oileán, go ḃfaca sé féin é seo cruṫuiġṫe go minic.

Níl aoinne ina ċóṁnuiḋe anois ar an oileán aċt ḃí go dtí seal bliaḋanta ó ṡoin. Ḃí muiriġin aṁáin de ṁuinntir Ġáṫċain ag fanaċt air aċt tá cóṁnuiḋe orṫa anois ar an móir-ṫír.

Tá ḋá roinn déanta de’n oileán le claiḋe atá ag síneaḋ ó ṫaoḃ go taoḃ. Deirtear go ḃfuil an ċuid de’n oileán atá ar an taoḃ ṫoir de’n ċlaiḋe seo beannuiġṫe, aċt naċ ḃfuil an roinn ṫiar. San roinn ṫoir atá na foṫraċa a ḃfuil tráċt déanta orṫa ṫuas. Ní mór naċ roilig ṁór aṁáin an ċuid ḃeannuiġṫe de’n oileán. Tá an draoi de leaċtanna agus cloċa ṫuamba ann, cuid aca ina seasaṁ agus cuid eile caiṫte anuas ar an talaṁ. Ar ċuid díoḃ seo atá ina seasaṁ tá sgríḃinn aċt tá sé ċoṁ caiṫte sin naċ féidir aon ṁeaḃair a ḃaint as anois.

San roinn ṫiar tá ceiṫre leaċtanna móra. Níl ins na leaċtanna seo aċt cárnáin ṁóra, árda de ċloċa móra agus iad déanta go teann láidir. Tá an ceann is aoirde ḋíoḃ seo timċeall ḋá ṫroiġ ḋéag ar aoirde agus tá an ceann is ísle tuairim oċt dtroiġ ar aoirde. Tá leaċtanna de’n ċineál ċéadna ar Inis Ṁóir, ceann de Oileáin Árann, aċt go ḃfuil na leaċtanna atá ar Inis Ṁóir déanta níos slaċtṁaire.

Níl ḟios ag aoinne anois cé’n t-úġdar a ḃí leis na leaċtanna seo ar Inis Glóire, mar ní h-é gur ar uaiġeanna atá siad tóigṫe mar naċ ḃfuil fúṫa ná ṫart orṫa aċt an ċarraig lom. Is cinnte naċ é an t-úġdar céadna a ḃí leis na leaċtanna seo a ṫógáil agus a ḃí leo seo atá ar Inis Ṁóir, mar deirtear gur le linn soċraoid a tóigeaḋ iad seo atá ar Inis Ṁóir, aċt ní raiḃ aon tsoċraoid ag teaċt ó ṫreo na leaċt go dtí an roilig ar Inis Glóire, agus ḋá mba le linn soċraoid a tóigeaḋ iad ḃéaḋ níos mó ná ceiṫre cinn ann.

Nuair a ḃíṫí ag déanaṁ an "Turais" ar Inis Glóire, b’éigean do’n té a ḃéaḋ ’ġá ḋéanaṁ toisiuġaḋ ag an tobar agus cuairt a ṫaḃairt ṫart ar ’ċaon ċeann de na leaċtanna seo agus ar ais aríst go dtí an tobar ṡul a dtéiġeaḋ sé ċoṁ fada leis an gcéad leaċt eile. Ċaiṫfiḋe dul ṫart ar gaċ leaċt de na ceiṫre cinn agus ar ais go dtí an tobar mar sin. Ċuirtí críoċ leis an "turas" ag an tobar, aċt ó ṫoiseaċ go deireaḋ an "turais" ní raiḃ cead ag duine agus é ’ġá ḋéanaṁ siuḃal ar ḟéar aċt i dtólaṁ ar an gcarraig agus ar ċloċa an ċladaiġ. Ba dian an "turas" é agus ṫóigfeaḋ sé an ċuid ba ṁó de lá le n-a ḋéanaṁ go ceart agus go h-iomlán. Deirtear go ḃfuil sé de ḃuaiḋ ag an oileán ċoṁ maiṫ naċ ḃfacṫas ariaṁ luċóg ná franncaċ ná fiú an loisgeann féin air am ar biṫ giḋ go ḃfuil siad ar Inis gCaoraċ, oileán eile atá faoi neasaċt ceaṫraṁa míle ḋó.

’Sé an truaġ é naċ ḃfuil níos mó eolais le faġáil faoi’n oileán seo, mar is cinnte go raiḃ am ann nuair a ḃí sé go h-árd i réim i gcúrsaí staire. ’Sé an déanaṁ céadna atá ar na teampaill atá air agus atá ar an teampall atá i roilig na Croise agus is dóċa gur timċeall an ama ċéadna a tóigeaḋ iad agus go raiḃ dlúṫ-ḃaint aca le ċéile tráṫ.

Is iongantaċ mar atá cuiṁne ar Ċlainn Lir congḃuiġṫe beo go fóill ṫart ar ċóstaí fiaḋáine Iorruis Ḋoṁnainn. Tá an t-an-ċuimse seanċais fúṫa go fóill ṫart ins an gceanntar sin agus teasbáintear na clúideanna agus na pluaiseanna ar ċuir na h-ealaí oiḋċeannta fuara, gaingideaċa ṫarstú ionnta. I n-áit aṁáin tá an Ċarraig Reoiḋte agus deirtear gur ar an gcarraig sin a ḃí na h-ealaí nuair a ḃí an ḟairrge ó Ċeann Iorruis go Ceann Acla ina clár aṁáin le leac oiḋre. Ḃí an reoḋaḋ ċoṁ dian sin gur ġreamuiġ cosa na n-ealaí do’n ċarraig agus gur fágaḋ cuid de ċraiceann a gcos ar an gcarraig nuair a d’ḟág siad é.

Tá áiteaċa eile ann agus is cinnte gur ó Ċlainn Lir a fuair siad a n-ainmneaċa. Tá Uaimín Ċuinn, Gob Aoḋa, Poirtín na nEala, Sgeilp Ḟiaċra agus Linn na nEalaí mBeannuiġṫe, agus go leor áiteaċa eile a fuair a n-ainmneaċa ó na h-ealaí.

Ag éisteaċt do ḋuine le seanċaiḋe de ċuid na h-áite sin ag cur síos ar Ċlainn Lir, ṡílfeaḋ sé gur ó ċianaiḃ a ċoṫuiġ siad an áit, le ċoṁ soiléir bríoġṁar agus a dtig leis seanċas fúṫa a sgaoileaḋ uaiḋ. Ní dearmadtar i seanċas na h-áite sin aċt oiread gur éad mná ba siocair leis an dian-ċruaḋtain agus an buan-ṗionós a cuireaḋ ar Ċlainn Lir agus gur ṁian mná ba ċionntaċ le n-a mbás obann ar deireaḋ ar Inis Glóire.

 

 

CAIBIDIL VI

An Geata Mór - Tiġearnaí Talaiṁ - Na Biongamaiġ - Sgláḃuiḋeaċt agus imirce - Tobar an Ċáirn.

FÁGFAIḊ muid slán ag na sean-ṁainistreaċa agus na roiligí seo go ceann sgaṫaiṁ aċt guiḋimis go roinnfiḋ an Rí A Ríoġaċt go fial le anamnaċa na marḃ atá ag iomċur na ḃfód ionnta. Ba ṁaiṫ a ṡeas siad ar ṫaoḃ an ċirt agus an ċreidiṁ san tsaoġal ċorraċ ċruaiḋ a ḃí ann nuair a ṁair siad. Ċosain siad agus ṫárṫuiġ siad ar ḃain le n-a sinnsear agus ba ḃríoġṁar glan gan smál a d’ḟág siad ar ċosain siad agus ar ċleaċtuiġ siad de’n dúṫċas gur ḃ’ḟiú dúṫċas agus saoiḋeaċt a ṫaḃairt uirṫi, againne. Ṡoraiḋ ḋinn agus ṡoraiḋ ḋinn aríst má tá an tsaoiḋeaċt uasal sin a fágaḋ mar oiḋreaċt againn, ḋá truailliuġaḋ agus ḋá leigint i ndearmad againn, nuair ba ċóir glúin a ċur le gliaḋ agus troiġ le taca le n-a cosaint agus le n-a cleaċtaḋ. Fillfiḋ muid aríst ar ċuid eile de na mainistreaċa, nó na foṫraċa manntaċa, bearnaċa ba ċóir a ráḋ.

Idir Ṫearmainn Ċaṫraċ agus Baile na Croise tá réimse fairsing leaṫan de ḋúṁaċa gainiṁe a ḃfuil cuid de na biollaí atá ann ċoṁ h-árd le sléiḃ. Ṫíos idir na biollaí árda seo tá gleannta agus coirí ċoṁ doiṁin sin naċ sroiċeann gaeṫe na gréine a n-íoċtar an lá is fuide sa mbliaḋain. Gluaiseam cois cladaiġ ó Ṫearmainn Ċaṫraċ aníos arais ag tarraingt ar an nGeata Mór, daingean na mBiongamaċ i nIorrus. Ó’n árdán ar an taoḃ ó ṫuaiḋ de’n Ġeata Mór tá raḋarc de’n ċineál naċ ḃfeictear aċt go h-annaṁ. Tá, ós ċóṁair a ṡúl ag duine, limistéar de’n talaṁ is fearr san gconndae, is cuma cén taoḃ ḋe a ḃreaṫnóċas sé.

Cé’n t-iongnaḋ mar sin go ḃfuil sean-ṁainistreaċa agus iarsmaí eile atá ċoṁ sean leis an gceo, le feiceál ṫall is i ḃfus ar an maċaire réiḋ seo. Ṡanntuiġ an tsean-ċine an áit. Ḃunuiġ siad cill agus teampall ann. D’oil siad agus ṫeagasg siad agus ġuiḋ siad. Ḃunuiġ siad agus ṁúnluiġ siad saoiḋeaċt agus béasa a ḃí ceart agus díreaċ, saoiḋeaċt a ṡáruiġ ar ḟeill, ar ṁeallaḋ ná ar ṫíorántaċt, dá ċúṁaċtaiġe, iad a ċlaoiḋeaḋ san bpór a ṡíolruiġ uaṫa, agus ba géar a féaċaḋ an pór céadna.

Aċt ṫáinig lá eile ar an maċaire céadna nuair a ṫáinig "ál gaċ cráine coigcríċe" anall. Orṫa seo ḃí an Biongamaċ. Ba le cneaṁaireaċt agus caimiléaraċt a fuair sé seilḃ ar an áit seo i dtoiseaċ. Féaċ uait ar na sean-ḃeanntraċa sin ṫoir uait ar ṫráiġ Oiliġ. Sin a ḃfuil fágṫa anois de ċaisleán an Ḃiongamaiġ. Ba le sgiúirse agus sgláḃuiḋeaċt a tóigeaḋ é agus ba le fuil, foġail agus fuadaċ a coingḃiġeaḋ ar siuḃal é. Ní raiḃ áird ná éisteaċt le ologan máṫar ná le osna aṫar. Ba ċuma fúṫa. Caiṫfiḋe an tsainnt agus an ain-ṁian a ṡásuġaḋ, agus an soiléar a ċoingḃeáil lán. Aċt naċ ’in stair "ṡlioċt Ṡeáin" sa tír seo ó’n gcéad lá ar leag sé crúb air? Stair atá le léiġeaḋ ar ċnoc agus i ngleann, ar ḟód agus ar ċloiċ ar fud na tíre. Fuair siad a seal agus ċaiṫ siad é, aċt ṫáinig an t-aṫruġaḋ ar an aṫruġaḋ agus leis ṫáinig sgapaḋ ál an ṁadaiḋ ar na tíoránaiġ agus ḃí an lá ag luċt na foiġde.

Seaḋ, sin iad foṫraċa ċaisleán an Ḃiongamaiġ. Tá na préaċáin ag neaduġaḋ ins na similéir agus na buláin ina luiġe ar urlár an ṗárlúis. Tá fliṫ, neanntóga agus cupógaí ag fás go buacaċ árd i ngaċ clúid agus coirnéal de. Sé an deireaḋ é a ḃí tuillte aige. Naċ iomḋa sin boṫán seasgair a ḃánuiġ sé féin agus a ṡlioċt le n-a linn? Ṫug sé dídean agus fasgaḋ do éanaċa an aeir san áit a raiḃ téagar agus comṗórt go dtáinig sé. Ċuir sé aiṫreaċa geanaṁla agus máiṫreaċa múirneaċa go h-óg san uaiġ agus an fán agus an seaċrán ar a gclainn, aċt má’s mall is fíor é díoġaltas Dé. Is lag fann a ḃfuil fágṫa ḋ’á ṡlioċt féin indiu i nIorrus. Éist leis an tseanċaiḋe ag cur síos ar na Biongamaiġ:

"Ba é Major Denis an ċéad duine aca a ṫáinig go hIorrus. Ar an Druim a ċuir sé faoi i dtoiseaċ aċt ní raiḃ sé sásta leis an áit sin. B’ḟearr leis greim a ḟaġáil ar Oiliġ, rud a fuair. Ba le muinntir Ċormaic Oiliġ agus fuair an Major cúpla páirc uaiḋ ar ċíos. Ḃí an t-airgead ag an Major agus ṫoisiġ air annsin ag déanaṁ an ċaisleáin agus ag cur feaḃais ar an talaṁ san gcaoi naċ raiḃ Mac Uí Ċormaic i n-ann an Biongamaċ a ċúitiuġaḋ ná a íoc ar an ḃfeaḃas a ḃí curṫa aige ar an talaṁ. Ṫug sé léas do’n Ṁajor ar ṫuilleaḋ talaiṁ aċt nuair a ḃí an léas caiṫte ḃí a ċrúba ró-ḋaingean ag an mBiongamaċ i nOiliġ agus b’éigean do Ṁac Uí Ċormaic géilleaḋ ḋó sa gcúirt agus an talaṁ a ḟágáil aige.

Cé go raiḃ an sean-Ṁajor go h-olc ba ṁeasa i ḃfad an dream a ṫáinig ina ḋiaiḋ. Ní raiḃ i gcuid olcais an Ṁajor aċt caiṫeaṁ dartaċa ar ġualainn an ċroċadóra a ṫáinig ina ḋiaiḋ, fear a dtugtaoi Donnċaḋ Caoċ air. Leis an am fuair na Biongamaiġ seilḃ ar áiteaċa eile anonn ’s anall ar fud Iorruis agus nuair a fuair b’iad naċ raiḃ fuar ná failliġeaċ a ndliġe a ċur i ḃféiḋm agus a gcúṁaċt a ṫeasbáint.

Ḃí riaġail déanta aca go gcaiṫfeaḋ ’ċuile ṫionónta ḋá ṁuic sa mbliaḋain a ṫógáil agus a ḃeaṫuġaḋ ḋóiḃ, annsin na muca a ċur go aonaċ Ḃéal a’ Ṁuirṫid nó go dtí an Geata Mór faoi Nodlaig, áit a mbéaḋ an Biongamaċ ag fanaċt leis na muca a ġlacaḋ. An té naċ mbéaḋ "banḃ an Ḃiongamaiġ," mar a ṫugtaoi ar na muca, beaṫuiġṫe aige faoi Nodlaig ċaiṫfeaḋ sé ḋá ṗunnta coróin agus sé pingne a íoc leis an mBiongamaċ, sin agus an ṁuc a ṫaḃairt ar ais aḃaile leis agus í a ḃeaṫuġaḋ sa gcaoi go mbéaḋ an máiġistir sásta í a ġlacaḋ. Anois san saoġal a ḃí ann an tráṫ sin, ḃí aiṫreaċa agus máiṫreaċa ag faġáil a sean-tsáiṫ le déanaṁ a gclann féin a ṫógáil gan beaṫuġaḋ na muice sin a ḃeiṫ de ċúram orṫa, ḋá mbéaḋ ceart le faġáil. B’iomḋa sin máṫair a mb’éigean di a ċuid a ċeilt agus a ċoingḃeáil ó n-a páiste le n-a ṫaḃairt do’n ḃanḃ ar ḟaitċíos go ḃfuiġeaḋ an banḃ gránda bás, nó naċ mbéaḋ sé raṁar beaṫuiġṫe aici faoi Nodlaig. Ar ndóiġ ḋá gcailltí an ṁuc ċaiṫfiḋe luaċ an ḃainḃ agus an dá ṗunnta coróin agus sé pingne a íoc, sin nó seilḃ a ṫaḃairt suas agus cead ag an tiġearna tionónta eile a ċur i seilḃ na h-áite.

Riaġail eile a ḃí aige mar ṫiġearna, go gcaiṫfeaḋ ’ċuile ṫionónta a ḃí faoi, ḋá lá ḋéag oibre a ṫaḃairt dó i n-aisge sa mbliaḋain, ag obair ar an ḃfeilm a ḃí aige i nOiliġ. Go h-iondual ba sé lá san Earraċ agus sé lá sa ḃFóġṁar a ḃí leagṫa amaċ aige. Ba ċuma céard a ḃéaḋ le déanaṁ ag an dtionónta ar a ġaḃaltas féin ċaiṫfeaḋ sé a ḟágáil annsin agus freastal ar obair an Ḃiongamaiġ agus na ‘duty days’ a ḃí air a ḋéanaṁ.

Aċt níor ḃ’é sin an ċuid ba ṁeasa ḋe mar riaġail. Cébí áit a raiḃ cuid ḋá ḋúiṫċe aige, ċuirfeaḋ sé focal faoi ḋéin na dtionónta a ḃeiṫ i nOiliġ ar a leiṫeide seo de lá. Ċuirfeaḋ sé a ḃád mór féin faoi ḋéin cuid aca a ḃí ar an taoḃ eile de Ċuan an Ḟóid Ḋuiḃ. Ṫigeaḋ siad agus ní ḃíoḋ le faġáil aca ḟad ’s ḃéaḋ siad i nOiliġ aċt ḋá ḃéile sa lá. Ḋá ḃéile! Fan go ḃfeiciḋ tú. Nuair a ṫigeaḋ am dinnéir ṫigeaḋ ḋá ċairt amaċ ó’n gcaisleán go dtí cébí áit a mbéaḋ na daoine ag obair. Ualaċ fataí bruiṫte ar ċairt aṁáin agus ualaċ sgadán bruiṫte ar an gcairt eile. Nuair a ṡroiċfeaḋ na cartaċa an áit a raiḃ na h-oibriḋṫe ag obair, sgaptaoi na fataí agus na sgadáin ṫart ar an mbán mar a ċaiṫfiḋe turnapaí ċuig caoiriġ. Ṫoisiġeaḋ an sgiob sgeab annsin idir na h-oibriḋṫe ar na fataí agus na sgadáin. An té a ḃí láidir ḃéaḋ a ṡáiṫ aige aċt ċaiṫfeaḋ an té a ḃí lag teaċt leis an ḃfuiġleaċ. Ḃíoḋ na créatúirí uilig idir lag agus láidir stiúcṫa leis an ocras agus marḃ amaċ leis an obair agus ’sé an ċaoi a raiḃ sé aca ag an mbéile, an sgian ba géire feannaḋ sí.

Ṫigeaḋ an dara béile, fataí agus sgadáin aríst, amaċ ċuca tráṫnóna nuair a ḃíoḋ obair an lae ṫart agus ḃíoḋ an obair ċéadna ann ’s a ḃí ag am dinnéir. Annsin nuair a ṫigeaḋ an oiḋċe ní raiḃ leaba ná fasgaḋ aca aċt iad sáiṫte cois claiḋe nó faoi ḃruaċa nó tom driseaċa go dtigeaḋ an ṁaidin aríst agus go dtoisiġeaḋ siad ar an obair. Ba ċuma fliuċ nó tirm an aimsear ba amuiġ faoi spéarṫa neiṁe a ċaiṫeaḋ na h-oibriḋṫe sin an t-am, oiḋċe agus lá ḟad ’s ḃíoḋ siad i nOiliġ ag obair.

B’iomḋa sin easlán agus lagarán a ḃí ag iarraiḋ na ‘duty days’ a ċur isteaċ agus gan é i n-ann. Ṫéiġeaḋ fuaċt na h-oiḋċe agus an cruaḋtan i gcionn ċoṁ mór ar a leiṫeide sin gur iomḋa duine aca a cailleaḋ faoi’n mbruaċ a ndeaċa sé ar fasgaḋ faoi. Nuair a d’airiġṫí ar iarraiḋ é maidin lá ar n-a ḃáraċ, ṫéiġeaḋ searḃḟóġantaí an Ḃiongamaiġ ṫart ’ġá ċuartuġaḋ. Nuair a ġeiḃfiḋe é, ní ḋéanfaḋ na searḃḟóġantaí a ḋaṫ aċt an bruaċ a leigint anuas air agus a ḟágáil annsin."

Ar ndóiġ níl an seanċaiḋe aċt ag toisiuġaḋ i gceart ar a ḃfuil de ṡeanċas aige faoi na Biongamaiġ aċt béiḋ baraṁail ag an léiġṫeoir ó’n ṁéid atá innste ṫuas faoi’n gcineál saoġail a ḃí ag muinntir Iorruis agus an meas a ḃí ag an mBiongamaċ ar a ċuid tionónta nuair a ḃí a réim féin aige. Ḃí na riaġlaċa agus na dliġṫe ṫuas agus go leor eile a ḃí ċoṁ dona leo, i ḃfeiḋm i nIorrus gur ċuir Connraḋ na Talṁan stop leo. Déarfaiḋ an sean-tseanċaiḋe go fóill, dá ḋonaċt iad na Biongamaiġ mar ṫiġearnaí go mba ṁeasa i ḃfad na báiliḋṫe a ḃí aca. Aċt ar ndóiġ ní ag seanċaiḋe Iorruis aṁáin a ḃfuil sé sin le ráḋ aige faoi na báiliḋṫe agus a gcuid oibre.

Tá muid ag druidim aniar anois ó Ḃaile na Croise. Tá an Geata Mór i n-aṁarc againn ċeana féin. Is beag suaraċ le ráḋ é mar ḃaile indiu gan aonaċ gan margaḋ aċt ḃí lá eile aige mar ḃaile. Ḃí sé ar ċeann de ṗríoṁ-ḃailte Iorruis nuair a ḃí réim an Ḃiongamaiġ ina neart. Ba é an príoṁ-ḃaile ar an Muirṫead é. Ḃí aonaċ agus margaḋ ann. Ḃí cúirt agus oifigí ann agus an Biongamaċ féin ina ġiuistís. Aċt ḃí stórṫa agus tráċtáil ann. Naċ ḃfuil céaḃ an tSáilín faoi neasaċt míle ḋó, áit a mbíoḋ tráċtáil an ċeanntair uilig ar siuḃal, báid ṁóra ag teaċt agus ag imṫeaċt, luċtuiġṫe le ceilp, coirce, beiṫiḋiġ agus torṫaí an talaiṁ? B’ḟurast do na tiġearnaí cur maiṫ a ḃeiṫ aca mar ḃí na h-oibriḋṫe le faġáil i n-aisge aca nó ar ḃeagán páiġe. Ḃí an talaṁ maiṫ aca agus ar ndóiġ é saor. Tá, le h-ais an tSáilín sean-ḃallóga agus beanntraċa go leor, agus mar a ċluinfeas tú baineaḋ úsáid asta sin ċoṁ maiṫ. Ponta nó "príosún beiṫiḋeaċ" a ḃí ann, áit a gcuirtí beiṫiḋiġ a ṫóigṫí i leiṫ an ċíosa nár h-íocaḋ. D’ḟágtaoi ins an bpríosún sin sgaṫaṁ iad agus annsin ḋíoltaí amaċ iad. B’iomḋa ceann ḋá leiṫeide seo a ḃí i ḃfus agus ṫall ar fud ḋúiṫċe an Ḃiongamaiġ agus b’annaṁ a ḃíoḋ siad folaṁ.

Tá an fánaiḋ soir linn anois go ceann sgaṫaiṁ ó’n Ġeata Mór agus muid ag teannaḋ ar Ḃéal a’ Ṁuirṫid. Tír ṁór curaiḋeaċta í seo anois agus is ann atá na feilméirí agus na gaḃaltais is fearr i nIorrus. Tá cur agus treaḃaḋ ḋá ḋéanaṁ ann go h-ealaḋanta saoṫraċ. Tá an talaṁ ann go saiḋḃir séasúraċ agus é ag taḃairt a ṡean-eire barr de ṫorṫaí feilme. Tá Béal a’ Ṁuirṫid cóṁgaraċ ḋó, áit a ḃfuil margaḋ maiṫ le faġáil ar ṫorṫaí na ḃfeilmeaċa. Tá téagar agus comṗórt anois ag muinntir an ċeanntair seo aċt má tá is maiṫ atá siad ag cur ar a son.

Féaċ uait ar an bpáirc ṁóir sin os cionn an ḃóṫair ar ṫaoḃ do ċiotóige. Breaṫnuiġ ċoṁ turtógaċ mío-ċoṁṫrom is atá sí. Tuige? Iarsma ó’n droċ-ṡaoġal an ṗáirc sin. Tá sí gan cur mar a ḟeiceas tú í le tarraingt ar ċéad bliaḋan anois. Ḃí fataí curṫa innti bliaḋain an droċ-ṡaoġail aċt ṫeann an t-ocras ċoṁ géar sin ar ṁuinntir na h-áite an tráṫ sin gur ionnsuiġ siad an ṗáirc ṡul a raiḃ na gais aníos gur iṫ siad an pór. Leis an gcuartuġaḋ a rinneaḋ san gcréafóig ar lorg an ṗóir naċ ḃfuair seans ná am le fás tóigeaḋ na turtógaí innti agus fágaḋ mar sin í ó ṡoin.

A Ṫiġearna, naċ i bpáirceanna na tíre atá an stair ḋá ḃféadtaoi a ḋul go bun na sprioga sa tseanċas. Tá, agus a gcuid féin de’n tseanċas ag na calaḋ-ṗuirt agus na céaḃanna. Is beag le ráḋ é céaḃ an tSáilín indiu aċt is iomḋa deor guirt a sileaḋ ag an gcéiḃ ċéadna nuair a ḃí an saor-imirce ar siuḃal agus an bánuġaḋ ḋ’á ḋéanaṁ. Ba ó’n gcéiḃ seo a ṡeol ceaṫrar agus trí sgór i n-aon luċt aṁáin i mbliaḋain an droċ-ṡaoġail go Meiriocá. Daoine iad idir óg agus sean a fágaḋ gan teaċ gan teine nuair a bánuiġeaḋ Baile an Ṁullaiġ, baile a ḃí i n-aice leis an Aḃainn Ṁóir i nIorrus.*

*[Tá tráċt iomlán déanta i "Ḋá Ċrann na Marḃ agus Sgéalta Eile" faoi’n mbánuġaḋ mór seo.]

Is gearr anois go raiḃ muid ar ais aríst i mBéal a’ Ṁuirṫid aċt ṡul a ḃfágaiḋ muid an Muirṫead ḃéarfaiḋ muid cuairt ar ṫobar beannuiġṫe an Ċáirn. I mbaile an Ċáirn atá sé agus é timċeall leiṫ-ċéad slat ó’n mbóṫar mór ar an taoḃ ó ṫuaiḋ. Fearaċt go leor ḋ’á leiṫeide is beag le ráḋ é le breaṫnuġaḋ air, aċt is iongantaċ do’n tsaoġal an méid daoine a ḃíos le feiceál ag déanaṁ "an turais" ann san tSaṁraḋ, go mór ṁór ar an gcúigeaṁaḋ lá déag de ṁí Luġnasa. Lá an Loġa atá ag muinntir Iorruis ar an lá sin agus is ar an lá sin is mó a ṫéiġeas daoine ag déanaṁ "an turais" ċuig Tobar a’ Ċáirn.

Ní raiḃ ins an tobar seo i dtoiseaċ aċt linn ḃeag uisge gan áird air ná táḃaċt ar biṫ ag baint leis. Aċt am eicínt sa tsean-tsaoġal ḃí duine de na Gáṫċain i nIorrus ar leag Dia láṁ air. Ḃí an duine boċt gan ċéill gan réasún ó rugaḋ é agus ina ċeann sin ḃí súil aṁáin aige naċ raiḃ aon raḋarc ariaṁ innti. Do réir mar a ḃí an fear boċt seo ag fás ḃí sé ag éirġe crosta agus do-ċeannsuiġṫe. Fear mór a ḃí ann a raiḃ urraḋas agus neart ann ṫar an ġnáṫ-ḋuine agus leagtar air go ḃfuair triúr nó ceaṫrar bás ó ḃualaḋ a ṫug sé ḋóiḃ. Ḃí faitċíos a n-anama ar ṁuinntir na h-áite roiṁe aċt b’éigean dóiḃ cur suas leis agus a ċoingḃeáil as a ḃealaċ ċoṁ maiṫ agus a ṫáinig leo. Ḃíoḋ sé go síorruiḋe ag imṫeaċt roiṁe ar fud na mbailte, é ciuin go leor amannta, aċt naċ dtiocfaḋ le aoinne a ḃeiṫ cinnte cé’n t-am a ḃuailfeaḋ an taod buile é. San tráṫ sin ní raiḃ áit ná osbuidéal le n-a leiṫeide a ċur agus b’éigean fulaingt leis ag baile.

Lá aṁáin agus é sa tóir ar sgata gasúr agus ar ndóiġ iad-san ag riṫ uaiḋ le n-a n-anam, ċuaiḋ siad ṫart leis an linn ḃeag uisge seo. Nuair a ṡroiċ an geilt buile é ċrom sé gur ól sé deoċ as agus annsin niġ sé a éadan ann. Ó’n móiméad sin amaċ ḃí a ċiall agus a réasún aige ċoṁ maiṫ le aon ḟear ar an mbaile. Ní h-aṁáin sin aċt ḃí raḋarc sa tsúil naċ raiḃ staiḋm innti gur niġ sé é féin sa tobar. Ina ḋiaiḋ sin ṡocruiġ sé síos i gcionn a ġraiṫe mar ḟeilméar agus tá cuid ḋ’á ṡlioċt ar an Muirṫead go fóill.

Nuair a ċuaiḋ an sgéal amaċ faoi’n míorḃuilt a rinneaḋ ag an tobar ṫigeaḋ daoine as ’ċuile ċeard d’Iorrus ag déanaṁ "an turais" agus ar ndóiġ tá an nós céadna ar siuḃal ’ċuile ḃliaḋain ó ṡoin. Má’s fíor do’n tseanċas, beannuiġeaḋ an tobar i ḃfad ó ṡoin agus sin ṫuas an fáṫ a mba ḃun leis a ḃeiṫ ina ṫobar beannuiġṫe.

 

 

ACAILL.

CAIBIDIL VII

Suiḋeaṁ an Oileáin - Ríoġaċt Acla - Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneaċt an Oileáin - Sliġe ḃeaṫaḋ na ndaoine.

DUḂRAḊ ċeana san gcunntas seo go raiḃ dúil againn cuairt a ṫaḃairt ar Acaill agus a mbéaḋ le feiceál agus le clons againn ann a ṫaḃairt do’n léiġṫeoir. Seo muid anois ag tarraingt siar air ar ṫeann ár ndíċill. Tá an lá mar a d’iarrfaḋ sinn é a ḃeiṫ. Spéar ġlan ġorm agus gaoṫnóg ḟionnḟuar ann ó’n áird aniar naċ raiḃ bac ná moill uirṫi ó d’ḟág sí Meiriocá gur ḃuail sí cnuic Acla.

’Sé Acaill an t-oileán is mó ar ċóstaí na hÉireann aċt is ar éigin gur ceart oileán a ṫaḃairt air ċor ar biṫ mar go ḃfuil sé ceangailte leis an móir-ṫír le droiċead. Níl aċt cuisle caol de’n ḟairrge san áit a ḃfuil an droiċead, aċt mar sin féin, nuair a ḃíos sé ina lán-ṁara bíonn a sáiṫ doiṁneaċta ag báid ṁóra san gcuisle seo. Is féidir an droiċead a ċasaḋ ṫart sa gcaoi go dtig leis na báid ṁóra a ḋul suas nó anuas do réir mar ṫeastuiġeas. Aċt nuair a ḃíos sé ina ḋiṫ-ṫráiġ, tá áiteaċa san gcuisle seo a dtig le duine nó beiṫiḋeaċ dul ó’n oileán go dtí an ṁóir-ṫír de ṡiuḃal cos.

San am fadó, má’s fíor do’n stair, ba ríoġaċt ḃeag ann féin Acaill. Ḃí an ríoġaċt sin i ḃfad níos mó ná mar atá Acaill indiu, mar ḃí sí ag síneaḋ soir agus ṫart ó ḋeas de Ċuan Ṁoḋ. Ba leis an ríoġaċt seo Cruaċán Aiġle, nó Cruaċ Ṗádraig mar a tugtar ar an gcruaiċ sin ó aimsir Naoiṁ Pádraig anuas. Ina ċeann sin ṫóg sí isteaċ na h-oileáin i gCuan Ṁoḋ. Leis an am ḃí an ríoġaċt ḃeag seo ag éirġe níos lúġa agus ḋ’á cuṁangaḋ isteaċ go dtí naċ ḃfuil innti indiu aċt Oileán Acla féin agus leiṫ-innse an Ċorráin.

B’iad na Máilliġ agus na Búrcaiġ a ḃí i gceannas na ríoġaċta seo an t-am ba láidre agus ba ṁó a ḃí sí. Duine de na Máilliġ seo a b’eaḋ Gráinne Ní Ṁáille a ḃfuil a cliú agus a cáil mar ḃainríoġan ar ḟairrge agus ar ṫalaṁ beo go fóill, ní h-aṁáin i seanċas Ċonnaċta aċt i seanċas na hÉireann féin. Ṁair na Máilliġ agus na Búrcaiġ i gceannas go dtí gur cailleaḋ Gráinne agus ina ḋiaiḋ sin ḃí a réim i nAcaill ag dul i n-ísle-ḃriġ. Annsin ṫáinig muinntear Ḃrúin agus clann Uí Ḋoṁnaill agus má éiriġeann linn aon tseanċas a ḟaġáil fúṫa ar an oileán ġeiḃfiḋ an léiġṫeoir é gan doiċeall.

Is fada siar a ṫéiġeas seanċas na nGaeḋeal agus níl iongantas aċt ċoṁ cruinn bríoġṁar ’s a ṫáinig cuid ṁór de anuas ó ġlúin go glúin sa gcaoi go ḃfuil léargus againn indiu ar imṫeaċtaí ár sean a ṁair na céadta, nó, is féidir a ráḋ, na mílte bliaḋan ó ṡoin. Deirtear sa stair gur ṫeiċ na Fir Ḃolga go dtí na h-oileáin ar an gcósta ṫiar nuair a fuair na Tuaṫa De Danann an ceann is fearr orṫa ag Máġ Tuireaḋ. Is cosaṁail agus iad ar teiċeaḋ go dtáinig cuid aca go hAcaill, mar go ḃfuil áit ar an oileán a dtugtar Sruṫaill na ḃFear mBolg air. Ina ċeann sin tá sean-leaċtanna agus dúnta annseo agus annsiúd ar fud an oileáin a ċruṫuiġeas go raiḃ cóṁnuiḋe agus áitreaḃ ar an oileán i ré na págántaċta. Orṫa seo tá Uaiġ an Ḟaṫaiġ, an Croimleac Mór, agus Dún an Ċampa. Ṫiar faoi sgáṫ na Sléiḃe Móire tá Altóir na nDraoi agus níos fuide ó ḋeas tá dúnta cearcallaċa agus sean-roiligí na bpágán. Tá na sean-leaċtanna eile atá anonn is anall ar fud an oileáin an-ċosaṁail leo seo atá ar Oileáin Árann aċt naċ ḃfuil siad ċoṁ slaċtṁar.

Ar an tsean-ḃóṫar ó íoċtar Acla aniar ag tarraingt ar Ċill Daṁnait i n-uaċtar Acla is líonṁaire na leaċtanna seo. Níl ionnta aċt cárnáin cloċ agus na cloċa, idir mór agus beag, caiṫte ar ṁullaċ a ċéile gan órd gan eagar. Ḃí tráṫ ann, más fíor do’n tseanċas, nuair naċ raiḃ aċt an t-aon roilig aṁáin ar an oileán, an roilig i n-uaċtar Acla ar a dtugtar roilig Ċill Daṁnait. Nuair a ġeiḃfeaḋ duine bás i n-íoċtar Acla b’éigean an corp a ṫaḃairt aniar an sean-ḃóṫar treasna bogaiġ agus sléiḃe agus i ngeall ar an mbóṫar a ḃeiṫ go h-olc agus gan cairt ná cóiste ann an uair sin, ’sé an ċaoi a gcaiṫfiḋe an ċóṁnra a iomċur ar ġuailneaċa daoine agus ba ṁór an t-anró a ġeiḃṫí mar ḃí an bealaċ go mío-ċoṁṫrom corraċ. Ina ċeann sin ba bealaċ fada é mar ní mórán gearr de ḋá ṁíle ḋéag é ó árdóċas duine ar an mbóṫar ag Dúṁaċ Cinn Aille go sroiċiḋ sé Cill Daṁnait.

Ḃí sé d’ḟaisiún aca an t-am sin go raiḃ áiteaċa ar leiṫ ar an mbealaċ aniar a leagaḋ siad an ċóṁnra le sgíṫ a ṫaḃairt dóiḃ seo a ḃíoḋ ag iomċur na cóṁnrann. Nuair a ṫóigṫí an ċóṁnra aríst, ċaiṫeaḋ ’ċuile ḋuine a ḃíoḋ ar an tsoċraoid cloċ san áit a raiḃ an ċóṁnra leagṫa agus sin an t-úġdar atá leis na leaċtanna a ḃeiṫ ar an mbóṫar sin. Ar ndóiġ ní ḃíoḋ duine a ċaiṫeaḋ cloċ ar leaċt lá soċraoide naċ gcuireaḋ paidir le anam an té a ḃí sa gcóṁnrainn agus ní i nAcaill aṁáin a ḃí an nós sin.

Cé is móite de Ṫobar Ċolmáin, Tobar Ṁionnáin agus Cill Daṁnait níl iarsma ar biṫ eile de Ré na Críostaiḋeaċta sa tsean-am ar an oileán. Ṫiar ar an taoḃ ó ḋeas de Ṡléiḃ Ṁóir tá Tobar Ċolmáin. Níl aon eolas gur fiú le faġáil ó ṡeanċaiḋṫe na h-áite ar Ċolmán aċt aṁáin gur ó Inis na Bó Finne a ṫáinig sé go hAcaill, go raiḃ complaċt ṁór manaċ leis agus nár ḟan sé i ḃfad i nAcaill. Ṫiocfaḋ ḋó gurb é an Colmán céadna é a ḃunuiġ an ṁainistear i "Muiġeo na Sacsan" agus gur ar a ḃealaċ ó Árainn a ḃí sé nuair a ṫáinig sé go hAcaill.

I n-aice le Alltraċa Ṁionnáin atá Tobar Ṁionnáin agus is dóċa gur ó ainm na n-alltraċa a fuair an tobar a ainm. Níl aon eolas le faġáil faoi aċt gur tobar beannuiġṫe é agus go dtí le goirid ḃíoḋ na sluaiġte daoine ag teaċt ag déanaṁ "an turais" ag an tobar sin. Tá an nós sin ar siuḃal go fóill aċt naċ dtigeann baoġal ar an oiread daoine anois agus a ṫigeaḋ fadó. ’Sé an cás céadna é le Tobar Ċolmáin. Fadó ḃíoḋ an áit duḃ le daoine ag déanaṁ "an turais" idir ḋá Lá Ḟéile Muire aċt ní ṫigeann anois aċt corr-ḋuine.

Ṫuas i n-uaċtar Acla tá Cill Daṁnait áit a ḃfuil foṫraċa sean-ċille agus tobar beannuiġṫe. Deirtear gur naoṁ ar ḃ’ainm ḋi Daṁnait a ḃunuiġ an ċill ann i gcéadóir agus gur uaiṫi a h-ainmniġeaḋ an tobar. Bíonn an "turas" ḋ’á ḋéanaṁ ag an tobar seo ċoṁ maiṫ agus is ar an gcúigeaṁaḋ lá déag de Lúġnasa an lá is mó sa mbliaḋain a mbíonn daoine le feiceál ann ag déanaṁ an "turais."

B’ḟéidir gur ċóir focal beag a ráḋ annseo faoi n-a ḃfuil le feiceál ar an oileán de’n áilneaċt atá ann ó nádúir. Níl i n-áit ar biṫ eile i gconndae leaṫan Ṁuiġeo áilneaċt ná iomsgéiṁ le cur i gcomórtas le áilneaċt agus iomsgéiṁ Acla. Tá an fiaḋántas agus an éagsaṁlaċt ann. Tá sléiḃte árda agus gleannta doiṁine, leaṫana ann. Tá an ḟairrge agus loċa ann agus ina gceann sin uilig tá alltraċa árda agus tráiġeanna geala gainiṁeaċa naċ ḃfuil a sáruġaḋ le faġáil ar an gcósta ó Ġailliṁ go Cill Alaiḋ.

Má castar a ċoiḋċe i nAcaill tú, a léiġṫeoir, agus dúil agat iomsgéiṁ na h-áite a ḟeiceál, ní fearrde rud a ḋéanfá ná píosa strapadóireaċta a ḋéanaṁ suas an tSliaḃ Ṁór. ’Sé seo an cnoc is aoirde ar an oileán agus is ó n-a ḃarr atá an raḋarc a ḃfuil sásaṁ ann nuair atá an lá go breáġ. Ní mór naċ ḃfuil an cnoc seo ċoṁ h-árd le Cruaċ Ṗádraig agus na sleasa ’ċuile ordlaċ ċoṁ riġte aċt naċ ḃfuil siad ċoṁ garḃ ná ċoṁ cloċaċ. Aċt ná síl gur gan saoṫar a ṡroiċfeas tú an barr mar go ḃfuil fraoċ fada fiaḋáin i n-áiteaċa ann agus claiseaċa doiṁine, aċt go mbíonn sé tirm cruaiḋ san tSaṁraḋ.

Nuair a ḃéas an barr bainte amaċ ní ḃíonn aon ċuiṁne ar an duaḋ ná an trioblóid a fuarṫas ar an mbealaċ aníos. Ina ṡeasaṁ do ḋuine ar ḟíor-ḃarr an ċnuic seo tigeann uaṁan agus iongantas air le n-a ḃfuil faoi n-a ṡúil aige. Ar an taoḃ ṫiar de’n oileán tá an Ḟairrge Ṁór ag síneaḋ siar go luaimneaċ luasgaċ agus gan talaṁ ná tráiġ níos goire ná Meiriocá ḋó. Ag síneaḋ amaċ sa ḃfairrge ag bun an tSléiḃe tá Druim Diallaide agus Ceann Acla agus gan saṁail ar biṫ le taḃairt orṫa aċt ḋá aḋairc seilmide ag síneaḋ amaċ ó’n tsliogán. Tá, ar an gcósta ṫiar agus ṫiar ó ṫuaiḋ, alltraċa atá i n-áiteaċa os cionn cúig céad troiġ ar aoirde agus iad beo le éanlaiṫ mara, iolair agus gaḃair ḟiaḋáine.

Ar an taoḃ ó ṫuaiḋ tá Cuan an Ḟóid Ḋuiḃ go lán leaṫan doiṁin leaṫnuiġṫe amaċ os a ċóṁair agus sléiḃte agus gleannta Iorruis. Soir uaiḋ tá an t-oileán ag síneaḋ agus raḋarc sásaṁail le faġáil air agus ar Ḃaile Ċruaiċ leis. Níos fuide soir go fóill tá Néifin le feiceál ag sáṫaḋ a ċinn suas ṫar gualainn Corr Ṡléiḃe. Ar an taoḃ ó ḋeas tá Cuan Moḋ agus é breacaiġṫe le oileáin agus níos fuide ó ḋeas tá Cruaċ Ṗádraig agus a ċeann i ḃfolaċ ins na néallta. Beagán níos fuide siar tá, fad a ṡean-raḋairc uaiḋ, na Beanna Beola guala le gualainn le ċéile agus ṫiar aríst amuiġ san aigéan tá Inis Tuirc agus Inis na Bó Finne.

Aċt gan breaṫnuġaḋ leaṫ ċoṁ fada ar ṡiuḃal tá gnéiṫe ċoṁ h-áluinn. Ag neaduġaḋ go seasgair ag bun na Sléiḃe Móire tá Duḃġort, baile a mbíonn tarraingt na gcéadta fámairí air ó ṫoiseaċ an tSaṁraiḋ go dtí go mall sa ḃFóġṁar. Ar an taoḃ ó ḋeas de tá an Caol, áit eile a mbíonn riar maiṫ fámairí ann sa tSaṁraḋ. Tá tráiġeanna geala, gainiṁeaċa san dá áit seo gur doiliġ a sáruġaḋ agus ina gceann sin tá bádóireaċt, iasgaireaċt, snáṁ, strapadóireaċt ar ṡléiḃ agus aill ann leis an am a ċaiṫeaṁ go folláin spéiseaṁail.

Taoḃ ṫoir de ṫráiġ an Ċaoil tá Alltraċa Ṁionnáin a ḃfuil a gcáil ar fud an doṁain. Tá na h-alltraċa seo i n-áiteaċa suas le sé ċéad troiġ ar aoirde agus iad ag éirġe aníos glan díreaċ ó’n ḃfairrge. Ag tarraingt do ḋuine orṫa ó’n gCaol aniar lá breáġ gréine, níl coiscéim d’á dtiúḃrfaiḋ sé naċ ḃfuil aṫruġaḋ cuma agus daṫa ag teaċt ar na h-alltraċa. Na cineálaċa éagsaṁla cairrge atá ionnta is cionntaċ leis an aṫruġaḋ daṫa a ṫigeas orṫa faoi lonnraḋ na gréine, mar tá cloċ-ġréine, grian-ċloċóid, míca agus go leor cineálaċa eile naċ iad, measgṫa le ċéile i n-éadan na n-alltraċa.

Annsin ó Ḋuḃ Aċa tá bóṫar ag dul siar ar an taoḃ ó ḋeas de Ċruaċán. I n-áiteaċa tá an bóṫar seo suas le ceiṫre ċéad troiġ os cionn na fairrge agus é déanta ar ḃruaċ na h-aille. Ag ceann ṫiar an ḃóṫair seo tá gleann na Cuime, an gleann is deise ar an oileán aċt go ḃfuil sé i ḃfolaċ ṫiar ar ċúl Ċruaċáin sa gcaoi naċ ḃfeicfiḋ duine é go mbíḋ sé buailte air. I lár an ġleanna seo tá cros agus umar uisge coisreacṫa ar altóir cloċ, áit a mbíoḋ an tAifreann ḋ’á léiġeaḋ nuair a ḃí an tóir agus an ruagairt reaṫa ar ċléir na tíre.

’Siad na h-áiteaċa atá luaiḋte ṫuas na h-áiteaċa is mó le ráḋ ar an oileán i gcúrsaí áilneaċta agus iomsgéiṁe aċt ṫarstú seo tá áiteaċa eile anonn agus anall ann gur fiú d’aoinne a ċuireas spéis i n-áilneaċt iongantaċ na nádúire cuairt a ṫaḃairt orṫa.

Cé naċ ḃfuil ar an oileán fré ċéile aċt fíor-ḋroċ-ṫalaṁ i gcóir curaiḋeaċta tá na daoine deiseaṁail go leor agus caoi ċóir ar a ḃfurṁór. Ní h-é go leor áirde a ḃeireann siad ar ċuraiḋeaċt, mar, i ndiaiḋ a ndíċeall a ḋéanaṁ, ba ḃeag a ḃéaḋ ḋ’á ḃarr aca. Téiġeann na fir uilig, aċt aṁáin iad seo atá ró-ṡean, go Sasana agus go hAlbain go luaṫ san Earraċ agus fanann siad ṫall go Saṁain nó go Nodlaig. Imṫiġeann na cailíní óg go leor sa tsaoġal ag saoṫruġaḋ a mbeaṫa ċoṁ maiṫ. Ar Albain is mó atá a dtarraingt siad-san, áit a mbíonn siad ó ṫoiseaċ an tSaṁraiḋ go deireaḋ an Ḟóġṁair ag obair ar ḟeilmeaċa le fóġṁar na ḃfataí. Obair ċruaiḋ anróiteaċ í seo go mór ṁór dóiḃ seo a ṫéiġeas ina cionn díreaċ i ndiaiḋ an sgoil a ḟágáil dóiḃ. Aċt mar aduḃairt sean-ḟear de ṫógáil an oileáin, "aċt go bé Sasana agus Albain ní ḃéaḋ aon Acaill ann."

Bíonn na fir a ḟanann sa mbaile ag pléiḋe le iasgaireaċt sa tSaṁraḋ agus sa ḃFóġṁar agus cé go ḃfuil cóstaí an oileáin feileaṁnaċ go maiṫ i gcóir iasgaireaċta, agus eolas go binn ar a gceird ag na h-iasgairí is beag tairḃe a baintear as mar ṡliġe ḃeaṫaḋ. Deir na h-iasgairí naċ ḃfuil na h-éisg ann mar ḃíoḋ fadó. Ba ṁó go mór an saiḋḃreas a ḃaintí as mar ṡliġe ḃeaṫaḋ san am atá caiṫte, aċt ṫáinig meaṫ ar an iasgaireaċt ṫart ar ċóstaí an oileáin ċoṁ mór sin go ḃfuil na daoine ag éirġe as ar fad, mar naċ ḃfeiceann siad aon tairḃe ḋóiḃ ann.

 

 

CAIBIDIL VIII

An Seanċaiḋe - "Cúl na Beinn’" - Clann tSuiḃniġ - San Teaċ Ósda.

“TÁ do ṡáiṫ canta anois agat faoi iasgaireaċt agus eile," arsa Miċeál, "agus leag uait go mbuailiḋ muid ṫart agus b’ḟéidir go n-éireoċaḋ linn glac seanċais a ḟaġáil a ḃéas níos suimeaṁla ná an ráiméis sin atá ar siuḃal agat."

"Maiṫ go leor," arsa mé féin, "aċt meas’ tú cé’n áit is fearr dúinn a ḋul le n-a ḟaġáil?" "Naċ minic a ċuala tú gur fánaċ an áit a ḃfáiġtear bradán?" ar seisean. "Feicim fear annseo ṫíos ag briseaḋ cloċ. Buailfiḋ muid síos ċuige agus buailfiḋ muid bleid air. Níor casaḋ fear ariaṁ orm a raiḃ an ċeird sin aige naċ mbéaḋ ina ṡeanċaiḋe maiṫ."

"Bail ó Ḋia ort, a ḋuine ċóir," arsa mé féin nuair a ṫáinig muid ċoṁ fada leis an ḃfear a ḃí ag briseaḋ na gcloċ. "Go mba h-é ḋíḃ," ar seisean i nGaeḋilg ġlain ḃinn. Leis sin ċaiṫ sé an casúr le n-a ais ar an gcnap cloċ agus d’éiriġ ina ṡeasaṁ. I ndiaiḋ searraḋ a ḃaint as féin ṫarraing sé amaċ a ṗíopa agus ṫoisiġ air ’ġá líonaḋ.

"Creidim," arsa Miċeál, "gur tuirseaṁail an obair í a ḃeiṫ in do ṡuiḋe síos mar sin ag obair ar feaḋ an lae."

"D’ḟéadfá a ráḋ gur b’é," ar seisean, "agus ba ṁaiṫ sin dá mbéaḋ mórán dá ḃarr ag duine i ndiaiḋ a ḃeiṫ struncaiġṫe ina ṡuiḋe ar ċárnán cloċ ó ṁaidin go h-oiḋċe, aċt naċ ḃfuil neart air. Caiṫfiḋ duine eicínt é a ḋéanaṁ."

"Is fíor ḋuit," arsa mise, "aċt más do réir an ṗíosa atá tú ag obair nár ċeart go ndéanfá páiġe maiṫ lae."

"’Réir an ṗíosa ’tá mé," ar seisean, "aċt más eaḋ féin is mó an saoṫruġaḋ ná an cóṁaireaṁ. Níl a ṁalairt ann ar ċuma ar biṫ agus más beag le ráḋ an páiġe féin, tá an obair i n-aice baile agus naċ mór an gar an méid sin? Aċt mur’ ḃfuil dul amuġa orm ní de ṫógáil an oileáin siḃ-se mar ní feasaċ mé go ḃfaca mé ċeana siḃ."

"Níl dul amuġa ar biṫ ort," arsa Miċeál. "Indé a leag muid cos de’n ċéad uair ar an oileán. Ċaiṫ muid an oiḋċe aréir ar an gCaol annsin ṫiar agus tá muid anois ar ár mbealaċ soir aċt ba ṁaiṫ linn an oiread eolais a ḟaġáil agus a ṫig linn faoi Acaill mar gur mór a ċuala muid faoi ó am go h-am."

"Más ar an gCaol a ḃí siḃ aréir," ar seisean, "ḃí siḃ i n-áit a raiḃ

‘Biaḋ ’s leabaiḋ ann ’s míle fáilte,

 ’S cóṁráḋ geanaṁail ag fear ’s mnaoi,’

mar adeir an t-aṁrán."

"Cé’n t-aṁrán atá i gceist agat anois?" arsa mise, "nó ḃfuil aon ḃaint ag an aṁrán sin le Acaill?"

"Tá agus dlúṫ-ḃaint," ar seisean, "mar gur ċaiṫ an fear a ċum é sgaṫaṁ maiṫ ar an oileán. Ní ḟaca mise an fear ariaṁ mar ḃí sé ann roiṁ mo linn, aċt ós ar lorg eolais atá siḃ innseoċaiḋ mé ḋíḃ ar ċuala mé féin faoi."

Leis sin ċuir sé bun seanċais air féin gur sgaoil sé uaiḋ go clisde cruinn an méid a ḃí ar eolas aige féin faoi’n aṁrán, agus ag seo a leanas ċoṁ cuimir baileaċ é sgéal an tseanċaiḋe sin is do b’ḟéidir a ḃreacaḋ síos.

Nuair a ṫáinig Humbert agus na Franncaiġ go Cill Alaiḋ fadó ċuaiḋ fear ar a dtugtaoi Peadar Mac Ṡiúrtáin as Cúl na Beinne síos i n-airicis na ḃFranncaċ le sgata fear a ḃí oilte aige agus réiḋ le n-a gcion a ḋéanaṁ le buille a ḃuaileaḋ ar son na saoirseaċta. Ṫroid sé féin agus a ḋream beag ar ṫaoḃ Humbert go dtáinig an briseaḋ tubaisteaċ ar na Gaeḋil ag Baile na Muc. Nuair a ṫáinig, d’éiriġ leis an Siúrtánaċ a anam a ṫaḃairt slán leis aċt is ag Dia aṁáin atá ḟios cé’n ḃail a ċuaiḋ ar an sgata a ḃí leis. Ar ċuma ar biṫ níor ḟill aoinne aca ariaṁ ní ba ṁó go Cúl na Beinne, baile atá faoi sgáṫ Néifin, aċt Peadar.

Nuair a ḃí an troid ṫart, d’ḟill saiġdiuirí Ṡasana ar Ċonndae Ṁuiġeo agus níor ḟág siad baile ann as a ndeaċa aoinne de ċaḃair ar Humbert nár ṫug siad cuairt air le n-a ndeascaiḋ a leigint amaċ agus díoġaltas a imirt ar ṁuinntir na mbailte sin i ngeall air sin. Ar ndóiġ b’éigean do’n tSiúrtánaċ a ḃaile féin a ḟágáil agus dul ar a ṡeaċaint nuair a ċuala sé go raiḃ an tóir air. Ḃí sé ag imṫeaċt roiṁe, oiḋċe annseo agus oiḋċe annsin, go dtí ar deireaḋ, casaḋ go hAcaill é. Loiteaḋ go damáisteaċ é sa troid agus b’olc a ḃí sé i n-ann aon ċruaḋtan a ṡeasaṁ agus ar an áḋḃar sin níor ċuidiġ an t-anró a fuair sé agus é ar a ṫeiċeaḋ leis.

Nuair a ṡroiċ sé Acaill ḃí caoi ḃoċt air, a ṡláinte caillte aige, an gonaḋ a fuair sé sa troid ag teaċt leis agus níos measa ná sin uilig é ina ḋílseaċ báis ag dliġe ċam a náṁad. Ar an gCaol a ċuir sé faoi aċt ba gearr ann é gur buaileaḋ síos le fiaḃras é agus ó fuair an leaba greim air, ba gearr an spás a fuair sé. Ṡul ar cailleaḋ é ċum sé aṁrán fada ag cur síos ar a áit ḋúṫċais agus ar a ṁuinntir naċ raiḃ sé geallta ḋó a ḃfeiceál go deo. Fuair sé bás i nAcaill agus cuireaḋ é i roilig na Sléiḃe Móire, aċt tá an t-aṁrán ag cuid ṁóir de aṁránaiḋṫe Acla go fóill.

Nuair a ḃí an sgéal sin innste ag an tseanċaiḋe d’iarr muid air an t-aṁrán a ráḋ mar go mba ṁaiṫ linn é a ċlons. Rinne sé é gan doiċeall agus ḃéarfaiḋear annseo é díreaċ mar a fuarṫas é ó ḟear briste na gcloċ ag cros-ḃóṫar Ġaḃail a’ Ṁáma i nAcaill:

 

Cúl na Beinn’

1

Dá mbeinn-se féin i Mám a’ Ġarrḋa,

Duḃaċ ’s páipéar a ḃeiṫ agam ann,

Ba deas a sgríoḃfainn i nduḃ ’s i mbán é,

An molaḋ áluinn a ḃí ar an ngleann.

’Sé a n-iarrfainn d’impiḋe ar Ríġ na nGrásta,

Intleaċt Hómair a ḃeiṫ in mo ċeann,

Is gur le n-a ṁaiṫeas ba ṁian liom tráċt air,

Aċt fairíor géar go ḃfuil m’intleaċt fann.

2

’Sér’d duḃairt fear as Acaill liom, "ná bí gan ċéill,

Ná bí a’ gol ná ag éagcaoint i ndiaiḋ Cúl na Beinn’,

Ḃéarfaiḋ mise bean ’s ḋá ċéad bó léiṫe,

’Gus acra móinḟéir i n-aġaiḋ gaċ cinn,

Bád ’s eangaċa a ḃeiṫ i n-éinḟeaċt leo,

Le go dtiuḃrfá éadáil isteaċ ó’n tuinn,

’S sílim féin gur fearr an méid sin,

Ná ḃeiṫ a’ gol ’s ag éagcaoint i ndiaiḋ Cúl na Beinn’."

3

Dá dtugtá bean agus ḋá ċéad bó ḋom,

’Gus acra móinḟéir i n-aġaiḋ gaċ cinn,

A ḃfuil de ḃáid is d’eangaiġ as seo go Bó Finn,

Agus saiḋḃreas Ṡeoirse ar fad gan roinn,

B’ḟearr liom acra de’n ḃogaċ báiḋte

Atá idir an Máimín ’s Inse an Droiġin,

Cead rinnce le cailíní lá saoire ’s Doṁnaiġ

Ṫart ar na bóiṫre úd i gCúl na Beinn’.

4

Tá na coillte go dlúṫ ann ar ṫaoḃ Ġleann Néifin.

Tá an duilleaḃar craoḃ-ġlas ag sileaḋ síos.

Tá an ċuaċ ’s an traġna ar ḃarr na gcraoḃ ann,

Ag seinm go h-éadtrom gaċ lá ’s oiḋċ’.

Tá daoine uaisle ar ḃarr an tsléiḃe ann,

Ag déanaṁ éirliġ ar ċearca fraoiġ;

Tá an bradán bruinnġeal ag tiġeaċt ón tsáil ann,

Ag feara Éireann le faġáil gan pinginn.

5

Tá an loċ is sáiṁe ann d’á ḃfuil i nÉirinn,

Tá na báid ag éirġe air ó ṫuinn go tuinn,

Do’n té a ċleaċtuiġ é ’s ’tá anois ’ġá ṫréigean,

Naċ beag an doċar dó a ċroiḋe ḃeiṫ tinn.

Aċt más é seo an cúrsa a ġeall Dia ḋom-sa,

’S gur le méid mo ċúṁaiḋ a liaṫaḋ mo ċeann,

Mo ċúig céad slán leat, a Ḃoṫ a’ Dúin,

’S na coillte dlúṫ údaiġ i gCúl na Beinn’.

6

Ní ċáinfead Acaill cé gur mian liom a ḟágáil,

Is deas an áit é ag strainséirí;

Tá biaḋ ’s leaba ann ’s míle fáilte,

’S cóṁráḋ geanaṁail ann ag fear ’s mnaoi.

Aċt mar an t-iasg a ṫigeanns le nádúir,

I ndiaiḋ a ḋáta a ċaiṫeaṁ amuiġ faoi’n tuinn,

Sé sin fearaċt agam-sa ḋá ḃfáġainn ann pálás,

B’ḟearr liom árus beag i gCúl na Beinn’.

7

Tá leitir sgríoḃṫa agam agus réiḋ le séalaḋ,

A ċuirfeas mé i mbáraċ go Cúl na Beinn’,

Go ḃfuil mé mo luiġe le tuilleaḋ ’s ráiṫe,

Go buaḋarṫa cráiḋte le tinneas cinn.

Mur’ ḃfáġaiḋ mé fóiriṫín ó Ríġ na nGrásta,

A ḃeiṫ in mo ṡláinte aríst mar is cóir,

Gléastar túmba ’s cóṁnra clár dom,

Go síntear mo ċnáṁa ag Bun Ṡléiḃ Ṁóir’.

 

"Tá ḃéarsa nó péire eile ann," arsa an seanċaiḋe, "aċt naċ gcuiṁniġim orṫa anois. Ar ċuma ar biṫ ní beag an méid sin féin agus b’ḟéidir go gcasfaiḋe duine eicínt eile oraiḃ a ḃéarfas an dá ċeann eile ḋíḃ."

"Feicim gur doiliġ do ṡáruġaḋ féin a faġáil," arsa mise, "agus ċuirfinn mo ċeann ar ċeap go ḃfuil tuilleaḋ seanċais agat faoi na bailte ṫart annseo agus na daoine a ṁair ionnta fadó."

"Ṫiocfaḋ ḋom seanċas a ḃeiṫ agam ḋá gcuirinn aon tsuim ann nuair a ḃí mé a’ teaċt aníos. Tá daoine duḃ i dtalaṁ indiu agus b’aca a ḃí an seanċas agus b’iad naċ gceilfeaḋ é ar ċóṁluadar ná ar ċuideaċtain, aċt iad ag coiṁlint le ċéile go ḃfeiceaḋ siad cé aca a b’ḟearr. Ḋá dtugainn áird orṫa sin ḃéaḋ stór agam, aċt fairíor, fearaċt go leor liom níor ṫug, agus fágann sin aiṫreaċas mo ṡáiṫ orm indiu," ar seisean.

"Rinne tú tagairt do Humbert ar ball," arsa Miċeál, "agus tú ag tráċt ar an tSiúrtánaċ. An feasaċ ḋuit go raiḃ aon ḃaint ag aoinne as Acaill leis an troid an tráṫ sin?"

"Anois, leis an ḃfírinne a ḋéanaṁ," ar seisean, ag freagairt, "níor ċuala mé ariaṁ go raiḃ, aċt tá’s agam gur croċaḋ sagart as Acaill i mBaile Uí ḃFíoḋċáin i ngeall ar an troid, agus is iongnaḋ liom nár ċuala siḃ féin tráċt ar an sagart céadna. An tAṫair Máġnus Mac Suiḃne, beannaċt Dé leis, atá mé a’ maoiḋeaṁ."

"Ó ṁeaḃruiġ tú ḋúinn é," arsa mise, "is cuiṁneaċ liom gur ċuala mé gur croċaḋ sagart de ċlainn tSuiḃniġ i mBaile Uí ḃFíoḋċáin an tráṫ sin aċt ní raiḃ ḟios agam go dtí seo go mb’as Acaill é."

"B’as muise," ar seisean, "agus ar an mbaile sin ṫíos a ḃfuil cóṁnuiḋe orm-sa a rugaḋ é. Dúṁaċ Cinn Aille ainm mo ḃaile, agus tá sé ar ċeann de na bailte is sine ar an oileán."

Ḃí ḟios agam féin agus mo ċara faoi seo go raiḃ an t-áḋ orainn, go raiḃ muid ag cainnt le seanċaiḋe de’n ċineál naċ gcastar ar ḋuine aċt go h-annaṁ. Ní raiḃ sé ṫar leiṫ-ċéad bliaḋan d’aois aċt ní raiḃ riġeaċan saoġail le n-a raiḃ de ṡeanċas aige agus fonn air a innseaċt. Ba léir dúinn go mba fear é a ċuir an-tsuim i gcúrsaí an tsaoġail fré ċéile agus a raiḃ bród air, gan aon ṁaoiḋeaṁ a ḋéanaṁ, go raiḃ an t-eolas sin aige. Ṡocruiġ muid eadrainn beirt gan sgaraḋ ó’n tseanċaiḋe seo nó go ḃfáġaḋ sinn tuilleaḋ eolais uaiḋ go mór ṁór faoi’n Aṫair Mac Suiḃne ó ṫárla gur casaḋ ar an láṫair muid. Ṫuig muid ċoṁ maiṫ go mba túisge deoċ ná sgéal i nAcaill fearaċt ’ċuile áit eile agus níor ṁaiṫ linn a ḋul ní b’ḟuide leis an tseanċas go ḃfiafruiġeaḋ sinn de’n tseanċaiḋe an raiḃ dúil ar biṫ aige sa mbraoinín go mór ṁór ó ba lá broṫallaċ Saṁraiḋ a ḃí ann, agus teaċ ósda faoi n-easaċt cúpla céad slat dúinn.

"Caiṫ uait an casúr sin," arsa Miċeál leis, "agus teanam leat síos go raiḃ deoċ againn."

"Ní ċaiṫfiḋ mé uaim é, go raiḃ maiṫ agaiḃ," ar seisean, "aċt ḃéarfaiḋ mé liom é, mar feicṫear ḋom go ḃfuil obair lae ċoṁṫruim déanta agam agus ó ṫárla gur beag le cois uair go leiṫ gréine fágṫa, ní mórán eile a ṫig liom a ḋéanaṁ indiu agus ar ndóiġ béiḋ obair le déanaṁ nuair a ḃéas muid imṫiġṫe."

Leis sin d’éiriġ sé. Ċruinniġ sé leis a ċuid uirlisí agus ḃog muid triúr síos an bóṫar go dtí an teaċ ósda.

"Céard é do ḋeoċ anois?" arsa Miċeál.

"Pionnta, le do ṫoil," ar seisean, agus ḃuail sé faoi ar stól ar aġaiḋ an dorais.

Glaoiḋeaḋ ar na deoċanna agus leagaḋ a ḋeoċ féin ós ċóṁair ’ċaoinne de’n triúr againn. Ḋearc an seanċaiḋe go géar ar a ṗionnta. Ṫug sé coiscéim anonn gur ṫóg sé anall leis é agus ṡuiḋ ar an stól aríst. Ċroċ sé i n-áirde é, agus ḃreaṫnuiġ sé air go láġaċ ceanaṁail.

"Ḃur sláinte, a ċáirde, agus nár ḟeiceamuid a ċoiḋċe triomaċ síorruiḋe ná tart gan caoi le n-a ṁúċaḋ."

Leis sin d’ísliġ sé an gloine beagán, ġlan siar an cúḃar a ḃí ina ṁaol air le séideoig agus d’ól sé tarraingt a ċinn as go sásta. Annsin leag sé an gloine leaṫ-ḟolaṁ le n-a ais ar an stól. Ċuir sé strainc air féin agus ċuimil a ḃéal le cúl a láiṁe.

"Is géar é," arsa Miċeál leis.

"Is géar atá sé a’ teastáil," ar seisean, "i ndiaiḋ ḃeiṫ a’ briseaḋ cloċ lá mar an lá indiu."

Nuair a ḃí uair a ċluig nó mar sin caiṫte sa teaċ ósda againn ṫug an fear cuireaḋ ḋúinn síos go dtí n-a ṫeaċ féin go ḃfáġaḋ sinn tráṫ biḋ. Ġlac muid leis an gcuireaḋ agus ba gearr go raiḃ muid triúr ṫíos sa teaċ agus níor ḃ’ḟada go raiḃ béile taiṫneaṁaċ réiḋ ag bean a’ tiġe agus muid triúr ag dul feaduġaḋ ḋó go sásta.

Nuair a ḃí an béile ṫart agus a ṗíopa féin faoi lán-tseoil ag ’ċaoinne againn, tarraingeaḋ anuas aríst sgéal an tsagairt agus cé naċ ḃfuil sé focal ar ḟocal mar tugaḋ ḋúinne é tá sé ċoṁ gar dó agus do b’ḟéidir é annseo in ár ndiaiḋ.

 

 

CAIBIDIL IX

Smuglaereaċt - An caiptín ó’n ḃFrainnc - Máġnus Mac Suiḃne - Teaċt Humbert - An tAṫair Máġnus Mac Suiḃne - An Sagart ar a ṡeaċaint - An Sagart ina Ṗríosúnaċ - A ḃás.

TIMĊEALL lár na h-oċtṁaḋ aoise déag ḃí duine de ṁuinntir Suiḃniġ ina ċóṁnuiḋe i nDúṁaċ Cinn Aille i nAcaill, agus duine é a raiḃ deis ṁaiṫ air agus riar a ċáis go maiṫ aige. Ḃí sé pósta le bean de ṁuinntir Ṁaolṁuiḋe agus teaċ breáġ seasgair aca a raiḃ fearaḋ na fáilte ann i gcóṁnuiḋe roiṁ luċt bealaiġ is bóṫair. Ina ċeann sin ḃí muilionn aca, an t-aon ċeann aṁáin a ḃí ar an oileán an t-am sin.

Ba ṁór an méid smuglaereaċta a ḃí ar ċois san iarṫar an tráṫ sin agus d’ḟóir cuanta agus clúideanna Acla go maiṫ do na smuglaeirí. Ḃí fasgaḋ ionnta agus iad doiṁin i gcóir na luingeas agus ar an áḋḃar sin b’annaṁ naċ mbíoḋ long smuglála i gclúid eicínt ṫart ar an oileán ag fanaċt le cóir. Ḃí ainm na féile ar ṫeaċ an tSuiḃniġ agus i ngeall air sin ba ṁinic caiptíní na luingeas seo ag baint fúṫa ann faoi stoirm agus am sgléipeaċ ḋ’á ċaiṫeaṁ aca ag tráċt ar áiteaċa agus ar ḋaoine i ḃfad ar ṡiuḃal. Orṫa seo ḃí caiptín ó’n ḃFrainnc agus ba ṁór ar fad an caradas a ḃí idir é féin agus an Suiḃneaċ. Fear tuigsionaċ fad-ḃreaṫnuiġṫeaċ an caiptín seo a raiḃ cuid ṁór de’n doṁan feicṫe aige agus eolas as cuimse aige ar an gcine ḋaonda agus cúrsaí an tsaoġail fré ċéile.

Ṫárla uair aṁáin agus é ag cur faoi i dteaċ an tSuiḃniġ gur rugaḋ mac óg do’n tSuiḃneaċ. Ba ṁór an lúṫġáir a ḃí ar ṁuinntir an tiġe agus cuireaḋ féasta ar bun i n-onóir na h-ócáide. Ḃí an caiptín ag an ḃfleiḋ agus nuair a teasbánaḋ an naoiḋneán dó, ḃreaṫnuiġ sé go géar é agus duḃairt:

"Bail ó Ḋia air is breáġ an leanḃ é, aċt cé gur leisg liom a ráḋ, tá saoġal corraċ roiṁe agus an ċroċ i ndán dó ar deireaḋ."

"Is olc é do sgéal agus ní ró-ġeal do ṫairingireaċt," arsa an t-Aṫair, "agus nár leigiḋ Dia gur mar sin a ṫárlóċas."

"Níor ṁaiṫ liom féin gur mar sin a ḃéaḋ," arsa an caiptín, "aċt an rud atá i ndán do ḋuine is doiliġ a ḃánuġaḋ. Tá faitċíos orm naċ ḃfuil dul uaiḋ aige agus gur bás ar an gcroiċ a ḋán, mur’ ḃfuil ag Dia."

Níor leig an Suiḃneaċ focla an ċaiptín i ndearmad agus do réir mar ḃí an páiste ag fás ḃí imniḋe an aṫar ag méaduġaḋ agus gan stop ag dul air oiḋċe nó lá aċt ag leagaint amaċ ina intinn féin cé’n tsliġe ḃeaṫaḋ a b’ḟearr ḋ’á ṁac. Ar deireaḋ, i ndiaiḋ cóṁairle a ġlacaḋ le n-a ṁnaoi agus leis an gcaiptín, ṡocruiġ siad an mac a ċur ar sgoil le ḃeiṫ ina ṡagart, ḋá mbéaḋ sé orduiġṫe ag Dia ḋó. Nuair a ṫáinig Máġnus Mac Suiḃne, sé sin an malraċ óg, i n-aois le dul ar sgoil, ṫug an caiptín leis é anonn go Páras na Frainnce agus cuireaḋ Máġnus Óg ar sgoil ṫall le ḃeiṫ ina ṡagart. D’éiriġ ṫar barr leis ar sgoil agus, leis an am, rinneaḋ sagart de.

Níor luaiṫe ina ṡagart é ná ṫáinig sé aḃaile go hAcaill, agus sgaṫaṁ gearr i ndiaiḋ teaċt aḃaile ḋó cuireaḋ go Baile Uí ḃFíoḋċáin ina ṡéiplíneaċ é. Nuair a ḃí sé timċeall deiċ mbliaḋna nó mar sin i mBaile Uí ḃFíoḋċáin ṫáinig na Franncaiġ go Cill Alaiḋ faoi ċeannus Humbert. Ba sagart fíor-Ġaeḋealaċ é a ġráḋuiġ a ṫír ḋúṫċais ó ḋoiṁneaċt a ċroiḋe, agus má ḃí fáilte aige faoi ċóṁair na ḃFranncaċ níorḃ iongantas ar biṫ é, mar ṡíl sé, fearaċt go leor eile leis, go n-éireoċaḋ leo, le cuidiuġaḋ Gaeḋeal, saoirseaċt na tíre a ḃaint amaċ.

I dtráṫa ama ḃain Humbert Caisleán a’ Ḃarraiġ amaċ agus cuireaḋ an ruaig ar na casóga dearga as bun barr. Síleaḋ annsin go raiḃ an bealaċ leis na Gaeḋil agus ḃí muinntear Ṁuiġeo uilig mórán, bródaṁail go ḃfaca siad an lá sin. Lá aṁáin faoi’n tráṫ sin casaḋ an t-Aṫair Máġnus agus caiptín a ḃí ar na Franncaiġ le ċéile i mBaile Uí ḃFíoḋċáin. D’aiṫniġ siad a ċéile mar gur casaḋ le ċéile iad sa ḃFrainnc roiṁe sin nuair a ḃí an tAṫair Máġnus ar sgoil ann. Ḃí bród an tsaoġail ar an mbeirt a ċéile a ḟeiceál aríst agus ḃí seanċas fada cáirdeaṁail aca le ċéile agus ba doiliġ a ṫógáil orṫa mar naċ ḃfaca siad a ċéile le sgaṫaṁ maiṫ roiṁe. Ba ḃeag a ṡíl an sagart go raiḃ láṁ aige ina ḃás féin nuair a ċuir sé fáilte roiṁ an ḃFranncaċ, ná go gcuirfiḋe ina leiṫ é, i gceann aguisín maiṫ a ċur leis, os ċóṁair na cúirte aríst.

Ḃí go maiṫ go dtáinig an briseaḋ tubaisteaċ sin ar na Gaeḋil agus na Franncaiġ ag Baile na Muc, agus nuair a ṫáinig, fáisgeaḋ an tsrian ní ba déine ná ariaṁ ar na Gaeḋil, aċt go mór ṁór orṫa seo a ṫeasbáin aon ċáirdeaṁlaċt nó a ṫug aon ċaḃair do na Franncaiġ. Ar ndóiġ níor spárálaḋ cléir ná tuata agus cuireaḋ an tóir ar an Aṫair Mac Suiḃne agus gaḃaḋ é ina ṫeaċ féin i mBaile Uí ḃFíoḋċáin. Tá sé sa tseanċas gurab é Doṁnallaċ Ḃaile Uí ḃFíoḋċáin a rinne príosúnaċ ḋe aċt le caḃair ó ṁinistéar Protustúnaċ na h-áite, d’éiriġ leis an sagart na cosaí a ṫaḃairt saor leis agus éalóḋ as an bpríosún.

Cuireaḋ an tóir ní ba géire air annsin agus b’éigean dó ḋul ar a ṡeaċaint agus glanaḋ leis as Baile Uí ḃFíoḋċáin. Ar Acaill a ṫarraing sé mar ḃí baraṁail aige go mba é an áit ba sáḃáilte ḋó é. Ṫiar ar an tSléiḃ Ṁóir a ċaiṫ sé an ċuid ba ṁó de’n am agus é i ḃfolaċ i bpluais atá ar ṫaoḃ an tsléiḃe. Tá an ṗluais sin ann go fóill aċt nár ṁór do ḋuine eolas cruinn a ḃeiṫ aige ar an áit ṡul a ḃfáġaḋ sé amaċ é. Ṫiocfaḋ leis an sagart a ḃeiṫ annsin i gcaiṫeaṁ a ṡaoġail i ngan ḟios do luċt an dliġeaḋ aċt go raiḃ an áit an-ḟada suas ó’n mbaile agus ba deacair biaḋ nó eile a ṫaḃairt suas ann i ngan ḟios. Ina ċeann sin ḃí an t-uaigneas agus an cruaḋtan ag goilleaḋ ar ṡláinte an tsagairt go mb’éigean dó an ṗluais a ḟágáil agus a ṫeaċt anuas imeasg a ṁuinntire agus ċuig an gcóṁluadar. Ċaiṫ sé tamall maiṫ ar cuairt ag gaolta a ḃí aige i mBaile Ċruaiċ go dtí go ndeaċa an sgéal amaċ go raiḃ sé ann agus go dtáinig cipe de ṡaiġdiuirí an Ḃiongamaiġ as Iorrus go Baile Ċruaiċ ar a lorg.

Fairíor, ní raiḃ lá ariaṁ naċ raiḃ Gaeḋil le faġáil a ċuir dúil i n-airgead na spiadóireaċta agus gan lá cotuiġṫe ná náire orṫa mionna séanta a ġlacaḋ i n-aġaiḋ a dtíre agus a gcreidiṁ. Ḃí siad le faġáil an t-am sin ċoṁ maiṫ agus ní díoġḃáil dúṫraċta a ḃí ar ċuid aca an sagart a ċur ḋ’á ċois agus cé gur gaḃaḋ ar deireaḋ é ní spiadóireaċt ba ċionntaċ leis.

Nuair a fuair sé an t-eolas agus é i mBaile Ċruaiċ go raiḃ na saiġdiuirí ag tarraingt air, d’ḟág sé an áit agus stop ná cóṁnuiḋe ní ḋearna sé gur ṡroiċ sé Tóin a’ tSean-Ḃaile i nAcaill. Ba gearr a ḃí Baile Ċruaiċ fágṫa aige nuair a ṡroiċ na saiġdiuirí é, aċt ar ndóiġ ní raiḃ an sagart le faġáil. Ḃraiṫ siad gur ar Acaill a ṫug sé a aġaiḋ agus siar leo ag cuartuġaḋ ’ċuile ṫeaċ ar an mbealaċ siar. Ḃí an tAṫair Máġnus faoi seo i ḃfolaċ i nGob a’ Ċáirn, i dteaċ a raiḃ sean-ḃean a raiḃ lúb gaoil aige ḋi ina cóṁnuiḋe ann. Tráṫaṁail go leor, ċonnacṫas na saiġdiuirí ag déanaṁ ar an mbaile agus cé go mba ṁaiṫ a ḃí ḟios ag muinntir an ḃaile go gcuartóċaiḋe ’ċuile ṫeaċ, ní raiḃ caoi ná bealaċ éaluiġṫe as an mbaile ag an tsagart. Nuair a ḃí na saiġdiuirí ag tarraingt ar ṫeaċ na sean-ṁná suas leis an tsagart ar lota a ḃí i n-éadan an tiġe áit a ndeaċa sé i ḃfolaċ faoi ċoċan a ḃí ann.

Níor ḃaileaċ i ḃfolaċ ṫuas é nuair a ḃí na saiġdiuirí istiġ i ḃfud na ḃfud sa teaċ ag cuartuġaḋ agus ag rannsuġaḋ. Níor ḟág siad áit ann nár ċuartuiġ siad aċt aṁáin an lota. Amaċ leo annsin le dul go dtí an ċéad teaċ eile aċt nuair a ḃí an duine deiriḋ ḋíoḃ ag an doras ar a ḃealaċ amaċ loisg sé urċar suas ar an lota.

"Ó, Dia ’ġá réiḋteaċ," arsa an tsean-ḃean, "tá an tAṫair Máġnus marḃ."

Ar ndóiġ, ba é an ċaoi ar sgiorr na focla sin uaiṫi aċt d’ḟág na focla céadna an sagart gaḃṫa, mar ṫuig cuid de na saiġdiuirí Gaeḋilg. D’ḟill siad ar ais isteaċ agus ċuartuiġ siad an lota agus fuair siad an sagart.

Mar atá ráiḋte, b’iad saiġdiuirí an Ḃiongamaiġ a ġaḃ é agus tugaḋ é ina ṗríosúnaċ go caisleán an Ḃiongamaiġ i nIorrus. Ina ḋiaiḋ sin tugaḋ ar ais é go Baile Uí ḃFíoḋċáin áit a raḃṫar le n-a ċroċaḋ. Ar an mbealaċ go Baile Uí ḃFíoḋċáin dóiḃ d’iarr an sagart deoċ orṫa. Ḃí duine de na saiġdiuirí ag teaċt le deoċ ċuige nuair a ḃuail duine eile an soiṫeaċ le cic gur ḋóirt sé an deoċ.

"A Ṁic Uí Ṁurċaḋa," arsa an sagart leis an té a ḃí ag teaċt leis an deoċ ċuige, "tá saoġal fada le séan róṁat-sa agus Flaiṫeas Dé ar deireaḋ. Aċt, a ġiolla úd a ḋóirt an deoċ, ní ḃéiḋ an ċos sin leat go dtí an uaiġ."

B’ḟíor ḋó. Ċóṁnuiġ Mac Uí Ṁurċaḋa ag Áit Tiġe Ċonáin cóṁgaraċ do Ḃéal a’ Ṁuirṫid ina ḋiaiḋ sin agus fuair sé saoġal séanṁar sonasaċ. Ḃí sé céad agus ḋá ḃliaḋain déag d’aois nuair a fuair sé bás, agus tá cuid ḋ’á ṡlioċt i nÁit Tiġe Ċonáin go fóill. Aċt an fear eile, ṫoisiġ an ċos ag loḃaḋ agus seal gearr ina ḋiaiḋ sin ṫuit sí loḃṫa ó’n gcolainn.

Tugaḋ an sagart go Baile Uí ḃFíoḋċáin agus réiḋtiġeaḋ le n-a ċroċaḋ. Lá aonaiġ sa mbaile mór a ḃí ann agus ḃí na sráideanna duḃ le daoine. Ar ċrann-meaḋċain an ṁargaiḋ a ḃí an sagart le croċaḋ agus ċruinniġ na daoine uilig ṫart ar an áit agus deirtear go raḃṫar le iarraiḋ a ṫaḃairt leis an tsagart a ṡaoraḋ aċt ċóṁairliġ sé ḋóiḃ a ḃeiṫ go ciuin, go raiḃ sé ag faġáil ḃáis ar ṡon a ṫíre agus a ċreidiṁ, agus ḋ’á mbéaḋ a roġa féin aige go mb’in an bás a b’annsa leis. Nuair a ḃí sé ṫuas ar an gcroiċ agus an rópa ag dul faoi n-a ṁuinéal, laḃair duine de na saiġdiuirí, agus le teann fonaṁóide agus magaiḋ duḃairt sé:

"Is árd atá splíonaċ sagairt indiu."

"Fainic," arsa an tAṫair Máġnus ’ġá ḟreagairt, "tiocfaiḋ do lá féin agus ní ḃéiḋ ḟios ag aoinne cé’n sórt bás a ġeiḃfeas tú."

Lytell a b’ainm do’n tsaiġdiúr a ḃí ag magaḋ faoi’n tsagart agus tamall gearr ina ḋiaiḋ sin cailleaḋ é ar an tsléiḃ i n-aice le Tóin ré Gaoiṫ, gan fios ag aoinne céard a ṫárla ḋó.

Ba é an ċéad tuairisg a fuarṫas ar a ḃás, na madaiḋ a ḟeiceál ag teaċt anuas taoḃ an tsléiḃe agus cnáṁa daonda leo. Ṫoisiġ an cuartuġaḋ annsin agus fuarṫas an corp. D’aiṫniġeaḋ éadaiġe an ḟir aċt ba ḃeag de’n ċolainn a ḃí fágṫa. Níor dearnaḋ a ḋaṫ aċt uaiġ a ḋéanaṁ san áit a ḃfuarṫas an corp agus é a ċur ann san áit a ḃfuil an uaiġ go n-a leaċt le feiceál indiu.

Croċaḋ an tAṫair Máġnus ar ċrann-ṁeaḋċain an ṁargaiḋ i mBaile Uí ḃFíoḋċáin ar an oċtṁaḋ lá de Ṁeiṫeaṁ sa mbliaḋain 1799, i n-aois a ṡé ḃliaḋna déag agus fiċe. Tá sé curṫa i roilig Ḃuirgéis Uṁaille i n-éinḟeaċt le n-a aṫair agus le n-a ṁáṫair. Nuair a ḃí an tAṫair Máġnus ina ṡéiplíneaċ i mBaile Uí ḃFíoḋċáin, d’ḟág a aṫair agus a ṁáṫair Acaill agus ċuaiḋ siad ina gcóṁnuiḋe go Baile Uí ḃFíoḋċáin, áit a ḃfuair siad bás. Seo i n-ár ndiaiḋ dán atá le faġáil i nIorrus faoi’n Aṫair Máġnus Mac Suiḃne:

 

1

Tá a ċolann sa talaṁ

Is a anam i ḃFlaiṫeas,

Faoi ċúram na n-aingeal,

Na n-asbal is na naoṁ;

Is gan cosg le n-a ṫeangaiḋ,

Aċt ag agairt na Tríonóide,

Éire a ṡaoraḋ

Ó ġangaid ’s baoġal.

2

Tá an Ṁaiġdean ina ḟoċair,

Agus Seosaṁ a céile

Ag éagcaoint go faḃaraċ

Leaṫtrom na nGaeḋeal

Atá faoi ḋuiḃeaċan creidiṁ,

A ṫáinig go hÉirinn,

I soisgéal neaṁ-ṫairḃeaċ,

I nGall-ḃriaṫra béil.

3

Croċaḋ an sagart,

Is céasaḋ na céadta,

Marḃuiġeaḋ na mílte

Le géar-smaċt ’s cráḋ,

Nuair nár ṫréig siad a gcreideaṁ

Ar ṫoiseaċ na féile,

Is an Ṁaiġdean a ṡéanaḋ

Ar ṡon pálaiġe mná.

4

Ḃí an soisgéal seo i ḃfolaċ

Ó aimsir na Páise,

Go dtí tráṫ an tsean-ṗéintéir

Ag fimíneaċ tréan,

Gur ḃrostuiġ an donas é

A ḋul i n-aġaiḋ an Ṗápa,

Agus an Bíobla a aṫruġaḋ

’Réir a ḋroċ-smaointe féin.

 

Tá an sgéal uilig faoi ḃeaṫa agus bás an tsagairt Ġaeḋealaiġ agat anois, a léiġṫeoir, ċoṁ cruinn agus fuair muid féin é agus ó ṫárla ag tráċt ar ṡagairt muid, ḃéarfaiḋ muid duit anois sgéal a fuair muid faoi ṡagart eile a ṫug a anam ar ṡon an ċreidiṁ i nAcaill san am fadó. Ba é an seanċaiḋe céadna, go saoġluiġiḋ Dia é, a ṫug an sgéal seo ḋúinn ċoṁ maiṫ, agus d’ḟág sin go raiḃ sé mall go maiṫ an oiḋċe sin nuair a d’ḟág muid Dúṁaċ Cinn Aille, aċt má ḃí féin ní raiḃ lá aiṫreaċais orainn faoi, mar go raiḃ stór maiṫ seanċais againn ó Ṁac Uí Ġallaċuḃair, an seanċaiḋe.

 

 

CAIBIDIL X

I n-aimsir na bPéin-Dliġṫe - An tAṫair Ó Gallaċuḃair - É ar a ṡeaċaint - An spiadóireaċt - An feall - A ḃás.

"I ḃFAD ó ṡoin nuair a ḃí na Dliġṫe Pianaṁla ina lán-neart i nÉirinn agus an tóir ar ċléir na tíre, ḃí duine de na Gallaċuḃair as Acaill ina ṡagart suas amaċ an tír. Aċt nuair a ṫáinig an tóir i gceart ar na sagairt b’éigean dó a ṗaráiste féin a ḟágáil agus imṫeaċt ar a ṡeaċaint. Ṫarraing sé siar ar Acaill, a áit ḋúṫċais, agus é ar intinn aige fanaċt ann faoi ċoim go dtigeaḋ maoluġaḋ ar ġéire na ndliġṫe agus aṫruġaḋ ar an tsaoġal.

Ḃí drioṫáir dó a ḃí pósta ar ṁnaoi as Tír an Áir ina ċóṁnuiḋe i nDuḃ Aċa ṫiar i n-iarṫar Acla agus b’ar an drioṫáir seo a ṫarraing an sagart. Ċuir sé sgéal roiṁe ċuig a ḋrioṫáir go raiḃ sé le teaċt agus ḃí ’ċuile niḋ socruiġṫe ag an drioṫáir nuair a ṫáinig an sagart. Socruiġeaḋ go ḃfanfaḋ an sagart i ḃfolaċ i bpluais a ḃí ins na h-alltraċa móra atá ṫiar ag fíor-iarṫar Ċeann Acla agus go dtiúḃarfaḋ an drioṫáir biaḋ, deoċ agus aon niḋ eile a ḃéaḋ ag teastáil uaiḋ ċuige. Ḃí an sagart sásta leis an tsocruġaḋ seo agus nuair a ṡroiċ an sagart Duḃ Aċa, siar leo beirt faoi ḋorċadas na h-oiḋċe gur teasbáineaḋ do’n tsagart an ṗluais a ḃéaḋ mar áit ċóṁnuiḋṫe aige go ceann sgaṫaiṁ.

Pluais í atá ag dul i ḃfad isteaċ i n-éadan na h-aille agus í timċeall leaṫ bealaiġ idir barr na h-aille agus an ḟairrge ṫíos. Níl aċt áit aṁáin ann a dtiocfaḋ le duine a ḋul síos ċoṁ fada leis an bpluais ó ḃarr na h-aille agus bealaċ é a ḃfuil contaḃairt ṁór ann do’n té a ḃfuil eolas aige air, gan tráċt ar an mbaoġal atá ann do’n strainséar. Níl a ḟios i gceart ag aoinne c’ḟad isteaċ san aill atá an ṗluais seo ag dul. Tá an béal réasúnta árd aċt naċ ḃfuil sé ṫar ceiṫre troiġṫe ar leiṫead san áit is leiṫne. Áit iongantaċ uaigneaċ é gan teaċ ná cóṁnuiḋe faoi neasaċt ḋá ṁíle ḋó agus gan bóṫar gan bealaċ siar ċuige, aċt criaṫraċ agus bogaċ, turtógaċ, fliuċ idir an aill agus Baile Ḋuḃ Aċa. Ṫiar annseo a ḃí an sagart le fanaċt san áit naċ raiḃ a ḋaṫ le clons aige aċt greadaḋ agus buarfaḋaċ na dtonn i n-aġaiḋ na h-aille oiḋċe agus lá, sin agus síor-sgréaċaġail ċaointeaċ na n-éanlaiṫ mara, a ḃfuil an áit beo leo.

Ó’n áit iargcúlta seo ṫéiġeaḋ an sagart amaċ de ṡiuḃal oiḋċe ag freastal agus ag frioṫáil ar ṁuinntir na mbailte ṫart air agus d’ḟilleaḋ sé ar ais roiṁ an maidneaċan go dtí a ṗluais féin. Ní raiḃ ḟios ag neaċ beo san áit cá raiḃ an sagart i ḃfolaċ, aċt ag a ḋrioṫáir féin aṁáin. Ċongḃuiġ seisean an rún seo ó n-a ṁnaoi féin cé gur ṁinic a ċeistniġeaḋ sí é, cá mbíoḋ a ṫriall nuair a d’ḟeiceaḋ sí é ag imṫeaċt ’ċuile oiḋċe, mórán, le biaḋ. Ba ċuma cé’n cineál aimsire a ḃíoḋ ann ní ḋearna an drioṫáir ceann-ḟailliġe ar an tsagart, agus ba roiṁe a ḃíoḋ an ḟáilte. Ní ḃíoḋ sgéal ag imṫeaċt naċ mbíoḋ leis ċuig an tsagart agus d’innsiġeaḋ an sagart dó a ċuid eaċtra féin, na daoine ar ċuir sé an Ola Ḋeireannaċ orṫa, iad seo ar ḃaist sé leanḃ ḋóiḃ agus ar ndóiġ iad seo ar ċuir sé ceangal an ṗósta orṫa.

Nuair a ḃí an sagart corrlaċ le bliaḋain sa bpluais ḃí corr-spiadóir ag teaċt isteaċ go hAcaill, mar ċuaiḋ an sgéal amaċ ar ċaoi eicínt go raiḃ an tAṫair Ó Gallaċuḃair i ḃfolaċ ann i n-áit eicínt. Ḃí imniḋe ag teaċt ar ḋrioṫáir an tsagairt faoi seo, go mór ṁór nuair a ċuala sé fuagraiṫe é go raiḃ suim ṁaiṫ airgid le faġáil ag an té a ḃéarfaḋ eolas do luċt an dliġeaḋ cé’n áit a raiḃ an sagart i ḃfolaċ. Aċt ina ḋiaiḋ sin níor loic sé pioc uair ar biṫ gan freastal ar an tsagart le biaḋ agus gaċ a mbíoḋ de ḋiṫ air.

B’iomḋa sin uair ar ċuir sé fainic ar an tsagart agus ar ċóṁairliġ sé é gan a ḃeiṫ ró-ḋána agus gan a ḃeiṫ ag dul amaċ imeasg na ndaoine aċt díreaċ nuair a ḃéaḋ an call go géar leis. Ṁíniġ sé ḋó go mion agus go minic an baoġal a raiḃ sé ’ġá ċur féin ann agus an caṫuġaḋ mór a ḃí san airgead agus ċoṁ géar agus a ḃí luċt an dliġeaḋ ar lorg eolais. Ġlac an sagart a ċóṁairle agus ina ḋiaiḋ sin ba rí-annaṁ a d’ḟágaḋ sé a ṗluais ċor ar biṫ aċt aṁáin le cead a ḋrioṫára.

Timċeall an ama seo ṫáinig cipe saiġdiuirí go hAcaill agus ċuir siad fúṫa i n-aice le Gob a’ Ċoire. Deirtear gur i n-aon turas leis an tsagart a ġaḃaḋ a ṫáinig siad aċt deirtear fúṫa ċoṁ maiṫ naċ raiḃ siad ró-ġéar ná ró-ḋúṫraċtaċ ar a ṫóir. Rud eile, ó’n ċéad lá ar casaḋ an tAṫair Ó Gallaċuḃair ar a ṡeaċaint go hAcaill ní féidir an spiadóireaċt ná an ḟeallaċt a ċasaḋ le aoinne de ṫógáil an oileáin. Duine ar biṫ a ċleaċtuiġ an obair úir-íseal seo ar an oileán ba strainséar san áit é agus tá sé sin sa tseanċas ó ċeann ceann an oileáin go dtí an lá indiu. Ba rí-ṁaiṫ a ḃí a ḟios ag na saiġdiuirí go raiḃ an sagart i ḃfolaċ i n-áit eicínt ann aċt níor ċuir siad lá stróiṁ orṫa féin ’ġá ṫóruiḋeaċt oiḋċe ná lá agus do réir mar innstear, níor lúġa leo an deaṁan féin ná iad seo a ḃí ag déanaṁ na spiadóireaċta.

Aċt cébí ar biṫ, maidean aṁáin d’éiriġ drioṫáir an tsagairt i ḃfad roiṁ an lá le dul go dtí an ṗluais ar cuairt ċuig a ḋrioṫáir. Níor ṫúisge glanta as an teaċ é ná ḃí a ḃean ina suiḋe. Lean sí a fear i ngan ḟios dó go ḃfeiceaḋ sí céard a ḃí ar bun aige. Ar ndóiġ níor ḃ’ḟada go ḃfuair sí fios fáṫa na moiċ-éirġe agus nuair a fuair, ar ais léiṫe agus stop ná moill ní ḋearna sí gur ḃain sí bearaic na saiġdiuirí amaċ agus gur innis sí ḋóiḃ gaċ a ḃfaca sí ó ṫús go deireaḋ. Níor ṡásuiġ an méid sin í, mar d’ḟan sí go raiḃ na saiġdiuirí réiḋ agus ṫreoruiġ sí iad go barr na h-aille, áit ar ṡroiċ siad le foċraiġe an lae.

Ṫíos sa bpluais ḃí an drioṫáir ag fágáil sláin ag an tsagart agus ag cóṁairliuġaḋ ḋó a ḃeiṫ ar a aire go géar agus nár ḃaoġal dó. Ba ḃeag a ṡíl ceaċtar de’n ḃeirt go raiḃ an ḟeall déanta agus go raiḃ na saiġdiuirí faoi seo ag barr na h-aille. Nuair a ḃí an drioṫáir cúpla slat nó trí amaċ ó ḃéal na pluaise ar a ḃealaċ aníos, h-óbair go dtuitfeaḋ an t-anam as nuair a ċonnaic sé anuas ċuige na saiġdiuirí, agus ċoṁ fada agus ba léar dó le marḃ-ṡolas na maidne, ḃí na sgórṫa aca ar ḃarr na h-aille ṫuas.

Níor ḃ’ḟéidir leis a ḋaṫ a ḋéanaṁ aċt glaoḋaċ i n-árd a ġuṫa ar an tsagart ṫíos, ag ráḋ leis a ḃeiṫ amuiġ go beo, go raiḃ an tóir sa mullaċ air. Ṫáinig an sagart go béal na pluaise agus nuair a ċonnaic sé ċuige anuas na saiġdiuirí, ba ṁaiṫ a ḃí a ḟios aige go raiḃ a ċaisgín meilte, mar naċ raiḃ bealaċ éaluiġṫe aige. I ndiaiḋ breaṫnuġaḋ suas dó ar luċt an dliġeaḋ, d’ḟéaċ sé síos san áit a raiḃ an ḟairrge ’ġá caiṫeaṁ féin gan trócaire i n-aġaiḋ na gcarraigeaċ ṫíos. Ṫuig sé ar an móiméad naċ raiḃ aige aċt roġa an dá ḋíoġa, sé sin fanaċt go dtigeaḋ na saiġdiuirí ḟad leis, nó é féin a ċaiṫeaḋ le fánaiḋ síos san aibéis. Ṁeas sé go mba trócaraiġe iad na tonnta fuara féin ná na saiġdiuirí, agus seo é de léim síos san uisge ag braṫ snáṁ amaċ go carraig a ḃí leiṫ-ṁíle nó mar sin amaċ uaiḋ. Ċonnaic na saiġdiuirí é ṫíos san uisge agus é ag carraiḋeaċt go tréan leis na tonntraċa agus ḃí cineál faitċís orṫa go n-éireoċaḋ leis imṫeaċt uaṫa. Níor ṁaiṫ leo urċar a ċaiṫeaṁ leis agus é sa tsnáṁ, mar dá marḃuiġṫí san uisge é ní ḃéaḋ aon ċruṫuġaḋ aca-san le taḃairt gur dearnaḋ an gníoṁ.

Ġlaoiḋ siad ar an tsagart filleaḋ ar ais agus ġeall siad dó naċ n-imreoċaḋ siad aon ḟeall air agus go leigfeaḋ siad saor le n-a anam é. D’ḟill sé. Ar an dá luaṫas ’s ar leag sé cos ar an gcarraig rug siad air agus ṫug go barr na h-aille é. Ḃí a ḋrioṫáir gaḃṫa annsin aca agus é ag féaċaint ar an obair ar fad. Níor ṫúisge an sagart ar ḃarr na h-aille aca ná sgoiṫ siad an ceann de gan truaiġ gan trócaire, gan cúirt gan cuisne.

Níor ṡásuiġ an méid sin iad. Ċas siad leis an drioṫáir go raiḃ seisean ag caḃruġaḋ le duine a ḃí ag iarraiḋ éaluġaḋ ó’n dliġe agus ṫug siad leo ina ṗríosúnaċ é. Cuireaḋ an dliġe air agus cuireaḋ ṫar sáile go deo é. Níor leag sé súil ar Acaill ní ba ṁó. Ṫug na saiġdiuirí ceann an tsagairt leo aċt d’ḟág siad an ċolann annsin ar an mbán ina ndiaiḋ. Ba ċuma leo aċt an cruṫuġaḋ a ḃeiṫ aca gur cuireaḋ an sagart ḋ’á ċois.

Amaċ faoi ṁeaḋon lae fuair muinntear na h-áite sgéal faoi gaċ ar ṫárla ag an bpluais agus barr na h-aille agus ṫáinig siad gur ṫug siad colann an tsagairt leo. I ndiaiḋ tórraṁ mar ba ċuiḃe a ḋéanaṁ air cuireaḋ é i roilig Ċill Ċolmáin ag bun na Sléiḃe Móire.

Ó’n maidin sin ní raiḃ tráċt ná tuairisg ar ḃean an drioṫára ar an oileán, aċt aṁáin gur innis na saiġdiuirí guraḃ ise a ṫug an t-eolas dóiḃ agus go ḃfuair sí luaċ a saoṫair. Ḃí beirt ċlainne aici aċt breaṫnuġaḋ siar orṫa ní ḋearna sí. Ḃíoḋ siad ar aimsir anonn agus anall ag muinntir an oileáin gur ḟás an ḃeirt aca suas. Nuair a ṫáinig ann dóiḃ i gceart d’imṫiġ siad leo ar nós an tsroṫa, gan filleaḋ ar Acaill ní ba ṁó.

Ḃí sé soiléir go raiḃ bród ar an tseanċaiḋe faoi go mba sagart ḋ’á ṡloinneaḋ féin a ḃí i gceist aige sa sgéal mar go mba ṁinic a ṫug sé le fios dúinn go mba duine de na Gallaċuḃair é, agus a ḃeag nó a ṁór de’n ṁaoiḋeaṁ le n-aiṫneaċtáil air ċoṁ maiṫ.

"Ḃfuil aon ċruṫuġaḋ nó coṁarṫa anois ṫiar ag na h-alltraċa sin gur marḃuiġeaḋ an sagart ann?" arsa Miċeál leis.

"Tá díreaċ," ar seisean, "cruṫuġaḋ a ṁairfeas ḟad is beo duine i nAcaill. Tá ‘Pluais an tSagairt’ go fóill ann le feiceál ag feara Fáil agus leanfaiḋ an t-ainm sin dó go deo. Ina ċeann sin tá carraig amaċ sgaṫaṁ san ḃfairrge ó ḃéal na pluaise agus ‘Léim an tSagairt’ a tugtar uirṫi. Deirtear go mb’in í an ċarraig a raiḃ dúil ag an tsagart snáṁ amaċ ċuici nuair a ġlaoiḋ na saiġdiuirí air filleaḋ."

D’ḟág muid slán ag Mac Uí Ġallaċuḃair i ndiaiḋ ár mbuiḋeaċas a ġaḃáil go fial leis agus ṫarraing muid siar ar an gCaol aríst, áit ar ḟan muid an oiḋċe sin. Ba ṁall a ċodluiġ muid an oiḋċe ċéadna mar ḃí muid ag cíoraḋ agus ag spíonaḋ gaċ a raiḃ cluinte agus feicṫe againn ar feaḋ an lae, agus ag leagaint amaċ céard a b’ḟearr a ḋéanaṁ ar maidin. Ar an gcaoi sin níor airiġ muid go raiḃ sé amaċ doiṁin san oiḋċe nuair a ċuaiḋ muid a ċodlaḋ.

 

 

CAIBIDIL XI

Gráinne Ní Ṁáille - A bunaḋ - Na Flaiṫḃeartaiġ - Na Máilliġ - Na Búrcaiġ - Eaċtra Ġráinne - "Diaḃal an Ċorráin" - "Caiptín Ó Máille."

Í duine cáileaṁail eile ar ċuala muid sgéalta fánaċa fúiṫe ó am go h-am agus ba ṁaiṫ linn cunntas réasúnta iomlán a ḟaġáil fúiṫe ṡul a ḃfágaḋ sinn Acaill. Gráinne Ní Ṁáille, nó mar a tugtar uirṫi go minic sa tseanċas, "Bainríoġan an Iarṫair," atá i gceist againn. Ċuala muid ’ċuile lá ariaṁ go raiḃ dlúṫ-ḃaint aici le Acaill agus le iarṫar Ċonndae Ṁuiġeo, agus ó casaḋ san áit muid, ṡocruiġ muid a tuairisg a ċur.

D’éiriġ linn go seoiġ. I n-uaċtar Acla, ṫart ar Ċill Daṁnait agus an Corrán, a fuair muid a ḃfuil de ṡeanċas annseo fúiṫe, gan cur leis ná baint de, aċt a ḃreacaḋ síos mar a fuarṫas é ó ṡean-daoine anonn agus anall ins an gceanntar sin. Ar ndóiġ cuireaḋ eagar ar an tseanċas sin ṡul ar breacaḋ síos é, agus bíoḋ an ḟírinne ann nó ná bíoḋ tuigfiḋ an léiġṫeoir uaiḋ gur fada siar a ṫéiġeas seanċas na sean agus gur áḋḃar iongantais é an ċaoi a dtáinig sé anuas ċugainn ó ġlúin go glúin gan mórán caḃraċ ó leaḃra ná láiṁ-sgríḃinní, mar go mba ḃeag ḋíoḃ sin a ḃí le faġáil, agus ḋá mbéaḋ féin ba fíor-ċorr-ḋuine de na seanċaiḋṫe a ḃí i n-ann léiġeaḋ, ná aon ṁeaḃair a ḃaint as leaḃra.

Le linn Eilís a ḃeiṫ ina ḃainríoġain ar Ṡasana, ḃí, i n-iarṫar Ċonnaċt, bean ċalma ar a dtugtaoi Gráinne Ní Ṁáille. B’inġean do Eoġan Ó Máille í agus ḃí "Duḃ-Daraċ" mar leas-ainm air-sean. Ḃí caḃlaċ láidir ar an ḃfairrge aici ó Oileáin Árann go cuan Ḋún na nGall agus ar ḟad an ċósta sin tá, annseo agus annsiúd, foṫraċa na gcaisleán a ḃí aici.

Gadaiḋe mara a b’eaḋ a h-aṫair agus a ṡinnsear roiṁe agus ḃíoḋ Gráinne leis i gcóṁnuiḋe agus ar an gcaoi sin fuair sí eolas ar ṁairnéalaċt. Cailleaḋ a h-aṫair nuair a ḃí Gráinne timċeall naoi mbliaḋna déag d’aois agus ġlac sise an tsrian annsin agus rinneaḋ ceannṗort ar luċt leanaṁna an aṫar di. Uaiḋ sin amaċ ṫugtaoi Bainríoġan an Iarṫair uirṫi. Níltear cinnte cé ṁéad soiṫeaċ a ḃí aici ná cé’n cineál a b’eaḋ iad aċt ó’n tseanċas, is cosaṁail naċ raiḃ mórán méid ionnta, mar teasbántar go fóill na clúideanna agus na céaḃanna a mbíoḋ siad ar fasgaḋ ionnta, agus ḋá mba soiṫiġ ṁóra iad ní ḃéaḋ áit aca ins na clúideanna seo ná a sáiṫ uisge aca ionnta. Mar atá ráiḋte ḃí go leor caisleán aici, cuid aca ar an móir-ṫír agus cuid eile ar na h-oileáin atá ar ċóstaí Ṁuiġeo agus na Gailliṁe. Ḃí ceann láidir aici i nOileán Ċliara, áit a ḃfuil sí curṫa. Ḃí ceann eile aici i n-íoċtar Ḃaile Ċruaiċ; caisleán Ḋún Áṫa a tugtar air, aċt ḃí an ceann ba láidre ar fad aici ag Carraig a’ Ċaḃlaiġ i n-aice le Ros Tuirc i gConndae Ṁuiġeo.

Ṁair sí ins an aois a mbíoḋ an ġadaiḋeaċt ar muir ar siuḃal go tréan agus san am a mbíoḋ earraiḋe ḋ’á smugláil isteaċ go iarṫar na hÉireann ó’n ḃFrainnc agus ó’n Spáinn agus ó ṫíorṫa eile ċoṁ maiṫ. Ḃíoḋ Gráinne agus a caḃlaċ san áirdeall ar na longa smuglála seo agus ġlacaḋ sí seilḃ ar gaċ ceann ḋíoḃ dá gcastaoi uirṫi. Ḋíolaḋ sí féin na h-earraiḋe sin aríst agus ḋéanaḋ sí go maiṫ orṫa.

Aċt ní ar luingeas na Spáinne ná na Frainnce a ḃí an tóir uilig aici. Ba iomḋa foġa a ṫugaḋ sí faoi luingeas tráċtála Ṡasana ċoṁ maiṫ. Ḃí sí ag déanaṁ creaċa ċoṁ mór sin ar ṫráċtáil Ṡasana san iarṫar gur ṫairg riaġaltas na tíre sin £500 le n-a gaḃaḋ aċt b’in an cúig céad punt nár éiriġ le aoinne a ṡaoṫruġaḋ. Ḃí Gráinne faoi’n tráṫ seo i gcaisleán a ḃí aici i gConamara agus ṫug cipe de ṡaiġdiuirí Ṡasana a ḃí i nGailliṁ foġa faoi’n gcaisleán aċt i ndiaiḋ a ḃeiṫ ag dul dó ar feaḋ coiciġíse, b’éigean dóiḃ taḃairt suas agus Gráinne a ḟágáil mar a ḃí sí.

Ḃí sí pósta faoi ḋó. Doṁnall Ó Flaiṫḃeartaiġ a b’ainm do’n ċéad ḟear a ḃí aici. Ba duine de Ḟlaiṫḃeartaiġ ṁóra Ċonamara é agus fear a ḃí tugṫa do ċogaḋ agus do aċrann ċoṁ mór léiṫe féin. Níl aon eolas gur fiú le faġáil ó ṡeanċaiḋṫe Acla ar an ḃFlaiṫḃeartaċ i ndiaiḋ an ṗósta. Nuair a cailleaḋ é ṗós sí duine de na Búrcaiġ a raiḃ go leor de Ġailliṁ agus deisceart Ṁuiġeo aige. Ar an gcaoi sin fuair sí an ċúṁaċt agus na caisleáin a ḃí aici, ní h-é aṁáin i n-iarṫar Ṁuiġeo aċt i gConamara ċoṁ maiṫ. Timċeall na bliaḋna 1576 a ṗós sí an Búrcaċ, agus cé nár réiḋtiġ siad beirt le ċéile, ṫroid siad go dian dúṫraċtaċ i n-aġaiḋ an tSasanaiġ. Ar ċuma ar biṫ, innstear sa tseanċas gur cuireaḋ an dara pósaḋ ar neaṁniḋ aċt ḃí cuid ṁór de ċúṁaċt an Ḃúrcaiġ ag Gráinne.

Ḃí go maiṫ go dtáinig an Biongamaċ go Connaċt mar uaċtarán ar an gcúige. Ḃí Gráinne ar ċeann de na náiṁde ba ċúṁaċtaiġe a ḃí roiṁe agus ḟad agus ḃí sí i n-ann, níor leig sí ḋó greim a ḟaġáil go bog ar ċuid ar biṫ ḋ’á dúṫaiġ. Aċt nuair a ṫuit sí féin agus a fear amaċ, is cosaṁail go raiḃ sí ag cailleaḋ cúṁaċta ina ḋiaiḋ sin, mar ṫáinig sí le cur fúiṫe ins an gcaisleán a ḃí aici ag Carraig a’ Ċaḃlaiġ. Ṫug sí suas an troid agus sgaṫaṁ ina ḋiaiḋ sin ġlac an Biongamaċ seilḃ ar ṁaoin agus ar ṫalta Ġráinne agus ġeall sé ḋi naċ mbacfaḋ sé léiṫe dá ngéilleaḋ sí ḋó. Ḃí imniḋe ar Ġráinne naċ raiḃ aċt cur i gcéill i gcainnt an Ḃiongamaiġ agus ċonnaic sí an oiread sin ḋ’á ċuid olcais roiṁe sin naċ raiḃ aon ṁuiniġin aici as. D’ḟág sí Connaċt annsin agus stop ní ḋearna sí gur ṡroiċ sí Cúige Ulaḋ. D’ḟan sí annsin sgaṫaṁ maiṫ faoi ċosaint ṁuinntir Ḋoṁnaill aċt ḃí sí ina mnaoi ḃoiċt anois gan cúṁaċt ná saiḋḃreas aici.

h-é go leor eolais atá againn san tseanċas fúiṫe ḟad agus ḃí sí i gCúige Ulaḋ aċt is cosaṁail gur ḟill sí go Connaċt agus gur ṫoisiġ sí ar an tsean-ċeird aríst, ag gaduiḋeaċt ar an ḃfairrge agus ag troid i n-aġaiḋ ċaḃlaiġ Ṡasanaiġ am ar biṫ a ḃfuair sí an deis. Níl ḟios i gceart cé’n ċaoi a ḃfuair sí an luingeas ná an gléas troda i ndiaiḋ ṫeaċt ó Ċúige Ulaḋ ḋi aċt tá baraṁail ag cuid de na seanċaiḋṫe gurab iad Doṁnallaiġ Ṫír Ċonaill a ċuir ar na bonnaí aríst í nuair a ṫáinig siad féin go Connaċt. Ar ċuma ar biṫ, ḃí caḃlaċ aici aríst mar d’ionnsuiġ siad cuid de ċaḃlaċ Ṡasana ag Oileáin Árann agus fuair sí an ḃuaiḋ orṫa. Níltear cinnte cé’n t-am a ḃfuair sí bás aċt ḃí deireaḋ le n-a réim mar ṫrodaiḋe timċeall toiseaċ na seaċtṁaḋ aoise déag.

Ba duine de na Máilliġ céadna an Caiptín Ó Máille sin a ḃfuil a ċuiṁne go glas go fóill ṫart ar ċóstaí Ṁuiġeo agus ar Ċonndae na Gailliṁe agus ċoṁ fada ó ḋeas le Conndae an Ċláir. Ḃí sé ina smuglaer cáileaṁail agus b’iomḋa sin gáḃaḋ a ndeaċa sé ṫríd agus é ag taḃairt luċtaí fíona, síoda, tobac agus earraiḋe eile de’n ċineál sin anall ó’n Eoraip gan cáin ar biṫ a íoc. Ba ṁinic a ḃíoḋ an tóir go géar air aċt níor ceapaḋ ariaṁ é. Tráṫ aṁáin agus é ina ṡean-ḟear ḃí sé ag teaċt ó’n Spáinn le luċt nuair a spréaċ sé ina stoirm air ar ċósta Ċonamara. Cuireaḋ i dtír an long agus briseaḋ ar na cairrgreaċa í. Ṫáinig sé féin agus an ḟuireann slán aċt níor ṫaoḃuiġ sé an ḟairrge ní ba ṁó. Boċtuiġeaḋ é ina ḋiaiḋ sin go mb’éigean dó dul isteaċ go teaċ na mboċt i gCaṫair na Mart agus b’ann a cailleaḋ é.

Níl léiġeaḋ ar a ḃfuil de sgéalta fánaċa ag seanċaiḋṫe Acla agus Iorruis faoi Ġráinne Ní Ṁáille, agus mur’ gcuirtear leo san innseaċt ní baintear tada ḋíoḃ. Timċeall an ama a raiḃ sí ina neart ṫug Eilís, bainríoġan Ṡasana, cuireaḋ ḋi a ḋul anonn ċuici ar cuairt. Ṡíl Eilís go mb’ḟéidir go n-éireoċaḋ léiṫe a ḋéanaṁ le plámás agus bladar an rud a ṡáruiġ uirṫi a ḋéanaṁ le láṁ-láidir, sé sin géilleaḋ a ḃaint de Ġráinne. Aċt níor ċríonna an cat ná an coiméad. Ḃí baraṁail ṁaiṫ ag Gráinne cé’n gnaiṫe a ḃí ḋi ṫall agus ar an áḋḃar sin ḃí sí réiḋ leis an ḃfód a ṡeasaṁ fiú aṁáin ṫall i Lunndan.

Ġléas sí a caḃlaċ agus sgód níor ṫarraing sí gur ḃain sí Lunndan amaċ. Ḃí Eilís láġaċ go leor léiṫe aċt níor ṫeasbáin Gráinne mórán uṁlaiḋeaċta ḋi. Ní go ró-ṡásta a ḃí Eilís le iomċur agus neaṁ-spleáḋaċas Ġráinne aċt nár leig sí sin uirṫi. Ṫarraing sí ċuici an plámás ag súil go ngéillfeaḋ Gráinne aċt b’in a raiḃ ḋá ḃarr aici. Ḃí Gráinne ċoṁ teann léiṫe féin agus bogaḋ ní ḋéanfaḋ sí. Nuair a ḃí sáruiġṫe ar ġliocas agus bladar Eilíse ġeall sí do Ġráinne dá ngéilleaḋ sí, go ndéanfaḋ sí bainríoġan fúiṫe féin di agus go dtiúḃarfaḋ sí saiḋḃreas agus talaṁ ḋi. Ṫáinig ruiḃ feirge ar Ġráinne nuair a ċuala sí sin agus d’ionnsuiġ sí Eilís ṫall ar a h-urlár féin.

"Naċ dána an ṁaise ḋuit é," arsa Gráinne léiṫe, "a ráḋ go ndéanfá bainríoġan díom-sa, ná cé’n ceart atá agat a leiṫeide a ráḋ? Ḃí mise ’mo ḃainríoġain róṁat féin agus do ḋuḃṡlán mé a ċur faoi smaċt. Tusa Bainríoġan Ṡasana agus mise Bainríoġan an Iarṫair agus is beag mo ḃeann ort."

Leis sin d’ḟág sí Lunndan agus d’ḟill sí aḃaile.

Ar an mbealaċ aḃaile ḋi ṡéid sé ina stoirm agus b’éigean di cur isteaċ go cuan Ḃeann Éadair gur leig an stoirm faoi. Ċuaiḋ sí féin agus cuid ḋ’á h-oifigiġ i dtír agus ċuaiḋ ċoṁ fada le caisleán Ḃeann Éadair. Ar sroiċint an ċaisleáin dóiḃ ċonnaic siad go raiḃ na doirsí agus na geataí uilig druidṫe mar ḃí muinntear an ċaisleáin i gcionn a ndinnéar. Ní raiḃ aon ċaoi ag Gráinne le dul isteaċ agus ċuir sin ar mire í mar naċ raiḃ aon ċleaċtaḋ aici ar a leiṫeide de ḋoiċeall. D’ḟill sí síos i dtreo an ċuain agus ar an mbealaċ síos di casaḋ páiste beag daṫaṁail uirṫi ag spraoiḋ ḋó féin ar ṁaċa an ċaisleáin. San gcainnt a ḃí aici leis an malraċ fuair sí amaċ go mba oiḋre óg an ċaisleáin é. I ngeall ar an doiċeall a fuair sí ag an gcaisleán d’ḟuaduiġ sí léiṫe an gasúr siar go Conndae Muiġeo.

Cuireaḋ an tóir uirṫi aċt ḋiúltuiġ sí an gasúr a ṫaḃairt ar ais go ngealltaoi ḋi go ḃfágfaiḋe doirsí agus geataí an ċaisleáin fosgailte ag tráṫ béiliṫe agus fáilte agus féile a ḃeiṫ le faġáil ann ag "taistealaiḋṫe ṫriallta an róid" ina ḋiaiḋ sin. Deirtear gur tugaḋ an ġeallaṁaint agus go raiḃ áit ar leiṫ san gcaisleán a mbéaḋ biaḋ le faġáil i n-aisge ag aoinne a ċasfaiḋe an bealaċ le linn béile a ḃeiṫ ar siuḃal ag muinntir an ċaisleáin.

Ḃí caisleán, nó dún-ṗort aici i gCill Daṁnait, an t-aon ċeann aṁáin a ḃí aici ar an oileán. I n-uaċtar Acla atá sé, nó na foṫraċa anois, ba ċóra a ráḋ agus é déanta ar ḃord an ċuisle fairrge atá ag deiġilt an oileáin ó’n ṁóir-ṫír. Níl fágṫa indiu aċt giota de’n túr ċearnógaċ a ḃí air, aċt ó’n méid sin féin is soiléir go raiḃ eolas a gceirde ag na saorṫa a rinne i dtoiseaċ é agus go mba dún daingean é ina lá. Ó’n tseanċas agus ó na foṫraċa ḃí sé timċeall céad agus trí sgór troiġ ar fad ina éadan aċt ní féidir a ḃeiṫ cinnte faoi’n leiṫead mar go ḃfuil cuid de na foṫraċa sguabṫa ar siuḃal ag an ḃfairrge, aċt ṫiocfaḋ ḋó naċ raiḃ ins an gcuid seo aċt balla an ċlóis. Má b’í Gráinne féin a ṫoġ an áit is soiléir go raiḃ dúil aici san áilneaċt. Ba doiliġ áit ní ba deise a ḟaġáil ar an gcuisle sin ó Ḃéal a’ Ḃuláin go Béal na gCliaṫ, ná Cill Daṁnait. Is breáġ an raḋarc é lá breáġ saṁraiḋ aċt go mór ṁór sa tráṫnóna nuair a ḃíonn sgáilí an ċaisleáin agus na gcnoc ar a ċúl le feiceál san uisge. Aċt más deas an raḋarc é indiu, níl aiṁreas ná go mba deise i ḃfad é nuair a ḃí an caisleán ina ṡeaḋ agus caḃlaċ Ġráinne ar ancoire faoi n-a sgáṫ.

Is féidir an rud céadna a ráḋ faoi’n gceann a ḃí aici i nDún Áṫa i n-íoċtar Ḃaile Ċruaiċ. Ní mór naċ é an déanaṁ céadna a ḃí orṫa ċoṁ maiṫ, do réir mar a feictear ó na foṫraċa indiu. Agus rud eile, is beag naċ é an déanaṁ agus an ċuma ċéadna atá ar an ngiota atá ina ṡeasaṁ de’n dá ċeann go fóill. Tá an ceann i nDún Áṫa déanta ar ḃord Ċuan an Ḟóid Ḋuiḃ san áit a dtéiġeann an Aḃainn Ṁór i ḃfairrge. Deirtear go raiḃ tóċar nó bealaċ déanta ó’n gcaisleán treasna béal na h-aiḃne go dtí an taoḃ ṫall agus go ḃfuil rian an tóċair sin le feiceál go fóill amuiġ ag íoċtar láin, nuair a ḃíonn sé ina ḋíṫ-ṫráiġ.

Ar ċuma ar biṫ is cosaṁail ó’n tseanċas go raiḃ réim na Máilleaċ mar ṫaoisiġ i nAcaill agus i nÚṁaill ṫart nuair a cailleaḋ Gráinne. Mar atá ráiḋte, ṫáinig easaontas idir na Máilliġ agus na Búrcaiġ nuair a sgar Gráinne agus a fear, "Risteard an Iarainn" mar a ṫugtaoi air, ó ċéile. Lagaiġ sin na Máilliġ go mór agus nuair a ṫáinig an Biongamaċ go Connaċt ní raiḃ na Máilliġ ina líon-ċaṫa ḋó, cé nár leig siad ordlaċ leis go bog gur sáruiġeaḋ orṫa.

Timċeall an ama a dtáinig an Biongamaċ go Connaċt ḃí taoiseaċ tréan calma i gCorrán. Ba duine de ṡlioċt na Máilleaċ é agus tá baraṁail ag cuid de na seanċaiḋṫe go mba mac ar ḋíoṁaoineas do Ġráinne é. Deir cuid eile go mba drioṫáir ḋí é aċt cébí sin de, níl aiṁreas naċ raiḃ sé ann, mar is iomḋa seanċas atá faoi san gceanntar sin. "Diaḃal an Ċorráin" a ḃí mar leasainm air agus más ion-ċreidṫe an seanċas faoi, ba treoraiḋe glic agus saiġdiúr calma a ḃí ann.

Nuair a ṫáinig na Brúnaiġ go Conndae Ṁuiġeo i dtoiseaċ ṡocruiġ siad i ndeisceart an ċonndae agus nuair a ḃí siad bunaiġṫe i gceart annsin tugaḋ Acaill, mar a ḃí sí an tráṫ sin, dóiḃ. Ċuala Seán Brún, sé sin an ċéad duine ḋíoḃ a ṫáinig, ċuala sé tráċt ar "Ḋiaḃal an Ċorráin" agus ṡocruiġ sé searsa a ṫaḃairt go hAcaill ag súil go mbainfeaḋ sé géilleaḋ de "Ḋiaḃal an Ċorráin" agus go gcuirfeaḋ sé an ríoġaċt sin faoi smaċt. Ċuala taoiseaċ an Ċorráin go raiḃ an Brúnaċ le teaċt agus ṫoisiġ sé féin ag stócáil agus ag réiḋteaċ mar naċ raiḃ dúil aige aon ċuid ḋ’á ríoġaċt a leigint uaiḋ go bog. Nuair a fuair sé an sgéal go raiḃ an Brúnaċ ar ḃealaċ ag teaċt, ċruinniġ sé féin a arm agus ċuaiḋ sé i n-airicis an Ḃrúnaiġ.

Casaḋ an dá arm ar a ċéile ag Tír an Áir, áit atá ar an taoḃ ṫoir de Ṁaolraiṫniġe. Tugaḋ caṫ fuilteaċ fíoċṁar annsin a ṁair trí lá agus deirtear naċ ḃfuil léiġeaḋ ná innseaċt ar an tsléaċt a rinneaḋ ann. Ḃí an ḃuaiḋ ag "Diaḃal an Ċorráin" aċt má ḃí, ċeannuiġ sé go daor é. Rinneaḋ príosúnaċ de Ṡeán Brún agus croċaḋ é ar an gcnoc cóṁgaraċ do’n áit a ḃfuil an teaċ ṗobail i dTír an Áir anois. Níor ṫug na Brúnaiġ iarraiḋ eile ar Acaill go ceann céad bliaḋan ina ḋiaiḋ sin. Tá furṁór na seanċaiḋṫe ar aon intinn gur i ngeall ar an marḃuġaḋ agus an sléaċt a rinneaḋ san gcaṫ sin a fuair an áit sin an t-ainm atá air.

Ḃí caisleán láidir ag na Búrcaiġ ar oileán ar Loċ Measga. Caisleán na Cailliġe a b’ainm ḋó agus d’ionnsuiġ an Biongamaċ é. San tráṫ sin ḃí na Máilliġ agus na Búrcaiġ guala ar ġualainn le ċéile agus iad ag tarraingt go maiṫ le ċéile agus gan aon dúil aca ḃeiṫ faoi ġéilleaḋ ag Sasana. Ba é "Diaḃal an Ċorráin" a ḃí ag cosaint an ċaisleáin a ḃí ar an oileán agus cé gur ċaiṫ an Biongamaċ a ḋíċeall go dúṫraċtaċ le n-a ḃaint amaċ, ṡáruiġ air. Ḃí an lá le "Diaḃal an Ċorráin" agus b’éigean do’n Ḃiongamaċ glanaḋ leis.

Más fíor gaċ a n-innstear faoi "Ḋiaḃal an Ċorráin," ní raiḃ trodaiḋe ná ceann caṫa a b’ḟearr ná é san iarṫar ariaṁ. Nuair a ġéill Gráinne féin do’n Ḃiongamaċ, b’ḟada ó’n "Diaḃal" ṫaḃairt isteaċ. Laguiḋeaḋ go mór é aċt ina ḋiaiḋ sin ḋeaṁan géilleaḋ a ḋéanfaḋ sé. Nuair a baineaḋ a ċuid caisleán agus talaiṁ ḋe ar deireaḋ, d’imṫiġ sé leis ar fairrge agus lean sé air ag baint foġa agus ag déanaṁ creaċa ar an náṁaid gaċ uair d’á ḃfuair sé an deis gur báiṫeaḋ é ar deireaḋ i n-aice le Béal na gCliaṫ idir Acaill Ḃeag agus Corrán.

h-ionann an tuairisg atá ag seanċaiḋṫe Acla agus seanċaiḋṫe Ḃaile Ċruaiċ faoi "Ḋiaḃal an Ċorráin" agus ó tugaḋ ṫuas an tuairisg atá le faġáil faoi i nAcaill, ḃéarfaiḋear annseo an tuairisg atá ag seanċaiḋṫe Ḃaile Ċruaiċ faoi, agus an gaol a ḃí aige le Gráinne.

Ḃí triúr clainne ag Gráinne - Máire, Murċaḋ agus Eoġan - leis an ḃFlaiṫḃeartaċ agus nuair a ṫáinig Eoġan i n-aois ṗós sé cailín de na Búrcaiġ. Ḃí cúṁaċt agus caisleáin ag na Búrcaiġ seo ṫart ar Ċuan Moḋ, agus ċoṁ fada soir le Caisleán a’ Ḃarraiġ. Ṗós Máire, inġean Ġráinne, duine de na Búrcaiġ céadna a raiḃ caisleán Ċarraig a’ Ċaḃlaiġ aige agus ceann eile ar an gCorrán. Ba é seo an fear a dtugtaoi "Diaḃal an Ċorráin" air agus níor de ṡlioċt na Máilleaċ é ċor ar biṫ aċt go raiḃ gaol tré ṗósaḋ aige leo. Ṗós Gráinne í féin duine de na Búrcaiġ ċoṁ maiṫ nuair a cailleaḋ an Flaiṫḃeartaċ agus do réir seanċas Ḃaile Ċruaiċ b’in é an ċaoi a raiḃ an cairdeas idir na Máilliġ agus na Búrcaiġ a d’ḟág iad ċoṁ cúṁaċtaċ agus ḃí siad i gConndae Ṁuiġeo.

Ar ċuma ar biṫ ba ċúṁaċtaċ an dream iad na Máilliġ agus maireann a gcliú go h-úr go fóill i seanċas Ṁuiġeo. Ba é Seoirse Ó Máille, an caiptín sin ar tagruiġeaḋ ċeana ḋó, an duine deiriḋ ḋíoḃ a ḃfuil aon tseanċas faoi. Is cosaṁail go raiḃ a réim ṫart nuair a cailleaḋ eisean agus ní fearr leaċt a ṫógfaḋ sinn orṫa annseo ná an dán sin, "Caiptín Ó Máille," a ṫaḃairt do’n léiġṫeoir. Dán é atá ag seanċaiḋṫe an Iarṫair ó Ċuan na Gailliṁe go Ceann Iorruis agus níl duine orṫa naċ gcuideoċaḋ linn le cloċ a ċur ar an leaċt.

 

CAIPTÍN Ó MÁILLE

1

An ċéad lá de ṁí Ḟóġṁair a ċroċamar ár seolta

Ag tarraingt ar na cóstaí úd ag tóin an Ḃunnáin siar,

Ṫart annseo le Cliarṫa agus Acaill Ḃeag taoḃ ṫiar ḋe

Is go hInis Tuirc ḋá dtriallaḋ, ḃéaḋ áirdeall orainn ann,

Ṫart le Rinn na Maoille, síor ag Cruaċ na Caoile,

An Cloigeann le n-a ṫaoḃ sin agus Tráiġ Ḃriġid ina ḋiaiḋ

Ná gur ḋóirteamar le fánaiḋ, fríd ḟairrge is í ag cáṫaḋ,

Gur ṡroiċeamar an Ráiṫċe, mar is ann a ḃí ár dtriall.

2

Ag síneaḋ ḋúinn le hÁrainn, ṁéaduiġ orainn gála

Ḃí cúrsaí istiġ i dtráṫ againn, is níor ṫráṫ failliġe é;

D’árduiġ sé ’na ḟeoċan agus as sin ’un na gaoiṫe móire

Gur ċroċamar na seolta, is níor ṁór dúinn é i n-am.

Ḃí an ḟairrge ag géimniġ agus las na tonnta tréana,

Ḋorċuiġ na spéarṫaí agus ṁéaduiġ ar an gceo;

Is ḋá mbéaḋ cainnt ag na clárṫaí, d’innseoċaidís sgéal cráiḋte

Faoi ċoṁ gar is ċuaiḋ an bás dúinn is gan eadrainn aċt iad.

3

Ḃí crú na luinge i n-aoinḟeaċt ag dearcaḋ ar ċlár m’éadain,

Ag dúil le caḃair a ḋéanaṁ is gan ṁaiṫ ar biṫ ḋóiḃ ann,

Aċt duḃairt mé leo i dtréan-ġuṫ go ndéanfainn gaċ a ḃféadfainn

Le n-a stiúraḋ faoi iomlán éadaiġ ḟad is ṫiocfaḋ léiṫe snáṁ.

Ḃí mo láṁa feannta stróicṫe go síorruiḋe tarraingt rópaí;

Tá’n craiceann uilig tóigṫe amaċ ó alt is cnáiṁ.

Aċt má’s é an bás a ġeall Mac Dé ḋúinn, cia’n gar atá ’ġá ṡéanaḋ,

Aċt a ḋul go Flaiṫis Dé ḋúinn ar aon stáid aṁáin.

4

Ag teaċt dúinn go hÉirinn, ḃí fíon is branndaí is tae linn,

Tobac ’gus Jamaica ’gus gaċ aon tsórt d’á raiḃ ann,

Píosaí fada síoda agus sgeafanna ḋá ḋaoire,

Cébí í féin is mian liom, is di ṡínfeas mé mo láṁ.

Mo ṡoiṫeaċ boċt tá brúiġte ó earainne go glúiní,

A cuid boltaí gur lúbaḋ iad is ní náire ar biṫ ḋi é,

Aċt anois ó lag an feoċan, is go ḃfuaireamar an ċóir ṁaiṫ,

Críoċnuiġmuist an t-aṁrán agus ólamuist dram.

5

Nár ṁór an cliú is an t-áḋ ḋúinn an bealaċ úd a ṡáruġaḋ,

Is gan againn ann aċt náṁaid róṁainn is ’nár ndiaiḋ,

Ḃí water-guards san áirdeall agus póilíos le n-a sálaí,

Revenue na h-áite is gaċ spiadóir dá raiḃ leo.

Ḃí cutters, beag is mór ann, píolótaí sanntaċ’ leoḃṫa,

Luingseaċa Rí Ṡeoirse sa tóir uilig ’mo ḋiaiḋ,

Aċt is mise Seoirse Ó Máille, fear maiṫ de ċineál Ġráinne,

A ċuireaḋ i dtír mo luċt go sásta, is ná raiḃ maiṫ aca ḋá ċionn.

 

 

CAIBIDIL XII

Tiġearnaí talaiṁ - Muinntear Brún - Muinntear Uí Ḋoṁnaill - Muinntear Ṁic Loċlainn - Muinntear Ṁic Ċormaic - ’Liam Píce - Iarla Ċáḃáin - "Cailleaċ a’ Valley."

Í fúinn ó casaḋ go hAcaill muid tuairisg a ḟaġáil faoi na tiġearnaí talaiṁ ba ṁó cliú a ḃí ann ó aimsir na Máilleaċ anuas agus an t-eolas sin a ṫaḃairt do’n léiġṫeoir mar a fuarṫas é ó na seanċaiḋṫe. Ba doiliġ eolas cruinn a ḟaġáil faoi ċuid aca agus níl na seanċaiḋṫe ar aon ḟocal fúṫa. Níl sé seo le tógáil orṫa mar ḃí na dúiṫċí a ḃí ag cuid de na tiġearnaí ina ngiotaí anonn agus anall ar fud an oileáin agus taoḃ amuiġ ḋe, agus ina ċeann sin ḃíoḋ fó-ṫiġearnaí ag cuid de na tiġearnaí ó am go h-am agus cuireann sin na seanċaiḋṫe ar an tseaċrán san tseanċas i n-áiteaċa.

Ar ċuma ar biṫ, do réir mar tuigtear ó’n tseanċas, b’iad muinntear Uí Ḋoṁnaill agus na Brúnaiġ an dá ḋream ba ṁó a raiḃ dúiṫċí aca i nAcaill i ndiaiḋ réim na Máilleaċ a ḃeiṫ ṫart. I gCaṫair na Mart a ḃí cóṁnuiḋe ar na Brúnaiġ agus i mBaile Uí ḃFíoḋċáin a ċóṁnuiġ muinntear Uí Ḋoṁnaill. Tá slioċt an dá ḋream sin ins na h-áiteaċa sin go fóill. Ní raiḃ tiġearna ar biṫ aca a raiḃ an oiread talaiṁ aige i nAcaill agus a ḃí ag Risteard Ó Doṁnaill. Ḃí an tiġearna seo ina ridire agus dúiṫċí aige i n-áiteaċa eile ṫart ar Ḃaile Uí ḃFíoḋċáin agus i mBaile Ċruaiċ. Ní raiḃ an oiread talaiṁ ag an mBrúnaċ ann agus a ḃí ag Risteard Ó Doṁnaill ná níor ċongḃuiġ sé é ċoṁ fada leis aċt oiread. Cúpla bliaḋain nó trí i ndiaiḋ bliaḋanta an droċ-ṡaoġail ḋíol sé Dún Iḃir le duine de ċlainn Ṁic Aoḋa.

Ba le muinntir Ṁic Loċlainn cuid ṁór de leiṫ-innse an Ċorráin, Bun a’ Ċorraiġ agus Tóin a’ tSean-Ḃaile. Deirtear gur as Albain a ṫáinig siad seo aċt ’sé baraṁail cuid de na seanċaiḋṫe gur ó Ċúige Ulaḋ a ṫáinig siad go hAcaill. Ba Caitiliciġ iad agus boċtuiġeaḋ iad sa gcaoi go mb’éigean dóiḃ glanaḋ as Acaill agus ba dream de ṁuintir Ṁic Ċormaic a fuair seilḃ ar na h-áiteaċa a ḃí aca ina ndiaiḋ. Ba Caitiliciġ iad-san ċoṁ maiṫ aċt níor éiriġ leo go ró-ṁaiṫ i nAcaill mar naċ raiḃ aca aċt talaṁ boċt agus gan d’acfuinn ag na tionóntaí a ḃí aca an cíos a íoc. Ḋíol siad Bun a’ Ċorraiġ agus Tóin a’ tSean-Ḃaile agus ina ḋiaiḋ sin ċuaiḋ siad i ḃfiaċa ċoṁ mór sin go mb’éigean dóiḃ Corrán a leigint uaṫa ċoṁ maiṫ.

Taoḃ amuiġ de’n ċuid sin d’Acaill a ḃí ag muinntir Ṁic Loċlainn agus ag muinntir Ṁic Ċormaic ina ndiaiḋ, ba leis an Doṁnallaċ an ċuid eile ḋe aċt Dún Iḃir ar ndóiġ, agus uaċtar Acla. Ba le duine darḃ’ ainm ḋó Uilliam Píce an ċuid sin de’n oileán atá le h-ais an ċuisle fairrge atá idir an ṁóir-ṫír agus an oileán ar an taoḃ ṫiar, ag síneaḋ ó Ġob a’ Ċoire ó ḋeas go Cloċṁór.

Ní mór naċ ionann an sgéalaiḋeaċt atá faoi imṫeaċtaí na dtiġearnaí seo agus an seanċas atá faoi n-a leiṫeidí i n-áiteaċa eile ar fud an ċonndae. Ḃí an sirriam go gnaiṫeaċ agus luċt na gcróiṫe ag faġáil a sáiṫ le déanaṁ le dliġe na dtiġearnaí a ċur i ḃfeiḋm. Ḃí an "bánuġaḋ" agus an "cur as seilḃ" ar siuḃal ann go tréan faoi ċuid de na tiġearnaí agus ní díoġḃáil cruṫuṁnais atá ar an té a ḃéarfas searsa fánaiḋeaċta ar fud an oileáin.

Ṫuas i n-uaċtar Acla cóṁgaraċ do Ċill Daṁnait tá lorg sean-ḃaile. Ailt a b’ainm do’n ḃaile sin agus ḃí sé ar na bailte ba ṁó i nAcaill tráṫ. Cuireaḋ an sirriam agus luċt na gcróiṫe ina ċionn leis an dliġe a ċur i ḃfeiḋm agus cúṁaċt an tiġearna talaiṁ a ṫeasbáint agus ba ṁaiṫ a rinneaḋ é mar obair le ceart an dliġeaḋ. Bánuiġeaḋ an baile. Leagaḋ na tiġṫe agus cuireaḋ muinntear an ḃaile sin ar fán ar ḃeagán siocair. San áit a raiḃ tiġṫe seasgaire agus muiriġneaċa múirneaċa tráṫ, níl ann indiu aċt beanntraċa bearnaċa agus ballóga manntaċa ina seasaṁ go tuarṫa lom le cruṫuġaḋ cé’n éagcóir a rinneaḋ san am a raiḃ an neart ina ċeart. Tá seanamóir ins na cloċaí i nAcaill fearaċt áiteaċa eile agus an stair agus an seanċas ionnta go soiléir buan, an stair agus seanċas a ṫug duḃṡlán do ġaoiṫ, do ḃáistiġ nó do ṫeas dá ṁéad, a ċur ar ċeal nó i ḃfolaċ anuas ṫríd na bliaḋanta. Meaḃruiġtear dúinn ionnta an saoġal boċt a ḃí ag ár sinnsir, agus an ċruaḋtain agus an pianós a mb’éigean dóiḃ fuilint le ain-ṁian na dtiġearnaí a ṡásuġaḋ.

Mar aduḃraḋ, cuireaḋ as seilḃ muinntear na hAilte agus d’imṫiġ siad go h-áiteaċa eile gur ċuir siad fúṫa agus go ndearna siad áitreaḃ ionnta. Ṡocruiġ cuid aca i nDuḃ Éige agus ar an gcaoi sin ṁéaduiġ an baile sin go mór ṫar mar ḃí sé ṡul a dtáinig muinntear na hAilte ann. Ċuaiḋ cuid eile ḋíoḃ treasna na feirsde soir go leiṫinnse an Ċorráin gur ḃunuiġ siad bailte eile ann. B’é seo an t-am ar bunuiġeaḋ Buaile an Ġleanna mar go mba iad muinntear na hAilte a ṡocruiġ ann i gcéadóir. Níor éiriġ leo seo uilig a caiṫeaḋ amaċ as seilḃ socruġaḋ i nAcaill agus d’ḟág siad an t-oileán ar fad agus is ag Dia aṁáin atá ḟios cé’n ḃail a ċuaiḋ orṫa. Ba é an Píceaċ a rinne an bánuġaḋ sin agus a ċuir an fán ar ṁuinntir na hAilte.

Ṫíos i n-íoċtar Acla ṫart ag bun na Sléiḃe Móire ḃí baile mór eile tráṫ a dtugtaoi an tSléiḃ Ṁór air. Ba leis an Doṁnallaċ an talaṁ agus nuair a ṫáinig Éduard Nangail go hAcaill ag iarraiḋ iad a ṁeallaḋ ó’n ḃfíor-ċreideaṁ agus Protustúnaiġ a ḋéanaṁ ḋíoḃ, fuair sé talaṁ an ḃaile sin ó’n Doṁnallaċ. Níor ċlaoiḋ muinntear na h-áite sin leis an gcreideaṁ nua seo le aon tsásaṁ agus cuireaḋ an sirriam agus a ċomplaċt ag obair ann gur ḃánuiġ siad an baile sin bun barr.

B’éigean do na daoine glanaḋ leo agus a n-aġaiḋ a ṫaḃairt ar áiteaċa eile. Ṡocruiġ cuid ṁór aca i nDuḃ Aċa, agus ṫáinig cuid eile aca aniar go h-áiteaċa eile ar fud an oileáin. Tá an ḟiaḋnaise annsin go fóill ag feara Fáil. Tá na sean-ḃoṫáin agus na garrḋanta bána, na bóiṫríní agus na claiḋṫeaċa le meaḃruġaḋ go raiḃ am ann a raiḃ "cur agus treaḃaḋ" agus saoṫruġaḋ cneasta ar siuḃal san áit.

Is doiliġ raḋarc ċoṁ duḃ-brónaċ truaiġṁéalaċ a ḟeiceál le "baile bánuiġṫe." Cá ḃfuil an té sin a ḟeicfeas a leiṫeide naċ mborann a ċuid fola ina ċuisleaċa nuair a smaoiniġeann sé ar an am a raiḃ aiṫreaċa cneasta agus máiṫreaċa gráḋṁara ag obair agus ag saoṫruġaḋ as láṁa a ċéile le n-a gclainn a ṫógáil ins na bailte atá anois bán! Ḃíoḋ spraoiḋ agus siamsa, greann agus gáiriḋe ann. Ḃíoḋ an cleaṁnas agus an ḃainis ann agus ar ndóiġ an bás agus an brón ann leis, aċt má ḃí, ḃí an fíor-ċreideaṁ agus an Gaeḋealaċas ann agus ġlactaoi go foiġdeaċ leis an mbrón mar go mba toil Dé é. Cé’n ḃail a ċuaiḋ orṫa? Naċ doiliġ innseaċt? Naċ iomḋa sin smaoineaḋ a ṫiocfas in do ċeann fúṫa i ndiaiḋ an sgapaḋ fada fánaċ a cuireaḋ orṫa le ceart dliġeaḋ ṡo-lúbṫa ċaim?

Deir an sean-ḟocal naċ ceart luċt luinge a ḃáṫaḋ i ngeall ar ḋuine aṁáin. ’Sé an ċaoi ċéadna é leis na tiġearnaí talaiṁ. Ní cóir a ḃeiṫ sa ṁilleán ró-ṁór orṫa uilig mar ḃí corr-ċeann aca, cé go mba fíor-ċorr-ċeann é, a raiḃ an ċneastaċt agus an Gráḋ-Dia ann agus a rinne cion fir le caḃruġaḋ le n-a ċuid tionóntaí nuair a ḃíoḋ an t-anró agus an cruaḋtan ag teannaḋ orṫa. Ní dearmadṫar é seo sa tseanċas, mar an tiġearna a rinne an gar agus a ṡín láṁ na tárrṫála i n-aimsir an ġéar-ġáḋa tá a ċuiṁne congḃuiġṫe beo go fóill ag na seanċaiḋṫe agus ní cluintear an focal trom ḋ’á leagaint air.

Tá ḟios ag an léiġṫeoir faoi seo go raiḃ muinntear Ṁic Loċlainn ina dtiġearnaí ar Ḃun a’ Ċorraiġ agus Tóin a’ tSean-Ḃaile agus go mb’iad muinntear Ṁic Ċormaic a raiḃ seilḃ aca ar Ċorrán. Tá na seanċaiḋṫe san dá ċeanntar seo go fóill ag maoiḋeaṁ naċ raiḃ i gceiṫre ċeárda an ċonndae tiġearnaí a ḃí ċoṁ fial leis an dá ḋream atá luaiḋte ṫuas. Níl sé le cur ina leiṫ i gceaċtar de’n dá áit gur ċuir siad aoinne ḋ’á dtionóntaí ariaṁ as seilḃ. Aċt tá sé sa tseanċas fúṫa gur ċaḃruiġ siad ċoṁ mór sin leo i n-aimsir an droċ-ṡaoġail gur boċtuiġeaḋ iad féin ar deireaḋ.

Annsin timċeall na bliaḋna 1853, nó mar adeir an seanċaiḋe, "sé nó seaċt de ḃliaḋanta i ndiaiḋ an droċ-ṡaoġail," fuair an tÁrd-Easbog Seán Mac Éil seilḃ ar Ḃun a’ Ċorraiġ nuair a d’ḟág muinntear Ṁic Loċlainn é. Ċuir sé mainistear ar bun ann i n-áit a dtugtar Asgaill air. Sgaṫaṁ ina ḋiaiḋ sin d’aistriġeaḋ an ṁainistear ó Asgaill go Bun a’ Ċorraiġ, áit a ḃfuil sí faoi lán-tseoil go fóill. Manaiġ de Órd Ṗróinsiais atá i mbun na mainistreaċ. Tá sgoil na mbuaċaillí san áit faoi n-a gcúram agus ina ċeann sin tá feilm ṁeasarḋa ṁór ag dul leis an mainistir agus í saoṫruiġṫe go h-ealaḋanta gan aiṁreas.

Nuair a d’ḟág muinntear Ṁic Loċlainn Tóin a’ tSean-Ḃaile b’é Iarla Ċáḃáin an ċéad duine eile a fuair seilḃ air. Ina ḋiaiḋ sin ṫáinig duine de ċlainn Ṁic Ḋoṁnaill i seilḃ. Níor ċaiṫ an fear sin ṫar seaċtṁain i nAcaill aċt d’ḟan a ḃean, an Ḃaintiġearna Ṁic Ḋoṁnaill, nó mar a ṫugtaoi uirṫi i nAcaill "Cailleaċ a’ Valley," ann go raiḃ sí go mór i n-aois. Ní raiḃ sí i ḃfad imṫiġṫe as nuair a fuair sí bás agus tá a mac i seilḃ na h-áite ó ṡoin i leiṫ aċt naċ ḃfuil an oiread talaiṁ aige agus a ḃí aici.

Bunuiġeaḋ dúiṫċe eile i nAcaill nuair a fuair Eduard Nangail seilḃ ar an tSléiḃ Ṁóir ó’n Doṁnallaċ. "Misiún Acla" a b’ainm do’n dúiṫċe seo nó do’n dream a ḃí ’ġá stiúraḋ. Fuair an "Misiún" greim i dtoiseaċ ar an tSléiḃ Ṁóir agus leis an am ba leo íoċtar Acla uilig, Caiseal, Maoileann agus Polraiṫniġe. Ḃí sé de ċuspóir ag luċt stiúrṫa an "Ṁisiuin" an oiread talaiṁ a ḟaġáil i nAcaill agus a ṫiocfaḋ leo agus muinntear Acla a ṁeallaḋ annsin ó’n ḃFíor-Ċreideaṁ agus Protustúnaiġ a ḋéanaṁ ḋíoḃ. Má ḃíonn beagán foiġde agat linn, a léiġṫeoir, ḃéarfamuid iarraiḋ imṫeaċtaí an "Ṁisiuin" i nAcaill a ṫaḃairt ḋuit annseo, do réir mar a ċnuasaiġ muid féin é ó ṡeanċaiḋṫe an oileáin gan a ḋul ró-ċruinn ná go bun na sprioga san sgéal.

 

 

CAIBIDIL XIII

Roiṁ an Ġorta - Teaċt Nangail - Bunuġaḋ an "ṁisiuin" - Imṫeaċta an "ṁisiuin" - An "Achill Herald" - Meaṫ an "ṁisiuin" - A ḋeireaḋ.

MÁS mian linn eolas cuimsearḋa cruinn a ḟaġáil ar imṫeaċtaí an "ṁisiuin" i nAcaill, ní mór dúinn léim ġlan-osgarḋa a ṫaḃairt siar céad bliaḋain nó b’ḟéidir beagán le n-a ċois le baraṁail a ḃeiṫ againn ar an gcineál saoġail a ḃí i nAcaill nuair a bunuiġeaḋ an "misiún" i dtoiseaċ. Feicfiḋ muid annsin go raiḃ cuid ṁór de na daoine, ní h-é aṁáin i nAcaill aċt ar fud na tíre, a raiḃ caoi ḃoċt orṫa i ngeall ar ġorta agus ganntanas. Ḃí Oileán Acla ar ċeann de na h-áiteaċa ba déine ar ṫeann an gorta seo leis mar go raiḃ líon mór daoine ann agus gan ag an gcuid ba seasgaire ḋíoḃ aċt sgair ḃeag de ḋroċ-ṫalaṁ. Ní raiḃ an imirce go hAlbain ná go Sasana ar siuḃal ann an tráṫ sin agus iad seo nár ċlaoiḋ le curaiḋeaċt ḃíoḋ siad ag pléiḋe le iasgaireaċt. Aċt cé go raiḃ na h-éisg níos fairsinge an t-am sin ná mar atá anois, níor ṁór an pré an iasgaireaċt mar ṡliġe ḃeaṫaḋ mar naċ raiḃ an ċaoi ann le n-a gcur ċuig an margaḋ.

An tráṫ sin ní raiḃ an t-oileán ceangailte leis an móir-ṫír mar atá anois agus cúrsaí na mbóṫar de, má ba ċóir bóiṫre a ṫaḃairt orṫa, ní raiḃ ionnta aċt bóiṫríní agus casáin ġarḃa ċorraċa. Ba é Caṫair na Mart an baile mór ba goire ḋó agus ḃí sé sin suas le deiċ míle fiċead uaiḋ agus ar ḃáid ṁóra ba mó a ḋéantaoi an tráċtáil idir Acaill agus Caṫair na Mart. An biaḋ naċ dtiúḃarfaiḋe ó’n mbaile sin go hAcaill ar na báid ṁóra, ċaiṫfiḋe é a ṫaḃairt ar ċartaċa agus go minic ḃíoḋ moill ṁór air, go mór ṁór sa nGeiṁreaḋ. D’ḟág sin go mbíoḋ muinntear Acla gann go leor i mbiaḋ an t-am a b’ḟearr a mbíoḋ saoġal aca an tráṫ údaiġ.

Ḃí go maiṫ go dtáinig an ganntanas ar fud na tíre agus gur loic a gcuid fataí ar ṁuinntir Acla, agus annsin b’éigean dóiḃ a ḃeiṫ i muiniġin na déirce. Ṫigeaḋ min ḃuiḋe agus biaḋ eile isteaċ ċuig an oileán le roinnt orṫa seo a ḃí ina ċall agus cé go mba ṁaiṫ ann é an corr-uair a ṫigeaḋ sé, ba gearr a ṫéiġeaḋ sé orṫa. Ar ċuma ar biṫ ḃí siad ag roiġineaḋ leo agus iad ag dúil ’ċuile lá go dtiocfaḋ aṫruġaḋ ċun feaḃais ar an tsaoġal ná fóirṫín ó ċeárd eicínt orṫa. Tuigfiḋ an léiġṫeoir uaiḋ seo go mb’olc an ḃail a ḃí ar ṁuinntir Acla an t-am sin, an t-ocras agus an boċtanas ’ġá sgrúdaḋ agus gan aon tsaoṫruġaḋ le faġáil ná aon raṫ ar a gcuid barranna.

Casaḋ isteaċ go hAcaill an t-am sin ministéar Protustúnaċ ar a ṡaoire. Eduard Nangail a b’ainm ḋó agus ba anuas ó lár na tíre é. Ċonnaic sé an droċ-ċaoi a ḃí ar ṁuinntir an oileáin agus ṡíl sé ḋá dtugtaoi tárrṫáil ḋóiḃ le n-a dtógáil as an mboċtanas go dtréigfeaḋ siad a gcreideaṁ ar fad agus go gclaoiḋfeaḋ siad leis an gcreideaṁ a ḃí aige féin. I ndiaiḋ ḋó cuairt a ṫaḃairt ar fud an oileáin d’imṫiġ sé leis aríst agus é socruiġṫe ina intinn aige filleaḋ ar an oileán go luaṫ agus iarraiḋ a ṫaḃairt leis an gcreideaṁ Protustúnaċ a ḃunuġaḋ ann. Níor ċaill sé mórán ama annsin go ndeaċa sé i gcóṁairle leo seo a raiḃ cáil agus gradam aca ina ċreideaṁ féin i nÉirinn agus i Sasana. Ċuir sé os a gcóṁair gaċ a ḃfaca sé i nAcaill, an gorta, an boċtanas agus an t-anró agus ina ċeann sin fógruiġeaḋ é go fóirleaṫan gur ṗágánaiġ a ḃí ins an gcuid ba ṁó ḋíoḃ seo a raiḃ cóṁnuiḋe orṫa ar an oileán iargcúlta seo.

Míniġeaḋ agus tugaḋ le fios ar ṗáipéirí agus ag cruinniġṫe ar fud na tíre seo agus i Sasana go raiḃ na daoine boċta seo ag faġáil ḃáis leis an ocras agus naċ raiḃ ag teastáil aċt airgead le tárrṫáil a ṫaḃairt ḋóiḃ agus iad a ṫeagasg sa gcaoi go gcaiṫfeaḋ siad uaṫa na nósaí págántaċta a ḃí ḋ’á gcleaċtaḋ aca. Ḃí daoine le faġáil i Sasana a ċreid gaċ ar duḃraḋ ins an mbollsgaireaċt seo a craoḃsgaoileaḋ faoi ṁuinntir Acla, mar nár ṫuig siad i gceart an sgéal mar a ḃí sé i nAcaill agus ġlac siad leis an tuairisg a cuireaḋ os a gcóṁair.

Iad seo a raiḃ airgead aca ṫug siad go fial uaṫa é leis an sgéim a ḃí ar intinn ag Nangail a ṫaḃairt ċun críċe. Ar an gcaoi sin d’éiriġ leis airgead a ḟaġáil go fairsing le dul ar aġaiḋ le n-a ċuid oibre i nAcaill. Ba ṁaiṫ a ṫuig sé go mb’ḟearr a d’éireoċaḋ leis a ċuid cuspóirí a ċur aḃaile ar ṁuinntir an oileáin ḟad agus ḃí an t-ocras ḋ’á sgrúdaḋ agus ba é naċ raiḃ fuar ná failliġeaċ an deis sin a ṫapuġaḋ nuair a ḃí an t-airgead aige.

Timċeall trí bliaḋna i ndiaiḋ a ċéad ċuairt go hAcaill d’ḟill Nangail aríst air agus ’ċuile ṡórt i gcaoi agus i gcóir aige le toiseaċ a ċur ar an "misiún" ann. B’ṡin an ḃliaḋain 1834. Ṫíos i n-íoċtar Acla a ṡocruiġ sé i dtoiseaċ. Fuair sé, mar aduḃraḋ ċeana, an talaṁ atá ṫart ar an tSléiḃ Ṁóir ó Risteard Ó Doṁnaill agus ar an gcaoi sin d’éiriġ leis a ċrúbaí a ċur i dtaca. Ṫoisiġ sé air annsin i ndáirírí ag réiḋteaċ i gcóir na h-oibre a ḃí leagṫa amaċ aige a ḋéanaṁ, sé sin muinntear Acla a ṁeallaḋ ó’n ḃFíor-Ċreideaṁ agus Protustúnaiġ a ḋéanaṁ ḋíoḃ. Mar atá ráiḋte ḃí dallaḋ airgid aige faoi’n am seo agus tuilleaḋ ag teaċt isteaċ ċuige i n-aġaiḋ an lae.

Ba gearr ar an tSléiḃ Ṁóir é go raiḃ teampall, trí cinn de sgoltaċa, cisteanaċ ṁór le biaḋ a réiḋteaċ ann agus tiġṫe eile le n-a n-aġaiḋ seo a ḃéaḋ i mbun na h-oibre ann, déanta aige. Ba ċoiṁṫiġṫeaċ a ġlac muinntear na h-áite leis an réiḋteaċ seo go léir agus nuair a ṫuig siad i gceart céard a ḃí dúil ag Nangail a ḋéanaṁ, d’éiriġ siad faoḃraċ niṁeannta leis. Ḃí an sop séidṫe anois i nAcaill agus toiseaċ ar an troid idir na Caitiliciġ agus iad seo a ṫáinig isteaċ leis an sgéim a ḃí leagṫa amaċ ag Nangail a ċur ar bun.

Ṡul a n-abruiġṫear níos mó faoi ṫoiseaċ an "Ṁisiuin," tá taoḃ eile ar sgéal Acla an tráṫ sin gur ċóir a ṁeas agus léargus a ḟaġáil air. Tá Acaill ar ċeann de na paráistí is mó i nÉirinn. Indiu tá sé cinn de ṫiġṫe pobail ann. Tá sagart paráiste agus triúr séiplíneaċ ag freastal agus ag frioṫáil go dúṫraċtaċ ar an bpobal mór atá aca. I n-éinḟeaċt leis sin tá ḋá ċloċar agus mainistear ins an bparáiste le caḃruġaḋ leis na sagairt ina gcuid oibre agus le stiúraḋ agus treoir a ṫaḃairt do na daoine. Aċt san tráṫ ar ṫoisiġ an "misiún" ní raiḃ aċt ḋá ṫeaċ ṗobail ins an bparáiste agus go rí-ṁinic ḃí an paráiste i muiniġin aon tsagairt aṁáin. Ní raiḃ sgoil ar biṫ gur fiú sgoil a ṫaḃairt air ann le teagasg nó treoir a ṫaḃairt d’óg nó sean. Ní raiḃ aoinne le cuidiuġaḋ leis an tsagart leis na daoine a ṫaḃairt ná a ċoingḃeáil ar ḋeáġ-stáid na nGrást. Ní raiḃ cárr ná cóiste ag an tsagart agus b’éigean dó ’ċuile aistear a ċaiṫfeaḋ sé a ḋéanaṁ a ċur de de ṡiuḃal cos nó ar ṁuin capaill agus mar aduḃraḋ ċeana ní raiḃ ar an oileán aċt fíor-ḋroċ-ḃóiṫre. Ní aṁáin sin aċt i ngeall ar ċoṁ mór agus ċoṁ fairsing agus a ḃí an paráiste, agus na daoine ina gcóṁnuiḋe i mbailte beaga anonn agus anall ar a ḟud agus na bailte seo uilig sgaiṫte, sgapṫa i ḃfad ó n-a ċéile sa gcaoi go sáróċaḋ sé ar aon tsagart aṁáin frioṫáil nó teagasg mar ba ċóir a ṫaḃairt do na daoine, go mór ṁór nuair naċ raiḃ sgoltaċa ann le fóġluim a ṫaḃairt dóiḃ agus an creideaṁ a ṁúineaḋ ḋóiḃ le linn a n-óige.

San iarraiḋ ḃeag atá déanta annseo le léargus a ṫaḃairt do’n léiġṫeoir ar an gcineál saoġail a ḃí i nAcaill timċeall céad bliaḋan ó ṡoin, sé sin timċeall an ama ar bunuiġeaḋ an "misiún," béiḋ fios aige go mba daoine iad muinntear Acla a raiḃ an gus bainte asta agus an spiorad geall le ḃeiṫ múċta ionnta ag an mboċtanas agus díoġḃáil treoir.

Ḃí an ċaoi agus an deis ag an "misiún" dul ar aġaiḋ leis an obair a ċuir sé roiṁe mar ḃí an talaṁ le faġáil go réiḋ ag luċt stiúrṫa an "ṁisiuin" ó ċuid de na tiġearnaí talaiṁ agus cé nár ró-ṁaiṫ a ṫaiṫniġ sé seo le muinntir Acla ḃí sé ar a nduḃṡlán focal a ráḋ. Nuair a ḃí greim ag an "misiún" ar an talaṁ agus luċt a stiúrṫa ina dtiġearnaí, ní raiḃ mórán de’n ċeart le faġáil ag na tionóntaí. An té a ġlac le teagasg an "ṁisiuin" agus a ṫaoḃuiġ leis, fágaḋ i seilḃ a ġaḃaltais é aċt an té a ċuir troiġ le taca ina aġaiḋ agus a ċlaoiḋ leis an ḃFíor-Ċreideaṁ caiṫeaḋ as seilḃ é agus cuireaḋ ina áit an té a ṫréig a ḋúṫċas agus a ċreideaṁ ar ṁaiṫe leis an maoin.

Is beag má tá ré ar biṫ i stair na tíre naċ raiḃ daoine le faġáil a ṡanntuiġ an breab, daoine a ġéill do’n ṗlámás agus do’n ṁeallaḋ agus a ṫug druim láiṁe do’n dúṫċas agus do’n ċeart. Ḃí amannta ann ar dearnaḋ seo ar ḃeagán siocair. B’ḟéidir go mba díoġaltas agus droċ-ċóṁursanaċt ba ċionntaċ leis amannta. Uaireannta eile an t-éad a spreag an duine le n-a ċúl a ṫaḃairt ar a ḋúṫċas, aċt ní ceann ar biṫ ḋíoḃ seo ba ċionntaċ leis an aṫruġaḋ a ṫáinig ar ṁuinntir Acla. An t-ocras ba ṁó ba ċionntaċ leis. Ḃí an caillteanas orṫa idir óg agus sean agus annsin ḃí an t-airgead agus an stór ag luċt an "ṁisiuin" le dáil amaċ go fial orṫa seo a ṫaoḃuiġ leo, agus ar ndóiġ ḃí an dliġe ar ṫaoḃ an "ṁisiuin" ċoṁ maiṫ. Ḃí an caṫuġaḋ agus an faitċíos ag obair go tréan agus ar an áḋḃar sin ba doiliġ a ḃeiṫ ró-ġéar sa ṁilleán orṫa seo a ṫug a gcúl ar a gcreideaṁ i nAcaill an uair sin.

Ar ċuma ar biṫ cuireaḋ toiseaċ ar an obair i nDuḃġort agus i n-íoċtar Acla. Ḃí Duḃġort ina lár-ṗoinnte nó ina ṗríoṁ-áit, mar b’ann a ḃí luċt stiúrṫa an "ṁisiuin" ag cur fúṫa. B’ann a tóigeaḋ an ċéad sgoil agus an ċéad teampall, agus ḃí an obair ag leaṫnuġaḋ amaċ do réir a ċéile go raiḃ sgoltaċa i gCaiseal, ar an gCaol, agus i Sléiḃ Ṁóir ċoṁ maiṫ.

Tráṫ aṁáin, timċeall dó nó trí de ḃliaḋanta i ndiaiḋ an "ṁisiún" a ḃunuġaḋ, ḃí os cionn trí ċéad páistí ag freastal ar na sgoltaċa seo, más fíor do’n tseanċus. Ḃíoḋ biaḋ agus éadaiġe le faġáil ag na daltaí seo agus caḃair agus tárrṫáil ḋ’á ḃfaġáil ag a muinntir sa mbaile agus ċuidiġ sin go mór leis na sgoltaċa. Ḃí gnáṫ-áḋḃair na linne sin ḋ’á múineaḋ ins na sgoltaċa sin aċt b’é eolas ar an mBíobla an príoṁ-ċeann. Ní h-é aṁáin go raiḃ sé ina ṗríoṁ-áḋḃar i dteaċ na sgoile aċt ḃíoḋ "Bíoblóirí" ag dul ṫart ar fud na mbailte ag léiġeaḋ agus ag míniuġaḋ an Ḃíobla ḋóiḃ seo naċ mbíoḋ ag teaċt ar sgoil. I nGaeḋilg a ḃí an Bíobla aca mar ba ḃeag duine i nAcaill an t-am sin a ṫuig an Béarla. Ġlaoiḋṫí na daoine le ċéile i n-áiteaċa áiṫride uair sa tseaċtṁain nó b’ḟéidir uair sa gcoiciġís le giotaí as an mBíobla a léiġeaḋ agus éisteaċt le seanamóir. Iad seo a ṫáinig ḃí duais nó caḃair de ċineál eicínt le faġáil aca. Ḃíoḋ biaḋ, éadaiġe nó airgead ḋ’á ṫaḃairt amaċ aca, sin nó féaraċ i n-aisge ḋóiḃ ḋá gcuid beiṫiḋeaċ ar ṫalta an "ṁisiuin." An cíos a ḃí ag na tiġearnaí a ḃí ann roiṁ an "misiún" ar na tionóntaí, laġduiġeaḋ é go mór dóiḃ seo a rinne freastal féilteaṁail ar na sgoltaċa agus ag na cruinniġṫe a ḃíoḋ ag na "Bíoblóirí."

Aċt iad seo nár ġlac leis an teagasg ḃí saoġal boċt aca. Ní raiḃ caḃair ná congnaṁ de ċineál ar biṫ le faġáil aca. Ḃí féaraċ trom le n-íoc aca agus d’árduiġeaḋ an cíos orṫa-san sa gcaoi go raiḃ siad creaċta agus de ḋruim an tsaoġail leis. Nuair a ṫáinig sé go dtí an t-am naċ raiḃ sé d’acfuinn aca an cíos a íoc ċaiṫfeaḋ siad a ngaḃaltais a leigint uaṫa agus a nduḃṡlán cur ina aġaiḋ.

Ḃí biaḋ agus éadaiġe ḋ’á ḃfaġáil aca seo a ḃí ag freastal ar na sgoltaċa gaċ áit dá raiḃ sgoil. Ḃí cisteanaċ ṁór i ngaċ sgoil aca, áit a mbíoḋ an broċán, an t-anḃruiṫ agus an biaḋ eile ḋ’á réiḋteaċ.

Cóṁgaraċ do’n áit a raiḃ an sgoil aca i gCaiseal tá tobar breáġ fíor-uisge ar ṫaoḃ an ḃóṫair ṁóir, áit a mbíṫí ag faġáil an uisge do’n sgoil. Tugaḋ "Tobar an Ḃroċáin" air i ngeall air sin agus lean an t-ainm sin air ó ṡoin. Ḃí gaḃaltas beag talaiṁ ṫart ar gaċ sgoil agus é saoṫruiġṫe aca seo a ḃí ag freastal ar an sgoil sa gcaoi go mbíoḋ glasraí ḋ’á gcuid féin aca faoi ċóṁair na mbéiliṫe san sgoil.

Nuair a ḃí na ceiṫre sgoltaċa atá luaiḋte ṫuas faoi lán-tseoil, cuireaḋ craoḃ de’n "ṁisiún" ar bun i Maoileann, baile atá i ndeisceart an oileáin i n-aice le Duḃ Éige. Ḃí árd-sgoil annseo a dtugtaoi "Trinity College" uirṫi. Cineál coláiste a ḃí sa sgoil seo agus ċuirtí na buaċaillí a b’ḟearr a ḃí le faġáil ins na sgoltaċa eile go dtí an coláiste seo nuair a ḃíoḋ a gcuid oideaċais críoċnuiġṫe aca ins na sgoltaċa eile. Ḃí suas le trí sgór daltaí innti uair aṁáin agus iad ag fanaċt i dtiġṫe a ḃí déanta le n-a n-aġaiḋ. Ḃí sgair ṁaiṫ talaiṁ leis an sgoil agus fearaċt na sgoltaċa eile b’iad na daltaí a ḋéanaḋ an ċuid ba ṁó d’obair na feilme. Ḃí teampall, teaċ ministéara, teaċ faoi ċóṁair na múinteoirí, na tiġṫe a mbíoḋ na daltaí ag cur fúṫa ionnta agus tiġṫe an ḃaile féin uilig cóṁgaraċ ḋ’á ċéile i ngleann Ṁaoilinn sa gcaoi mba geall le baile mór é tráṫ. Ar ndóiġ ḃí sgoltaċa ag an "misiún" i nAcaill ṫar "Trinity College" agus na ceiṫre cinn eile atá luaiḋte annseo aċt b’iad sin na cinn ba ṁó cáil.

Nuair a ḃí an "misiún" ar bun timċeall trí bliaḋna ṫarraing Nangail ċuige gléas eile le eolas a ṫaḃairt do’n tsaoġal ṁór faoi’n ċaoi a raiḃ sé ag dul ar aġaiḋ le n-a ċuid oibre. Ċuir sé páipéar nuaiḋeaċt ar bun a dtugtaoi an "Achill Herald" air. I n-aġaiḋ na míosa a ṫigeaḋ an páipéar seo amaċ agus ba i nDuḃġort a ḃí an oifig agus an teaċ clódóireaċta. Fear a b’ainm ḋó Miċeál Ó Dálaiġ a ḃí ina eagarṫóir air aċt b’é Eduard Nangail é féin an príoṁ-stiúrṫóir. B’é an cuspóir ba ṁó a ḃí ag an "Achill Herald" eolas a ċraoḃsgaoileaḋ go fóirleaṫan ar imṫeaċtaí an "ṁisiuin" i nAcaill. Cuireaḋ os cóṁair an tsaoġail, áit ar biṫ a raiḃ an páipéar le faġáil, an obair ṁór agus an dul ċun cinn iongantaċ a ḃí ḋ’á ḋéanaṁ ag an "misiún." Ḃíoḋ fógraí air ag lorg caḃraċ agus airgid leis an obair seo a ċur ar aġaiḋ le muinntir Acla a ṫógáil as an mboċtanas agus teagasg a ṫaḃairt ḋóiḃ sa gcaoi go gcaiṫfeaḋ siad uaṫa na nósaí págántaċta a ḃí ḋ’á gcleaċtaḋ aca, má b’ḟíor do’n "Herald."

I gcuid de na cóipeanna de’n ṗáipéar atá le faġáil go fóill níl riġeaċan saoġail leis an méid áiḋḃéile a ḃí ins na tuairisgí faoi ḃoċtanas agus faoi ṗágántaċt Acla. Ar ndóiġ ḃí daoine le faġáil, go mór ṁór i Sasana, a ċreid gaċ ar léiġ siad ar an "Herald" agus a ṡeol airgead go fairsing anall ċuig Nangail le cuidiuġaḋ leis. Ḃí an páipéar seo le faġáil i n-aisge aca seo i nAcaill a ġlac le teagasg Nangail agus a ḃí i n-ann léiġeaḋ agus a ċuir dúil sa léiġṫeoireaċt, aċt san tráṫ ar cuireaḋ ar bun é b’ḟurast a leiṫeide sin a ċóṁaireaṁ i nAcaill. Ar ndóiġ ní le h-aġaiḋ ṁuinntir Acla a cuireaḋ ar bun é aċt le caḃair a ḟaġáil tré ḟógraiḋeaċt, agus le bollsgaireaċt a ḋéanaṁ.

Páipéar beag a ḃí ann agus i mBéarla a ḃí sé clóḋ-ḃuailte. San am a dtáinig sé amaċ i dtoiseaċ ba ḃeag glaoḋaċ a ḃí air i nAcaill mar naċ raiḃ mórán daoine ar an oileán an tráṫ sin a ṫuig an Béarla ní h-é aṁáin a ḃeiṫ i n-ann é a léiġeaḋ.

Aċt do réir mar ḃí obair an "ṁisiuin" ag dul ar aġaiḋ agus an teagasg ḋ’á ḟaġáil aca seo a ḃíoḋ ag freastal ar na sgoltaċa ḃí an "Herald" ag faġáil a ġreama go maiṫ ar fud an oileáin, mar ḃí na daoine ag faġáil eolais ar an mBéarla agus ag cur suime san léiġṫeoireaċt. Ní féidir anois eolas a ḟaġáil ó na seanċaiḋṫe faoi ċé’n ḃliaḋain a ndeaċa an páipéar as clóḋ aċt is feasaċ do ċuid aca go raiḃ sé ḋ’á ċur amaċ anuas go dtí timċeall trí fiċead bliaḋan ó ṡoin.

San tráṫ ar cuireaḋ toiseaċ ar an "misiún" ní raiḃ aċt ḋá ṫeaċ ṗobail ar an oileán agus sagart aṁáin. Ṫuas i n-uaċtar Acla a ḃí an sagart ag cur faoi. Ḃí teaċ ṗobail aṁáin annsin agus ḃí an ceann eile i nDúṁaċ Ċinn Aille i n-íoċtar Acla. Nuair a ċuir Nangail faoi i nDuḃġort d’aṫruiġ an sagart paráiste a áit ċóṁnuiḋṫe ó Ċill Daṁnait go Dúṁaċ Ċinn Aille ionnus go mbéaḋ sé cóṁgaraċ do’n áit a raiḃ toiseaċ curṫa ar an "misiún" ag Nangail agus go mbéaḋ deis ní b’ḟearr aige a ḋaoine a ċóṁairliuġaḋ.

An ḃliaḋain i ndiaiḋ Nangail ṡocruġaḋ i nDuḃġort, ṫug an t-Árd-Easbog Mac Éil cuairt ar Acaill. Ní raiḃ sé aċt bliaḋain ina easbog ar an díoġóise an t-am sin agus is léir naċ ndearna sé moill ná failliġe gur ṫug sé cuairt ar Oileán Acla. Níor stop sé go ndeaċa sé síos go Duṁaċ Ċinn Aille, áit ar ċuir sé sgata mór de ṁuinntir na h-áite faoi Láiṁ Easbuig. Tamall ina ḋiaiḋ sin ċeannuiġ sé Bun a’ Ċorraiġ nuair a fuair sé an deis ċuige agus ċuir sé an ṁainistear ar tagruiġeaḋ ċeana ḋi ar bun. Aċt cé go raiḃ an méid seo uilig ḋ’á ḋéanaṁ le creapaill a ċur ar obair an "ṁisiuin" ba ḃeag an ṁaiṫ é mar ḃí na daoine a ḃí ar ṫalta an "ṁisiuin" ag taoḃuġaḋ le Nangail agus a ċuid teagaisg.

Deireann an seanċaiḋe naċ raiḃ an dara roġa aca mar ḃí an "bás ins an spéir" agus gan caḃair le faġáil ag aoinne naċ nglacfaḋ le sgéim an "ṁisiuin." Ċruṫuiġ Nangail ċoṁ maiṫ sin le n-a ċuid oibre go raiḃ ’ċuile ḋuine a ḃí ar ṫalta an "ṁisiuin" meallta aige faoi n-a stiúraḋ féin, aċt fíor-ċorr-ḋuine. B’ḟéidir go raiḃ beirt nó triúr i ngaċ baile a ṡeas amaċ agus nár ġéill ariaṁ ḋó, aċt ba ṁór a d’ḟulaing siad agus b’iomḋa maslaḋ a mb’éigean dóiḃ cur suas leis uaṫa seo a d’iompuiġ.

Aċt más mar sin a ḃí agus go raiḃ siad uilig, mórán, faoi n-a ḃrat ag Nangail, mar a ṡíl sé, ní raiḃ an ċuid ba ṁó ḋíoḃ seo a d’iompuiġ leis aċt ag fanaċt go dtigeaḋ feaḃas ar an tsaoġal agus go ḃfáġaḋ siad iad féin ar na bonnaċa aríst. ’Réir mar a ḃí siad ag faġáil an ċaoi ċuige sin ḃí siad ag taḃairt a gcúl do na "Bíoblóirí" agus do’n "ṁisiún." Nuair a ḃéaḋ an bás ag teannaḋ leo ċoṁ maiṫ ċuirfeaḋ siad fios ar an tsagart.

Is iomḋa sgéal atá ag na seanċaiḋṫe i nAcaill faoi’n sgliúċas agus an treasgairt a ḃíoḋ ann nuair a ḃíoḋ an sagart ag teaċt leis an Ola Ḋeireannaċ a ċur ar ḋuine eicínt díoḃ seo a d’iompuiġ. Ċaiṫfeaḋ sgata fear a ḃeiṫ leis le n-a ċosaint, mar naċ raiḃ léiġeaḋ ar ċoṁ faoḃraċ bagarṫaċ is a ḃíoḋ na "Bíoblóirí" ar ócáid de’n tsórt sin. Ṫárla sé ċoṁ maiṫ go mbíoḋ an ḃuaiḋ ag na Bíoblóirí amannta, cé nár ṁinic é, go ḃfáġaḋ an duine bás i ndiaiḋ fios a ċur ar an tsagart agus naċ mbíoḋ sé i n-am, nó naċ ḃfáġaḋ sé an focal i n-am. Annsin lá na soċraoide ḃéaḋ an corp ag an taoḃ ba láidre aċt dá measaḋ na Caitiliciġ go raiḃ an taoḃ eile ró-láidir dóiḃ, leigfeaḋ siad dóiḃ an corp a ċur aċt ṫigeaḋ siad aríst de ṡiuḃal oiḋċe agus ċuireaḋ siad an corp i roilig na gCaitiliceaċ.

Ba rí-ṁinic a ṫárla sé seo agus cé’n cruṫuġaḋ níos fearr atá ag teastáil le teasbáint naċ raiḃ mórán dáirírí ionnta seo a ġlac le teagasg na "mBíoblóirí" ná mórán muiniġine aca as an "misiún" aċt díreaċ "ḟad is ṁair an cioṫ," mar adeir an seanċaiḋe. Ar ndóiġ má ḃí daoine le faġáil naċ raiḃ aċt ag cur i gcéill go raiḃ siad dílis do ṫeagasg Nangail, ḃí go leor eile a d’iompuiġ leis nár ṫréig ariaṁ ina ḋiaiḋ sin é agus a d’oibriġ go dúṫraċtaċ ḋó.

Ḃí an "misiún" ina neart i nAcaill bliaḋanta an droċ-ṡaoġail aċt nuair a ḃí an ré sin ṫart ṫoisiġ an meaṫ ag teaċt air. Ṫoisiġ an imirce annsin agus ḃí na daoine ag glanaḋ leo go tíorṫa eile agus ar an gcaoi sin ḃí sé ar a gcumas seo a d’imṫiġeaḋ caḃruġaḋ leo seo a ḃí sa mbaile ionnus naċ mbéaḋ siad ní b’ḟuide i muiniġin na déirce.

Leis an imirce ḃí muinntear Acla ag faġáil léarguis ní ba leiṫne ar ċúrsaí an tsaoġail ṁóir amuiġ agus ṫuig siad annsin cé’n éagcóir ṁór a ḃí ḋ’á ḋéanaṁ orṫa ag baile. Nuair a ṫuig siad é ba gearr orṫa teagasg Nangail a ċaiṫeaṁ uaṫa agus a gceart féin a ṡeasaṁ. Do réir mar a ḃí feaḃas ag teaċt ar an tsaoġal ḃí an Fíor-Ċreideaṁ ag teaċt ar ais aríst i nAcaill go láidir agus tiġṫe pobail ḋ’á ndéanaṁ ann agus sagairt ag teaċt ann le frioṫáil go fonnṁar ar ṁuinntir an oileáin. Cuireaḋ sgoltaċa ar bun ann le teagasg mar ba ċóir a ṫaḃairt d’aos óg an oileáin agus do réir mar ḃí sin ḋ’á ḋéanaṁ ḃí sgéim Nangail ag tuitim ó ċéile. Ḃí droċ-ṁisneaċ ag teaċt ar luċt stiúrṫa an "ṁisiuin" mar ḃí a dteampaill agus a sgoltaċa ḋ’á mbánuġaḋ agus an t-airgead ag éirġe gann agus na daoine ag teaċt ar ais aríst do’n tSean-Ċreideaṁ. Ċoṁ fada agus a ṁair an t-airgead agus an "misiún," agus an boċtanas i nAcaill, ḃí sgéim Nangail ag dul ċun cinn, aċt nuair a ṫáinig aṫruġaḋ ar an saoġal ċuaiḋ an "misiún" i n-ísle ḃríġ agus ag cailleaḋ a ḃí sé i n-aġaiḋ an lae.

Tugaḋ iarraiḋ anois agus aríst craoḃ de’n "ṁisiún" a ċur ar bun i n-áiteaċa ar fud an oileáin naċ raiḃ aon ḃaint ag luċt stiúrṫa an "ṁisiuin" leis an talaṁ. Ba saoṫar i n-aisge é mar naċ raiḃ aon ġlacaḋ ag na daoine ins na h-áiteaċa sin le soisgéal Nangail. Níor éiriġ leis ariaṁ craoḃ a ḃunuġaḋ i n-uaċtar Acla, Corrán ná Dún Iḃir, cé go mba ṁinic a tugaḋ an iarraiḋ. Ar ndóiġ ḃí ’ċuile áit duḃṡláinneaċ air aċt áiteaċa a raiḃ seilḃ aige ar an talaṁ agus ba ṁaiṫ a ṫuig sé féin sin.

Ó ṫoisiġ an meaṫ ag teaċt ar an "misiún" i ndiaiḋ an droċ-ṡaoġail lean sé dó. Ċonnaic luċt a stiúrṫa go raiḃ a lá ṫart, go raiḃ muinntir Acla ag taḃairt a gcúl ar sgoltaċa agus ar ṫeagasg an "ṁisiuin" agus go raiḃ siad ag éirġe neaṁ-spleaḋaċ ionnta féin. Caiṫeaḋ airgead agus dúṫraċt le muinntir Acla a ṁeallaḋ ó’n ḃFíor-Ċreideaṁ agus soisgéal úr a ṫaḃairt dóiḃ, aċt ḃí na préaṁaċa ró-ḋoiṁin ag Creideaṁ Naoiṁ Ṗádraig ina gcroiḋe le n-a meallaḋ ná an ċluain a ċur orṫa.

Deir an sean-ḟocal go mbíonn caora ḋuḃ ins an tréad is gile agus fíoraḋ é sin i nAcaill. Ḃí daoine le faġáil de ṫógáil an oileáin a ġlac go fonnṁar leis an tsoisgéal úr seo agus a d’oibriġ go dúṫraċtaċ ar ṫaoḃ Nangail. Nuair a ṫáinig feaḃas ar an tsaoġal féin níor ċaiṫ siad-san uaṫa an dallaḋ mullóg a cuireaḋ orṫa, ní fearaċt na coda eile de ṁuinntir an oileáin. Ċongḃuiġ siad greim an ḟir ḃáiḋte ar ċébí fuiġleaċ de’n "ṁisiún" a ḃí fágṫa, agus ċoṁ fada agus ṫáinig leo, ċonḃuiġ siad séideog leis an mblaḋaire lag a ḃí a dul i n-éag i n-aġaiḋ an lae gur ḟág an tséideog iad féin agus gur cuireaḋ iad agus an "misiún" i n-aon uaiġ aṁáin ar deireaḋ.

D’ḟág Nangail Acaill sa mbliaḋain 1852 agus timċeall an ama ċéadna ṫáinig sagart óg dar b’ainm dó an tAṫair Ó hÉinrí go dtí an paráiste. B’é an sagart seo a ṫug an buille marḃṫa do’n "ṁisiún." Ċuir sé cóṁairle ar aiṫreaċa agus máiṫreaċa a gcuid páistí a ċoingḃeál ó sgoltaċa an "ṁisiuin" agus iad a ċur ċuig na múinteoirí a ḃí sé féin ag soláṫar dóiḃ. Ġlac na daoine a ċóṁairle agus innstear ḋúinn naċ raiḃ sé bliaḋain ins an bparáiste go mb’éigean dó oċt gcinn de ċuid sgoltaċa an "ṁisiuin" a ḋúnaḋ ar fad.

Ḃí cliste anois ar luċt stiúrṫa an "ṁisiuin" an sgéim a ḃí leagṫa amaċ aca a ċur ċun críċe i nAcaill, aċt ḃí an talaṁ aca a fuair siad ó am go h-am. Ċongḃuiġ siad é seo agus ṫóg siad cíos air go dtáinig Bord na gCeanntar bPulcaiġṫe agus go ḃfuair siad-san seilḃ air. Riaruiġ an dream nua seo an talaṁ mar ba ċóir agus d’ḟág sin na tionóntaí sa gcaoi naċ raiḃ beann dá laġad ní ba ṁó aca ar "ṁisiún" Acla.

 

 

CAIBIDIL XIV

An ċéad traen go hAcaill - An Tairingireaċt - An Traen Speiséalta Deiriḋ - Ag fóġluim an Ḃéarla - Lá an Easbuig - hata Acla.

TÁ sé corrlaċ le ḋá sgór bliaḋain anois ó toisiġeaḋ ag cainnt i dtoiseaċ faoi ḃóṫar iarainn a ḋéanaṁ ó Ċaṫair na Mart go hAcaill. B’iomḋa focal cainnte a baineaḋ amaċ sul ar socruiġeaḋ ar deireaḋ go ndéanfaiḋe an bóṫar iarainn ċoṁ fada le Gob a’ Ċoire. Ní raiḃ léiġeaḋ ná innseaċt ar an ríméad a ḃí ar ṁuinntir an oileáin nuair a ċuala siad go raiḃ ’ċuile ṡórt socruiġṫe le toiseaċ a ċur ar an obair. Ba é a mbaraṁail naċ ḃfeicfeaḋ siad lá boċtanais ná anró aríst go deo ó ṫárla anois go mbéaḋ an traen ag teaċt go béal an dorais aca.

Nár ṁór an gar dóiḃ seo a ṫéiġeaḋ ’ċuile ḃliaḋain "ag déanaṁ an ḟóġṁair" ó Acaill go hAlbain agus go Sasana, an traen a ḃeiṫ aca i n-áit a ḋul ar ḃáid ṁóra go Caṫair na Mart le dul ar ḃord na luinge annsin a ḃéarfaḋ go Glascú iad. Cinnte ċaḃruiġ an traen go mór leis an oileán aċt ní faoi sin atá fúinn tráċt annseo anois. Ní raiḃ áit ar biṫ ar an oileán an tráṫ sin a gcasfaiḋe beirt ar a ċéile naċ mbéaḋ a ḃeag ná a ṁór de ṡeanċas aca faoi’n maiṫeas a ḋéanfaḋ an bóṫar iarainn. Ba ḃeag áird a ḃeirtí ar na sean-daoine a ṡáiṫeaḋ a ladar san tseanċas anois agus aríst ag ráḋ go raiḃ sé sa tairingireaċt gur lán traenaċ de ċuirp a ḃéaḋ leis an gcéad traen a ṫiocfaḋ go Gob a’ Ċoire agus cuirp a ḃéaḋ leis an gceann speiséalta deiriḋ a ṫiocfaḋ ċoṁ maiṫ.

Dar le cuid ṁaiṫ, go mór ṁór an t-aos óg, naċ raiḃ sa tairingireaċt ċéadna aċt seafóid ṡean-daoine nár ċóir aon áird a ṫaḃairt air, aċt is aisteaċ í an ċinneaṁaint agus cúrsaí an tsaoġail. Ba ṁaiṫ a cuireaḋ aḃaile do ṁuinntir Acla, dóiḃ féin a h-innstear é, nár seafóid ar biṫ an tairingireaċt agus gur doiliġ a ḋul ṫar cóṁráḋ ná cóṁairle na sean.

An ḃliaḋain a ḃí an bóṫar iarainn le ḃeiṫ críoċnuiġṫe ḃí "luċt an ḟóġṁair" ag réiḋteaċ le dul go hAlbain mar ba gnáṫaċ leo. Ḃí díombáiḋ orṫa nuair naċ raiḃ ’ċuile ṡórt réiḋ ag luċt an ḃóṫair iarainn ionnus go dtiocfaḋ leo imṫeaċt ar an traen, aċt dá mbéaḋ moill seaċtṁaine eile ar "luċt an ḟóġṁair" ḃéaḋ an traen ann, aċt níor ṫáinig leo fanaċt. B’éigean dóiḃ imṫeaċt an ḃliaḋain sin mar a d’imṫiġeaḋ siad roiṁe sin, ar an mbád mór go Caṫair na Mart.

D’ḟág ós cionn céad aca, idir fir agus mná, an t-oileán ar ḃáid ṁóra le dul go Caṫair na Mart, agus an ċuid ba ṁó ḋíoḃ i mbláṫ an tsaoġail, agus iad láidir folláin aeraċ. D’éiriġ go seolta leo go dtáinig siad cóṁgaraċ do’n ċéiḃ ag Caṫair na Mart. Ḃí long Ġlascú annsin ag fanaċt leis an taoide le dul isteaċ go dtí an ċéaḃ agus nuair a ḃí ceann de na báid ṁóra ag dul ṫart léiṫe isteaċ ċruinniġ an ċuid ba ṁó ḋíoḃ seo a ḃí ar bord an ḃáid ṁóir anonn go taoḃ aṁáin ḋi le lán a súl a ḃaint as an luing. Maidean ċiuin a ḃí ann gan friota gaoiṫe ann aċt ar éigin, sa gcaoi gur beag siuḃal a ḃí faoi’n mbád mór. Aċt ar ṁío-áḋṁaraiġe an tsaoġail ṫáinig séideán iom-ġaoiṫe a ċaiṫ an seol ṫart go dtí an taoḃ de’n ḃád a raiḃ na daoine ina seasaṁ, agus le meaḋċan na ndaoine agus an tseoil h-iompuiġeaḋ an bád ar a taoḃ agus d’ḟan sí mar sin. Caiṫeaḋ a raiḃ ar bord uirṫi amaċ sa ḃfairrge agus báiṫeaḋ go leor aca. Ḃéaḋ seans ag cuid aca aċt ḃí seol an ḃáid anuas ina mullaċ agus congḃuiġeaḋ ṫíos iad. Iad seo naċ dtáinig an seol sa mullaċ orṫa ṫáinig siad slán. Nuair a d’iompuiġ an bád ḃrúċt an t-uisge isteaċ innti gur báiṫeaḋ iad seo uilig a ḃí ṫíos faoi ḃord uirṫi, aċt aon ḟear aṁáin.

Nuair a ċonnaic fuireann na luinge agus fóirne na mbád eile an rud a ṫárla ṫáinig siad de ċaḃair orṫa seo a ḃí san uisge. Ḃí siad seo a ḃí faoi ṡeol an ḃáid agus iad seo a ḃí ṫíos faoi ḃord ṫar fóir, aċt sáḃálaḋ an ċuid eile. Báiṫeaḋ ceiṫre ḋuine ḋéag agus fiċe aċt fuarṫas na cuirp uilig. Tugaḋ isteaċ go Caṫair na Mart iad gur cuireaḋ i gcóṁnraí iad le n-a dtaḃairt aḃaile go hAcaill. Socruiġeaḋ annsin go mba é an ċaoi a b’ḟearr le n-a dtaḃairt aḃaile an giota beag de’n ḃóṫar iarainn a ḃí le críoċnuġaḋ a ċur i gcóir ionnus go ḃféadfaiḋe an traen a ċur leis na marḃáin go hAcaill. Rinneaḋ aṁlaiḋ agus ṫáinig an traen leo. B’in an ċéad ualaċ a ṫáinig ar traen go hAcaill agus ḃí a sáiṫ cruṫuiġṫe ag muinntir an oileáin ann naċ raiḃ seafóid ar biṫ ins an gcuid sin de’n tairingireaċt ar ċuma ar biṫ. Tá na cuirp a tugaḋ ar an traen sin curṫa i n-aon uaiġ aṁáin i roilig Ċill Daṁnait i n-uaċtar Acla agus leaċt ṡlaċtṁar os a gcionn.

D’imṫiġ na bliaḋanta ṫart agus ḃí an traen ag teaċt is ag imṫeaċt ó Ġob a’ Ċoire go Caṫair na Mart agus tráċtáil ṁór ḋ’á ḋéanaṁ ag luċt an ḃóṫair iarainn ann ar feaḋ i ḃfad. Aċt ṫáinig aṫruġaḋ ar an tsaoġal agus annsin sa mbliaḋain 1937 socruiġeaḋ go gcaiṫfiḋe deireaḋ a ċur leis an mbóṫar iarainn sin mar naċ raiḃ sé ag glanaḋ a ċostais féin ní h-é aṁáin aon ḃrabaċ a ḃeiṫ as. Ḃí cur agus cúitiuġaḋ go leor ag na daoine agus luċt stiúrṫa an ḃóṫair iarainn faoi’n gceist mar naċ raiḃ na daoine sásta a ḃeiṫ gan bóṫar iarainn, aċt i ḃfóġṁar na bliaḋna sin tugaḋ an t-orduġaḋ go gcaiṫfiḋe deireaḋ a ċur leis, naċ raiḃ ann aċt cailleaṁaint. Ḃí a gcuid oibriḋṫe faoi seo ag luċt stiúrṫa an ḃóṫair iarainn ag sgaoileaḋ anuas agus ag taḃairt ċun bealaiġ leo gaċ ar ḃain leis an mbóṫar iarainn ionnus go ḃféadfaiḋe na ráileaċa a ṫógáil bun barr.

Nuair a ḃí an obair seo uilig ar siuḃal ṫáinig sgéal uaṫḃásaċ go hAcaill i mí Ṁeaḋon Ḟóġṁair na bliaḋna sin. Rinneaḋ luaiṫreaṁán de ḋeiċneaḃar stócaċ as Acaill ṫall i nAlbain, áit a ndeaċa an teaċ a raiḃ siad ina gcodlaḋ ann tré ṫeine agus gan aon ċaoi aca san a ḟaġáil as. Tugaḋ na cuirp uilig aḃaile agus cuireaḋ traen speiséalta leo ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ go hAcaill agus b’in an traen speiséalta deiriḋ a ṫáinig go Gob a’ Ċoire. B’iomḋa duine aduḃairt annsin, agus fáṫ maiṫ aca le n-a ráḋ, nár ċóṁráḋ cailleaċ ná seafóid sean-daoine a ḃí sa tairingireaċt ċor ar biṫ aċt cainnt a raiḃ ciall innti agus cóṁairle go mb’ḟiú áird a ṫaḃairt air. Cuireaḋ cuirp na ndeiċneaḃar n-ógánaċ seo i roilig Ċill Daṁnait ċoṁ maiṫ.

Tá an Ġaeḋilg go bríoġṁar láidir ag muinntir Acla fré ċéile aċt tá corr-ḃaile ann a ḃfuil níos mó úsáide ḋ’á ḃaint as an mBéarla ná as an nGaeḋilg. I n-íoċtar Acla ar an gCaol, i nDuḃ Aċaḋ agus i nDuḃġort is láidre an Béarla annsin ná an Ġaeḋilg aċt níl ins na bailte sin féin aċt fíor-ċorr-ḋuine naċ dtuigeann an Ġaeḋilg. Taoḃ amuiġ de na bailte seo is beag Béarla a ḃíonns le clons nó i n-úsáid ag na daoine i ngnáṫ-ċúrsaí an lae aca. Ar ndóiġ ná síltear go ḃfuil siad ina muiniġin mar ṫeangaiḋ. Tá riar maiṫ Béarla aca uilig idir óg agus sean aċt is réiḋe a ṫigeas an Ġaeḋilg leo, go mór ṁór na sean-daoine.

Ṫoisiġ an meaṫ ag teaċt ar an nGaeḋilg i nAcaill i dtoiseaċ nuair a bunuiġeaḋ an "misiún" ann mar ḃíoḋ sí ḋ’á múineaḋ ins na sgoltaċa a cuireaḋ ar bun an t-am sin. Rud eile a ċuidiġ leis an mBéarla na préaṁaċa a ċur i dtalaṁ i nAcaill níos deireannaiġe ná an t-am ar cuireaḋ an "Misiún" ar bun, na cuairteoirí a ṫigeas ann ’ċuile Ṡaṁraḋ.

Ḃí cáil ar Acaill le fada an lá ar an áilneaċt agus ar an ḃfiaḋántas atá ann agus ṫarraing an ċáil sin na sluaiġte cuairteoirí ó Ṡasana agus ó ṫíorṫa eile isteaċ ann agus ṫáinig an Béarla leo. Tá a rian seo ar áiteaċa ar an oileán ṫar áiteaċa eile, mar, na bailte a gcuireann na cuairteoirí seo fúṫa ionnta, sin iad na bailte is láidre an Béarla ionnta i nAcaill. Tá an ċanaṁaint atá aca i nGaeḋilg i nAcaill an-ċosaṁail le canaṁaint Ċúige Ulaḋ aċt ar ndóiġ luiġeann sin le réasún mar gur beag de na sloinnte atá i nAcaill indiu naċ as Cúige Ulaḋ a ṫáinig a gceap-sinnsir agus ar an áḋḃar sin ní h-iongantas ar biṫ é má tá cosaṁlaċt idir Ġaeḋilg Acla agus Gaeḋilg Ċúige Ulaḋ.

Aċt má tá Béarla i nAcaill indiu, ḃí tráṫ ann agus níl sé i ḃfad ó ṡoin aċt oiread, nuair naċ raiḃ ann aċt an Ġaeḋilg cé is móite de’n ḃeagán Béarla a ḃíoḋ i n-úsáid aca seo a mbíoḋ aon ḃaint aca leis na cuairteoirí agus strainséirí eile a ċastaoi isteaċ ar an oileán ó am go h-am. Leis an gceist seo a ḋéanaṁ soiléir ḋuit, a léiġṫeoir, ní fearr caoi a ṫiocfaḋ linn a ḋéanaṁ ná an tuairisg a ṫug sean-ḟear de ṫógáil an oileáin dúinn i dteaċ ósda i nGob a’ Ċoire a ṫaḃairt duit.

Lá aonaiġ a ḃí ann agus ṫárla gur casaḋ isteaċ muid san teaċ seo. Ḃí triúr sean-ḟear ina suiḋe istiġ i seomra beag ann agus na píopaí faoi lán-tseoil aca agus na gloinneaċa ar an mbord. Ag cur caoi ar ċúrsaí an aonaiġ a ḃí siad agus cuid de’n ċóṁráḋ ḋ’á ḋéanaṁ aca i mBéarla agus cuid eile i nGaeḋilg. Ba ċuma leo idir an dá ṫeangaiḋ mar ḃí an Béarla aca ċoṁ maiṫ leis an nGaeḋilg. Ċuirinn féin agus mo ċomrádaiḋe focal isteaċ anois agus aríst aċt ba gearr gur ṫug muid faoi deara go raiḃ duine de’n triúr a raiḃ fonn seanċais air agus féiṫ an ġrinn ann ní b’ḟearr ná an ḃeirt eile agus nuair a ṫoisiġ seisean i gceart b’éigean do’n ḃeirt eile éisteaċt.

"Raiḃ an Béarla agat ó t’óige?" arsa mise.

"Raiḃ what?" ar seisean, ag breaṫnuġaḋ idir an dá ṡúil orm. "Ní raiḃ, ná sgread casta an focal Béarla a ḃí in mo ḃaile sgór bliaḋain ó ṡoin ag aoinne de ḃunaḋ an ḃaile."

"Ḃfuil mórán de ann anois?" arsa mise.

"Is beag atá ann aċt é anois," ar seisean.

"Agus naċ tobann a ṫáinig siḃ isteaċ ar an mBéarla, nó an ar sgoil a d’ḟoġluim siḃ é?" arsa mise.

"Dá mbéaḋ sinne i muiniġin an ṁéid Béarla a fuair sinn sa sgoil, b’ḟurast ár gcuid de a ċóṁaireaṁ indiu, aċt innseo’ mise ḋuit cé’n ċaoi a raiḃ sé. I mBéarla a ḃí na paidreaċa ḋ’á ṁúineaḋ san sgoil, agus Béarla a ḃí i dteaċ an ṗost’, ag na póilíos agus ag daoine eile de’n tsórt sin agus ḃíoḋ sinne ag breiṫ ar na focla a ḃíoḋ siad-san ag sgaoileaḋ uaṫa agus ag congḃáil greama ar an ḃfocal a fuair muid. Ar an gcaoi sin ḃí muid i dtólaṁ ag cur leis an mbeagán a ḃí againn go raiḃ riar maiṫ Béarla againn ar deireaḋ."

"Ḃfuil tú i n-ann an Ġaeḋilg a sgríoḃaḋ ná a léiġeaḋ?" arsa mise.

"Tig liom é a léiġeaḋ go measarḋa maiṫ aċt cúrsaí sgríoḃaḋ ḋe, níl aon láṁ agam air."

"Creidim," arsa mise, "go mba ċuma leat aċt a ḃeiṫ i n-ann é a laḃairt."

"Sin é é go díreaċ agus cé’n ṁaiṫ teanga ar biṫ agat mur’ ḃfuil tú i n-ann í a laḃairt," ar seisean.

"A’ mbíṫí ag gáiriḋe fúiḃ nuair a ḃí siḃ i muiniġin an ċorr-ḟocail Béarla i dtoiseaċ?" arsa mise.

"Nár ċuma ḋúinn faoi ġáiriḋe ná magaḋ ar biṫ," ar seisean. "Naċ raiḃ Béarla againn agus b’in a raiḃ uainn."

"Feicim," arsa mise, "gur ċaiṫ siḃ am agus dúṫraċt léiṫe mar ṫeangaiḋ le greim a ḟaġáil uirṫi, go mór ṁór nuair naċ raiḃ mórán congnaiṁ le faġáil agaiḃ."

"Am agus dúṫraċt, an eaḋ? Éist, a stócaiġ, go n-innsiġiḋ mé ḋuit faoi. Ḃí mise ċoṁ mór ’s atá mé indiu nuair a ċuaiḋ mé faoi Láiṁ Easbuig agus ḃí daoine ní ba sine ná mise ag an easbog an lá céadna mar is maiṫ is cuiṁneaċ liom é. Ní ċuirfiḋe lá iongantais ann an tráṫ sin daoine fásta a ḟeiceál ag dul faoi Láiṁ Easbuig ní fearaċt anois é. Ṫeastuiġ cuid ṁaiṫ Teagaisg Ċríostuiḋe ó ḋuine an t-am sin ṡul a leigṫí ḋó dul faoi Láiṁ Easbuig. ’Sí an obair a ḃíoḋ orainne, an sgata a ḃí le dul ċuig an easbog, istiġ i dteaċ na sgoile ’ċuile ṫráṫnóna Doṁnaiġ agus corr-uair i riṫ na seaċtṁaine ag fóġluim an Teagaisg Ċríostuiḋe agus an máiġistir sgoile ’ġár múineaḋ. Ḃíoḋ sinn annsin aige go féilteaṁail ag dul feaduġaḋ do’n Teagasg Críostuiḋe agus an máiġistir boċt cráiḋte ag iarraiḋ na focla cruaiḋe a ṁíniuġaḋ ḋúinn agus gan ḟios againne ’ċ oiread le cúl ár gcinn céard a ḃíoḋ ḋ’á ráḋ againn, mar go mba Béarla a ḃí ar siuḃal ann."

"’Raiḃ mórán fóġlumṫa agat nuair a ṫáinig Lá an Easbuig?" arsa mise.

"Ḃí," ar seisean, "ceiṫre ceisteanna agus mé bródaṁail go maiṫ as obair mo ċoiciġíse mar ḃí daoine ann naċ raiḃ an oiread sin aca. Soir linn go seolta go teaċ an ṗobail nuair a ṫáinig an lá agus ḃí misneaċ agam féin i ngeall ar an oiread a ḃí fóġlumṫa agam, agus an gcreidfeá nár cuireaḋ orm aċt ḋá ċeist i ndiaiḋ mo ċuid trioblóide uilig."

"An raiḃ na freagraí agat?" arsa mise.

"Áḋṁail go leor ḃí," ar seisean, "mar go mba péire de na ceiṫre cinn a ḃí fóġlumṫa agam a cuireaḋ orm. Naċ orm a ḃí an t-áḋ agus a liaċtaiġe ceist a ḃí ins an Teagasg Críostuiḋe?"

"B’ort cinnte," arsa mise, "agus ba ċóir ḋuit a ḃeiṫ buiḋeaċ."

"Rud a ḃí," ar seisean, "aċt ag teaċt aḃaile ḋom ḃí mo ḃean amuiġ sa ngáirdín agus nuair a ṫáinig mé faoi ḟad cainnte léiṫe, ‘Cé’n ċaoi ar éiriġ leat leis an Teagasg Críostuiḋe?’ ar sise, ina sean-ḃéic. "Go féiḋmeaṁail," arsa mise, "mar ḃí ḋá ċeist spáráilte agam."

"Ṫiocfaḋ leat a ráḋ ina ḋiaiḋ sin," arsa mise, "go raiḃ Béarla agat."

"Agus naċ raiḃ, dá laġad é?" ar seisean. "Aċt ċaḃruiġ an ṁéid sin féin liom le tuilleaḋ a ḟaġáil."

"Caiṫfiḋ sé mar sin gur beag Béarla a ḃí ar an oileán an tráṫ sin ċor ar biṫ," arsa mise.

"Nuair a ḃí mise óg," ar seisean, "ṡiuḃailfeá an t-oileán ó ċeann go ceann agus ní raiḃ focal Béarla le clons ann aċt ó na strainséirí. An té a raiḃ Béarla aige an t-am sin ḃí meas air agus innseo’ mé anois duit sgéal a ċuala mé go minic ó m’aṫair, go ndéanaiḋ Dia trócaire air. Nuair a ḃí seisean ag teaċt suas ḃí an sagart a ḃí ann an tráṫ sin ag cur cóṁairle ar na daoine an oiread Béarla a ḟóġluim agus a ṫiocfaḋ leo ionnus go mbéaḋ siad i n-ann a ngnaiṫe a ḋéanaṁ nuair a ṫéiġeaḋ siad amaċ go dtí an ṁóir-ṫír nó as baile i n-áit ar biṫ. Ṫuig an sagart go raiḃ a ḋíolaḋ Gaeḋilge ag ’ċuile ḋuine ar an oileán agus go mba ṁór an gar dóiḃ é beagán Béarla a ḃeiṫ aca. Ġlac na daoine a ċóṁairle agus ḃí siad ar ṫeann a ndíċill ag iarraiḋ corr-ḟocal Béarla a ṁeaḃruġaḋ. Lá aṁáin ḃí fear as mo ḃaile ar a ḃealaċ go Caṫair na Mart nuair a casaḋ an sagart air annseo i nGob a’ Ċoire. ‘Good morning, John,’ arsa an sagart leis. ‘Anois, a aṫair, laḃair Gaeḋilg liom, le do ṫoil,’ arsa John. ‘Níl agam aċt cúpla focal Béarla agus tá mé ’ġá spáráil go dtéiġiḋ mé go Caṫair na Mart.’ Naċ dteasbáineann sin a laġad Béarla a ḃí ann an tráṫ sin agus an trioblóid a fuarṫas ag iarraiḋ é a ḟóġluim?"

"Teasbáineann cinnte," arsa mise, "aċt creidim go mba annaṁ a ṫéiġeaḋ duine as Acaill an uair sin ċoṁ fada le Caṫair na Mart."

"Creidim go mba annaṁ mar naċ raiḃ an ċaoi ann leis an aistear sin a ḋéanaṁ mar atá anois," ar seisean.

"Tá seans go mb’in an t-am a raiḃ ‘Hata Acla’ annseo ag an ḃfearsaid," arsa duine de na fir eile nár laḃair go dtí seo. "Cuirfiḋ mé geall nár ċuala na fir seo ariaṁ," ar seisean linne, "aon tráċt ar ‘Hata Acla.’"

B’éigean dúinn a ráḋ nár ċuala.

"Seo é an ċaoi a raiḃ sé," ar seisean. "I ḃfad ó ṡoin nuair naċ raiḃ muinntear Acla ċoṁ maiṫ as agus atá siad anois, ná b’ḟéidir an dara culaiṫ éadaiġ ag cuid aca, ḃí hata duḃ fágṫa annseo ag an ḃfearsaid agus duine ar biṫ a ḃéarfaḋ a ġnaiṫe as an oileán amaċ é ċuirfeaḋ sé an hata sin air le ḃeiṫ ina ‘ḋuine uasal’ ċoṁ fada agus a ḃéaḋ sé as baile. Ní raiḃ hataí ċoṁ fairsing an t-am údaiġ agus atá siad anois agus ċuirfiḋe sunndas san té a d’ḟeicfiḋe le hata air. Ar ndóiġ ṡíl muinntear na h-áite amuiġ go raiḃ hata ar ’ċuile ḋuine i nAcaill mar naċ ḃfágfaḋ aoinne an t-oileán gan an hata a ċur air. Nuair a ṫigeaḋ an duine sin ar ais d’ḟágaḋ sé an hata san áit a ḃfuair sé é ionnus go mbéaḋ sé ann ag an gcéad duine eile a ḃéaḋ ag fágáil an oileáin. Sin é an ċaoi a raiḃ sé anois agus cuireann sé iongantas orm nár ċuala siḃ é sin ċeana."

B’éigean do’n ḃeirt againn a ráḋ nár ċuala, giḋ gur ḋuḃairt an fear sin go raiḃ sé ina leaṫ-ḟocal ó ṡoin ar fud iarṫair an ċonndae le rud ar biṫ a ḃíos ag dul ar iasaċt ó ḋuine go duine, gur geall maiṫ le "Hata Acla" é.

Anois, a léiġṫeoir, tá an cúrsa fánaiḋeaċta seo ċóṁair a ḃeiṫ tugṫa agus tá muid buiḋeaċ ḋíot a ḃeiṫ ċoṁ foiġdeaċ linn. Geallaḋ ḋuit i dtoiseaċ go ḃfuiġṫeá breac-ċunntas ar gaċ ar ċuala muid agus ar gaċ a ḃfaca muid ar an tsearsa seo atá anois ṫart. Tugaḋ ḋuit é mar fuair muid féin é. Níl ann aċt an cunntas a fuarṫas ó’n tseanċaiḋe mar nár dearnaḋ tagairt ná sgrúduġaḋ ar leaḃar ná páipéar leis an gcunntas a ḟaġáil. Ní raiḃ gáḋ leis. Ba suimeaṁla i ḃfad a ḃeiṫ ag éisteaċt leis an tseanċaiḋe ag sgaoileaḋ an tseanċais uaiḋ gan pioc stróiṁ ná trioblóide. Ná síltear go ḃfuil an seanċas uilig faoi Iorrus agus faoi Acaill ins an gcunntas seo. Níl, ná baoġal air, mar ṫiocfaḋ le duine a ḃeiṫ ag breacaḋ ar a ḋíċeall i gcaiṫeaṁ a ṡaoġail agus ní ḃéaḋ sé uilig aige. Ṡanntuiġ muid féin tuilleaḋ a ċur ar faġáil ḋuit, a léiġṫeoir, aċt ḃí ár saoire anois ṫart agus ar ndóiġ caiṫfiḋear freastal ar "tóir an tsaoġail."

Deir mo leaṫ-ḃádóir, Miċeál, gur iomḋa áit ar leag sé a ċos ó d’ḟág sé Éire gur ḟill sé aríst uirṫi, aċt naċ ḃfuair sé aon tsólás ná aoiḃneas a ċuirfeaḋ sé i gcomórtas leis an bpléisiúr a fuair sé ar an ngeáḃ fánaiḋeaċta seo. Tá sé ag braṫ ar a aġaiḋ a ṫaḃairt aríst ar an Oileán Úr i gceann sgaṫaiṁ, aċt mar adeir sé féin, níl an tír sin ṫall leaṫ ċoṁ h-úr ná ċoṁ h-áluinn leis an tírín seo atá ina ḃuaile ḋúṫċais aige aċt go gcaiṫfiḋ sé imṫeaċt mar gur ṫall atá a ċuid agus a ċúram anois. Tá an Saṁraḋ ag éalóḋ uainn anois agus an lá ag cailleaḋ aċt tiocfaiḋ bliaḋain eile agus faoi n-a ḃeiṫ slán dúinn uilig tá dúil againn searsa eile fánaiḋeaċta a ṫaḃairt agus a ṫoraḋ a ṫaḃairt ḋuit, a léiġṫeoir. Go dtí sin fágfam slán agus beannaċt agat.

 


<<<