FÁNAIDHEACHT
I
gCONNDAE
MHUIGHEO
Séamus
Mag Uidhir
do
scríobh.
OIFIG AN tSOLÁTHAIR
Baile
Átha Cliath.
An Chéad
Chló, 1944.
Clóchuallucht
Chathail, Tta., Baile Átha Cliath
FÁNAIDHEACHT
I gCONNDAE MHUIGHEO
CLÁR
AN LEABHAIR
IORRUS
CAIBIDIL I.
Sean-cháirde - An Muirthead - Áiteacha cáileamhla - Áilneacht na h-áite
- Muinntear na h-áite - A slighe bheathadh .
CAIBIDIL II.
Tobar Dheirble - Naomh Deirble - Roilig an Fháil Mhóir - Slad 1927 - "An
Báthadh Mór" - Caora Inis Géidhe .
CAIBIDIL III.
Sean-amhránaidhe - Breathnaigh Inis Géidhe - "Sail Óg Ruadh" - Sgéal
an amhráin .
CAIBIDIL IV.
Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na Croise - Mainistear Thearmainn Chathrach -
"Eoghan Cóir" - Riocard Bairéad (file) .
CAIBIDIL V.
Inis Glóire - Na fothracha - Uaigh Chlainne Lir - Sean-leachtanna - Ag déanamh
an "turais" .
CAIBIDIL VI.
An Geata Mór - Tighearnaí Talaimh - Na Biongamaigh - Sglábhuidheacht agus
imirce - Tobar an Cháirn .
ACAILL.
CAIBIDIL VII.
Suidheamh an Oileáin - Ríoghacht Acla - Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneacht an
Oileáin - Slighe bheathadh na ndaoine .
CAIBIDIL VIII.
An Seanchaidhe - "Cúl na Beinn’" - Clann tSuibhnigh - San Teach Ósda .
CAIBIDIL IX.
Smuglaereacht - An caiptín ó’n bhFrainnc - Mághnus Mac Suibhne - Teacht Humbert
- An tAthair Mághnus Mac Suibhne - An Sagart ar a sheachaint - An Sagart ina
phríosúnach - A bhás .
CAIBIDIL X.
I n-aimsir na bPéin-Dlighthe - An tAthair Ó Gallachubhair - É ar a
sheachaint - An spiadóireacht - An feall - A bhás .
CAIBIDIL XI.
Gráinne Ní Mháille - A bunadh - Na Flaithbheartaigh - Na Máilligh - Na Búrcaigh
- Eachtra Ghráinne - "Diabhal an Chorráin" - "Caiptín Ó
Máille"
CAIBIDIL XII.
Tighearnaí talaimh - Muinntear Brún - Muinntear Uí Dhomhnaill - Muinntear Mhic Lochlainn
- Muinntear Mhic Chormaic - ’Liam Píce - Iarla Chábháin - "Cailleach a’
Valley" .
CAIBIDIL XIII.
Roimh an Ghorta - Teacht Nangail - Bunughadh an "Mhisiuin" -
Imtheachta an "Mhisiuin" - An "Achill Herald" - Meath an
"Mhisiuin" - A dheireadh
CAIBIDIL XIV.
An Chéad Traen go hAcaill - An Tairingireacht - An
Traen Speiséalta Deiridh - Ag Fóghluim an Bhéarla - Lá an Easbuig - "Hata
Acla"
Fánaidheacht
i gConndae Mhuigheo
IORRUS
CAIBIDIL I
Sean-cháirde - An
Muirthead - Áiteacha cáileamhla - Áilneacht na h-Áite
- Muinntear na h-áite - A slighe bheathadh.
I
LÁR an tSamhraidh sa mbliadhain 1938, an té a bhéadh ina sheasamh ar dhroichead
an chanáil i mBéal a’ Mhuirthid, d’fheicfeadh sé beirt fhear ar dhá rothar ag
tabhairt a n-aghaidh siar agus siubhal maith fútha. Fear óg,
sgafánta, leigthe b’eadh duine aca a raibh seal bliadhanta caithte aige i
Meiriocá, áit ar éirigh an saoghal go maith leis. Bhí
sé ar ais ina thír dhúthchais aríst ag caitheamh
saoire a bhí tuillte go maith aige. B’as Iorrus é. É ina
Ghaedheal agus ina Ghaedhealgóir breágh agus meas thar an gcoitcheann aige ar
an Ghaedhilg, a theanga dhúthchais. Ba é a mhian an chuid ba mhó de Chonndae
Mhuigheo, go mór mhór an Ghaedhealtacht atá san gconndae sin, a shiubhal agus
eolas a fhagháil ar shaoghal na ndaoine, ar a gcuid staire agus seanchais, agus
an oiread de’n chonndae a fheiceál le n-a shúile féin agus a
thiocfadh leis ar feadh a shaoire.
Ní raibh sé thar cupla lá sa mbaile as
Meiriocá nuair a casadh an mac seo air, agus, má bhí ríméad ar an mbeirt a
chéile a fheiceál i ndiaidh seacht mbliadhan, cé thóigfeadh ortha é, mar
tóigeadh ag béal a’ dorais ag a’ chéile iad agus chuaidh siad ar sgoil le
chéile. Le linn a n-óige ba doiligh beirt a fhagháil a bhí chomh
tugtha dh’á chéile, agus i dtaca le spóirt agus
achrann na h-óige dhe, bhíodh gach aoinne aca sáidhte chomh mór
ann leis an duine eile. Ar an gcaoi sin d’fhás
cáirdeamhlacht agus carthannas eatortha beirt nach réabfaidhear fad is beo a
lá, bíodh gur fada sgaithte sgartha ó chéile anois iad. Acht nach ’in cúrsaí an tsaoghail?
Ar chuma ar bith nuair a bhí cúrsaí an
tsaoghail i Meiriocá agus sa mbaile i gcaitheamh na seacht mbliadhan sin
cíortha agus spíonta go maith, shocruigh muid beirt sgathamh a chaitheamh le
chéile ag fánaidheacht i gConndae Mhuigheo, ár gconndae dúthchais, ag cur eolais
ar na h-áiteacha ann a bhfuil cliú agus cáil ortha ó thaobh na
staire agus na h-áilneachta. Bhí fhios againn beirt, ó’n tseanchas
a chuala muid ó am go h-am ó na sean-daoine in ár mbaile
dhúthchais féin, go raibh áiteacha sa gconndae ar bh’fhiú a bhfeiceál agus go
raibh sgéalta agus seanchas imeasg na ndaoine ann ar chóir a gcur ar phár shul
a nglaoidheadh an bás uainn na seanchaidhthe a raibh an stór luachmhar seo aca.
Ba mhaith a thuig muid nach mórán a
d’fhéadfaidhe a dhéanamh san am a bhí againn acht níor chuir sin aon
droch-mhisneach orainn. Bhí fhios againn go ndeacha daoine rómhainn a rinne a
gcion san obair chéadna agus go dtiocfadh daoine in ár ndiaidh a chuirfeadh
leis an méid a bhéadh déanta, agus ar an gcaoi sin go bhféadfaidhe na
bailiúcháin bheaga a chur i dtoll a chéile am eicínt agus cnuasacht
toirteamhail a dhéanamh a chuirfeadh cuid mhaith de stair agus béaloideas an
chonndae ar an bhfód sábháilte. Bhí dúil againn beirt ’chuile lá ariamh an
oiread de’n chonndae fré chéile a fheiceál agus a thiocfadh
linn dhá dtigeadh an deis, agus anois nuair a bhí an chaoi agus an t-am
againn níor bhfailligheach dhúinn a thapughadh. Deir an
sean-fhocal nach bhfuil long a fhanfas le cóir nach bhfuighidh, agus
b’fhearacht sin againne é.
Ar an Muirthead siar a thug muid aghaidh i
dtoiseach mar bhí fhios againn de thairbhe an tseanchais a chuala muid faoi go
raibh sé ar cheann de na h-áiteacha ba suimeamhla i nIorrus le
cúpla lá a chaitheamh ann. ’Sé an Muirthead an chuid sin d’Iorrus atá ar an
taobh thiar de’n chanál atá ag dul thríd Bhéal a’ Mhuirthid agus atá ag
ceangailt Cuan an Fhóid Dhuibh agus Cuan an Inbhir le chéile. Sgarann an canál
seo an Muirthead ó’n mhóir-thír sa gcaoi gur féidir a
rádh gur oileán é an Muirthead. Tá droichead ag dul
treasna an chanáil agus caoi ann leis an droichead a árdughadh, le báid agus
longa a leigint ó chuan go cuan do réir mar a bhíos gádh leis.
Tá an talamh is
fearr i nIorrus ar an Muirthead agus ní dheacha sé seo amugha ar na tighearnaí
talaimh san am atá caithte, mar go mba líonmhaire iad ins an gceanntar sin ná i
gceanntar ar bith eile i nIorrus. Bhí go leor de na
tighearnaí seo a raibh an chuid ba mhó dá ndúithchí i n-áiteacha
eile ar fud Iorruis acht má bhí féin, ní raibh duine aca nach raibh stiall de’n
Mhuirthead aige. Is ar éigin má bhí ceanntar ar bith eile dá mhéid i nÉirinn a
raibh an oiread tighearnaí talaimh ag cur fútha ann
agus a bhí ar an Muirthead. Acht d’imthigh a lá agus is fada fánach an sgapadh
atá ortha agus ar a sliocht indiu agus tá a gcuid caisleán "ina
bhfothracha folamha gan áird," acht is glas i gcuimhne na ndaoine go fóill
cáil na dtighearnaí sin, agus a leoca féin, ní h-í an deagh-cháil
í. Is doiligh dearmad a dhéanamh dhi mar cháil, mar nach bhfuil míle de’n
cheanntar sin a shiubhalfas duine nach mbéidh rud eicínt le feiceál ann a
mheabhróchas dó an chúmhacht a bhí ag na tighearnaí sin agus an cruadhtan agus
an sglábhuidheacht a d’fhulaing na daoine a bhí mar thionóntaí fútha.
Ó Bhéal a’ Mhuirthid siar ó dheas go dtí an
Fál Mór ní tada gearr de cheithre mhíle dhéag é. ’Sé an Fál Mór an baile is
fuide ó dheas ar an Muirthead, acht ar fhad na gceithre mhíle dhéag sin tá an
oiread sin de’n áilneacht faoi do shúil agat ar ’chaon taobh nach n-aireochthá
fada mar aistear é. Tá Cuan an Fhóid Dhuibh ar thaobh na ciotóige ar fhad an
bhealaigh agus an Fhairrge Mhór ar thaobh na deasóige. Is ar éigin má cailltear
amharc ar an bhfairrge ar ’chaon taobh ó thoiseach go
deireadh an aistir agus ’chaon taobh dhíobh chomh h-áluinn
suimeamhail leis an taobh eile. Tá tráigheanna fada geala, alltracha árda
fiadháine agus carraigreacha géara garbha ar gach aon taobh agus iad uilig go
léir ag cur leis an áilneacht ina mbealach féin.
Ar thaobh na deasóige, amuigh san bhFairrge
Mhóir, tá Inis Glóire, an áit a bhfuil Clann Lir curtha, Inis gCaorach, Inis
Géidhe ó thuaidh agus Inis Géidhe ó dheas. Ar an taobh ó dheas de’n Fhál Mór tá
Dubh-Oileán agus na Léimneacha. I bhfad amach siar san
aigéan tá an Toir, carraig mhór atá corrlach le deich
míle amach ó’n mhóir-thír. Ar thaobh na ciotóige, mar
adubhradh, tá Cuan breágh leathan an Fhóid Dhuibh. Taobh
thoir de’n chuan tá sléibhte Iorruis agus Baile Chruaich. Níos fuide
soir aríst tá Corr-Shliabh le feiceál agus a ceann go maith aici ar na sléibhte eile atá luaidhte. Ar an
taobh ó dheas de’n chuan tá Oileán Acla, áit a bhfuil dúil againn cúpla lá a
chaitheamh agus a mbéidh cunntas faoi amach annseo.
Ceanntar réasúnta comhthrom é ó fhágfas tú
Béal a’ Mhuirthid go dtéighidh tú go dtí an Fál Mór.
Thiar i n-aice leis an bhFál Mór tá Cnoc
Tearmainn. Meall nó árdán mór cloch-eibhir é seo a bhfuil
clúdach tanaidhe de chréafóig bhoicht neamh-shéasúirigh air. Suas go dtí
timcheall fiche bliadhan ó shoin bhí glaodhach mór ar an
gcineál sin cloiche agus bhí dhá choiléar dh’á n-oibriughadh ann
agus thart ar céad fear ag obair agus ag saothrughadh ionnta.
Thugtaoi cuid mhór de’n chloich-eibhir seo chun bealaigh go h-áiteacha eile ar fud na tíre
agus thar sáile go tíortha eile chomh maith mar bhí árd-cháil uirthi agus í go
feileamhnach i gcóir foirgnidh. Acht cébí fáth a bhí leis, tháinig meath ar an tionnsgail sin sa gcaoi nach bhfuil ann anois acht cineál
béaloidis go raibh a leitheide ann.
Talamh gainimheach an
chuid eile de’n Mhuirthead, mórán. Tá cuid mhaith de faoi
ghainimh shéidte atá chomh geal le sneacht, agus chomh mín le min. Níl fásradh
ar bith gur fiú trácht air ar an ngainimh shéidte seo acht corr-thom
muirínighe. Talamh sruth-ghainimh an chuid eile
agus é go maith i gcóir curaidheachta agus gan aimhreas é saothruighthe go
maith. Níl fód amháin móna ó Bhéal a’ Mhuirthid siar agus níl léigheadh ná
innseacht ar an anró a gheibhtear ann ag iarraidh móin
an gheimhridh a sholáthar agus a thabhairt thar cuan isteach ó’n mhóir-thír.
Taobh tíre lom é nach bhfuil crann ná sgeach
gur fiú le feiceál ann. Deir muinntir na h-áite gur cuireadh ann iad ó am go h-am agus go bhfásadh siad
maith go leor go mbíodh siad sé nó seacht dtroigh ar airde agus annsin
chríonadh siad. An ghaoth láidir, ghuirt ó’n bhfairrge ba chionntach leis, dar leo.
Níl áilneacht na h-áite seo ar
aon dul le áilneacht fhiadháin, shléibhteamhail Thír Chonaill ná áilneacht
gharbh, chlochach, lochach Chonamara, acht mara bhfuil féin tá áilneacht dh’á
chuid féin ann. Tá radharc ar an bhfairrge ó gach ball de. Tá tráigheanna
geala, gainimheacha agus alltracha árda, sin, agus corr-loch, agus an méid sin go léir faoi n-a shúil ag duine i n-aon
radharc amháin. Tá éagsamhlacht san áilneacht atá ann
agus an éagsamhlacht sin níos ciuine agus níos sochmhaidhe ná mar atá le
fagháil i n-aon áit eile san gconndae.
Is beag má tá difridheacht ar bith idir
tréithe na ndaoine ar an Muirthead agus tréithe na
ndaoine i gConamara ná i nGaedhealtacht Thír Chonaill. Tá
siad lághach, fial agus fáilteach agus iad i gcómhnuidhe réidh le cabhrughadh leis
an strainséar. Fearacht ’chuile áit eile san Ghaedhealtacht, ní h-é
go leor de mhaoin an tsaoghail atá aca, nó ag an gcuid
is mó aca ar chuma ar bith. Acht tá an chuma ortha go bhfuil siad sásta le n-a
bhfuil aca, agus ní minic a cluintear ag clamhsán iad. Daoine láidre,
cruaidh-dhéanta iad uilig, agus cuma na sláinte agus an fhollántais ortha go
léir fré chéile.
Mar atá ráidhte,
tá an córtas agus an gheanamhlacht a gheibhtear san Ghaedhealtacht le fagháil
ann ó mhuinntir na h-áite. I
gceann an mhéid sin, tá an tsaoidheacht uasal Ghaedhealach ann nár
truailligheadh go fóill le "síbhialtacht" Gall. Is soiléir gur de’n
dúthchas an tsaoidheacht sin; go bhfuil sí geinte ins na daoine go smior agus
go smúsach agus go bhfuil an fhuil uasal Ghaedhealach go fóill ag ropadh léithe
ina gcuisleanna go láidir bríoghmhar i ndiaidh an mhéid a rinneadh le
"Sacsan beag d’ar b’ainm Éire" a dhéanamh de’n tír seo. Cé’n chaoi
eile a mbéadh sé leis na daoine seo atá le fagháil
agus a tóigeadh san Ghaedhealtacht seo agus i ngach Gaedhealtacht eile sa tír?
Nach de shliocht na righthe iad, an tsliocht sin a
raibh an spiorad agus an uaisleacht ró-láidir ionnta le n-a
gcreideamh ná a ndúthchas a shéanadh ná a chaitheamh uatha ar mhaithe le
cúmhacht, maoin ná saidhbhreas? Is furast a fheiceál
gur de bhunadh na n-uasal iad san iomchur atá fútha agus an tógáil
atá ortha. Acht nach ’in é an sean-dúthchas Gaedhealach atá beo go fóill áit ar
bith a bhfuil an teanga dhúthchais go bríoghmhar láidir, mar atá sí ar an
Muirthead? Is roighin an rud an dúthchas agus is
doiligh a chlaoidheadh agus tá a chruthughadh sin go soiléir againn ins an áit
seo.
Tá an Ghaedhilg go
beo bríoghmhar ag muinntir na h-áite seo go fóill, chomh
bríoghmhar slán agus atá i nGaedhealtacht ar bith eile sa tír, agus leis an
eolas ceart a fhagháil ar an áit agus eile, ní mór do dhuine bheith i n-ánn
an Ghaedhilg a labhairt go measardha maith. Acht ná síltear go bhfuil siad i
muinighin na Gaedhilge ar fad mar theangaidh, mar nach mar sin atá. Tá cuimse
maith Béarla aca chomh maith, acht gur fearr i bhfad atá siad i n-ánn
seanchas a dhéanamh agus a gcuid smaointe a nochtadh sa
nGaedhilg. Ina cheann sin tá eolas comhthrom aca - na h-iasgairí
go mór mhór - ar an bhFrainncis. Tigeann báid iasgacha anall ó’n bhFrainnc ag iasgaireacht thart ar chóstaí Iorruis agus bíonn
dlúth-bhaint ag na h-iasgairí sin le iasgairí na h-áite.
Sin é an chaoi a bhfuair siad an t-eolas
ar an bhFrainncis mar go mbíonn na Franncaigh ag ceannacht an éisg uatha, agus,
ag déanamh an mhargaidh dhóibh, ’sé an dá mar a chéile aca é an Béarla nó an
Fhrainncis.
CAIBIDIL II
Tobar Dheirble - Naomh Deirble - Roilig an
Fháil Mhóir - Slad 1927 - "An Báthadh Mór" -
Caora Inis Géidhe.
ANOIS,
a léightheoir, ó thárla breac-bharamhail agat ar an
gcineál ceanntair é an Muirthead ní fearr rud a dhéanfá ná bualadh linn siar
chomh fada is is féidir linn agus annsin cuartughadh linn aniar ar ais go
bhfeicimid cé’n t-eolas atá le fagháil. B’fhéidir gur fánach an chaoi a gcasfaidhe sean-duine eicínt orainn ar an searsa
sin a bhéarfadh glac seanchais dúinn faoi na h-áiteacha is mó le
rá ó thaobh staire agus seanchais. Caithfidh sé go bhfuil an
t-an-chuimse seanchais ann acht bun a chur air, mar ó n-a
bhfuil le feiceál ann de sean-bheanntracha, ballóga agus fothracha sean-mhainistreach,
is cinnte go raibh an Muirthead go h-árd i réim tráth de’n
tsaoghal.
Mar adubhradh cheana ’sé an
Fál Mór an baile is fuide siar ar an leith-inse seo. Ar chúl an bhaile tá
dúmhacha móra gainimhe gan aon cheo ag fás ortha acht
corr-shlámán muirínighe agus dornán fánach de fhéar chruadh roighin. Istigh i
logán imeasg na ndúmhacha gainimhe seo tá tobar
beannuighthe. Is minic a déantar iongantas de nach líontar suas an tobar seo leis an ngainimh atá thart air ar ’chaon taobh.
Tá dhá ainm ar an tobar seo. Tobar na
Dúmhaiche an t-ainm is minicighe a cluintear ag muinntir na h-áite
air acht tá Tobar Dheirble air chomh maith. ’Chuile bhliadhain idir an dá Lá
Fhéile Muire bíonn na sluaighte le feiceál ’chuile lá, mórán, ag déanamh an "turais" ag an tobar seo.
Ar ndóigh ní faisiún úr ná nuaidhe é daoine a
fheiceál ag déanamh "turais" áit ar bith a bhfuil tobar beannuighthe
acht ní raibh aon tsásamh intinne le fagháil ag mo chomrádaidhe - Micheál a
b’ainm dhó, mur bhfuil sé i n-am agam é a chur i n-aithne
dhuit, a léightheoir! - go bhfaghadh sé amach cé’rd ba bhun leis an turas i dtoiseach. Cráin-fhear cnámhach, cruaidh de
iasgaire a bhí ag cur deis’ ar shean-churach thíos ar
an dúirling a d’innis dhúinn beirt an sgéal a bhaineas leis an tobar
beannuighthe seo agus seo chugaibh anois é mar a h-innsigheadh
dúinne é, agus má tá bréag ann bíodh, ní muide a chum ná a cheap é, mar
adeireadh na sean-tseanchaidhthe.
Am eicínt i ndeireadh na
h-ochtmhadh aoise, bhí tighearna nó flaith saidhbhear ina
chómhnuidhe áit eicínt suas i lár na hÉireann. Ní raibh de chlainn aige acht an
t-aon inghean amháin agus más fíor do’n tseanchas ba bhreágh,
dathamhail an ainnir í nuair a bhí sí ina cailín óg.
Casadh taoiseach airm ar cuairt i dteach an chailín
óig tráth agus leis an gcéad amharc thuit sé i ngrádh léithe. Ba bheag cluas a thug sise dhó nuair a d’iarr sé uirthi é a
phósadh. Chuir an taoiseach seo go bog agus go
cruaidh ar athair an chailín cómhairle a chur ar a inghin glacadh leis an
tairisgint a bhí dh’á tabhairt dhi. Bhí an t-athair sásta go leor
leis acht bhí sé fánach ag an mbeirt fhear a bheith ag iarraidh cómhairle mar
sin a chur uirthi-se. Bhí rún aici-se a saoghal a chaitheamh i seirbhís Dé agus
chaith sí ’chuile smaoineamh ar phósadh as a ceann, sa gcaoi nach raibh gar ann
do’n athair ná do’n taoiseach a bheith ag iarraidh uirthi géilleadh dhá dtoil.
Cé go ndearna sí gach a dtáinig léithe leis an rún a bhí aici a chur ina luighe ar an mbeirt fhear ní
raibh lá suaimhnis le fagháil aici ó’n taoiseach seo acht é go síorraidhe agus
i dtólamh ag iarraidh a chur i n-iúl do Dheirble, an cailín óg,
chomh mór agus bhí sé i ngrádh léithe. Bhí sé ag dul
di chomh mór sin gur shocruigh sí ar deireadh a h-áit dhúthchais a
fhágáil agus imtheacht léithe go h-áit eicínt nach mbéadh aon fhagháil
ag an taoiseach uirthi.
D’fhág sí slán ag a
muinntir agus moill ná mór-chómhnuidhe ní dhearna sí gur shroich sí an Fál Mór
i n-iarthar Iorruis. Ag marcuidheacht ar asal a tháinig sí, agus
cinnte ba doiligh áit ní b’iargcúltaighe a fhagháil ná
an áit fhiadháin, lom sin thiar ar éadan an chnuic ar bord na Fairrge Móire. Ba
chráibhtheach naomhtha an saoghal a bhí dh’á
chaitheamh aici ann ag cabhrughadh leis na bochtáin agus ag treorughadh na
ndaoine san áit chuig Dia ar ’chuile bhealach.
Acht is doiligh an grádh a cheannsughadh agus
ar ndóigh más fíor do’n tsean-fhocal é, galar é an grádh nach leigheastar le
luibheanna agus is cosamhail nach raibh leigheas i ndán do’n taoiseach seo go
bhfaghadh sé Deirble. Chomh luath agus chrothnuigh sé ise imthighthe as a h-áit dhúthchais thoisigh seisean ’ghá
tóruidheacht. Lean sé dhó oidhche agus lá ar an tóir
go géar go bhfuair sé fáirnéis ar deireadh go raibh sí ag cur fúithi thiar ar
an bhFál Mór.
Nuair a fuair sé sin amach
srian níor tharraing sé gur shroich sé an áit a raibh sí. Ba ar luing a tháinig sé ann
agus ba i gclúid an Phuirt Mhóir a chaith sé ancoire. Nuair a
tháinig sé i dtír chuir sé tuairisg Dheirble, rud a fuair sé gan ró-mhoill.
Nuair a bhuail sé isteach sa mbothán a bhí aici, níor
b’iongantaighe léithe an sioc sa tSamhradh ná é a fheiceál aríst, mar go mba é
an duine deiridh a raibh súil aici a fheiceál san áit iargcúlta sin.
Chuir sí fearadh na fáilte roimhe agus
d’fhiafruigh dhe céard a thug an bealach sin é. D’innis sé dhi agus thoisigh
air aríst ar an tsean-sgéal sin nach mbéidh sean go deo, ag cur i n-iúl
dhi chomh mór agus bhí sé i ngrádh léithe agus nach raibh aon tsólás i ndán dó
sa tsaoghal seo gan í. Lean an seanchas seo eatortha go ceann sgathaimh maith,
ise ag iarraidh cómhairle a chur air filleadh abhaile agus dearmad a dhéanamh
dhi. Acht ní raibh gar ann di. Ar deireadh nuair a bhí
sí sáruighthe amach dh’á chómhairliughadh agus é ag
cliseadh amach is amach uirthi, d’fhiafruigh sí dhe céard a chonnaic sé innti
thar chailín ar bith eile go dtug sé an oiread sin grádha dhi.
"Do dhá
shúil," ar seisean.
Ní dhearna sí a dhath acht
a dhá súil a phiocadh amach as a ceann agus iad a chaitheamh chuige. D’fhóbair go mbrisfidhe a chroidhe nuair a chonnaic
sé an rud a rinne sí acht ní raibh leigheas aige ar an
ngníomh a bhí déanta. Le croidhe a bhí anois ina
chrotal-cró i ngeall ar a dhílseacht i ngrádh, d’fhág sé slán ag Deirble agus
an Fál Mór agus sgéal ná sguan níor cluineadh faoi san áit sin ní ba mhó.
Bhí Deirble dall annsin agus caoi bhocht uirthi
acht lean sí leis an tsaoghal diadhanta cráibhtheach,
ag guidhe Dé fóirthint di agus do bhochtáin na h-áite. Lá amháin
agus í ag iarraidh a bheith ag mothughadh a bealaigh
thríd dúmhacha an Fháil Mhóir, d’airigh sí crónán fiodáin cómhgarach dhi. Rinne
sí a bealach i dtreo an fhiodáin agus nuair a shroich sí an
t-uisge chrom sí síos gur chuir sí baslach ar a h-éadan.
Ar an móiméad ar chuir sí an t-uisge ar a
h-aghaidh fuair sí radharc na súl ar ais aríst. Tá Tobar Dheirble
ó’n lá sin go dtí an lá atá ann indiu san áit ar nigh an cailín óg sin a h-éadan
na céadtha bliadhan ó shoin agus ómós mar is cuibhe dh’á thabhairt dó ag
Gaedhil anuas thríd na bliadhanta sin.
Thoisigh Deirble ag
obair i ndáirírí annsin. Chuir sí mainistear ar bun ar an bhFál Mór agus lean sí
uirthi ag cur síol na Críostuidheachta sa gceanntar sin. Idir an Eachléim agus an Fál
Mór tá baile a dtugtar an Tearmainn air agus ba leis an mainistir a bhí ag
Deirble talamh an bhaile sin mar a tuigtear ó’n ainm. Tá fothracha na sean-mhainistreach sin le feiceál go fóill i roilig an
Fháil Mhóir agus más féidir tuairim ar bith ar a méid a fhagháil ó’n mhéid di
atá fágtha, is léir nár mhainistear ró-mhór a bhí innti. Tá uaigh Dheirble sa roilig sin le h-ais na bhfothracha agus
balla beag cloch thart uirthi, agus gan fiú tráithnín amháin féir ag fás uirthi
acht í chomh lom le croidhe do bhoise. Tá sean-leachtanna go leor
sa roilig chéadna, cuid aca chomh h-aosta sin nach féidir aon
mheabhair a bhaint as an sgríbhinn atá ortha. Tá sean-chloch thumba ann a
bhfuil an dáta 843 gearrtha uirthi agus gidh go raibh tuilleadh thar an dáta
uirthi ní féidir níos mó a dhéanamh amach.
Nach fada siar a théigheas cuimhne Gaedheal
agus nach iongantach mar a tháinig seanchas na laethe
i n-allód anuas thríd na h-aoiseanna ó ghlúin go
glúin go dtiocfadh le sean-iasgaire a tóigeadh ar bord na Fairrge Móire,
seanchas bríoghmhar cruinn a dhéanamh indiu ar neithe a thárla os cionn míle
bliadhan ó shoin!
"Tá sgéal Naomh Deirble agaibh
anois," ar seisean, "mar a tháinig sé anuas chugam-sa uatha seo atá
imthighthe agus cuirigidh sibh-se uaibh é chuca seo a thiocfas i n-bhur
ndiaidh, mar d’fhág sí a rian ar an áit seo sa gcaoi nach ndéanfaidhear dearmad
di fhad ’s bhéas uisge a’ rith ná féar ag fás ar na
creagáin gharbha seo. Tá a h-uaigh, mar
adubhairt mé libh, thoir sa roilig agus má théigheann sibh soir, ná dearmad
Paidir agus Cré a chur le n-a bhfuil curtha ann mar thuill siad é
agus is bocht an nidh a bheith gann faoi do ghuidhe. Is beag dhinn féin nach
mbéidh cabhair a dhith orainn. Acht
ar ndóigh tá Dia láidir."
"’Sé ’tá," arsa
Micheál, "agus Máthair mhaith Aige."
D’fhág muid slán ag
an tsean-iasgaire agus bhog muid linn suas ag déanamh ar an tsean-roilig.
"Bhfaca tú iongantas ariamh acht an chaoi a bhfuil an Ghaedhilg agus an Béarla
ar a thoil ag an tsean-fhear sin?" arsa Micheál.
"Tig leis casadh leis ó cheann go ceann aca ar a shocracht gan pioc
stróimh ná briotaighile ’réir mar fheilfeas teanga aca thar an
gceann eile do’n tseanchas."
"Nach bhfeicim sin," arsa mise,
"acht is bríoghmhaire i bhfad a chuid seanchais nuair is i nGaedhilg a
sgaoileann sé uaidh é. Nach é an truagh é go bhfuil a
leitheide ag imtheacht uainn go tiugh agus ag tabhairt ’un na cille leo, an
teanga uasal agus an stór luachmhar seanchais atá aca?"
"Is mór an
tsléacht agus an chaill é dá mbéadh neart air," arsa Micheál, "go mór
mhór an Ghaedhilg. Nach bhfeiceann tú go gcuireann an sean-Ghaedhilgeoir i
láthair is faoi choimirce Dé thú leis an gcéad fhocal a thigeas as a bhéal
nuair a castar ort é, agus aríst, agus tú ag sgaradh uaidh, guidheann sé Dia na
nGrást’ a bheith do d’ chosaint ’s do d’ chúmhdach ó anachain ’s ó
bhaoghal?"
"Nach bhfeicim sin," arsa mise,
"acht seo í an roilig annseo agus buailimís
isteach go mbreathnuighmid thart. A Thighearna, nach é an áit atá ciuin, annseo
ar cholbh na Fairrge Móire, gan aon cheo ag cur
isteach ar an gciuineadas sin acht mion-tsleasáil na dtonnóg atá ag lighe agus
ag pógadh na gcairrgreach thíos, an lá ciuin samhraidh seo! Bíodh geall nach
mbíonn an áit seo chomh sochmhaidhe socair nuair bhíos an fhairrge tóigthe le
stoirm agus anfadh an gheimhridh, nuair a bhíos na
róisteacha móra muing-gheala ag teacht ina sean-rása aniar ó bhun na spéire
agus ghá gcaitheamh féin go mío-thrócaireach árd-ghlórach i n-aghaidh
na gcairrgreach seo thíos?"
"Is beag beann atá ag
na cairrgreacha sin ar threasgairt na dtonn mar tá an seasamh ionnta agus iad
sáthach dubhshláinneach dhóibh dá chúmhachtaighe iad," ar seisean. "Acht nach í seo uaigh Dheirble leis an mballa beag cloch
thart uirthi?"
B’fhíor do’n
tsean-iasgaire. Ní raibh tráithnín
amháin féir ná cineál ar bith eile ag fás uirthi. Í go
lom íseal annsin i gcroidhe na roilige mar bhí an
naomh í féin tráth i gcroidhe na ndaoine atá thart uirthi anois ag iomchur na
bhfód. Agus,
a Dhia, nach é an sean-iomchur é ag cuid aca seo atá ’na luighe annseo le
corrlach ’s míle bliadhan? Is doiligh baramhail a thabhairt ar an gcineál
saoghail a bhí ar an bhFál Mór nuair a mhair Deirble ann acht is cosamhail gur
ghlac na daoine a bhí ann an tráth sin go fonnmhar, dúthrachtach le teagasg an
naoimh agus tá a rian sin san áit indiu, mar adubhairt an t-iasgaire.
Má bhí sluagh mór thart uirthi ina lá níl sí gan cómhluadar thart uirthi anois
chomh maith leis an uair sin. Nár
dhearmadthar go deo iad, agus go mba h-árd a leabaidh imeasg na naomh.
"Acht breathnuigh, a Mhicheáil, cé ’tá
curtha faoi ’n leacht bhreágh, árd údaigh thiar ag
sgonnsa na roilige?"
"Sin é an áit a bhfuil
na h-iasgairí as Inis Géidhe a báitheadh suim bliadhanta ó shoin
curtha. Nár
chuala tú faoi’n mbáthadh mhór sin?"
"Ní feasach mé gur
chuala," arsa mise.
"Innseochaidh mise dhuit é mar is maith
is cuimhneach liom an oidhche chéadna. Amach i mí Dheire Fóghmhair sa
mbliadhain 1927 tháinig tráthnóna chomh ciuin sáimh ’s
a tháinig ó shoin. Thuit sé ’un ciuinis chomh mór sin le contráth na h-oidhche
nach gcorróchaidhe ribe gruaige ar do cheann. Bhí ’chuile chosamhlacht ar an
bhfairrge go mbéadh iasg le fagháil go fairsing an oidhche sin agus seo chun
fairrge iasgairí Inis Géidhe ina gcuid curach ag brath slad a dhéanamh ar na h-éisg
an oidhche sin. Rinneadh an slad agus sléacht acht ní ar na h-éisg
a rinneadh é acht ar na h-iasgairí, mar a chluinfeas tú.
Nuair a bhí sé
ag teannadh amach le meadhon oidhche agus na h-iasgairí ag bordáil
a gcuid eangach amuigh i ndoimhneacht na fairrge, agus éadáil mhaith aca
ionnta, mar a bhuailfeá do dhá bhois faoi n-a chéile, d’árduigh an
stoirm de phlimp. Shiab sí agus shéid sí, agus ag neartughadh a bhí sí go dtí
go raibh an fhairrge tóigthe ina róisteacha fiadháine aici taobh istigh de
leath-uair a chluig. A leitheide níor shéid ariamh chomh tobann. Glacadh na h-iasgairí
chomh gearr sin san am nach raibh súil ar bith aca le n-a
leitheide, agus iad ag carraidheacht le eangacha fliucha amuigh san aigéan i
ndorchadas na h-oidhche gur gearr a sheas siad. Cuireadh cuid de
na curaigh faoi chois agus séideadh cuid eile aca roimh an ghaoith gur dearnadh
cláiríní dhíobh i n-aghaidh na gcairrgreach sin thiar. Ba
uathbhásach go deo an oidhche í le stoirm nár mhair i bhfad, acht ba bhocht an
oidhche í do mhuinntir Inis Géidhe. D’fhág stoirm na h-oidhche sin
néall ar mhuinntir na n-oileán nach ndéanfaidh siad dearmad de i
gcaitheamh a solais."
"Ar báitheadh mórán an
oidhche sin?" arsa mise.
"Báitheadh,
fairíor," ar sisean. "Ní
amháin as Inis Géidhe acht rug an stoirm chéadna ar iasgairí thart ar chladaigh
Chonamara agus ar thuaisceart Mhuigheo gur sguabadh go tóin puill mór-sheisear
a’s dá fhichead, más cuimhneach liom i gceart é. Fuarthas cuid de na cuirp ina
dhiaidh sin acht ag Dia amháin atá fhios cá bhfuil uaigh na coda eile."
"Feicim go bhfuil aon duine dhéag curtha
san uaigh seo," arsa mise.
"Tá," ar seisean. "Iad seo a báitheadh as Inis Géidhe atá curtha
annseo agus féach gur chabhruigh na deoraidhthe Gaedheal le leacht mar ba chóir
a chur ar an muinntir a bhfuil a gcolannacha i dtaisge san uaigh seo."
"Nach bhfeicim sin?" arsa mise,
"agus ba mhinic cheana a mb’éigean dóibh teacht de chabhair ar mhuinntir na Gaedhealtachta. Is fada anois í faoi amhgar agus faoi chrádh,
mar Ghaedhealtacht. Le mo linn féin is iomdha céasadh atá fáighte aici ó
Chonamara go hÁrainn Mhóir ar chladaigh Thír Chonaill. Is fada a bhéas cuimhne ag muinntir Chois Fhairrge ar an tsléacht a rinne an mine
a tháinig i dtír annsin agus gan fhios ag na daoine a bhí cruinnighthe thart
air céard a bhí ann gur phléasg sé agus gur dearnadh mion-spruadhán díobh
uilig. Annsin, nach glas in do chuimhne féin an mío-ádh mór a thuit ar
mhuinntir na h-Árainne Móire i dTír
Chonaill nuair a báitheadh naoi nduine dhéag a bhí ar a mbealach abhaile as
Albain agus an mío-ádh sin a thuitim ortha agus iad i n-amharc a
dtighthe féin. Annsin aríst teanam leat go hAcaill áit a bhfuil gruaidheanna
fliucha go fóill agus ní gan ádhbhar. Tá bás agus an-bhás ann
acht nach iad an deichneabhar ógánach a bhí i nAlbain as Acaill a fuair an t-an-bhás
nuair a rinneadh luaithreamhán díobh thall. Ní h-iongantas ar bith
é na gruaidheanna a bheith fliuch ag muinntir Acla mar
gur tugadh cuirp na n-ógánach sin abhaile chucu ina luaithreamhán
gan toirt gan aithne."
"Is truagh é, agus is ró-thruagh é go
dtárluigheann a leitheide," arsa Micheál, "acht ar ndóigh b’in an bás
a bhí i ndán dóibh agus ní raibh aon dul uaidh aca."
"Sean-sgéal é sin agus
meirg air, a Mhicheáil. ‘An bás a
bhí i ndán dóibh.’ Seafóid! Nach bocht an bhail atá ag dul ar iarsmaí Chlann
Gaedheal i ndiaidh an mhéid a d’fhulaing siad le n-a dtír, a gcliú
agus a gceart a chosaint agus anois nuair ba chóir tárrtháil a bheith le
fagháil aca ar deireadh, níl le fagháil aca acht báthadh agus dóghadh. Mur bhfuil i ndán dóibh acht sin i ndiaidh an iomláin, is cleasach an peata an chinneamhaint."
"Acht ós ag trácht ar ár agus sléacht
muid, nach iongantach nár cumadh dán ná amhrán fútha seo atá curtha annseo? Mac
a samhail ‘Anach Cuain’ a chum Reaftuirí fadó atá mé a rádh," arsa
Micheál.
"Ó thárla gur mheabhruigh tú dhom é, is
cuimhneach liom gur cumadh," arsa mise. "Ná síl go bhfuil Iorrus
fágtha go fóill gan file. Tá fear a dtugtar Seán Ó Monacháin air ina
chómhnuidhe ar an Árd Mór i n-aice le Béal a’ Mhuirthid agus chum
seisean píosa filidheachta faoi. B’fhéidir gur furast méar a leagaint air mar
fhilidheacht acht ba mhaith an iarraidh é do fhear nach raibh i n-ánn
léigheadh ná sgríobhadh. Seo chugat anois saothar Sheáin go bhfeicidh mé do
bharamhail faoi:
AN
BÁTHADH MÓR
1
Nach bocht an gháir
is nach daor an bás é,
Ó rinneadh an t-ár
seo i nInis Géidhe?
Tá’n sgata báidhte
a b’fhearr san áit seo
I bPort a’
Chárainn, ’s nach mór an sgéal!
Dá sínthí a gcnámha i gcómhnra cláraidh
Nó ’n cholainn
ghránda bheith curtha i gcré,
Ní bhéadh mná ’gus
páistí chomh buartha cráidhte
’S bhéadh a
muinntear sásta i nInis Géidhe.
2
Ní i mbaile ná
paráiste ’tá cainnt faoi’n mbáthadh
Acht ins na ceithre
h-áirdí uilig go léir;
Ar sgéal chomh cásmhar tá’n domhan a’ tráchtadh
’S ní gan ádhbhar, céad fairíor géar!
’S gurb é seo an cóireadh a bhí geallta dhóbhtha
Nuair a d’árduigh
an cuaifeach ’s an tír faoi shuan,
Thart le cóstaí bhí
an fhairrge tóigthe
Gan slighe gan
treorughadh mar bhí i nAnach Cuain.
3
Bhí ’n domhan
tréigthe ag gealach ’s réalta,
Ba dubh na
spéarthaí ó thuit an oidhch’,
Nár mhór é a n-eagcaoint
’s iad sa ngéibhinn,
Ní raibh gar ’á
fhéachaint ó d’athruigh an ghaoth.
Ní raibh gath gealaighe ann ná
deallramh gréine,
Gur chaill siad
léargus ’s meabhair cinn
’S ó d’fheall na
céaslaí ’gus mothughadh a méara
Gur cuireadh i
dtréas iad i mbéal na tuinn’.
4
Bhí an ghaoth ag
séideadh thrí chnuic ’s sléibhte,
An fhairrge ag
géarughadh i mbéal an chuain;
Bhí an curaichín éadtrom gan brígh gan téagar,
’S nár bheag a h-éitir ar bhárr na dtonn.
Bhí an bhuilg a’ bualadh ’r an taobh ó thuaidh dhíobh,
’Sí tabhairt fuagraidh ghlain ghéir ó’n mbás,
Acht bhí aingle a’
fuagairt ’r an tráigh taobh thuas díobh
Agus leagadh anuas
iad i mbéal an tsnáimh.
5
Mac Dé ’s A
Mháthair a d’árduigh an gála,
Le toil na nGrásta
a shéid an ghaoth:
Bhí a cúmhacht
ró-láidir, ní raibh goir ’á sárughadh
’S ní fhéadfadh
bádóir a theacht i dtír.
Acht níl sa
mbáthadh acht gur mór an t-ár é,
Is tapaidh an bás é
gan briseadh croidhe,
Ní aicíd áithrid é
feadh bliadhan’ ná ráithe,
Acht beannacht a
fhágáil le buaidhreadh ’n tsaoghail.
6
Séard dubhairt na h-áird-chinn
chaith i bhfad i gcoláiste,
A fuair fios ó’n
bPápa ar chainnt na naomh,
Má rinneadh an
báthadh i bPort an Chárainn
Go raibh an
Breitheamh i láthair ’ghá leigint saor.
Bhí Dia ’ghá
sábháil ’s ag réidhteach áit’ dóibh
Ní sgathamh gearr é
ná lóistín oidhch’,
Acht do’n anam
táruighth’ céad míle fáilte
I Ríoghacht an
Áird-Ríogh aríst a choidhch’."
"Mh’anam," arsa Micheál, "gur
maith atá sé curtha le chéile ag an bhfile agus ba doiligh leacht cuimhneacháin
ní b’fheileamhnaighe a thógáil ar na créatúirí atá anois ag tabhairt an fhéir
annseo. Dream iad a shaothruigh a gcuid go cruaidh, contabhairteach oidhche ’gus
lá acht tá súil le Dia agam go bhfuil siad san áit nach mbéidh aon easnaimh
ortha feasta.
Tá sompla maith le fagháil thart annseo ar an
tsaoghal anróiteach atá aca seo atá ina gcómhnuidhe cois na Fairrge Móire.
D’fhéadfaidhe a rádh gur ins an bhfairrge sin atá a mbeatha agus a mbás leis na
cianta. Ba í a bhí ’ghá sguabadh anonn go Meiriocá fadó ina ngasúir bhoga óga
agus ina sean-daoine críona, liatha i n-aimsir an droch-shaoghail.
’Sí atá ’ghá n-iomchur anois féin thar sáile go tíortha eile ar
lorg greim a mbéal. Iad seo nach bhfágann baile bíonn siad ag síor-phléidhe
léithe ag iarraidh slighe bheathadh a bhaint aisti. Is iongantach é grádh na
ndaoine seo do’n fhairrge, acht dá mhéid a gcuid grádha dhi, tá sgáth a
gcroidhe ortha róimpi, mar is maith atá fhios aca, má tá sí mealltach ciuin
sgaithte go bhfuil sí fealltach, sanntach uaireannta eile agus go mbéidh a cuid
féin aici ar deireadh. Is iomdha duine a dtug sí slighe maireachtála dhó, acht
ar an láimh eile is iomdha duine a shluig sí chuici féin gan sgaradh leis go
deo, acht is beag má tá tréith ar bith innti nach dtuigeann an cladachóir agus
cinnte is í atá tréitheach."
"Shul a n-imthighidh muid
ó’n áit seo innseochaidh mé sgéilín beag dhuit a chuala mé go minic, acht
b’fhéidir gur chuala tú féin é. ‘Caora Inis Géidhe’ atá mé ag cuimhniughadh
air," arsa mise le Micheál nuair a bhí an píosa cainnte thuas faoi na
cladachóirí agus an fhairrge déanta aige.
"Ní cuimhneach liom," ar seisean,
"gur chuala mé ariamh é agus le do thoil sgaoil chugam é agus giorróchaidh
sé an bóthar dúinn mar tá sé i n-am againn an Fál Mór a
fhágáil."
"Seo é an chaoi ar chuala mise é. Casadh
beirt fhear as Inis Géidhe ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid tráth amháin agus é ar
intinn ag gach aoinne aca sgata caorach a cheannacht. Chuartuigh siad an t-aonach
ar fad acht ní raibh ann an lá sin acht an sgata amháin gur bh’fhiú ceannacht.
Níor theastuigh an sgata ar fad ó cheachtar de’n bheirt acht ní raibh fear na
gcaorach sásta an sgata a roinnt. Ar deireadh shocruigh an bheirt as Inis Géidhe
an sgata uilig a cheannacht i bpáirt. Cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a tugadh
na caoirigh go hInis Géidhe fuair an bheirt fhear amach go raibh caora corr sa
sgata. Annsin thoisigh an clampar. Ní raibh ceachtar aca sásta an chaora chorr
a bheith ag an duine eile agus ní leigfeadh an cheann-dánacht do cheachtar aca
luach na caorach a thabhairt do’n duine eile agus an cheist a shocrughadh. Ar
ndóigh níor bh’fhéidir smaoineadh ar dhá leith a dhéanamh de’n chaora agus cead
ag gach aoinne aca leath a bheith aige.
Lean an t-achrann mar sin go
dtáinig an Geimhreadh agus bhí saoghal an ghirrfhiaidh ag an gcaora bhoicht ag
imtheacht léithe, ruaigthe ó sgata go sgata. Nuair a tháinig an t-am
leis na caoirigh a lomadh rug duine de’n bheirt ar an gcaora agus lom sé leath-taobh
dhi, cead ag an bhfear eile an leath eile de’n olainn a bheith aige. Níor bhac
an dara fear léithe agus ba seó do’n tsaoghal í anois agus leath-taobh dhi
bearrtha.
Bhí go maith go dtáinig oidhche pholltach,
fhuar sa nGeimhreadh. Chuaidh an chaora bhocht ar fasgadh faoi thom driseacha
agus mío-ádhmhail go leor chuaidh an olann fhada i bhfastódh ins na driseacha
sa gcaoi nár bh’fhéidir léithe sin a fhágáil gur cailleadh í. Annsin a thoisigh
an clibín agus an clampar i ndáirírí idir an bheirt fhear faoi cé aca ba
chionntach le bás na caorach. Deir an fear nár lom a leath féin di dá bhfágtaoi
í gan lomadh chor ar bith nach ngoillfeadh fuacht na h-oidhche
uirthi agus nach mbéadh call uirthi dul ar fasgadh. Deir an fear eile nárbh é
féin ba chionntach mar, dá lomthaoi an chaora uilig nach ngabhfadh sí i
bhfastódh mar bhéadh an olann ró-ghearr.
Chuaidh an cheist ó chúirt go cúirt gur
bochtuigheadh an bheirt fhear sin chomh mór leis an dlighe go mb’éigean dóibh
an t-oileán a fhágáil agus gan pinginn ruadh aca agus an cheist
gan socrughadh. Ó shoin i leith tá sé ina leath-fhocal i nIorrus faoi cheist ar
bith a théigheas ó chúirt go cúirt gur geall maith le ‘Caora Inis Géidhe’
é."
"Sin sgéal nár chuala mé ariamh go dtí
anois," arsa Micheál, "agus mh’anam go gcreidfinn é. Bíonn daoine ann
nach leigeann an cheann-dánacht dóibh éisteacht le réasún ná cómhairle a mbéidh
ciall léithe. Ba mhilis a d’íoc an bheirt úd ar a gcuid ceann-dánachta agus ba
daor an chaora ortha í ar deireadh thiar."
"D’fhéadfá a rádh go mba daor, a dhuine,
acht nach fíoradh ar an tsean-fhocal é adeir gur i ngan fhios do’n dlighe ba
chóir a bheith ann ’gus ní costas ar bith an t-éadach?"
D’fhág muid slán ag an bhFál Mór agus thug
muid an bóthar aniar orainn féin mar bhí sé ag teannadh amach go maith sa lá.
Aniar thríd Ghlais a tháinig muid ag tarraingt ar an Eachléim. Baile réasúnta
mór é Glais ó tháinig muinntir Inis Géidhe isteach ann. I ndiaidh an bháthaidh
mhóir a bhfuil trácht déanta air thuas tugadh talamh ar an mhóir-thír do
mhuinntir Inis Géidhe uilig sa gcaoi nár fágadh aoinne amuigh ar na h-oileáin.
Acht má tá siad anois ar an mhóir-thír tá a gcroidhe go fóill ins na h-oileáin
atá amuigh ar ucht árd na dtonn.
Ba le iasgaireacht a chlaoidh siad nuair a
bhí siad ar na h-oileáin agus cé go raibh an obair sin anróiteach
agus contabhairteach, bhí siad déanta air, agus a n-intinn air.
Acht nuair a tugadh isteach ar an mhóir-thír iad le dúil go gclaoidhfeadh siad
le talmhaidheacht, baineadh as a gcleachtadh iad sa gcaoi anois nach bhfuil aon
luighe aca le curaidheacht ná iasgaireacht. Deir siad féin nach bhfuair siad
leath a ndíoladh de thalamh agus go mba deiseamhla i bhfad iad nuair a bhí siad
ar na h-oileáin ná mar atá siad anois. Ar chuma ar bith tá an t-aos
óg anois ag imtheacht leo go hAlbain agus go Sasana, nós nach raibh aca chor ar
bith go dtáinig siad isteach ar an mhóir-thír, ná call ar bith leis, má’s fíor
dóibh féin é.
CAIBIDIL III
Sean-amhránaidhe - Breathnaigh Inis Géidhe
- "Sail Óg Ruadh" - Sgéal an amhráin.
NUAIR
a bhí muid ag teannadh aniar ar an gceann thoir de’n bhaile bhí bean ag
buachailleacht cúpla bó i gcúlán a bhí le h-ais an bhóthair. Ina
suidhe ar charagán cloch ar theorainn an chúláin a bhí sí, a h-aghaidh
ar an bhfairrge agus ar na h-oileáin amuigh. Nuair a tháinig muid
ní ba goire dhi thug muid faoi deara go raibh sí ag casadh amhráin di féin.
D’ísligh muid de na rothair go bhfeicfeadh sinn an dtiocfadh linn aon mheabhair
a bhaint as a cuid amhránaidheachta. Gan aon strómh bhain. Ba "Sail Óg
Ruadh" a bhí dhá ghabháil aici agus cinnte, ba deas uaithi an t-amhrán
a chasadh. D’fhan muid go raibh sé críochnuighthe aici agus annsin chuaidh muid
isteach thar an gclaidhe agus suas chomh fada léithe.
"Tá tú ag buachailleacht, bail ó Dhia
ort," arsa Micheál.
"Tá go díreach, go mba h-é
dhuit," ar sise. "Is beag eile atá mé i n-ann a dhéanamh
mar tá aois mhór orm agus ’sé mo shláinte é bheith amuigh nuair atá an lá go
breágh."
"Tá tú i n-ann níos mó ná
buachailleacht a dhéanamh," arsa mise, "mar is maith is féidir leat
amhrán a chasadh."
Tháinig meangadh beag gáiridhe ar a h-aghaidh
agus ar sise: "Leig do do chuid magaidh anois faoi shean-bhean."
"Ní magadh ar bith é," arsa mise,
"acht lom-chlár na fírinne. Acht cogair mé seo, le do thoil. Cé’n áit a
bhfuair tú an t-amhrán sin a bhí dh’á chasadh agat shul a dtáinig
muid aníos chugat?"
"‘Sail Óg Ruadh,’ an eadh?" ar
sise.
"Seadh díreach," arsa mise.
"Bhí sé ag mo mhuinntir rómham le mo
shean-chuimhne agus tháinig sé anuas chugam-sa uatha, beannacht Dé leo. Is beag
má bhí aoinne dá’r tóigeadh ariamh ar na h-oileáin úd amuigh ó’n
am ar mhair Sail bhocht í féin amuigh annsin, nach raibh an t-amhrán
sin aige," ar sise.
Anois má bhí iongantas ar aon bheirt ariamh
bhí iongantas orainne beirt nuair a chuala muid sgéal na sean-mhná sin faoi’n
amhrán cáileamhail sin. Bhí fhios againn gur amhrán é a bhí le fagháil i
gceithre cheárda Fódla acht níor chuala ceachtar againn go dtí sin go raibh aon
bhaint aige le Inis Géidhe. Dá bhrigh sin chinn muid gan sin a fhágáil go
bhfághadh sinn amach ó’n tsean-bhean seo gach a raibh ar eolas aici faoi’n
amhrán.
"Agus a ndeir tú liom é," arsa
Micheál, "go mba as Inis Géidhe Sail Óg Ruadh?"
"B’as
cinnte," ar sise, "agus dá bhféadtaoi bun a chur leis tá lúb gaoil
agam féin le n-a muinntir. Tá daoine muinnteardha dhi ina
gcómhnuidhe ar an mbaile seo go fóill, acht ba amuigh ar na h-oileáin
a bhí cómhnuidhe ortha go dtí gur dearnadh tighthe dhóibh annseo le
goirid."
"Creidim,"
arsa mise, "go bhfuil seanchas eicínt ag muinntir an bhaile seo fúithe, nó
b’fhéidir go dtiocfadh leat féin tuairisg a thabhairt dúinn fúithe, mar go mba
mhaith linn an sgéal uilig a chlons."
"Dheamhan a
bhfuil agam-sa de’n tseanchas," ar sise, "acht gach a bhfuil ag
’chuile dhuine eile ar mo bhaile agus bíodh sé agaibh agus fáilte." Leis sin thoisigh uirthi gur innis sí dhúinn an sgéal
seo a leanas i nGaedhilg ghlain bhríoghmhair:
Tráth amháin ba mhór ar fad an cháil a bhí ar
na h-aontaighe a bhíodh i mBéal a’ Mhuirthid, go mór mhór ar
aonach Lá ’l Muire Beag agus aonach na Samhna. Bhíodh ceannachóirí ó ’chuile
cheárd sa gconndae, mórán, ar na h-aontaighe seo mar go mba mhór
an tír caorach é an ceanntar thart ar an mbaile mór, an tráth sin. Acht tháinig
lá eile air. D’éirigh feilméirí an taobh sin tíre go mór as beathughadh caorach
agus chlaoidh siad le curaidheacht. Meastar gurbh é an t-úghdar a
bhí leis an athrughadh go raibh na daoine ag dul i líonmhaireacht agus an
talamh dh’á roinnt ortha, agus ar an ádhbhar sin ní raibh an leigint amach aca
leis na tréada a choingbheáil.
’Chuile lá ariamh b’fhearr oileáin Inis
Géidhe i gcóir caorach ná áit ar bith eile ar an mhóir-thír thart ar an gcósta
sin. B’fhurast na caoraigh a thigeadh as na h-oileáin a phiocadh
amach ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid, bhíodh siad chomh ramhar beathuighthe sin.
Dá bhrigh sin bhíodh tóir mhór i gcómhnuidhe ag na ceannachóirí go léir ar
chaoraigh na n-oileán ar aontaighe Bhéal a’ Mhuirthid. Bhíodh na
ceannachóirí ’ghá ngearradh féin amach sa luach sa gcaoi go bhfuigheadh
muinntear na n-oileán an phinginn a b’aoirde i gcómhnuidhe ar a
gcuid caorach.
San tráth sin bhí triúr driotháireacha de na
Breathnaigh ina gcómhnuidhe i nInis Géidhe, agus le cruth agus dóigheamhlacht
ba doiligh a sárughadh a fhagháil. Fir bhreághtha, chruaidh-dhéanta a bhí
ionnta agus bhí siad chomh dóigheamhail dathamhail sin go gcuirtí sunndas
ionnta as imeasg an tsluaigh ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid. Bhí siad láidir,
teann agus dubhshláinneach agus gan baoghal ortha a gcnámh a leigint go bog
uatha ná go suidhfeadh duine ar bith ina mbun. Acht ar an láimh eile bhí an
córtas agus an gheanamhlacht ionnta agus bhí sé de cháil ortha nár dhún siad
súil ariamh ar an mbochtán ná ar an té a raibh call ná fágáil ar bith air, fad
is bhí an chaoi aca-san fóirthint air.
Drifiúr amháin a bhí aca. Sail a b’ainm di
agus mur’ raibh cion ag a cuid driotháireach uirthi ní lá go maidin é.
Cailleadh an mháthair nuair a rugadh Sail agus ba le aire chiuin agus freastal
críonna a tugadh an naoidhneán thríd, acht bhí a bhuidheachas seo ar
bhean-ghlúin an oileáin. Ní raibh Sail acht ag teacht ins na déaga nuair a
báitheadh an t-athair agus é ag teacht ó aonach Bhéal a’ Mhuirthid
agus d’fhág sin na Breathnaigh gan athair gan máthair. Acht má d’fhág féin, ’sé
an chaoi ar mhéaduigh cion na ndriotháireach ar Shail agus ag méadughadh a bhí
an cion agus an grádh sin in aghaidh an lae.
Gearrchaile ghleoidhte, sgiamhach b’eadh
Sail. Gruag fhionn-bhán ag tuiteam ina duala trillseacha anuas ar ’chaon taobh
de’n aghaidh lághach, chineálta a bhí uirthi agus gan samhail ar bith le tabhairt
di acht na ríoghain mhaordha a bhfuil trácht ortha san bhFiannaidheacht. Bhíodh
sí i gcómhnuidhe i n-éinfheacht leis na driotháireacha ar
Aifreann, aonach agus margadh agus ba doiligh clann eile a fhagháil a bhí chomh
dílis d’á chéile leis an gclainn seo.
Thárla gur casadh na Breathnaigh le sgata
caorach ar aonach Bhéal a’ Mhuirthid tráth, agus bhí sin aca an sgata a
b’fhearr ar an aonach. Bhí ceannachóirí ag teacht ag breathnughadh ar na
caoraigh agus corr-dhuine ag cur luach ortha agus ag imtheacht leis aríst.
Amach faoi mheadhon lae tháinig ceannachóir ó cheanntar Chaisleán a’ Bharraigh
thart agus bheannuigh sé do na Breathnaigh agus bheannuigh siad-san dó. Bhí
sean-aithne aca ar a chéile agus níor bh’fhada go raibh na caoraigh díolta
ceannuighthe, an bonn-tsochar tugtha agus an béil-éist dh’á ól. Bhí Sail i
láthair ag an mbéil-éist agus ba é seo an chéad uair ariamh a leag an
ceannachóir súil uirthi, cé gur chuala sé cainnt uirthi go mion minic. Ó’n
móiméad ar leag sé súil uirthi thuit sé i ngrádh léithe agus sos ná suaimhneas
ní raibh aige ná ag na Breathnaigh uaidh gur socruigheadh lá an chleamhnais.
Óig-fhear múinte, tóigthe a bhí ann agus ba díol mná ar bith sa tír é. I gceann
an dóigheamhlacht a bheith aige bhí ainm an airgid air agus ba mhaith a bhí a
fhios seo ag na Breathnaigh agus ar an ádhbhar sin bhí siad lán-toilteannach a
ghlacadh mar chéile do’n drifiúr.
Ar chuma ar bith pósadh an bheirt agus i
ndiaidh an bhainis a bheith thart i nInis Géidhe thug sé Sail leis abhaile.
Chuaidh na driotháireacha leo ar cuairt go ceann seachtmhaine agus b’in
seachtmhain a caitheadh go sultmhar má caitheadh seachtmhain ariamh le
aoibhneas agus sult. Ba bhrónach iad na driotháireacha ar fhilleadh abhaile
dhóibh acht ba mhór a chuaidh sé chun sóláis dóibh go raibh fear fiúntach mar
chéile ag Sail.
Ba chiotach ar fad a bhí an saoghal anois
ortha sa mbaile gan bean sa teach aca acht roighnigh siad leo ag baint lá as
agus gan chainnt ag aoinne aca pósadh. Chastaoi fear Sail’ ortha go minic ag na
h-aontaighe agus ní bhíodh aige dhóibh acht an deágh-sgéal, agus
lom-chlár na fírinne aige ann mar go raibh an saoghal ag dul ar aghaidh go
seolta leis féin agus le n-a mhnaoi ó pósadh iad.
Acht is corr-dhuine nach mbaineann an saoghal
líomóg as luath nó mall. I dtrátha ama bhí triúr clainne ag an lánamhain agus
ba doiligh triúr a fhagháil a bhí chomh dathamhail, tóigthe múinte leo. Acht
mar adeir an sean-fhocal, "nuair atá an cupán lán seadh is fusa a
dhóirteadh" agus b’fhearacht sin é ag Sail agus ag a fear. Cailleadh ise i
dtinneas clainne leis an tríomhadh breith agus fágadh an fear le triúr
dílleachtaidhthe le tógáil agus le soláthar dóibh. Bhí an saoghal ag teacht
crosach go maith air anois acht b’éigean dó cur suas leis. Chuir sé a thoil le
toil Dé agus shocruigh sé go nglacfadh sé go foighdeach le cébí a bhí geallta
dhó, rud a rinne sé, cé go raibh a chroidhe réabtha ina lár.
Cuireadh Sail i roilig Oileán Éadaigh gan
focal ná sgéal faoi n-a bás a chur go h-Inis Géidhe.
B’fhéidir gur mhór a bheithfidhe sa mhilleán ar an mbaintrigh fir a leitheide a
dhéanamh acht ba le teann truaighe dhóibh a rinne sé é mar nár mhaith leis an
droch-sgéal a sheoladh chuca agus bhí a fhios aige go gcluinfeadh siad é
sáthach luath.
Ní raibh caoi anois ag an gceannachóir a bheith
ag dul chuig na h-aontaighe chomh minic agus bhíodh sé agus níor
facthas é ar aonach ná margadh taobh amuigh dhíobh seo a bhí cómhgarach dh’á
bhaile féin. Chrothnuigh na Breathnaigh as Béal a’ Mhuirthid é agus bhíodh siad
i dtólamh ag cur fáirnéise le ceannachóirí eile faoi, go dtí ar deireadh fuair
siad amach an sgéal ar fad, sé sin, go raibh Sail marbh agus nach mbíodh a fear
ag dul i bhfad ó bhaile ó cailleadh í. B’aisteach leo é sin agus ghoill sé go
mór ortha nuair nár chuir sé sgéal chuca faoi bhás Sail’. Bhraith siad gur
dearnadh éagcóir uirthi, nach raibh sé ina cheann mhaith dhi agus go raibh sé
ag ceilt na fírinne ortha. Chuir siad a gcómhairle i gcionn a chéile agus
shocruigh siad a dhul chomh fada leis agus cruthughadh a fhagháil dóibh féin
faoi’n sgéal uilig. Bhí rún ina gcroidhe aca ag fágáil Inis Géidhe dhóibh go
mbainfeadh siad díoghaltas amach dá bhfághadh siad cruthughadh gur dearnadh
feall nó éagcóir ar an drifiúr.
Níor fhás mórán féir faoi na gcosa aca ó
d’fhág siad Inis Géidhe gur bhain siad baile an cheannachóra amach. Bhí an
clap-sholas ann nuair a bhí siad i n-amharc a thighe agus chinn
siad go bhfanfadh siad ag fálróid thart go n-éirigheadh sé dorcha,
agus annsin go ngabhfadh siad go dtí an doras ag cluais-éisteacht le fagháil amach
céard a bhéadh ar siubhal istigh. Nuair a bhí an oidhche tuitthe i gceart agus
an saoghal go socair ciuin, d’éaluigh an triúr leo go raibh siad taobh amuigh
de dhoras an cheannachóra. Ar shroichint an tighe dhóibh chuala siad an fear
istigh ag bréagadh na bpáistí chun codlata agus an t-amhrán
"Sail Óg Ruadh" dh’á ghabháil aige go binn-ghuthach brónach.
D’fhan an triúr ag éisteacht go raibh an t-amhrán
críochnuighthe agus annsin ba léir dóibh nach raibh aon fheall ná éagcóir san
sgéal. Bhí siad sásta ina n-intinn agus cé go mba géar a sgrúduigh
bás an drifiúra iad-san thuig siad go mba seacht ngéire a ghoill sé ar an té a
thug grádh a chroidhe go fírinneach dhi an chéad mhóiméad ar leag sé súil
uirthi acht gur sgar an bás ó chéile go deo iad.
D’fhill na Breathnaigh ar ais go hInis Géidhe
gan cur isteach ná amach ar an mbaintrigh fir bhocht. Thuig siad ó n-ar
chuala siad go raibh a dhóthain go binn de bhuairt air agus sin dh’á nochtadh
aige i n-amhrán dh’á chumadh féin.
Níl aon cheanntar, mórán, sa gconndae nach
bhfuil an t-amhrán le fagháil ann. "Sail Óg Ruadh" a
tugtar air i n-áiteacha agus "Oileán Éadaigh" i n-áiteacha
eile, acht admhuightear go bhfuil sé ar cheann de na h-amhráin is
brónaighe acht san am chéadna ortha seo is binne sa teangaidh.
Nuair a bhí an cunntas seo thuas
críochnuighthe ag an tsean-bhean, d’fhiafruigh muid di an mbéadh sí sásta an t-amhrán
a rádh aríst sa gcaoi go bhféadfadh sinn é a sgríobhadh síos mar go mba mhian
linn focla an amhráin a bheith againn mar a bhí siad aici. Thoiligh sí an t-amhrán
a rádh agus seo annseo focal ar fhocal mar a chan sí dúinne é.
SAIL ÓG RUADH
1
I nOileán Éadaigh ’tá mo rún ’s mo chéad ghrádh,
An bhean ar leig mé
léithe mo rún ’s mé óg.
Triúr ar aon chiall
ag gol ’na diaidh-se,
’S an bhean a
bhréagfadh iad mo léan, faoi’n bhfód.
Tá mé go tréith-lag
’s níl gar ’ghá shéanadh,
Níl mé ar aon chaoi acht mar a’ gceo
’S a stór mo
chléibhe nach tú d’fhág liom féin mé
’S go ndeacha tú i
gcré uaim ’s tú i’ do chailín óg.
2
I n-aois a sé déag ’seadh phós mé féin í,
Ba deas an féirín í ag fear le fagháil,
Ba deas a béasa ’s ba chiuin é a méin-mhaith,
’S ba geal le réalt
í ar maidin bhreágh.
Mo ghrádh do
bhéilín nár chum na bréaga,
Do ghruadh geal
glégeal mar an eala ar snámh,
Do chómhrádh
tréitheach le do leanbh a bhréagadh,
Acht a ghrádh níor
fhéad mé thú a thabhairt ó’n mbás.
3
Dá bpósainn málóid
de chailligh ghránda,
Thóigfeadh a lán
orm bheith ’gol ’na diaidh,
Acht an óig-bhean
bhán úd ar thug mé grádh dhi,
’S gur ina páistín seadh phós mé í.
B’fhearr liom go mór mór mo dhiaidh sa ród í,
Ag bleaghan mo bhó
nó i gcionn mo thighe,
Ná saidhbhreas
Sheoirse ’gus é a fhagháil le stróinse,
’S gur faoi na
fóidí a cuireadh í.
4
Níl fhios ag na
daoine chomh brónach ’s bhím-se,
An tráth a
smaoinighim ar stór mo chroidhe.
’S mé ag oileadh a
leanbh ar bhacán mo láimhe,
’S ’ghá chur a
chodladh le tigheacht na h-oidhch’.
Níl gar dhom
smaoineadh go bhfeicfidh mé choidhch’ í,
I mbun mo thighe nó
mo leanbh bán.
Tá fuil mo chroidhe
istigh a’ silt ina braonacha
’S, a Dhia, cé h-iongnadh
dhom bheith i ndiaidh mo ghrádha.
CAIBIDIL IV
Iarsmaí ó’n tsean-am - Mainistear na
Croise - Mainistear Thearmainn Chathrach - "Eoghan Cóir" - Riocard
Bairéad (file).
IS
ar éigin má tá ceanntar ar bith eile i nIorrus a bhfuil an oiread iarsmaí ó’n
tsean-am le fagháil ann agus atá ar an Muirthead. Idir shean-mhainistreacha,
toibreacha beannuighthe, sean-roiligí agus dúnta tá go leor aca ann le
cruthughadh go raibh cómhnuidhe agus áitreabh ar an Muirthead i bhfad shul a
raibh cómhnuidhe ar dhaoine i n-áit ar bith eile i nIorrus, sé sin
más cruthughadh ar bith é na sean-iarsmaí atá ann. Thart leis an gcósta atá an
chuid is mó de na sean-iarsmaí seo, agus uaidh sin is cosamhail gur thar
fairrge isteach a tháinig siad seo a chuir fútha ar an Muirthead i dtoiseach.
Thug muid cuairt ar chuid de na h-áiteacha
seo agus geobhfar beagán eolais fútha sin anois annseo do réir mar a casadh
orainn iad, acht ní bhéidh ann acht ag sgríobadh leis an uachtar mar nach raibh
mórán ama againn le caitheamh ann agus ní raibh fhios againn go gcasfaidhe a
leitheide orainn. Cinnte tá an seanchas le fagháil san gceanntar fútha acht níor mhór go leor
ama le n-a fhagháil.
Mainistear na Croise
Ar an gcósta
thiar de’n Mhuirthead, ar bhruach na Fairrge Móire, agus timcheall sé mhíle ar
an taobh ó thuaidh de’n Fhál Mhór tá an tsean-mhainistear seo. Do réir
cosamhlachta tá sí níos sine ná Mainistear Dheirble féin. Tá difridheacht mhór eatortha sa déanamh agus sa
leagaint amach chomh maith. Os a cómhair amuigh sa bhfairrge tá Inis Glóire
agus ní mór nach mar a chéile sa déanamh an mhainistear seo agus na
mainistreacha, nó na fothracha atá ar Inis Glóire. Tá sean-roilig thart ar an
mainistir seo agus cuireadh méid leis an roilig le gairid. Talamh gainimheach
atá thart ar an roilig agus ar Bhaile na Croise uilig. Níl aon tseasamh sa
gcineál seo talaimh i n-aghaidh na fairrge atá ag caitheamh agus
ag creimniú róimpi gan bac gan stop. Tá an creimniú seo ar siubhal chomh tréan
sin go bhfuil cuid mhór de’n roilig atá thart ar an mainistir sguabtha chun
bealaigh aige cheana féin. Tá an fhairrge isteach anois go binn na
mainistreach, mórán, agus mur’ gcuirtear bac leis an sgrios seo, agus is
doiligh a dhéanamh, is gairid go raibh an roilig agus na fothracha sguabtha
síos san áibéis le oibriughadh na fairrge.
Caithfidh sé gur mór an caitheamh a tháinig
ar an talamh san áit sin le seal gearr anuas mar tá daoine beo go fóill gur
cuimhneach leo go mbíthí ag bualadh báire i bpáirc a bhí idir an roilig agus an
fhairrge. Acht ní h-aon iongantas sin mar nach bhfuil cur síos ar
an neart a bhíos leis an bhfairrge san áit seo go mór mhór le linn stoirme,
agus ar ndóigh tugann an gaineamh uaidh go réidh.
Ina sheasamh do dhuine ag an mainistir sin
agus é ag breathnughadh síos faoi ar an bhfairrge ag greadadh agus ag
síor-sguabadh an talaimh amach léithe do réir a chéile, chuirfidhe i n-iúl
dó go soiléir, suaraighil agus éidtreoireacht an chine daonda i gcomórtas le
cúmhacht iongantaigh na Nádúire. Tá cnámha na marbh dh’á sguabadh amach go
grinneall na fairrge le síor-oibriughadh na dtonntrach agus gan goir ag
intleacht an duine, dá chumasaighe í, stop a chur leis an ár atá dh’á dhéanamh.
Níl ina sheasamh de’n mhainistir seo anois
acht an bhinn thiar agus cuid de’n dá thaobh-balla. Is deacair baramhail a
thabhairt ar a méid nuair a bhí sí faoi lán-tseoil mar tá an chuid is mó de na
fothracha clúduighthe leis an ghainimh. Tá leacht árd ina seasamh istigh san
tsean-mhainistir agus deirtear go raibh sgríbhinn i n-ógham uirthi
tráth, acht leis an gcaoi a ndeacha an síon-chaitheamh i gcionn uirthi, ní mór
nach bhfuil ’chuile rian de’n sgríbhinn sin glanta dhi anois. San roilig seo tá
Riocard Bairéad, an file cumasach sin a bhfuil an oiread tráchta air ag lucht
litridheachta na Gaedhilge, curtha. Níl lia ná leacht ar a uaigh acht mur’
bhfuil féin ná síltear go ndéanfaidhear dearmad de, ná go ngabhfaidh a uaigh ó
aithne fhad is bhéas sí ar thalamh tirm. Acht níor mhór féachaint chuige agus
cosaint a chur uirthi i n-am, mar má déantar faillighe mórán níos
fuide san obair, béidh an fhairrge thart uirthi agus ní bhéidh aon drannadh
léithe annsin.
Mainistear
Thearmainn Chathrach
Thiar ó thuaidh i n-aice le
cósta fiadháin Iorruis Dhomhnainn tá fothrach sean-teampaill eile. Mainistear Thearmainn
Chathrach is ainm dó agus ó n-a bhfuil fágtha de na fothracha
indiu tá ’chuile chosamhlacht gur sine i bhfad an mhainistear seo ná Mainistear
na Croise. Is léir chomh maith go dtáinig feabhas mór ar cheird na
saoirseanacht cloch ó rinneadh an mhainistear seo go ndearnadh Mainistear na
Croise. Níl an obair chomh slachtmhar ná chomh teann. Tá na ballaí íseal agus
is furast a aithne nach go ró-mhaith a bhí a cheird ag an tsaor a chuir an
obair ó n-a láimh. Ó ainm na h-áite bheithfidhe ag
súil go mbéadh baile réasúnta mór san áit, acht níl.
Ceanntar lom garbh é acht go bhfuil an talamh
atá thart ar na fothracha saidhbhir go leor mar is talamh trom gainimheach an
chuid is mó dhe. Tá, ar an leiceann ó thuaidh de’n árdán a bhfuil na fothracha
air, go leor sean-bhallóga ag síneadh siar agus aniar, agus annseo agus annsiúd
corr-mhullán ag gobadh aníos thríd an ngainimh. Tá cuma ar na mulláin seo go
raibh siad i n-obair tráth mar go bhfuil rian an chasúir ortha.
Thiocfadh dhó mar sin go raibh baile nó "cathair" ann nuair a bhí an
mhainistear ina seadh acht go bhfuil sé chomh fada sin ó bhí, go bhfuil
fothracha na "cathrach" clúduighthe le gainimh shéidte, gan acht
corr-chloch aca le feiceál.
Tá roilig thart ar fhothracha na mainistreach
seo agus balla slachtmhar a rinneadh le gairid, thart ar an roilig. Ní raibh de
chosaint thart ar an roilig roimhe sin acht claidhe fód agus i n-áiteacha
bhí an claidhe sin leagtha go talamh sa gcaoi gur ar éigin a bhí rian claidhe
ann chor ar bith.
Ní mór nach bhfuil sé seo ar cheann de na h-áiteacha
is fiadháine agus is iargcúltaighe san gconndae. Acht mar sin féin is doiligh
áit a fhagháil san gconndae a bhfuil iomsgéimh chomh breágh fiadháin ann agus
atá thart ar Thearmainn Chathrach. Tá, mar atá ráidhte, réimse comhthrom de
thalamh maith ann acht gur áit fhosgailte lom é.
Dá iargcúltaighe é, mar áit, fuair tighearna
talaimh amach é. Thóg sé áit chómhnuidhthe dhó féin cómhgarach do’n roilig agus
bhí talamh an bhaile sin uilig aige. B’iomdha sin tighearna a chaith sgathamh
dh’á shaoghal i nIorrus, acht le olcas agus tíorántacht thug sé seo an chraobh
leis ortha uilig, más fíor do’n tseanchas atá le fagháil go fóill thart ar an
áit faoi. Is glas agus is úr a chuimhne go fóill i seanchas na h-áite,
agus níl aon bhaoghal go ndéanfaidhear dearmad go luath ar a chuid tíorántachta
thart san gceanntar sin. Ní gádh a ainm a luadh mar tá sean-daoine thart ar
Thearmainn Chathrach go fóill a bhfuil cuimhne aca air agus chuirfeadh siad an
ghruag ina seasamh ar a cheann ag duine leis na sgéalta atá aca faoi. Tá an sgéal seo a leanas
aca faoi agus bhéarfaidhear annseo é mar atá sé aca-san agus má tá bréag ann
bíodh.
"Annsin thall le h-ais na
roilige a rinne an tíoránach a theach mar go mba é an phlásóg ba deise agus ba
tirme ar an mbaile é," arsa an seanchaidhe. "Níor gheall Dia ariamh
go mbeadh crochadóir chomh mío-thrócaireach leis ag cur faoi chomh gar do
roilig a raibh cnámha Críostuidhthe ina luighe innte acht ar ndóigh ba bheag a
bheann seisean ar Chríostuidheacht nó creideamh mar nár thuig an duine gránda
céard é.
"Ba geal leis i gcómhnuidhe a bheith ag
imirt ’chuile chleas ba diabhalta ná a chéile ar na daoine a bhí faoi n-a
smacht, acht ba gearr an seal a fuair sé agus ba bheag an cathughadh a bhí ina
dhiaidh nuair a tháinig an sgairt air. Nuair a d’airigh sé go raibh a sheal ar
an tsaoghal seo le bheith tugtha, d’orduigh sé a chur sa roilig i dTearmainn
Chathrach. Anois ná síltear gur le grádh do’n áit ná do’n mhuinntir a bhí
curtha ann a thug sé an t-ordughadh seo, acht le teann uilc agus
droch-mheasa ar mhuinntir na h-áite, mar go mba mhaith a thuig sé
nach mbéadh siad-san sásta leis mar ordughadh. Ba mhinic é ag déanamh magaidh
agus ag sgig-aithris faoi na daoine nuair a bhíodh sochraoid ag an roilig, agus
ar bhéasa na ndaoine ar shochraoid. Acht anois nuair a chuaidh an sgéal amach
go raibh orduighthe aige a chur sa roilig bhí siad i gcruth ceangailte le neart
a bhfeirge agus a mbáinidhe. Ba mhór a bhí le rádh aca nuair a chuala siad i
dtoiseach é, go ndéanfadh siad siod agus seo, acht ní raibh gar dóibh ann.
Tugadh an t-ordughadh agus chaithfidhe a choimhlíonadh, má b’olc
maith leo é.
"Bhí an sgéal dona go leor aca é féin a
bheith ina measg fhad is bhí sé beo acht ba seacht measa leo é mar sgéal, a
chorpán a bheith i n-aon roilig le n-a muinntir a bhí
ag tabhairt an fhéir i gcré choisreactha.
"Lá na sochraoide tugadh an corp chun na
roilige agus cuireadh é acht nuair a bhí an sgraith dheireannach socruighthe,
d’fhosgail an talamh agus le aon bhrúcht amháin, caitheadh an chómhnra go h-uachtar.
Cuireadh ath-uair é acht thárla an cleas céadna aríst. Féachadh an tríomhadh
uair é acht b’é an toradh céadna a bhí air. Ní raibh aon ghlacadh ag an gcré
choisreactha leis agus b’éigean a chur taobh amuigh de’n roilig áit a bhfuil an
uaigh le feiceál go dtí an lá atá indiu ann."
Is ins an roilig seo atá Eoghan Cóir, an
báille sin ar chum Riocard Bairéad an dán cáileamhail faoi, dán atá ina sheod
ar aortha na teangadh agus a bhuanóchas cuimhne ar Eoghan go gcaithtear an
saoghal. Ba as Baile na Léime Eoghan. Ba duine de na Conmhachtáin é agus bhí sé
ina bháille ag tighearna talaimh na h-áite. Báille dílis a bhí ann
nach ndearna faillighe ar bith ar a chuid oibre agus is iomdha sgéal a innstear
faoi agus faoi na cleasanna a tharraing sé chuige féin le beithidhigh agus
earraidhe a thógáil i leith an chíosa.
Tráth amháin bhí lánamhain ann nach raibh sé
d’acfuinn aca an cíos trom a bhí ortha a íoc agus cuireadh Eoghan ar a lorg.
Ghléas Eoghan é féin mar bhacach bóthair agus le tuitim na h-oidhche
tháinig sé go dtí teach na lánamhna agus d’iarr sé lóisdín oidhche, rud a fuair
sé gan doicheall. Dhá mbéadh fhios ag an lánamhain gurbh é an báille a bhí aca
ann ba bheag fáilte a bhéadh roimhe ní h-é amháin lóisdín a
thabhairt dó, acht ar ndóigh shíl siad-san gur "bhochtán Dé" a bhí
aca ann agus tugadh ’chuile chomphórt d’á mb’fhéidir dó.
Nuair a tháinig am luighe chuaidh muinntear
an tighe a chodladh agus shín an "bochtán Dé" ar an tsráideoig a bhí
cóirighthe dhó féin. Nuair a d’airigh sé muinntear an tighe ina gcodladh
d’éirigh sé. Sgaoil sé na beithidhigh agus thiomáin sé leis iad go dtí an
ponta.
Baisteadh Eoghan Cóir mar leas-ainm air mar
nach raibh córtas ná trócaire ar bith aige. Nuair a fuair sé bás chum Riocard
Bairéad dán faoi. Dán cliste é ina dtugann an file árd-mholadh do’n bháille
acht gur mhaith a thuig sé go dtuigfeadh na daoine gur moladh magaidh a bhí
dh’á dhéanamh aige i n-áit é a cháineadh go díreach.
Eoghan
Cóir
1
Nach é seo an sgéal
deacrach sa tír seo,
I n-anacair
chroidhe agus bróin,
Ó fhágas tú cnocán na líne
Go dtéighidh tú go
dtí an Fál Mór.
A leitheid de
sgreadadh ’s caoineadh
Níor cluineadh sa
tír seo go fóill,
Acht ar ndóigh níl
againn ann iongnadh,
Ó cailleadh,
fairíor! Eoghan Cóir.
2
Bhí cion agus meas
ag gach aon air,
An sean-duine críon
’s an t-óg.
Bhí saidhbhir a’s
daibhir i ngrádh leis,
I ngeall ar a
chroidhe maith mór.
Le togha a’s rogha na tíre
Do chaitheadh sé
píosa óir,
’Gus le daoine bocht’ eile níor spíd leis
Buidéal ó’n tsíbín a ól.
3
Ba ró-mhaith ag tógáil a’ chíos’ é.
Ba bheag aige mí nó dhó,
Go ndíoltaoi an bhó
ar an aonach
Nó an giota a bhí
ins an tseol.
Tá Annraos Ó
Gabháin ag caoineadh
’Gus ní bhéidh Seán
Ó Baoghaill i bhfad beo,
Ó cailleadh a
gcaraid sa tír seo
Is dubh atá a
gcroidhe le brón.
4
I dTearmainn
Chathrach níor síneadh
Ariamh faoi leac ná fód,
Aoinne ba mheasa do na daoine,
Ná an duine bocht maol Eoghan Cóir.
’Séard dubhairt Séimín Pheadair ag caoineadh,
’S é ag agairt ar
Rí na nDeor,
Do réir mar bhí seisean le daoine,
Gur b’amhlaidh bhéas Críosta dhó.
5
Bréag atá siad-san ag déanamh,
Níor cailleadh an
fear groidhe go fóill.
Acht chuaidh sé ar
cuairt chuig a ghaolta,
Go bhfeiceadh sé an
ríoghacht is mó.
Má thigeann sé ar ais ’un na tír’ seo,
Ní thiománfaidh sé a choidhche aon bhó,
Acht cuirfidh muid amach
as an tír é
’S a leanbh Ó
Baoghaill a bhéas leo.
6
Tá an h-aon
’s an seacht ins a’ líne
’Gus an ocht a chur
síos faoi dhó
Ó ghlac seisean cead le n-a dhaoine,
Níor labhair sé gíog níos mó.
Ó tá sé dearbhtha sgríobhtha
Gur talamh is críoch gach beo,
’S chomh fada is
bhéas muid beo ar an tsaoghal seo,
Cé’n dochar dúinn
braon beag a ól.
I mbaile beag ar a dtugtar Bearraic a rugadh
an file cumasach Riocard Bairéad. Tá an baile seo timcheall sé mhíle taobh
thiar de Bhéal a’ Mhuirthid, agus cé gur beag le rádh é mar bhaile indiu tá
dalladh cruthamhnais thart air go mba mhór le rádh é san am atá imthighthe. Tá
fothracha sean-dhún-phuirt ann agus is dócha gur ó’n dún-phort chéadna a fuair
an baile a ainm.
Togha sgoláire a b’eadh Riocard. Thiocfadh
leis cúig cinn de theangacha a labhairt gan aon strómh. Bhí sé ina mhúinteoir
ag clainn na ndaoine móra san áit, acht d’éirigh sé as an múinteoireacht agus
thoisigh sé ar fheilméaracht. Bhí sé pósta faoi dhó. Neans Ní Tallot a b’ainm
do’n chéad bhean a bhí aige agus bhí beirt chlainne aca - beirt inghean - acht
níltear cinnte faoi’n tsloinneadh a bhí ar an dara bean acht ba Máire a h-ainm
baiste. Leis an dara pósadh d’athruigh sé a áit chómhnaidhthe ó Bhearraic go
Cáirn, baile atá timcheall trí mhíle ar an taobh thiar de Bhéal a’ Mhuirthid.
Deirtear go mba fear lághach, gnaoidheamhail é, folt tiugh de ghruaig fhinn air
agus go raibh sé ina chómhráidhteach breágh agus ina sheanchaidhe thar cionn.
Deirtear faoi chomh maith gur amuigh sa ngort agus é i gcionn a chuid oibre a
chum sé an chuid is mó agus an chuid is fearr dh’á chuid filidheachta. Ar an
gCáirn a fuair sé bás acht thiar i roilig na Croise atá sé curtha. Suim
bliadhanta ó shoin thóg an tAthair Pádraig Ó Raghallaigh leacht os a chionn
acht ní raibh ann acht leacht ádhmaid agus níor mhair sé i bhfad. Níl lia ná
leacht ar an uaigh indiu.
CAIBIDIL V
Inis Glóire - Na fothracha - Uaigh
Chlainne Lir - Sean-leachtanna - Ag déanamh an "turais."
BHÍ
an t-ádh orainn shul ar fhág muid an Muirthead go bhfuair muid
caoi le dul amach go hInis Glóire, ceann de na h-oileáin is mó
cáil ar chósta na hÉireann. Le breathnughadh ó’n mhóir-thír amach ar an oileán
seo, Inis Gluaire Bhreanndáin, mar a tugtar air ins an tsean-stair, déarfadh
duine gur beag le rádh é, agus ar ndóigh maidir le achar is beag. Ní mórán le
cois trí ceathramhna míle ar fhaid é agus isteach is amach le ceathramha míle
ar leithead ins an áit is leithne.
Talamh gainimheach atá ar an oileán acht tá
cuid mhaith de’n oileán féin ina lom-charraig, go mór mhór an chuid thiar de.
Tá an gaineamh agus an chréafóig sguabtha chun bealaigh leis an bhfairrge áird
a théigheas treasna an chuid sin de’n oileán le linn stoirme. Annseo a
chuirfidhe i n-iúl do dhuine an chúmhacht agus an neart iongantach
atá sa bhfairrge. Tá cairrgreacha móra a bhfuil na céadta tonna meadhchain
ionnta réabtha ó n-a leabthacha agus caithte soir agus isteach
leith-chéad slat ar an oileán. Tá siad ina luighe annsin ar mhullach a chéile
ina gcárnáin mhóra gan órd gan eagar go dtigidh ruathar eile a chuirfeas
sgathamh eile isteach iad. ’Sé an ceann thiar de’n oileán an chuid is aoirde
de. Tá an dul le fánaidh soir go dtí an ceann thoir de.
Acht cé gur beag le rádh é an t-oileán
anois i gcúrsaí staire, tá an cruthughadh ann go mba áit cháileamhail é ina lá.
Tá fothracha cheithre mhainistreach nó teampall ann agus le cois an mhéid sin,
tá ann, fothracha cheithre cheall. Tá dhá cheann de na cealla seo a bhfuil an
clúdach slán ortha go fóill. Clúdach cloch atá ortha agus iad déanta sa gcaoi
go bhfuil na sreathanna cloch ag cumhangughadh isteach i dtreo lár na cille go
dtí nach bhfuil san tsreath dheiridh ar bárr acht cúpla leac. Tá an clúdach nó
an ceann tuitthe isteach ins an dá cheann eile agus tá maológa beaga eile thart
cómhgarach dhóibh seo agus níl aimhreas ar bith nach cealla eile a bhí ins na
maológa seo acht gur thuit an ceann isteach ionnta agus gur fhás an féar ortha.
Mar adubhradh thuas, tá fothracha cheithre
theampall ann. Teampall na bhFear a tugtar ar an gceann is fuide soir, agus
beagán ó dheas de, acht gan é chomh fada soir, tá Teampall na mBan. Tá cuid
mhaith de Theampall na bhFear slán go fóill, acht tá binn agus taobh-bhalla de
Theampall na mBan leagtha go talamh, mórán. Teampall Bhreanndáin agus Teampall
Mhochamhóig atá ar an dá theampall eile. Is beag de’n dá cheann seo nach bhfuil
leagtha go talamh anois, acht ó na fothracha, is soiléir nach raibh mórán méid
ionnta nuair a bhí siad ina seadh.
Is geall maith le ceithre clocha cúinne iad
na ceithre teampaill seo, agus istigh i lár an ghiodáin atá eatortha tá Uaigh
Chlainne Lir. Tá ceithre clocha árda ina seasamh ar an uaigh, ceann os cionn
gach duine de’n cheathrar do réir mar a d’orduigh Fionnghuala do Naomh
Mochamhóg iad a chur nuair adubhairt sí:
"Is amhlaidh
orduighim an uaigh,
Fiachra ’s Conn cruaidh rem’
thaobh;
Roimh m’ucht, idir
mo dhá láimh,
A chléirigh cháidh,
cuir Aodh."
Idir Uaigh Chlainne Lir agus Teampall na mBan
tá tobar beannuighthe. Tá balla íseal cloch thart air agus gan sa tobar acht beagán
uisge agus an méid sin féin i bhfad síos ann. Tá seacht nó ocht gcinn de
chéimeanna ag dul síos go dtí an t-uisge agus iad seo socruighthe
go daingean slachtmhar ina n-áit. Tá ’chuile chuma ar na céimeanna
seo go bhfuil siad ann leis na cianta agus go raibh tarraingt mhór daoine síos
agus aníos ortha tráth eicínt, tá siad chomh caithte sleamhan sin. Níl idir an
tobar agus an fhairrge nuair a bhíonn sé i n-aoirde-mhara acht
timcheall deich slat de thalamh acht ina dhiaidh sin níl aon bhlas ghuirteanas
ar uisge an tobair, cé go bhfuil leibhéal an uisge ann níos ísle ná leibhéal na
fairrge, fiú amháin nuair a bhíonn sé ina dhíth-thráigh. Cruthughadh ann féin é
sin nach bhfuil bealach ar bith go fairrge ag uisge an tobair, gidh go bhfuil
sé chomh cómhgarach di is atá sé. Ádhbhar iongantais eile atá ann, go mbíonn an
t-uisge ins an tobar ar an leibhéal chéadna i gcómhnuidhe, is cuma
fliuch nó tirm an aimsear.
San tsean-am bhíthí ag teacht ina sluaighte ó
’chuile cheárd de’n chonndae ag déanamh an "turais" ar Inis Glóire,
acht ní théigheann ann anois acht fíor-chorr-dhuine. Tá sé ráidhte chomh maith,
má thógann bean uisge as an tobar go n-éirigheann an t-uisge
ins an soitheach chomh dearg le fuil. Deir duine de mhuinntir Gháthchain a bhí
ina chómhnuidhe go dtí le goirid ar an oileán, go bhfaca sé féin é seo
cruthuighthe go minic.
Níl aoinne ina chómhnuidhe anois ar an oileán
acht bhí go dtí seal bliadhanta ó shoin. Bhí muirighin amháin de mhuinntir
Gháthchain ag fanacht air acht tá cómhnuidhe ortha anois ar an móir-thír.
Tá dhá roinn déanta de’n oileán le claidhe
atá ag síneadh ó thaobh go taobh. Deirtear go bhfuil an chuid de’n oileán atá
ar an taobh thoir de’n chlaidhe seo beannuighthe, acht nach bhfuil an roinn
thiar. San roinn thoir atá na fothracha a bhfuil trácht déanta ortha thuas. Ní
mór nach roilig mhór amháin an chuid bheannuighthe de’n oileán. Tá an draoi de leachtanna
agus clocha thuamba ann, cuid aca ina seasamh agus cuid eile caithte anuas ar
an talamh. Ar chuid díobh seo atá ina seasamh tá sgríbhinn acht tá sé chomh
caithte sin nach féidir aon mheabhair a bhaint as anois.
San roinn thiar tá ceithre leachtanna móra. Níl ins na leachtanna seo
acht cárnáin mhóra, árda de chlocha móra agus iad déanta go teann láidir. Tá an
ceann is aoirde dhíobh seo timcheall dhá throigh dhéag ar aoirde agus tá an
ceann is ísle tuairim ocht dtroigh ar aoirde. Tá leachtanna de’n chineál
chéadna ar Inis Mhóir, ceann de Oileáin Árann, acht go bhfuil na leachtanna atá
ar Inis Mhóir déanta níos slachtmhaire.
Níl fhios ag aoinne
anois cé’n t-úghdar a bhí leis na leachtanna seo ar Inis Glóire,
mar ní h-é gur ar uaigheanna atá siad tóigthe mar nach bhfuil
fútha ná thart ortha acht an charraig lom. Is cinnte nach é an t-úghdar
céadna a bhí leis na leachtanna seo a thógáil agus a bhí leo seo atá ar Inis
Mhóir, mar deirtear gur le linn sochraoid a tóigeadh iad seo atá ar Inis Mhóir,
acht ní raibh aon tsochraoid ag teacht ó threo na leacht go dtí an roilig ar
Inis Glóire, agus dhá mba le linn sochraoid a tóigeadh iad bhéadh níos mó ná
ceithre cinn ann.
Nuair a bhíthí
ag déanamh an "Turais" ar Inis Glóire, b’éigean do’n té a bhéadh ’ghá
dhéanamh toisiughadh ag an tobar agus cuairt a thabhairt thart ar ’chaon cheann
de na leachtanna seo agus ar ais aríst go dtí an tobar shul a dtéigheadh sé
chomh fada leis an gcéad leacht eile. Chaithfidhe
dul thart ar gach leacht de na ceithre cinn agus ar ais go dtí an tobar mar
sin. Chuirtí críoch leis an "turas" ag an tobar, acht ó thoiseach go
deireadh an "turais" ní raibh cead ag duine agus é ’ghá dhéanamh
siubhal ar fhéar acht i dtólamh ar an gcarraig agus ar chlocha an chladaigh. Ba
dian an "turas" é agus thóigfeadh sé an chuid ba mhó de lá le n-a
dhéanamh go ceart agus go h-iomlán. Deirtear go bhfuil sé de
bhuaidh ag an oileán chomh maith nach bhfacthas ariamh luchóg ná franncach ná
fiú an loisgeann féin air am ar bith gidh go bhfuil siad ar Inis gCaorach,
oileán eile atá faoi neasacht ceathramha míle dhó.
’Sé an truagh é nach bhfuil níos mó eolais le
fagháil faoi’n oileán seo, mar is cinnte go raibh am ann nuair a bhí sé go h-árd
i réim i gcúrsaí staire. ’Sé an déanamh céadna atá ar na teampaill atá air agus
atá ar an teampall atá i roilig na Croise agus is dócha gur timcheall an ama
chéadna a tóigeadh iad agus go raibh dlúth-bhaint aca le chéile tráth.
Is iongantach mar atá cuimhne ar Chlainn Lir
congbhuighthe beo go fóill thart ar chóstaí fiadháine Iorruis Dhomhnainn. Tá an
t-an-chuimse seanchais fútha go fóill thart ins an gceanntar sin
agus teasbáintear na clúideanna agus na pluaiseanna ar chuir na h-ealaí
oidhcheannta fuara, gaingideacha tharstú ionnta. I n-áit amháin tá
an Charraig Reoidhte agus deirtear gur ar an gcarraig sin a bhí na h-ealaí
nuair a bhí an fhairrge ó Cheann Iorruis go Ceann Acla ina clár amháin le leac
oidhre. Bhí an reodhadh chomh dian sin gur ghreamuigh cosa na n-ealaí
do’n charraig agus gur fágadh cuid de chraiceann a gcos ar an gcarraig nuair a
d’fhág siad é.
Tá áiteacha eile ann agus is cinnte gur ó
Chlainn Lir a fuair siad a n-ainmneacha. Tá Uaimín Chuinn, Gob
Aodha, Poirtín na nEala, Sgeilp Fhiachra agus Linn na nEalaí mBeannuighthe,
agus go leor áiteacha eile a fuair a n-ainmneacha ó na h-ealaí.
Ag éisteacht do dhuine le seanchaidhe de
chuid na h-áite sin ag cur síos ar Chlainn Lir, shílfeadh sé gur ó
chianaibh a chothuigh siad an áit, le chomh soiléir bríoghmhar agus a dtig leis
seanchas fútha a sgaoileadh uaidh. Ní dearmadtar i seanchas na h-áite
sin acht oiread gur éad mná ba siocair leis an dian-chruadhtain agus an
buan-phionós a cuireadh ar Chlainn Lir agus gur mhian mná ba chionntach le n-a
mbás obann ar deireadh ar Inis Glóire.
CAIBIDIL VI
An Geata Mór - Tighearnaí Talaimh - Na
Biongamaigh - Sglábhuidheacht agus imirce - Tobar an Cháirn.
FÁGFAIDH
muid slán ag na sean-mhainistreacha agus na roiligí seo go ceann sgathaimh acht
guidhimis go roinnfidh an Rí A Ríoghacht go fial le anamnacha na marbh atá ag
iomchur na bhfód ionnta. Ba mhaith a sheas siad ar thaobh an chirt agus an
chreidimh san tsaoghal chorrach chruaidh a bhí ann nuair a mhair siad. Chosain
siad agus thárthuigh siad ar bhain le n-a sinnsear agus ba
bhríoghmhar glan gan smál a d’fhág siad ar chosain siad agus ar chleachtuigh
siad de’n dúthchas gur bh’fhiú dúthchas agus saoidheacht a thabhairt uirthi,
againne. Shoraidh dhinn agus shoraidh dhinn aríst má tá an tsaoidheacht uasal
sin a fágadh mar oidhreacht againn, dhá truailliughadh agus dhá leigint i
ndearmad againn, nuair ba chóir glúin a chur le gliadh agus troigh le taca le n-a
cosaint agus le n-a cleachtadh. Fillfidh muid aríst ar chuid eile
de na mainistreacha, nó na fothracha manntacha, bearnacha ba chóir a rádh.
Idir Thearmainn
Chathrach agus Baile na Croise tá réimse fairsing leathan de dhúmhacha gainimhe
a bhfuil cuid de na biollaí atá ann chomh h-árd le sléibh. Thíos
idir na biollaí árda seo tá gleannta agus coirí chomh doimhin sin nach
sroicheann gaethe na gréine a n-íochtar an lá is fuide sa
mbliadhain. Gluaiseam cois cladaigh ó
Thearmainn Chathrach aníos arais ag tarraingt ar an nGeata Mór, daingean na
mBiongamach i nIorrus. Ó’n árdán ar an taobh ó thuaidh de’n Gheata Mór tá
radharc de’n chineál nach bhfeictear acht go h-annamh. Tá, ós
chómhair a shúl ag duine, limistéar de’n talamh is fearr san gconndae, is cuma
cén taobh dhe a bhreathnóchas sé.
Cé’n t-iongnadh mar sin go
bhfuil sean-mhainistreacha agus iarsmaí eile atá chomh sean leis an gceo, le
feiceál thall is i bhfus ar an machaire réidh seo. Shanntuigh an tsean-chine an
áit. Bhunuigh siad cill agus teampall ann. D’oil siad agus theagasg siad agus
ghuidh siad. Bhunuigh siad agus mhúnluigh siad saoidheacht agus béasa a bhí
ceart agus díreach, saoidheacht a sháruigh ar fheill, ar mhealladh ná ar
thíorántacht, dá chúmhachtaighe, iad a chlaoidheadh san bpór a shíolruigh
uatha, agus ba géar a féachadh an pór céadna.
Acht tháinig lá eile ar an machaire céadna
nuair a tháinig "ál gach cráine coigcríche" anall. Ortha seo bhí an
Biongamach. Ba le cneamhaireacht agus caimiléaracht a fuair sé seilbh ar an áit
seo i dtoiseach. Féach uait ar na sean-bheanntracha sin thoir uait ar thráigh
Oiligh. Sin a bhfuil fágtha anois de chaisleán an Bhiongamaigh. Ba le sgiúirse
agus sglábhuidheacht a tóigeadh é agus ba le fuil, foghail agus fuadach a
coingbhigheadh ar siubhal é. Ní raibh áird ná éisteacht le ologan máthar ná le
osna athar. Ba chuma fútha. Caithfidhe an tsainnt agus an ain-mhian a
shásughadh, agus an soiléar a choingbheáil lán. Acht nach ’in stair
"shliocht Sheáin" sa tír seo ó’n gcéad lá ar leag sé crúb air? Stair
atá le léigheadh ar chnoc agus i ngleann, ar fhód agus ar chloich ar fud na tíre.
Fuair siad a seal agus chaith siad é, acht tháinig an t-athrughadh
ar an athrughadh agus leis tháinig sgapadh ál an mhadaidh ar na tíoránaigh agus
bhí an lá ag lucht na foighde.
Seadh, sin iad fothracha chaisleán an
Bhiongamaigh. Tá na préacháin ag neadughadh ins na similéir agus na buláin ina
luighe ar urlár an phárlúis. Tá flith, neanntóga agus cupógaí ag fás go buacach
árd i ngach clúid agus coirnéal de. Sé an deireadh é a bhí tuillte aige. Nach iomdha sin
bothán seasgair a bhánuigh sé féin agus a shliocht le n-a linn?
Thug sé dídean agus fasgadh do éanacha an aeir san áit a raibh téagar agus
comphórt go dtáinig sé. Chuir sé aithreacha geanamhla agus máithreacha
múirneacha go h-óg san uaigh agus an fán agus an seachrán ar a
gclainn, acht má’s mall is fíor é díoghaltas Dé. Is lag fann a bhfuil fágtha dh’á shliocht féin indiu i nIorrus. Éist
leis an tseanchaidhe ag cur síos ar na Biongamaigh:
"Ba é Major Denis an chéad duine aca a
tháinig go hIorrus. Ar an Druim a chuir sé faoi i dtoiseach acht ní raibh sé
sásta leis an áit sin. B’fhearr leis greim a fhagháil ar Oiligh, rud a fuair.
Ba le muinntir Chormaic Oiligh agus fuair an Major cúpla páirc uaidh ar chíos.
Bhí an t-airgead ag an Major agus thoisigh air annsin ag déanamh
an chaisleáin agus ag cur feabhais ar an talamh san gcaoi nach raibh Mac Uí
Chormaic i n-ann an Biongamach a chúitiughadh ná a íoc ar an
bhfeabhas a bhí curtha aige ar an talamh. Thug sé léas do’n Mhajor ar
thuilleadh talaimh acht nuair a bhí an léas caithte bhí a chrúba ró-dhaingean
ag an mBiongamach i nOiligh agus b’éigean do Mhac Uí Chormaic géilleadh dhó sa
gcúirt agus an talamh a fhágáil aige.
Cé go raibh an sean-Mhajor go h-olc
ba mheasa i bhfad an dream a tháinig ina dhiaidh. Ní raibh i gcuid olcais an
Mhajor acht caitheamh dartacha ar ghualainn an chrochadóra a tháinig ina
dhiaidh, fear a dtugtaoi Donnchadh Caoch air. Leis an am fuair na Biongamaigh
seilbh ar áiteacha eile anonn ’s anall ar fud Iorruis agus nuair a fuair b’iad
nach raibh fuar ná failligheach a ndlighe a chur i bhféidhm agus a gcúmhacht a
theasbáint.
Bhí riaghail déanta aca go gcaithfeadh
’chuile thionónta dhá mhuic sa mbliadhain a thógáil agus a bheathughadh dhóibh,
annsin na muca a chur go aonach Bhéal a’ Mhuirthid nó go dtí an Geata Mór faoi
Nodlaig, áit a mbéadh an Biongamach ag fanacht leis na muca a ghlacadh. An té
nach mbéadh "banbh an Bhiongamaigh," mar a thugtaoi ar na muca,
beathuighthe aige faoi Nodlaig chaithfeadh sé dhá phunnta coróin agus sé pingne
a íoc leis an mBiongamach, sin agus an mhuc a thabhairt ar ais abhaile leis
agus í a bheathughadh sa gcaoi go mbéadh an máighistir sásta í a ghlacadh.
Anois san saoghal a bhí ann an tráth sin, bhí aithreacha agus máithreacha ag
fagháil a sean-tsáith le déanamh a gclann féin a thógáil gan beathughadh na
muice sin a bheith de chúram ortha, dhá mbéadh ceart le fagháil. B’iomdha sin
máthair a mb’éigean di a chuid a cheilt agus a choingbheáil ó n-a
páiste le n-a thabhairt do’n bhanbh ar fhaitchíos go bhfuigheadh
an banbh gránda bás, nó nach mbéadh sé ramhar beathuighthe aici faoi Nodlaig.
Ar ndóigh dhá gcailltí an mhuc chaithfidhe luach an bhainbh agus an dá phunnta
coróin agus sé pingne a íoc, sin nó seilbh a thabhairt suas agus cead ag an
tighearna tionónta eile a chur i seilbh na h-áite.
Riaghail eile a bhí aige mar thighearna, go
gcaithfeadh ’chuile thionónta a bhí faoi, dhá lá dhéag oibre a thabhairt dó i n-aisge
sa mbliadhain, ag obair ar an bhfeilm a bhí aige i nOiligh. Go h-iondual
ba sé lá san Earrach agus sé lá sa bhFóghmhar a bhí leagtha amach aige. Ba
chuma céard a bhéadh le déanamh ag an dtionónta ar a ghabhaltas féin
chaithfeadh sé a fhágáil annsin agus freastal ar obair an Bhiongamaigh agus na
‘duty days’ a bhí air a dhéanamh.
Acht níor bh’é sin an chuid ba mheasa dhe mar
riaghail. Cébí áit a raibh cuid dhá dhúithche aige, chuirfeadh sé focal faoi
dhéin na dtionónta a bheith i nOiligh ar a leitheide seo de lá. Chuirfeadh sé a bhád mór
féin faoi dhéin cuid aca a bhí ar an taobh eile de Chuan an Fhóid Dhuibh.
Thigeadh siad agus ní bhíodh le fagháil aca fhad ’s bhéadh siad i nOiligh acht
dhá bhéile sa lá. Dhá bhéile! Fan go bhfeicidh tú. Nuair a thigeadh am dinnéir
thigeadh dhá chairt amach ó’n gcaisleán go dtí cébí áit a mbéadh na daoine ag
obair. Ualach fataí bruithte ar chairt
amháin agus ualach sgadán bruithte ar an gcairt eile. Nuair a shroichfeadh na
cartacha an áit a raibh na h-oibridhthe ag obair, sgaptaoi na
fataí agus na sgadáin thart ar an mbán mar a chaithfidhe turnapaí chuig
caoirigh. Thoisigheadh an sgiob sgeab annsin idir na h-oibridhthe
ar na fataí agus na sgadáin. An té a bhí láidir bhéadh a sháith aige acht
chaithfeadh an té a bhí lag teacht leis an bhfuighleach. Bhíodh na créatúirí
uilig idir lag agus láidir stiúctha leis an ocras agus marbh amach leis an
obair agus ’sé an chaoi a raibh sé aca ag an mbéile, an sgian ba géire feannadh
sí.
Thigeadh an dara béile, fataí agus sgadáin
aríst, amach chuca tráthnóna nuair a bhíodh obair an lae thart agus bhíodh an
obair chéadna ann ’s a bhí ag am dinnéir. Annsin nuair a thigeadh an oidhche ní
raibh leaba ná fasgadh aca acht iad sáithte cois claidhe nó faoi bhruacha nó
tom driseacha go dtigeadh an mhaidin aríst agus go dtoisigheadh siad ar an
obair. Ba chuma fliuch nó tirm an aimsear ba amuigh faoi spéartha neimhe a
chaitheadh na h-oibridhthe sin an t-am, oidhche agus
lá fhad ’s bhíodh siad i nOiligh ag obair.
B’iomdha sin easlán agus lagarán a bhí ag
iarraidh na ‘duty days’ a chur isteach agus gan é i n-ann.
Théigheadh fuacht na h-oidhche agus an cruadhtan i gcionn chomh mór
ar a leitheide sin gur iomdha duine aca a cailleadh faoi’n mbruach a ndeacha sé
ar fasgadh faoi. Nuair a d’airighthí ar iarraidh é maidin lá ar n-a
bhárach, théigheadh searbhfhóghantaí an Bhiongamaigh thart ’ghá chuartughadh.
Nuair a gheibhfidhe é, ní dhéanfadh na searbhfhóghantaí a dhath acht an bruach
a leigint anuas air agus a fhágáil annsin."
Ar ndóigh níl an seanchaidhe acht ag
toisiughadh i gceart ar a bhfuil de sheanchas aige faoi na Biongamaigh acht
béidh baramhail ag an léightheoir ó’n mhéid atá innste thuas faoi’n gcineál
saoghail a bhí ag muinntir Iorruis agus an meas a bhí ag an mBiongamach ar a
chuid tionónta nuair a bhí a réim féin aige. Bhí na riaghlacha agus na dlighthe
thuas agus go leor eile a bhí chomh dona leo, i bhfeidhm i nIorrus gur chuir
Connradh na Talmhan stop leo. Déarfaidh an sean-tseanchaidhe go fóill, dá
dhonacht iad na Biongamaigh mar thighearnaí go mba mheasa i bhfad na báilidhthe
a bhí aca. Acht ar ndóigh ní ag seanchaidhe Iorruis amháin a bhfuil sé sin le
rádh aige faoi na báilidhthe agus a gcuid oibre.
Tá muid ag druidim aniar anois ó Bhaile na
Croise. Tá an Geata Mór i n-amharc againn cheana féin. Is beag
suarach le rádh é mar bhaile indiu gan aonach gan margadh acht bhí lá eile aige
mar bhaile. Bhí sé ar cheann de phríomh-bhailte Iorruis nuair a bhí réim an
Bhiongamaigh ina neart. Ba é an príomh-bhaile ar an Muirthead é. Bhí aonach
agus margadh ann. Bhí cúirt agus oifigí ann agus an Biongamach féin ina
ghiuistís. Acht bhí stórtha agus tráchtáil ann. Nach bhfuil céabh an tSáilín
faoi neasacht míle dhó, áit a mbíodh tráchtáil an cheanntair uilig ar siubhal,
báid mhóra ag teacht agus ag imtheacht, luchtuighthe le ceilp, coirce,
beithidhigh agus torthaí an talaimh? B’fhurast do na tighearnaí cur maith a
bheith aca mar bhí na h-oibridhthe le fagháil i n-aisge
aca nó ar bheagán páighe. Bhí an talamh maith aca agus ar ndóigh é saor. Tá, le
h-ais an tSáilín sean-bhallóga agus beanntracha go leor, agus mar
a chluinfeas tú baineadh úsáid asta sin chomh maith. Ponta nó "príosún
beithidheach" a bhí ann, áit a gcuirtí beithidhigh a thóigthí i leith an
chíosa nár h-íocadh. D’fhágtaoi ins an bpríosún sin sgathamh iad
agus annsin dhíoltaí amach iad. B’iomdha ceann dhá leitheide seo a bhí i bhfus
agus thall ar fud dhúithche an Bhiongamaigh agus b’annamh a bhíodh siad folamh.
Tá an fánaidh soir linn anois go ceann
sgathaimh ó’n Gheata Mór agus muid ag teannadh ar Bhéal a’ Mhuirthid. Tír mhór
curaidheachta í seo anois agus is ann atá na feilméirí agus na gabhaltais is
fearr i nIorrus. Tá cur agus treabhadh dhá dhéanamh ann go h-ealadhanta
saothrach. Tá an talamh ann go saidhbhir séasúrach agus é ag tabhairt a
shean-eire barr de thorthaí feilme. Tá Béal a’ Mhuirthid cómhgarach dhó, áit a
bhfuil margadh maith le fagháil ar thorthaí na bhfeilmeacha. Tá téagar agus
comphórt anois ag muinntir an cheanntair seo acht má tá is maith atá siad ag
cur ar a son.
Féach uait ar an bpáirc mhóir sin os cionn an
bhóthair ar thaobh do chiotóige. Breathnuigh chomh turtógach mío-chomhthrom is
atá sí. Tuige? Iarsma ó’n droch-shaoghal an pháirc sin. Tá sí gan cur mar a fheiceas tú í
le tarraingt ar chéad bliadhan anois. Bhí fataí curtha innti bliadhain an
droch-shaoghail acht theann an t-ocras chomh géar sin ar mhuinntir
na h-áite an tráth sin gur ionnsuigh siad an pháirc shul a raibh
na gais aníos gur ith siad an pór. Leis an gcuartughadh a rinneadh san
gcréafóig ar lorg an phóir nach bhfuair seans ná am le fás tóigeadh na turtógaí
innti agus fágadh mar sin í ó shoin.
A Thighearna, nach i bpáirceanna na tíre atá
an stair dhá bhféadtaoi a dhul go bun na sprioga sa tseanchas. Tá, agus a gcuid
féin de’n tseanchas ag na caladh-phuirt agus na céabhanna. Is beag le rádh é
céabh an tSáilín indiu acht is iomdha deor guirt a sileadh ag an gcéibh chéadna
nuair a bhí an saor-imirce ar siubhal agus an bánughadh dh’á dhéanamh. Ba ó’n
gcéibh seo a sheol ceathrar agus trí sgór i n-aon lucht amháin i
mbliadhain an droch-shaoghail go Meiriocá. Daoine iad idir óg agus sean a
fágadh gan teach gan teine nuair a bánuigheadh Baile an Mhullaigh, baile a bhí
i n-aice leis an Abhainn Mhóir i nIorrus.*
*[Tá trácht iomlán déanta i "Dhá
Chrann na Marbh agus Sgéalta Eile" faoi’n mbánughadh mór seo.]
Is gearr anois go raibh muid ar ais aríst i
mBéal a’ Mhuirthid acht shul a bhfágaidh muid an Muirthead bhéarfaidh muid
cuairt ar thobar beannuighthe an Cháirn. I mbaile an Cháirn atá sé agus é
timcheall leith-chéad slat ó’n mbóthar mór ar an taobh ó thuaidh. Fearacht go
leor dh’á leitheide is beag le rádh é le breathnughadh air, acht is iongantach
do’n tsaoghal an méid daoine a bhíos le feiceál ag déanamh "an
turais" ann san tSamhradh, go mór mhór ar an gcúigeamhadh lá déag de mhí
Lughnasa. Lá an Logha atá ag muinntir Iorruis ar an lá sin agus is ar an lá sin
is mó a théigheas daoine ag déanamh "an turais" chuig Tobar a’
Cháirn.
Ní raibh ins an tobar seo i dtoiseach acht
linn bheag uisge gan áird air ná tábhacht ar bith ag baint leis. Acht am eicínt
sa tsean-tsaoghal bhí duine de na Gáthchain i nIorrus ar leag Dia lámh air. Bhí
an duine bocht gan chéill gan réasún ó rugadh é agus ina cheann sin bhí súil
amháin aige nach raibh aon radharc ariamh innti. Do réir mar a bhí an fear
bocht seo ag fás bhí sé ag éirghe crosta agus do-cheannsuighthe. Fear mór a bhí
ann a raibh urradhas agus neart ann thar an ghnáth-dhuine agus leagtar air go
bhfuair triúr nó ceathrar bás ó bhualadh a thug sé dhóibh. Bhí faitchíos a n-anama
ar mhuinntir na h-áite roimhe acht b’éigean dóibh cur suas leis
agus a choingbheáil as a bhealach chomh maith agus a tháinig leo. Bhíodh sé go
síorruidhe ag imtheacht roimhe ar fud na mbailte, é ciuin go leor amannta, acht
nach dtiocfadh le aoinne a bheith cinnte cé’n t-am a bhuailfeadh
an taod buile é. San tráth sin ní raibh áit ná osbuidéal le n-a
leitheide a chur agus b’éigean fulaingt leis ag baile.
Lá amháin agus é sa tóir ar sgata gasúr agus
ar ndóigh iad-san ag rith uaidh le n-a n-anam,
chuaidh siad thart leis an linn bheag uisge seo. Nuair a shroich an geilt buile
é chrom sé gur ól sé deoch as agus annsin nigh sé a éadan ann. Ó’n móiméad sin
amach bhí a chiall agus a réasún aige chomh maith le aon fhear ar an mbaile. Ní
h-amháin sin acht bhí radharc sa tsúil nach raibh staidhm innti
gur nigh sé é féin sa tobar. Ina dhiaidh sin shocruigh sé síos i gcionn a
ghraithe mar fheilméar agus tá cuid dh’á shliocht ar an Muirthead go fóill.
Nuair a chuaidh an sgéal amach faoi’n
míorbhuilt a rinneadh ag an tobar thigeadh daoine as ’chuile cheard d’Iorrus ag
déanamh "an turais" agus ar ndóigh tá an nós céadna ar siubhal
’chuile bhliadhain ó shoin. Má’s fíor do’n tseanchas, beannuigheadh an tobar i
bhfad ó shoin agus sin thuas an fáth a mba bhun leis a bheith ina thobar
beannuighthe.
ACAILL.
CAIBIDIL VII
Suidheamh an Oileáin - Ríoghacht Acla -
Iarsmaí ó’n tsean-am - Áilneacht an Oileáin - Slighe bheathadh na ndaoine.
DUBHRADH
cheana san gcunntas seo go raibh dúil againn cuairt a thabhairt ar Acaill agus
a mbéadh le feiceál agus le clons againn ann a thabhairt do’n léightheoir. Seo
muid anois ag tarraingt siar air ar theann ár ndíchill. Tá an lá mar a d’iarrfadh
sinn é a bheith. Spéar ghlan ghorm agus gaothnóg fhionnfhuar ann ó’n áird aniar
nach raibh bac ná moill uirthi ó d’fhág sí Meiriocá gur bhuail sí cnuic Acla.
’Sé Acaill an t-oileán is mó ar
chóstaí na hÉireann acht is ar éigin gur ceart oileán a thabhairt air chor ar
bith mar go bhfuil sé ceangailte leis an móir-thír le droichead. Níl acht
cuisle caol de’n fhairrge san áit a bhfuil an droichead, acht mar sin féin,
nuair a bhíos sé ina lán-mhara bíonn a sáith doimhneachta ag báid mhóra san
gcuisle seo. Is féidir an droichead a chasadh thart sa gcaoi go dtig leis na
báid mhóra a dhul suas nó anuas do réir mar theastuigheas. Acht nuair a bhíos
sé ina dhith-thráigh, tá áiteacha san gcuisle seo a dtig le duine nó
beithidheach dul ó’n oileán go dtí an mhóir-thír de shiubhal cos.
San am fadó, má’s fíor do’n stair, ba
ríoghacht bheag ann féin Acaill. Bhí an ríoghacht sin i bhfad níos mó ná mar
atá Acaill indiu, mar bhí sí ag síneadh soir agus thart ó dheas de Chuan Mhodh.
Ba leis an ríoghacht seo Cruachán Aighle, nó Cruach Phádraig mar a tugtar ar an
gcruaich sin ó aimsir Naoimh Pádraig anuas. Ina cheann sin thóg sí isteach na h-oileáin
i gCuan Mhodh. Leis an am bhí an ríoghacht bheag seo ag éirghe níos lúgha agus
dh’á cumhangadh isteach go dtí nach bhfuil innti indiu acht Oileán Acla féin
agus leith-innse an Chorráin.
B’iad na Máilligh agus na Búrcaigh a bhí i
gceannas na ríoghachta seo an t-am ba láidre agus ba mhó a bhí sí.
Duine de na Máilligh seo a b’eadh Gráinne Ní Mháille a bhfuil a cliú agus a
cáil mar bhainríoghan ar fhairrge agus ar thalamh beo go fóill, ní h-amháin
i seanchas Chonnachta acht i seanchas na hÉireann féin. Mhair na Máilligh agus
na Búrcaigh i gceannas go dtí gur cailleadh Gráinne agus ina dhiaidh sin bhí a
réim i nAcaill ag dul i n-ísle-bhrigh. Annsin tháinig muinntear
Bhrúin agus clann Uí Dhomhnaill agus má éirigheann linn aon tseanchas a
fhagháil fútha ar an oileán gheibhfidh an léightheoir é gan doicheall.
Is fada siar a théigheas seanchas na
nGaedheal agus níl iongantas acht chomh cruinn bríoghmhar ’s a tháinig cuid
mhór de anuas ó ghlúin go glúin sa gcaoi go bhfuil léargus againn indiu ar
imtheachtaí ár sean a mhair na céadta, nó, is féidir a rádh, na mílte bliadhan
ó shoin. Deirtear sa stair gur theich na Fir Bholga go dtí na h-oileáin
ar an gcósta thiar nuair a fuair na Tuatha De Danann an ceann is fearr ortha ag
Mágh Tuireadh. Is cosamhail agus iad ar teicheadh go dtáinig cuid aca go
hAcaill, mar go bhfuil áit ar an oileán a dtugtar Sruthaill na bhFear mBolg
air. Ina cheann sin tá sean-leachtanna agus dúnta annseo agus annsiúd ar fud an
oileáin a chruthuigheas go raibh cómhnuidhe agus áitreabh ar an oileán i ré na
págántachta. Ortha seo tá Uaigh an Fhathaigh, an Croimleac Mór, agus Dún an
Champa. Thiar faoi sgáth na Sléibhe Móire tá Altóir na nDraoi agus níos fuide ó
dheas tá dúnta cearcallacha agus sean-roiligí na bpágán. Tá na sean-leachtanna
eile atá anonn is anall ar fud an oileáin an-chosamhail leo seo atá ar Oileáin
Árann acht nach bhfuil siad chomh slachtmhar.
Ar an tsean-bhóthar ó íochtar Acla aniar ag
tarraingt ar Chill Damhnait i n-uachtar Acla is líonmhaire na
leachtanna seo. Níl ionnta acht cárnáin cloch agus na clocha, idir mór agus
beag, caithte ar mhullach a chéile gan órd gan eagar. Bhí tráth ann, más fíor
do’n tseanchas, nuair nach raibh acht an t-aon roilig amháin ar an
oileán, an roilig i n-uachtar Acla ar a dtugtar roilig Chill
Damhnait. Nuair a gheibhfeadh duine bás i n-íochtar Acla b’éigean
an corp a thabhairt aniar an sean-bhóthar treasna bogaigh agus sléibhe agus i ngeall
ar an mbóthar a bheith go h-olc agus gan cairt ná cóiste ann an
uair sin, ’sé an chaoi a gcaithfidhe an chómhnra a iomchur ar ghuailneacha
daoine agus ba mhór an t-anró a gheibhthí mar bhí an bealach go
mío-chomhthrom corrach. Ina cheann sin ba bealach fada é mar ní mórán gearr de
dhá mhíle dhéag é ó árdóchas duine ar an mbóthar ag Dúmhach Cinn Aille go
sroichidh sé Cill Damhnait.
Bhí sé d’fhaisiún aca an t-am
sin go raibh áiteacha ar leith ar an mbealach aniar a leagadh siad an chómhnra
le sgíth a thabhairt dóibh seo a bhíodh ag iomchur na cómhnrann. Nuair a
thóigthí an chómhnra aríst, chaitheadh ’chuile dhuine a bhíodh ar an tsochraoid
cloch san áit a raibh an chómhnra leagtha agus sin an t-úghdar atá
leis na leachtanna a bheith ar an mbóthar sin. Ar ndóigh ní bhíodh duine a
chaitheadh cloch ar leacht lá sochraoide nach gcuireadh paidir le anam an té a
bhí sa gcómhnrainn agus ní i nAcaill amháin a bhí an nós sin.
Cé is móite de Thobar Cholmáin, Tobar
Mhionnáin agus Cill Damhnait níl iarsma ar bith eile de Ré na Críostaidheachta
sa tsean-am ar an oileán. Thiar ar an taobh ó dheas de Shléibh Mhóir tá Tobar
Cholmáin. Níl aon eolas gur fiú le fagháil ó sheanchaidhthe na h-áite
ar Cholmán acht amháin gur ó Inis na Bó Finne a tháinig sé go hAcaill, go raibh
complacht mhór manach leis agus nár fhan sé i bhfad i nAcaill. Thiocfadh dhó
gurb é an Colmán céadna é a bhunuigh an mhainistear i "Muigheo na
Sacsan" agus gur ar a bhealach ó Árainn a bhí sé nuair a tháinig sé go
hAcaill.
I n-aice
le Alltracha Mhionnáin atá Tobar Mhionnáin agus is dócha gur ó ainm na n-alltracha
a fuair an tobar a ainm. Níl aon eolas le fagháil faoi acht gur tobar
beannuighthe é agus go dtí le goirid bhíodh na sluaighte daoine ag teacht ag
déanamh "an turais" ag an tobar sin. Tá an nós sin ar siubhal go fóill acht nach dtigeann baoghal ar an
oiread daoine anois agus a thigeadh fadó. ’Sé an cás céadna é le Tobar
Cholmáin. Fadó bhíodh an áit dubh le daoine ag déanamh "an turais"
idir dhá Lá Fhéile Muire acht ní thigeann anois acht corr-dhuine.
Thuas i n-uachtar Acla tá Cill
Damhnait áit a bhfuil fothracha sean-chille agus tobar beannuighthe. Deirtear
gur naomh ar bh’ainm dhi Damhnait a bhunuigh an chill ann i gcéadóir agus gur
uaithi a h-ainmnigheadh an tobar. Bíonn an "turas" dh’á
dhéanamh ag an tobar seo chomh maith agus is ar an gcúigeamhadh lá déag de
Lúghnasa an lá is mó sa mbliadhain a mbíonn daoine le feiceál ann ag déanamh an
"turais."
B’fhéidir gur chóir focal beag a rádh annseo
faoi n-a bhfuil le feiceál ar an oileán de’n áilneacht atá ann ó
nádúir. Níl i n-áit ar bith eile i gconndae leathan Mhuigheo
áilneacht ná iomsgéimh le cur i gcomórtas le áilneacht agus iomsgéimh Acla. Tá
an fiadhántas agus an éagsamhlacht ann. Tá sléibhte árda agus gleannta
doimhine, leathana ann. Tá an fhairrge agus locha ann agus ina gceann sin uilig
tá alltracha árda agus tráigheanna geala gainimheacha nach bhfuil a sárughadh
le fagháil ar an gcósta ó Ghaillimh go Cill Alaidh.
Má castar a choidhche i nAcaill tú, a
léightheoir, agus dúil agat iomsgéimh na h-áite a fheiceál, ní
fearrde rud a dhéanfá ná píosa strapadóireachta a dhéanamh suas an tSliabh
Mhór. ’Sé seo an cnoc is aoirde ar an oileán agus is ó n-a bharr
atá an radharc a bhfuil sásamh ann nuair atá an lá go breágh. Ní mór nach
bhfuil an cnoc seo chomh h-árd le Cruach Phádraig agus na sleasa
’chuile ordlach chomh righte acht nach bhfuil siad chomh garbh ná chomh
clochach. Acht ná síl gur gan saothar a shroichfeas tú an barr mar go bhfuil
fraoch fada fiadháin i n-áiteacha ann agus claiseacha doimhine, acht
go mbíonn sé tirm cruaidh san tSamhradh.
Nuair a bhéas an barr bainte amach ní bhíonn
aon chuimhne ar an duadh ná an trioblóid a fuarthas ar an mbealach aníos. Ina
sheasamh do dhuine ar fhíor-bharr an chnuic seo tigeann uamhan agus iongantas
air le n-a bhfuil faoi n-a shúil aige. Ar an taobh
thiar de’n oileán tá an Fhairrge Mhór ag síneadh siar go luaimneach luasgach
agus gan talamh ná tráigh níos goire ná Meiriocá dhó. Ag síneadh amach sa
bhfairrge ag bun an tSléibhe tá Druim Diallaide agus Ceann Acla agus gan
samhail ar bith le tabhairt ortha acht dhá adhairc seilmide ag síneadh amach
ó’n tsliogán. Tá, ar an gcósta thiar agus thiar ó thuaidh, alltracha atá i n-áiteacha
os cionn cúig céad troigh ar aoirde agus iad beo le éanlaith mara, iolair agus
gabhair fhiadháine.
Ar an taobh ó thuaidh tá Cuan an Fhóid Dhuibh
go lán leathan doimhin leathnuighthe amach os a chómhair agus sléibhte agus
gleannta Iorruis. Soir uaidh tá an t-oileán ag síneadh agus
radharc sásamhail le fagháil air agus ar Bhaile Chruaich leis. Níos fuide soir
go fóill tá Néifin le feiceál ag sáthadh a chinn suas thar gualainn Corr
Shléibhe. Ar an taobh ó dheas tá Cuan Modh agus é breacaighthe le oileáin agus
níos fuide ó dheas tá Cruach Phádraig agus a cheann i bhfolach ins na néallta.
Beagán níos fuide siar tá, fad a shean-radhairc uaidh, na Beanna Beola guala le
gualainn le chéile agus thiar aríst amuigh san aigéan tá Inis Tuirc agus Inis
na Bó Finne.
Acht gan breathnughadh leath chomh fada ar
shiubhal tá gnéithe chomh h-áluinn. Ag neadughadh go seasgair ag
bun na Sléibhe Móire tá Dubhghort, baile a mbíonn tarraingt na gcéadta fámairí
air ó thoiseach an tSamhraidh go dtí go mall sa bhFóghmhar. Ar an taobh ó dheas
de tá an Caol, áit eile a mbíonn riar maith fámairí ann sa tSamhradh. Tá tráigheanna
geala, gainimheacha san dá áit seo gur doiligh a sárughadh agus ina gceann sin
tá bádóireacht, iasgaireacht, snámh, strapadóireacht ar shléibh agus aill ann
leis an am a chaitheamh go folláin spéiseamhail.
Taobh thoir de thráigh an Chaoil tá Alltracha
Mhionnáin a bhfuil a gcáil ar fud an domhain. Tá na h-alltracha
seo i n-áiteacha suas le sé chéad troigh ar aoirde agus iad ag
éirghe aníos glan díreach ó’n bhfairrge. Ag tarraingt do dhuine ortha ó’n gCaol
aniar lá breágh gréine, níl coiscéim d’á dtiúbhrfaidh sé nach bhfuil athrughadh
cuma agus datha ag teacht ar na h-alltracha. Na cineálacha
éagsamhla cairrge atá ionnta is cionntach leis an athrughadh datha a thigeas
ortha faoi lonnradh na gréine, mar tá cloch-ghréine, grian-chlochóid, míca agus
go leor cineálacha eile nach iad, measgtha le chéile i n-éadan na n-alltracha.
Annsin ó Dhubh Acha tá bóthar ag dul siar ar
an taobh ó dheas de Chruachán. I n-áiteacha tá an bóthar seo suas
le ceithre chéad troigh os cionn na fairrge agus é déanta ar bhruach na h-aille.
Ag ceann thiar an bhóthair seo tá gleann na Cuime, an gleann is deise ar an
oileán acht go bhfuil sé i bhfolach thiar ar chúl Chruacháin sa gcaoi nach
bhfeicfidh duine é go mbídh sé buailte air. I lár an ghleanna seo tá cros agus
umar uisge coisreactha ar altóir cloch, áit a mbíodh an tAifreann dh’á
léigheadh nuair a bhí an tóir agus an ruagairt reatha ar chléir na tíre.
’Siad na h-áiteacha atá luaidhte
thuas na h-áiteacha is mó le rádh ar an oileán i gcúrsaí
áilneachta agus iomsgéimhe acht tharstú seo tá áiteacha eile anonn agus anall
ann gur fiú d’aoinne a chuireas spéis i n-áilneacht iongantach na
nádúire cuairt a thabhairt ortha.
Cé nach bhfuil ar an oileán fré chéile acht
fíor-dhroch-thalamh i gcóir curaidheachta tá na daoine deiseamhail go leor agus
caoi chóir ar a bhfurmhór. Ní h-é go leor áirde a bheireann siad
ar churaidheacht, mar, i ndiaidh a ndícheall a dhéanamh, ba bheag a bhéadh dh’á
bharr aca. Téigheann na fir uilig, acht amháin iad seo atá ró-shean, go Sasana
agus go hAlbain go luath san Earrach agus fanann siad thall go Samhain nó go
Nodlaig. Imthigheann na cailíní óg go leor sa tsaoghal ag saothrughadh a
mbeatha chomh maith. Ar Albain is mó atá a dtarraingt siad-san, áit a mbíonn
siad ó thoiseach an tSamhraidh go deireadh an Fhóghmhair ag obair ar
fheilmeacha le fóghmhar na bhfataí. Obair chruaidh anróiteach í seo go mór mhór
dóibh seo a théigheas ina cionn díreach i ndiaidh an sgoil a fhágáil dóibh.
Acht mar adubhairt sean-fhear de thógáil an oileáin, "acht go bé Sasana
agus Albain ní bhéadh aon Acaill ann."
Bíonn na fir a fhanann sa mbaile ag pléidhe
le iasgaireacht sa tSamhradh agus sa bhFóghmhar agus cé go bhfuil cóstaí an
oileáin feileamhnach go maith i gcóir iasgaireachta, agus eolas go binn ar a
gceird ag na h-iasgairí is beag tairbhe a baintear as mar shlighe
bheathadh. Deir na h-iasgairí nach bhfuil na h-éisg
ann mar bhíodh fadó. Ba mhó go mór an saidhbhreas a bhaintí as mar shlighe
bheathadh san am atá caithte, acht tháinig meath ar an iasgaireacht thart ar
chóstaí an oileáin chomh mór sin go bhfuil na daoine ag éirghe as ar fad, mar
nach bhfeiceann siad aon tairbhe dhóibh ann.
CAIBIDIL VIII
An Seanchaidhe - "Cúl na Beinn’"
- Clann tSuibhnigh - San Teach Ósda.
"TÁ do sháith canta anois agat
faoi iasgaireacht agus eile," arsa Micheál, "agus leag uait go
mbuailidh muid thart agus b’fhéidir go n-éireochadh linn glac
seanchais a fhagháil a bhéas níos suimeamhla ná an ráiméis sin atá ar siubhal
agat."
"Maith go leor," arsa mé féin,
"acht meas’ tú cé’n áit is fearr dúinn a dhul le n-a
fhagháil?" "Nach minic a chuala tú gur fánach an áit a bhfáightear
bradán?" ar seisean. "Feicim fear annseo thíos ag briseadh cloch.
Buailfidh muid síos chuige agus buailfidh muid bleid air. Níor casadh fear
ariamh orm a raibh an cheird sin aige nach mbéadh ina sheanchaidhe maith."
"Bail ó Dhia ort, a dhuine chóir,"
arsa mé féin nuair a tháinig muid chomh fada leis an bhfear a bhí ag briseadh
na gcloch. "Go mba h-é dhíbh," ar seisean i nGaedhilg
ghlain bhinn. Leis sin chaith sé an casúr le n-a ais ar an gcnap
cloch agus d’éirigh ina sheasamh. I ndiaidh searradh a bhaint as féin tharraing
sé amach a phíopa agus thoisigh air ’ghá líonadh.
"Creidim," arsa Micheál, "gur
tuirseamhail an obair í a bheith in do shuidhe síos mar sin ag obair ar feadh
an lae."
"D’fhéadfá a rádh gur b’é," ar
seisean, "agus ba mhaith sin dá mbéadh mórán dá bharr ag duine i ndiaidh a
bheith struncaighthe ina shuidhe ar chárnán cloch ó mhaidin go h-oidhche,
acht nach bhfuil neart air. Caithfidh duine eicínt é a dhéanamh."
"Is fíor dhuit," arsa mise,
"acht más do réir an phíosa atá tú ag obair nár cheart go ndéanfá páighe
maith lae."
"’Réir an phíosa ’tá mé," ar
seisean, "acht más eadh féin is mó an saothrughadh ná an cómhaireamh. Níl
a mhalairt ann ar chuma ar bith agus más beag le rádh an páighe féin, tá an
obair i n-aice baile agus nach mór an gar an méid sin? Acht mur’
bhfuil dul amugha orm ní de thógáil an oileáin sibh-se mar ní feasach mé go
bhfaca mé cheana sibh."
"Níl dul amugha ar bith ort," arsa
Micheál. "Indé a leag muid cos de’n chéad uair ar an oileán. Chaith muid
an oidhche aréir ar an gCaol annsin thiar agus tá muid anois ar ár mbealach
soir acht ba mhaith linn an oiread eolais a fhagháil agus a thig linn faoi
Acaill mar gur mór a chuala muid faoi ó am go h-am."
"Más ar an gCaol a bhí sibh aréir,"
ar seisean, "bhí sibh i n-áit a raibh
‘Biadh
’s leabaidh ann ’s míle fáilte,
’S cómhrádh geanamhail ag fear
’s mnaoi,’
mar adeir an t-amhrán."
"Cé’n t-amhrán atá i gceist
agat anois?" arsa mise, "nó bhfuil aon bhaint ag an amhrán sin le
Acaill?"
"Tá agus dlúth-bhaint," ar seisean,
"mar gur chaith an fear a chum é sgathamh maith
ar an oileán. Ní fhaca mise an fear ariamh mar bhí sé ann roimh mo linn, acht
ós ar lorg eolais atá sibh innseochaidh mé dhíbh ar chuala mé féin faoi."
Leis sin chuir sé bun seanchais air féin gur
sgaoil sé uaidh go clisde cruinn an méid a bhí ar eolas aige féin faoi’n
amhrán, agus ag seo a leanas chomh cuimir baileach é sgéal an tseanchaidhe sin
is do b’fhéidir a bhreacadh síos.
Nuair a tháinig Humbert agus na Franncaigh go
Cill Alaidh fadó chuaidh fear ar a dtugtaoi Peadar Mac Shiúrtáin as Cúl na
Beinne síos i n-airicis na bhFranncach le sgata fear a bhí oilte
aige agus réidh le n-a gcion a dhéanamh le buille a bhuaileadh ar
son na saoirseachta. Throid sé féin agus a dhream beag ar thaobh Humbert go
dtáinig an briseadh tubaisteach ar na Gaedhil ag Baile na Muc. Nuair a tháinig,
d’éirigh leis an Siúrtánach a anam a thabhairt slán leis acht is ag Dia amháin
atá fhios cé’n bhail a chuaidh ar an sgata a bhí leis. Ar chuma ar bith níor
fhill aoinne aca ariamh ní ba mhó go Cúl na Beinne, baile atá faoi sgáth
Néifin, acht Peadar.
Nuair a bhí an troid thart, d’fhill
saighdiuirí Shasana ar Chonndae Mhuigheo agus níor fhág siad baile ann as a ndeacha
aoinne de chabhair ar Humbert nár thug siad cuairt air le n-a
ndeascaidh a leigint amach agus díoghaltas a imirt ar mhuinntir na mbailte sin
i ngeall air sin. Ar ndóigh b’éigean do’n tSiúrtánach a bhaile féin a fhágáil
agus dul ar a sheachaint nuair a chuala sé go raibh an tóir air. Bhí sé ag
imtheacht roimhe, oidhche annseo agus oidhche annsin, go dtí ar deireadh,
casadh go hAcaill é. Loiteadh go damáisteach é sa troid agus b’olc a bhí sé i n-ann
aon chruadhtan a sheasamh agus ar an ádhbhar sin níor chuidigh an t-anró
a fuair sé agus é ar a theicheadh leis.
Nuair a shroich sé Acaill bhí caoi bhocht
air, a shláinte caillte aige, an gonadh a fuair sé sa troid ag teacht leis agus
níos measa ná sin uilig é ina dhílseach báis ag dlighe cham a námhad. Ar an
gCaol a chuir sé faoi acht ba gearr ann é gur buaileadh síos le fiabhras é agus
ó fuair an leaba greim air, ba gearr an spás a fuair sé. Shul ar cailleadh é
chum sé amhrán fada ag cur síos ar a áit dhúthchais agus ar a mhuinntir nach
raibh sé geallta dhó a bhfeiceál go deo. Fuair sé bás i nAcaill agus cuireadh é
i roilig na Sléibhe Móire, acht tá an t-amhrán ag cuid mhóir de
amhránaidhthe Acla go fóill.
Nuair a bhí an sgéal sin innste ag an
tseanchaidhe d’iarr muid air an t-amhrán a rádh mar go mba mhaith
linn é a chlons. Rinne sé é gan doicheall agus bhéarfaidhear annseo é díreach
mar a fuarthas é ó fhear briste na gcloch ag cros-bhóthar Ghabhail a’ Mháma i
nAcaill:
Cúl
na Beinn’
1
Dá mbeinn-se féin i
Mám a’ Gharrdha,
Dubhach ’s páipéar
a bheith agam ann,
Ba deas a
sgríobhfainn i ndubh ’s i mbán é,
An moladh áluinn a
bhí ar an ngleann.
’Sé a n-iarrfainn d’impidhe ar Rígh na nGrásta,
Intleacht Hómair a
bheith in mo cheann,
Is gur le n-a
mhaitheas ba mhian liom trácht air,
Acht fairíor géar
go bhfuil m’intleacht fann.
2
’Sér’d dubhairt
fear as Acaill liom, "ná bí gan chéill,
Ná bí a’ gol ná ag
éagcaoint i ndiaidh Cúl na Beinn’,
Bhéarfaidh mise
bean ’s dhá chéad bó léithe,
’Gus acra móinfhéir
i n-aghaidh gach cinn,
Bád ’s eangacha a
bheith i n-éinfheacht leo,
Le go dtiubhrfá
éadáil isteach ó’n tuinn,
’S sílim féin gur
fearr an méid sin,
Ná bheith a’ gol ’s
ag éagcaoint i ndiaidh Cúl na Beinn’."
3
Dá dtugtá bean agus
dhá chéad bó dhom,
’Gus acra móinfhéir
i n-aghaidh gach cinn,
A bhfuil de bháid
is d’eangaigh as seo go Bó Finn,
Agus saidhbhreas
Sheoirse ar fad gan roinn,
B’fhearr liom acra
de’n bhogach báidhte
Atá idir an Máimín
’s Inse an Droighin,
Cead rinnce le
cailíní lá saoire ’s Domhnaigh
Thart ar na bóithre
úd i gCúl na Beinn’.
4
Tá na coillte go dlúth
ann ar thaobh Ghleann Néifin.
Tá an duilleabhar
craobh-ghlas ag sileadh síos.
Tá an chuach ’s an
traghna ar bharr na gcraobh ann,
Ag seinm go h-éadtrom
gach lá ’s oidhch’.
Tá daoine uaisle ar
bharr an tsléibhe ann,
Ag déanamh éirligh
ar chearca fraoigh;
Tá an bradán
bruinngheal ag tigheacht ón tsáil ann,
Ag feara Éireann le
fagháil gan pinginn.
5
Tá an loch is
sáimhe ann d’á bhfuil i nÉirinn,
Tá na báid ag
éirghe air ó thuinn go tuinn,
Do’n té a
chleachtuigh é ’s ’tá anois ’ghá thréigean,
Nach beag an dochar
dó a chroidhe bheith tinn.
Acht más é seo an
cúrsa a gheall Dia dhom-sa,
’S gur le méid mo
chúmhaidh a liathadh mo cheann,
Mo chúig céad slán
leat, a Bhoth a’ Dúin,
’S na coillte dlúth
údaigh i gCúl na Beinn’.
6
Ní cháinfead Acaill
cé gur mian liom a fhágáil,
Is deas an áit é ag
strainséirí;
Tá biadh ’s leaba
ann ’s míle fáilte,
’S cómhrádh
geanamhail ann ag fear ’s mnaoi.
Acht mar an t-iasg
a thigeanns le nádúir,
I ndiaidh a dháta a
chaitheamh amuigh faoi’n tuinn,
Sé sin fearacht agam-sa
dhá bhfághainn ann pálás,
B’fhearr liom árus
beag i gCúl na Beinn’.
7
Tá leitir sgríobhtha agam agus réidh le séaladh,
A chuirfeas mé i
mbárach go Cúl na Beinn’,
Go bhfuil mé mo
luighe le tuilleadh ’s ráithe,
Go buadhartha
cráidhte le tinneas cinn.
Mur’ bhfághaidh mé fóirithín ó Rígh na nGrásta,
A bheith in mo
shláinte aríst mar is cóir,
Gléastar túmba ’s cómhnra clár dom,
Go síntear mo chnámha ag Bun Shléibh Mhóir’.
"Tá bhéarsa
nó péire eile ann," arsa an seanchaidhe, "acht nach gcuimhnighim ortha
anois. Ar chuma ar bith ní beag an méid sin féin agus b’fhéidir go gcasfaidhe
duine eicínt eile oraibh a bhéarfas an dá cheann eile dhíbh."
"Feicim gur
doiligh do shárughadh féin a fagháil," arsa mise, "agus chuirfinn mo
cheann ar cheap go bhfuil tuilleadh seanchais agat faoi na bailte thart annseo
agus na daoine a mhair ionnta fadó."
"Thiocfadh dhom seanchas a bheith agam
dhá gcuirinn aon tsuim ann nuair a bhí mé a’ teacht aníos. Tá daoine dubh i
dtalamh indiu agus b’aca a bhí an seanchas agus b’iad nach gceilfeadh é ar
chómhluadar ná ar chuideachtain, acht iad ag coimhlint le chéile go bhfeiceadh
siad cé aca a b’fhearr. Dhá dtugainn áird ortha sin bhéadh stór agam, acht
fairíor, fearacht go leor liom níor thug, agus fágann sin aithreachas mo sháith
orm indiu," ar seisean.
"Rinne tú tagairt do Humbert ar
ball," arsa Micheál, "agus tú ag trácht ar an tSiúrtánach. An feasach
dhuit go raibh aon bhaint ag aoinne as Acaill leis an troid an tráth sin?"
"Anois, leis an bhfírinne a
dhéanamh," ar seisean, ag freagairt, "níor chuala mé ariamh go raibh,
acht tá’s agam gur crochadh sagart as Acaill i mBaile Uí bhFíodhcháin i ngeall
ar an troid, agus is iongnadh liom nár chuala sibh féin trácht ar an sagart
céadna. An tAthair Mághnus Mac Suibhne, beannacht Dé leis, atá mé a’
maoidheamh."
"Ó mheabhruigh tú dhúinn é," arsa
mise, "is cuimhneach liom gur chuala mé gur crochadh sagart de chlainn
tSuibhnigh i mBaile Uí bhFíodhcháin an tráth sin acht ní raibh fhios agam go
dtí seo go mb’as Acaill é."
"B’as muise," ar seisean, "agus
ar an mbaile sin thíos a bhfuil cómhnuidhe orm-sa a rugadh é. Dúmhach Cinn
Aille ainm mo bhaile, agus tá sé ar cheann de na bailte is sine ar an
oileán."
Bhí fhios agam féin agus mo chara faoi seo go
raibh an t-ádh orainn, go raibh muid ag cainnt le seanchaidhe de’n
chineál nach gcastar ar dhuine acht go h-annamh. Ní raibh sé thar
leith-chéad bliadhan d’aois acht ní raibh righeachan saoghail le n-a
raibh de sheanchas aige agus fonn air a innseacht. Ba léir dúinn go mba fear é
a chuir an-tsuim i gcúrsaí an tsaoghail fré chéile agus a raibh bród air, gan
aon mhaoidheamh a dhéanamh, go raibh an t-eolas sin aige.
Shocruigh muid eadrainn beirt gan sgaradh ó’n tseanchaidhe seo nó go bhfághadh
sinn tuilleadh eolais uaidh go mór mhór faoi’n Athair Mac Suibhne ó thárla gur
casadh ar an láthair muid. Thuig muid chomh maith go mba túisge deoch ná sgéal
i nAcaill fearacht ’chuile áit eile agus níor mhaith linn a dhul ní b’fhuide
leis an tseanchas go bhfiafruigheadh sinn de’n tseanchaidhe an raibh dúil ar
bith aige sa mbraoinín go mór mhór ó ba lá brothallach Samhraidh a bhí ann,
agus teach ósda faoi n-easacht cúpla céad slat dúinn.
"Caith uait an casúr sin," arsa
Micheál leis, "agus teanam leat síos go raibh deoch againn."
"Ní chaithfidh mé uaim é, go raibh maith
agaibh," ar seisean, "acht bhéarfaidh mé liom é, mar feicthear dhom
go bhfuil obair lae chomhthruim déanta agam agus ó thárla gur beag le cois uair
go leith gréine fágtha, ní mórán eile a thig liom a dhéanamh indiu agus ar
ndóigh béidh obair le déanamh nuair a bhéas muid imthighthe."
Leis sin d’éirigh sé. Chruinnigh sé leis a
chuid uirlisí agus bhog muid triúr síos an bóthar go dtí an teach ósda.
"Céard é do dheoch anois?" arsa
Micheál.
"Pionnta, le do thoil," ar seisean,
agus bhuail sé faoi ar stól ar aghaidh an dorais.
Glaoidheadh ar na deochanna agus leagadh a
dheoch féin ós chómhair ’chaoinne de’n triúr againn. Dhearc an seanchaidhe go
géar ar a phionnta. Thug sé coiscéim anonn gur thóg sé anall leis é agus shuidh
ar an stól aríst. Chroch sé i n-áirde é, agus bhreathnuigh sé air
go lághach ceanamhail.
"Bhur sláinte, a cháirde, agus nár
fheiceamuid a choidhche triomach síorruidhe ná tart gan caoi le n-a
mhúchadh."
Leis sin d’ísligh sé an gloine beagán, ghlan siar
an cúbhar a bhí ina mhaol air le séideoig agus d’ól sé tarraingt a chinn as go
sásta. Annsin leag sé an gloine leath-fholamh le n-a ais ar an
stól. Chuir
sé strainc air féin agus chuimil a bhéal le cúl a láimhe.
"Is géar é," arsa Micheál leis.
"Is géar atá sé a’ teastáil," ar
seisean, "i ndiaidh bheith a’ briseadh cloch lá mar an lá indiu."
Nuair a bhí uair a chluig nó mar sin caithte
sa teach ósda againn thug an fear cuireadh dhúinn síos go dtí n-a
theach féin go bhfághadh sinn tráth bidh. Ghlac muid leis an gcuireadh agus ba
gearr go raibh muid triúr thíos sa teach agus níor bh’fhada go raibh béile
taithneamhach réidh ag bean a’ tighe agus muid triúr ag dul feadughadh dhó go
sásta.
Nuair a bhí an béile thart agus a phíopa féin
faoi lán-tseoil ag ’chaoinne againn, tarraingeadh anuas aríst sgéal an tsagairt
agus cé nach bhfuil sé focal ar fhocal mar tugadh dhúinne é tá sé chomh gar dó
agus do b’fhéidir é annseo in ár ndiaidh.
CAIBIDIL IX
Smuglaereacht - An caiptín ó’n bhFrainnc -
Mághnus Mac Suibhne - Teacht Humbert - An tAthair Mághnus Mac Suibhne - An
Sagart ar a sheachaint - An Sagart ina Phríosúnach - A bhás.
TIMCHEALL
lár na h-ochtmhadh aoise déag bhí duine de mhuinntir Suibhnigh ina
chómhnuidhe i nDúmhach Cinn Aille i nAcaill, agus duine é a raibh deis mhaith
air agus riar a cháis go maith aige. Bhí sé pósta le bean de mhuinntir
Mhaolmhuidhe agus teach breágh seasgair aca a raibh fearadh na fáilte ann i
gcómhnuidhe roimh lucht bealaigh is bóthair. Ina cheann sin bhí muilionn aca,
an t-aon cheann amháin a bhí ar an oileán an t-am
sin.
Ba mhór an méid smuglaereachta a bhí ar chois
san iarthar an tráth sin agus d’fhóir cuanta agus clúideanna Acla go maith do
na smuglaeirí. Bhí fasgadh ionnta agus iad doimhin i gcóir na luingeas agus ar
an ádhbhar sin b’annamh nach mbíodh long smuglála i gclúid eicínt thart ar an
oileán ag fanacht le cóir. Bhí ainm na féile ar theach an tSuibhnigh agus i
ngeall air sin ba mhinic caiptíní na luingeas seo ag baint fútha ann faoi
stoirm agus am sgléipeach dh’á chaitheamh aca ag trácht ar áiteacha agus ar
dhaoine i bhfad ar shiubhal. Ortha seo bhí caiptín ó’n bhFrainnc agus ba mhór
ar fad an caradas a bhí idir é féin agus an Suibhneach. Fear tuigsionach
fad-bhreathnuightheach an caiptín seo a raibh cuid mhór de’n domhan feicthe
aige agus eolas as cuimse aige ar an gcine dhaonda agus cúrsaí an tsaoghail fré
chéile.
Thárla uair amháin agus é ag cur faoi i
dteach an tSuibhnigh gur rugadh mac óg do’n tSuibhneach. Ba mhór an lúthgháir a
bhí ar mhuinntir an tighe agus cuireadh féasta ar bun i n-onóir na
h-ócáide. Bhí an caiptín ag an bhfleidh agus nuair a teasbánadh an
naoidhneán dó, bhreathnuigh sé go géar é agus dubhairt:
"Bail ó Dhia air is breágh an leanbh é,
acht cé gur leisg liom a rádh, tá saoghal corrach roimhe agus an chroch i ndán
dó ar deireadh."
"Is olc é do sgéal agus ní ró-gheal do
thairingireacht," arsa an t-Athair, "agus nár leigidh
Dia gur mar sin a thárlóchas."
"Níor mhaith liom féin gur mar sin a
bhéadh," arsa an caiptín, "acht an rud atá i ndán do dhuine is doiligh
a bhánughadh. Tá faitchíos orm nach bhfuil dul uaidh aige agus gur bás ar an
gcroich a dhán, mur’ bhfuil ag Dia."
Níor leig an Suibhneach focla an chaiptín i
ndearmad agus do réir mar bhí an páiste ag fás bhí imnidhe an athar ag
méadughadh agus gan stop ag dul air oidhche nó lá acht ag leagaint amach ina
intinn féin cé’n tslighe bheathadh a b’fhearr dh’á mhac. Ar deireadh, i ndiaidh
cómhairle a ghlacadh le n-a mhnaoi agus leis an gcaiptín,
shocruigh siad an mac a chur ar sgoil le bheith ina shagart, dhá mbéadh sé
orduighthe ag Dia dhó. Nuair a tháinig Mághnus Mac Suibhne, sé sin an malrach
óg, i n-aois le dul ar sgoil, thug an caiptín leis é anonn go
Páras na Frainnce agus cuireadh Mághnus Óg ar sgoil thall le bheith ina
shagart. D’éirigh thar barr leis ar sgoil agus, leis an am, rinneadh sagart de.
Níor luaithe ina shagart é ná tháinig sé
abhaile go hAcaill, agus sgathamh gearr i ndiaidh teacht abhaile dhó cuireadh
go Baile Uí bhFíodhcháin ina shéiplíneach é. Nuair a bhí sé timcheall deich
mbliadhna nó mar sin i mBaile Uí bhFíodhcháin tháinig na Franncaigh go Cill
Alaidh faoi cheannus Humbert. Ba sagart fíor-Ghaedhealach é a ghrádhuigh a thír
dhúthchais ó dhoimhneacht a chroidhe, agus má bhí fáilte aige faoi chómhair na
bhFranncach níorbh iongantas ar bith é, mar shíl sé, fearacht go leor eile
leis, go n-éireochadh leo, le cuidiughadh Gaedheal, saoirseacht na
tíre a bhaint amach.
I dtrátha ama bhain Humbert Caisleán a’
Bharraigh amach agus cuireadh an ruaig ar na casóga dearga as bun barr. Síleadh
annsin go raibh an bealach leis na Gaedhil agus bhí muinntear Mhuigheo uilig
mórán, bródamhail go bhfaca siad an lá sin. Lá amháin faoi’n tráth sin casadh
an t-Athair Mághnus agus caiptín a bhí ar na Franncaigh le chéile
i mBaile Uí bhFíodhcháin. D’aithnigh siad a chéile mar gur casadh le chéile iad
sa bhFrainnc roimhe sin nuair a bhí an tAthair Mághnus ar sgoil ann. Bhí bród
an tsaoghail ar an mbeirt a chéile a fheiceál aríst agus bhí seanchas fada
cáirdeamhail aca le chéile agus ba doiligh a thógáil ortha mar nach bhfaca siad
a chéile le sgathamh maith roimhe. Ba bheag a shíl an sagart go raibh lámh aige
ina bhás féin nuair a chuir sé fáilte roimh an bhFranncach, ná go gcuirfidhe
ina leith é, i gceann aguisín maith a chur leis, os chómhair na cúirte aríst.
Bhí go maith go dtáinig an briseadh
tubaisteach sin ar na Gaedhil agus na Franncaigh ag Baile na Muc, agus nuair a
tháinig, fáisgeadh an tsrian ní ba déine ná ariamh ar na Gaedhil, acht go mór
mhór ortha seo a theasbáin aon cháirdeamhlacht nó a thug aon chabhair do na
Franncaigh. Ar ndóigh níor spáráladh cléir ná tuata agus cuireadh an tóir ar an
Athair Mac Suibhne agus gabhadh é ina theach féin i mBaile Uí bhFíodhcháin. Tá
sé sa tseanchas gurab é Domhnallach Bhaile Uí bhFíodhcháin a rinne príosúnach
dhe acht le cabhair ó mhinistéar Protustúnach na h-áite, d’éirigh
leis an sagart na cosaí a thabhairt saor leis agus éalódh as an bpríosún.
Cuireadh an tóir ní ba géire air annsin agus
b’éigean dó dhul ar a sheachaint agus glanadh leis as Baile Uí bhFíodhcháin. Ar
Acaill a tharraing sé mar bhí baramhail aige go mba é an áit ba sábháilte dhó
é. Thiar ar an tSléibh Mhóir a chaith sé an chuid ba mhó de’n am agus é i
bhfolach i bpluais atá ar thaobh an tsléibhe. Tá an phluais sin ann go fóill
acht nár mhór do dhuine eolas cruinn a bheith aige ar an áit shul a bhfághadh
sé amach é. Thiocfadh leis an sagart a bheith annsin i gcaitheamh a shaoghail i
ngan fhios do lucht an dligheadh acht go raibh an áit an-fhada suas ó’n mbaile
agus ba deacair biadh nó eile a thabhairt suas ann i ngan fhios. Ina cheann sin
bhí an t-uaigneas agus an cruadhtan ag goilleadh ar shláinte an
tsagairt go mb’éigean dó an phluais a fhágáil agus a theacht anuas imeasg a
mhuinntire agus chuig an gcómhluadar. Chaith sé tamall maith ar cuairt ag
gaolta a bhí aige i mBaile Chruaich go dtí go ndeacha an sgéal amach go raibh
sé ann agus go dtáinig cipe de shaighdiuirí an Bhiongamaigh as Iorrus go Baile
Chruaich ar a lorg.
Fairíor, ní raibh lá ariamh nach raibh
Gaedhil le fagháil a chuir dúil i n-airgead na spiadóireachta agus
gan lá cotuighthe ná náire ortha mionna séanta a ghlacadh i n-aghaidh
a dtíre agus a gcreidimh. Bhí siad le fagháil an t-am sin chomh
maith agus ní díoghbháil dúthrachta a bhí ar chuid aca an sagart a chur dh’á
chois agus cé gur gabhadh ar deireadh é ní spiadóireacht ba chionntach leis.
Nuair a fuair sé an t-eolas agus
é i mBaile Chruaich go raibh na saighdiuirí ag tarraingt air, d’fhág sé an áit
agus stop ná cómhnuidhe ní dhearna sé gur shroich sé Tóin a’ tSean-Bhaile i
nAcaill. Ba gearr a bhí Baile Chruaich fágtha aige nuair a shroich na
saighdiuirí é, acht ar ndóigh ní raibh an sagart le fagháil. Bhraith siad gur
ar Acaill a thug sé a aghaidh agus siar leo ag cuartughadh ’chuile theach ar an
mbealach siar. Bhí an tAthair Mághnus faoi seo i bhfolach i nGob a’ Cháirn, i
dteach a raibh sean-bhean a raibh lúb gaoil aige dhi ina cómhnuidhe ann.
Tráthamhail go leor, chonnacthas na saighdiuirí ag déanamh ar an mbaile agus cé
go mba mhaith a bhí fhios ag muinntir an bhaile go gcuartóchaidhe ’chuile theach,
ní raibh caoi ná bealach éaluighthe as an mbaile ag an tsagart. Nuair a bhí na
saighdiuirí ag tarraingt ar theach na sean-mhná suas leis an tsagart ar lota a
bhí i n-éadan an tighe áit a ndeacha sé i bhfolach faoi chochan a
bhí ann.
Níor bhaileach i bhfolach thuas é nuair a bhí
na saighdiuirí istigh i bhfud na bhfud sa teach ag cuartughadh agus ag
rannsughadh. Níor fhág siad áit ann nár chuartuigh siad acht amháin an lota.
Amach leo annsin le dul go dtí an chéad teach eile acht nuair a bhí an duine deiridh
dhíobh ag an doras ar a bhealach amach loisg sé urchar suas ar an lota.
"Ó, Dia ’ghá réidhteach," arsa an
tsean-bhean, "tá an tAthair Mághnus marbh."
Ar ndóigh, ba é an chaoi ar sgiorr na focla
sin uaithi acht d’fhág na focla céadna an sagart gabhtha, mar thuig cuid de na
saighdiuirí Gaedhilg. D’fhill siad ar ais isteach agus chuartuigh siad an lota
agus fuair siad an sagart.
Mar atá ráidhte, b’iad saighdiuirí an
Bhiongamaigh a ghabh é agus tugadh é ina phríosúnach go caisleán an
Bhiongamaigh i nIorrus. Ina dhiaidh sin tugadh ar ais é go Baile Uí
bhFíodhcháin áit a rabhthar le n-a chrochadh. Ar an mbealach go
Baile Uí bhFíodhcháin dóibh d’iarr an sagart deoch ortha. Bhí duine de na
saighdiuirí ag teacht le deoch chuige nuair a bhuail duine eile an soitheach le
cic gur dhóirt sé an deoch.
"A Mhic Uí Mhurchadha," arsa an
sagart leis an té a bhí ag teacht leis an deoch chuige, "tá saoghal fada
le séan rómhat-sa agus Flaitheas Dé ar deireadh. Acht, a ghiolla úd a dhóirt an
deoch, ní bhéidh an chos sin leat go dtí an uaigh."
B’fhíor dhó. Chómhnuigh Mac Uí Mhurchadha ag
Áit Tighe Chonáin cómhgarach do Bhéal a’ Mhuirthid ina dhiaidh sin agus fuair
sé saoghal séanmhar sonasach. Bhí sé céad agus dhá bhliadhain déag d’aois nuair
a fuair sé bás, agus tá cuid dh’á shliocht i nÁit Tighe Chonáin go fóill. Acht
an fear eile, thoisigh an chos ag lobhadh agus seal gearr ina dhiaidh sin thuit
sí lobhtha ó’n gcolainn.
Tugadh an sagart go Baile Uí bhFíodhcháin
agus réidhtigheadh le n-a chrochadh. Lá aonaigh sa mbaile mór a bhí
ann agus bhí na sráideanna dubh le daoine. Ar chrann-meadhchain an mhargaidh a
bhí an sagart le crochadh agus chruinnigh na daoine uilig thart ar an áit agus
deirtear go rabhthar le iarraidh a thabhairt leis an tsagart a shaoradh acht
chómhairligh sé dhóibh a bheith go ciuin, go raibh sé ag fagháil bháis ar shon
a thíre agus a chreidimh, agus dh’á mbéadh a rogha féin aige go mb’in an bás a
b’annsa leis. Nuair a bhí sé thuas ar an gcroich agus an rópa ag dul faoi n-a
mhuinéal, labhair duine de na saighdiuirí, agus le teann fonamhóide agus
magaidh dubhairt sé:
"Is árd atá splíonach sagairt
indiu."
"Fainic," arsa an tAthair Mághnus
’ghá fhreagairt, "tiocfaidh do lá féin agus ní bhéidh fhios ag aoinne cé’n
sórt bás a gheibhfeas tú."
Lytell a b’ainm do’n tsaighdiúr a bhí ag
magadh faoi’n tsagart agus tamall gearr ina dhiaidh sin cailleadh é ar an
tsléibh i n-aice le Tóin ré Gaoith, gan fios ag aoinne céard a
thárla dhó.
Ba é an chéad tuairisg a fuarthas ar a bhás,
na madaidh a fheiceál ag teacht anuas taobh an tsléibhe agus cnámha daonda leo.
Thoisigh an cuartughadh annsin agus fuarthas an corp. D’aithnigheadh éadaighe
an fhir acht ba bheag de’n cholainn a bhí fágtha. Níor dearnadh a dhath acht
uaigh a dhéanamh san áit a bhfuarthas an corp agus é a chur ann san áit a
bhfuil an uaigh go n-a leacht le feiceál indiu.
Crochadh an tAthair Mághnus ar
chrann-mheadhchain an mhargaidh i mBaile Uí bhFíodhcháin ar an ochtmhadh lá de
Mheitheamh sa mbliadhain 1799, i n-aois a shé bhliadhna déag agus
fiche. Tá sé curtha i roilig Bhuirgéis Umhaille i n-éinfheacht le n-a
athair agus le n-a mháthair. Nuair a bhí an tAthair Mághnus ina
shéiplíneach i mBaile Uí bhFíodhcháin, d’fhág a athair agus a mháthair Acaill
agus chuaidh siad ina gcómhnuidhe go Baile Uí bhFíodhcháin, áit a bhfuair siad
bás. Seo i n-ár ndiaidh dán atá le fagháil i nIorrus faoi’n Athair
Mághnus Mac Suibhne:
1
Tá a cholann sa
talamh
Is a anam i
bhFlaitheas,
Faoi chúram na n-aingeal,
Na n-asbal
is na naomh;
Is gan cosg le n-a
theangaidh,
Acht ag agairt na
Tríonóide,
Éire a shaoradh
Ó ghangaid ’s
baoghal.
2
Tá an Mhaighdean
ina fhochair,
Agus Seosamh a
céile
Ag éagcaoint go
fabharach
Leathtrom na
nGaedheal
Atá faoi
dhuibheachan creidimh,
A tháinig go
hÉirinn,
I soisgéal
neamh-thairbheach,
I nGall-bhriathra
béil.
3
Crochadh an sagart,
Is céasadh na
céadta,
Marbhuigheadh na
mílte
Le géar-smacht ’s
crádh,
Nuair nár thréig
siad a gcreideamh
Ar thoiseach na
féile,
Is an Mhaighdean a
shéanadh
Ar shon pálaighe
mná.
4
Bhí an soisgéal seo
i bhfolach
Ó aimsir na Páise,
Go dtí tráth an
tsean-phéintéir
Ag fimíneach tréan,
Gur bhrostuigh an
donas é
A dhul i n-aghaidh
an Phápa,
Agus an Bíobla a
athrughadh
’Réir a
dhroch-smaointe féin.
Tá an sgéal uilig faoi bheatha agus bás an
tsagairt Ghaedhealaigh agat anois, a léightheoir, chomh cruinn agus fuair muid
féin é agus ó thárla ag trácht ar shagairt muid, bhéarfaidh muid duit anois
sgéal a fuair muid faoi shagart eile a thug a anam ar shon an chreidimh i
nAcaill san am fadó. Ba é an seanchaidhe céadna, go saoghluighidh Dia é, a thug
an sgéal seo dhúinn chomh maith, agus d’fhág sin go raibh sé mall go maith an
oidhche sin nuair a d’fhág muid Dúmhach Cinn Aille, acht má bhí féin ní raibh
lá aithreachais orainn faoi, mar go raibh stór maith seanchais againn ó Mhac Uí
Ghallachubhair, an seanchaidhe.
CAIBIDIL X
I n-aimsir na bPéin-Dlighthe
- An tAthair Ó Gallachubhair - É ar a sheachaint - An spiadóireacht - An feall
- A bhás.
"I bhFAD ó shoin nuair a bhí na
Dlighthe Pianamhla ina lán-neart i nÉirinn agus an tóir ar chléir na tíre, bhí
duine de na Gallachubhair as Acaill ina shagart suas amach an tír. Acht nuair a
tháinig an tóir i gceart ar na sagairt b’éigean dó a pharáiste féin a fhágáil
agus imtheacht ar a sheachaint. Tharraing sé siar ar Acaill, a áit dhúthchais,
agus é ar intinn aige fanacht ann faoi choim go dtigeadh maolughadh ar ghéire
na ndlighthe agus athrughadh ar an tsaoghal.
Bhí driotháir dó a bhí pósta ar mhnaoi as Tír
an Áir ina chómhnuidhe i nDubh Acha thiar i n-iarthar Acla agus
b’ar an driotháir seo a tharraing an sagart. Chuir sé sgéal roimhe chuig a
dhriotháir go raibh sé le teacht agus bhí ’chuile nidh socruighthe ag an
driotháir nuair a tháinig an sagart. Socruigheadh go bhfanfadh an sagart i
bhfolach i bpluais a bhí ins na h-alltracha móra atá thiar ag
fíor-iarthar Cheann Acla agus go dtiúbharfadh an driotháir biadh, deoch agus
aon nidh eile a bhéadh ag teastáil uaidh chuige. Bhí an sagart sásta leis an
tsocrughadh seo agus nuair a shroich an sagart Dubh Acha, siar leo beirt faoi
dhorchadas na h-oidhche gur teasbáineadh do’n tsagart an phluais a
bhéadh mar áit chómhnuidhthe aige go ceann sgathaimh.
Pluais í atá ag dul i bhfad isteach i n-éadan
na h-aille agus í timcheall leath bealaigh idir barr na h-aille
agus an fhairrge thíos. Níl acht áit amháin ann a dtiocfadh le duine a dhul
síos chomh fada leis an bpluais ó bharr na h-aille agus bealach é
a bhfuil contabhairt mhór ann do’n té a bhfuil eolas aige air, gan trácht ar an
mbaoghal atá ann do’n strainséar. Níl a fhios i gceart ag aoinne c’fhad isteach
san aill atá an phluais seo ag dul. Tá an béal réasúnta árd acht nach bhfuil sé
thar ceithre troighthe ar leithead san áit is leithne. Áit iongantach uaigneach
é gan teach ná cómhnuidhe faoi neasacht dhá mhíle dhó agus gan bóthar gan
bealach siar chuige, acht criathrach agus bogach, turtógach, fliuch idir an
aill agus Baile Dhubh Acha. Thiar annseo a bhí an sagart le fanacht san áit
nach raibh a dhath le clons aige acht greadadh agus buarfadhach na dtonn i n-aghaidh
na h-aille oidhche agus lá, sin agus síor-sgréachaghail
chaointeach na n-éanlaith mara, a bhfuil an áit beo leo.
Ó’n áit iargcúlta seo théigheadh an sagart
amach de shiubhal oidhche ag freastal agus ag friotháil ar mhuinntir na mbailte
thart air agus d’fhilleadh sé ar ais roimh an maidneachan go dtí a phluais
féin. Ní raibh fhios ag neach beo san áit cá raibh an sagart i bhfolach, acht
ag a dhriotháir féin amháin. Chongbhuigh seisean an rún seo ó n-a
mhnaoi féin cé gur mhinic a cheistnigheadh sí é, cá mbíodh a thriall nuair a
d’fheiceadh sí é ag imtheacht ’chuile oidhche, mórán, le biadh. Ba chuma cé’n
cineál aimsire a bhíodh ann ní dhearna an driotháir ceann-fhaillighe ar an
tsagart, agus ba roimhe a bhíodh an fháilte. Ní bhíodh sgéal ag imtheacht nach
mbíodh leis chuig an tsagart agus d’innsigheadh an sagart dó a chuid eachtra
féin, na daoine ar chuir sé an Ola Dheireannach ortha, iad seo ar bhaist sé
leanbh dhóibh agus ar ndóigh iad seo ar chuir sé ceangal an phósta ortha.
Nuair a bhí an sagart corrlach le bliadhain
sa bpluais bhí corr-spiadóir ag teacht isteach go hAcaill, mar chuaidh an sgéal
amach ar chaoi eicínt go raibh an tAthair Ó Gallachubhair i bhfolach ann i n-áit
eicínt. Bhí imnidhe ag teacht ar dhriotháir an tsagairt faoi seo, go mór mhór
nuair a chuala sé fuagraithe é go raibh suim mhaith airgid le fagháil ag an té
a bhéarfadh eolas do lucht an dligheadh cé’n áit a raibh an sagart i bhfolach.
Acht ina dhiaidh sin níor loic sé pioc uair ar bith gan freastal ar an tsagart
le biadh agus gach a mbíodh de dhith air.
B’iomdha sin uair ar chuir sé fainic ar an
tsagart agus ar chómhairligh sé é gan a bheith ró-dhána agus gan a bheith ag
dul amach imeasg na ndaoine acht díreach nuair a bhéadh an call go géar leis.
Mhínigh sé dhó go mion agus go minic an baoghal a raibh sé ’ghá chur féin ann
agus an cathughadh mór a bhí san airgead agus chomh géar agus a bhí lucht an
dligheadh ar lorg eolais. Ghlac an sagart a chómhairle agus ina dhiaidh sin ba
rí-annamh a d’fhágadh sé a phluais chor ar bith acht amháin le cead a
dhriothára.
Timcheall an ama seo tháinig cipe saighdiuirí
go hAcaill agus chuir siad fútha i n-aice le Gob a’ Choire.
Deirtear gur i n-aon turas leis an tsagart a ghabhadh a tháinig
siad acht deirtear fútha chomh maith nach raibh siad ró-ghéar ná
ró-dhúthrachtach ar a thóir. Rud eile, ó’n chéad lá ar casadh an tAthair Ó
Gallachubhair ar a sheachaint go hAcaill ní féidir an spiadóireacht ná an
fheallacht a chasadh le aoinne de thógáil an oileáin. Duine ar bith a
chleachtuigh an obair úir-íseal seo ar an oileán ba strainséar san áit é agus
tá sé sin sa tseanchas ó cheann ceann an oileáin go dtí an lá indiu. Ba
rí-mhaith a bhí a fhios ag na saighdiuirí go raibh an sagart i bhfolach i n-áit
eicínt ann acht níor chuir siad lá stróimh ortha féin ’ghá thóruidheacht
oidhche ná lá agus do réir mar innstear, níor lúgha leo an deamhan féin ná iad
seo a bhí ag déanamh na spiadóireachta.
Acht cébí ar bith, maidean amháin d’éirigh
driotháir an tsagairt i bhfad roimh an lá le dul go dtí an phluais ar cuairt chuig
a dhriotháir. Níor thúisge glanta as an teach é ná bhí a bhean ina suidhe. Lean
sí a fear i ngan fhios dó go bhfeiceadh sí céard a bhí ar bun aige. Ar ndóigh
níor bh’fhada go bhfuair sí fios fátha na moich-éirghe agus nuair a fuair, ar
ais léithe agus stop ná moill ní dhearna sí gur bhain sí bearaic na saighdiuirí
amach agus gur innis sí dhóibh gach a bhfaca sí ó thús go deireadh. Níor
shásuigh an méid sin í, mar d’fhan sí go raibh na saighdiuirí réidh agus
threoruigh sí iad go barr na h-aille, áit ar shroich siad le
fochraighe an lae.
Thíos sa bpluais bhí an driotháir ag fágáil
sláin ag an tsagart agus ag cómhairliughadh dhó a bheith ar a aire go géar agus
nár bhaoghal dó. Ba bheag a shíl ceachtar de’n bheirt go raibh an fheall déanta
agus go raibh na saighdiuirí faoi seo ag barr na h-aille. Nuair a
bhí an driotháir cúpla slat nó trí amach ó bhéal na pluaise ar a bhealach
aníos, h-óbair go dtuitfeadh an t-anam as nuair a
chonnaic sé anuas chuige na saighdiuirí, agus chomh fada agus ba léar dó le
marbh-sholas na maidne, bhí na sgórtha aca ar bharr na h-aille
thuas.
Níor bh’fhéidir leis a dhath a dhéanamh acht
glaodhach i n-árd a ghutha ar an tsagart thíos, ag rádh leis a
bheith amuigh go beo, go raibh an tóir sa mullach air. Tháinig an sagart go
béal na pluaise agus nuair a chonnaic sé chuige anuas na saighdiuirí, ba mhaith
a bhí a fhios aige go raibh a chaisgín meilte, mar nach raibh bealach
éaluighthe aige. I ndiaidh breathnughadh suas dó ar lucht an dligheadh,
d’fhéach sé síos san áit a raibh an fhairrge ’ghá caitheamh féin gan trócaire i
n-aghaidh na gcarraigeach thíos. Thuig sé ar an móiméad nach raibh
aige acht rogha an dá dhíogha, sé sin fanacht go dtigeadh na saighdiuirí fhad
leis, nó é féin a chaitheadh le fánaidh síos san aibéis. Mheas sé go mba trócaraighe
iad na tonnta fuara féin ná na saighdiuirí, agus seo é de léim síos san uisge
ag brath snámh amach go carraig a bhí leith-mhíle nó mar sin amach uaidh.
Chonnaic na saighdiuirí é thíos san uisge agus é ag carraidheacht go tréan leis
na tonntracha agus bhí cineál faitchís ortha go n-éireochadh leis
imtheacht uatha. Níor mhaith leo urchar a chaitheamh leis agus é sa tsnámh, mar
dá marbhuighthí san uisge é ní bhéadh aon chruthughadh aca-san le tabhairt gur
dearnadh an gníomh.
Ghlaoidh siad ar an tsagart filleadh ar ais
agus gheall siad dó nach n-imreochadh siad aon fheall air agus go
leigfeadh siad saor le n-a anam é. D’fhill sé. Ar an dá luathas ’s
ar leag sé cos ar an gcarraig rug siad air agus thug go barr na h-aille
é. Bhí a dhriotháir gabhtha annsin aca agus é ag féachaint ar an obair ar fad.
Níor thúisge an sagart ar bharr na h-aille aca ná sgoith siad an
ceann de gan truaigh gan trócaire, gan cúirt gan cuisne.
Níor shásuigh an méid sin iad. Chas siad leis
an driotháir go raibh seisean ag cabhrughadh le duine a bhí ag iarraidh
éalughadh ó’n dlighe agus thug siad leo ina phríosúnach é. Cuireadh an dlighe
air agus cuireadh thar sáile go deo é. Níor leag sé súil ar Acaill ní ba mhó.
Thug na saighdiuirí ceann an tsagairt leo acht d’fhág siad an cholann annsin ar
an mbán ina ndiaidh. Ba chuma leo acht an cruthughadh a bheith aca gur cuireadh
an sagart dh’á chois.
Amach faoi mheadhon lae fuair muinntear na h-áite
sgéal faoi gach ar thárla ag an bpluais agus barr na h-aille agus
tháinig siad gur thug siad colann an tsagairt leo. I ndiaidh tórramh mar ba
chuibhe a dhéanamh air cuireadh é i roilig Chill Cholmáin ag bun na Sléibhe
Móire.
Ó’n maidin sin ní raibh trácht ná tuairisg ar
bhean an driothára ar an oileán, acht amháin gur innis na saighdiuirí gurabh
ise a thug an t-eolas dóibh agus go bhfuair sí luach a saothair.
Bhí beirt chlainne aici acht breathnughadh siar ortha ní dhearna sí. Bhíodh
siad ar aimsir anonn agus anall ag muinntir an oileáin gur fhás an bheirt aca
suas. Nuair a tháinig ann dóibh i gceart d’imthigh siad leo ar nós an tsrotha,
gan filleadh ar Acaill ní ba mhó.
Bhí sé soiléir go raibh bród ar an
tseanchaidhe faoi go mba sagart dh’á shloinneadh féin a bhí i gceist aige sa
sgéal mar go mba mhinic a thug sé le fios dúinn go mba duine de na Gallachubhair
é, agus a bheag nó a mhór de’n mhaoidheamh le n-aithneachtáil air
chomh maith.
"Bhfuil aon chruthughadh nó comhartha
anois thiar ag na h-alltracha sin gur marbhuigheadh an sagart
ann?" arsa Micheál leis.
"Tá díreach," ar seisean,
"cruthughadh a mhairfeas fhad is beo duine i nAcaill. Tá ‘Pluais an
tSagairt’ go fóill ann le feiceál ag feara Fáil agus leanfaidh an t-ainm
sin dó go deo. Ina cheann sin tá carraig amach sgathamh san bhfairrge ó bhéal
na pluaise agus ‘Léim an tSagairt’ a tugtar uirthi. Deirtear go mb’in í an
charraig a raibh dúil ag an tsagart snámh amach chuici nuair a ghlaoidh na
saighdiuirí air filleadh."
D’fhág muid slán ag Mac Uí Ghallachubhair i
ndiaidh ár mbuidheachas a ghabháil go fial leis agus tharraing muid siar ar an
gCaol aríst, áit ar fhan muid an oidhche sin. Ba mhall a chodluigh muid an
oidhche chéadna mar bhí muid ag cíoradh agus ag spíonadh gach a raibh cluinte
agus feicthe againn ar feadh an lae, agus ag leagaint amach céard a b’fhearr a
dhéanamh ar maidin. Ar an gcaoi sin níor airigh muid go raibh sé amach doimhin
san oidhche nuair a chuaidh muid a chodladh.
CAIBIDIL XI
Gráinne Ní Mháille - A bunadh - Na
Flaithbheartaigh - Na Máilligh - Na Búrcaigh - Eachtra Ghráinne - "Diabhal
an Chorráin" - "Caiptín Ó Máille."
BHÍ
duine cáileamhail eile ar chuala muid sgéalta fánacha fúithe ó am go h-am
agus ba mhaith linn cunntas réasúnta iomlán a fhagháil fúithe shul a bhfágadh
sinn Acaill. Gráinne Ní Mháille, nó mar a tugtar uirthi go minic sa tseanchas,
"Bainríoghan an Iarthair," atá i gceist againn. Chuala muid ’chuile
lá ariamh go raibh dlúth-bhaint aici le Acaill agus le iarthar Chonndae
Mhuigheo, agus ó casadh san áit muid, shocruigh muid a tuairisg a chur.
D’éirigh linn go seoigh. I n-uachtar
Acla, thart ar Chill Damhnait agus an Corrán, a fuair muid a bhfuil de
sheanchas annseo fúithe, gan cur leis ná baint de, acht a bhreacadh síos mar a
fuarthas é ó shean-daoine anonn agus anall ins an gceanntar sin. Ar ndóigh
cuireadh eagar ar an tseanchas sin shul ar breacadh síos é, agus bíodh an
fhírinne ann nó ná bíodh tuigfidh an léightheoir uaidh gur fada siar a
théigheas seanchas na sean agus gur ádhbhar iongantais é an chaoi a dtáinig sé
anuas chugainn ó ghlúin go glúin gan mórán cabhrach ó leabhra ná
láimh-sgríbhinní, mar go mba bheag dhíobh sin a bhí le fagháil, agus dhá mbéadh
féin ba fíor-chorr-dhuine de na seanchaidhthe a bhí i n-ann
léigheadh, ná aon mheabhair a bhaint as leabhra.
Le linn Eilís a bheith ina bhainríoghain ar
Shasana, bhí, i n-iarthar Chonnacht, bean chalma ar a dtugtaoi
Gráinne Ní Mháille. B’inghean do Eoghan Ó Máille í agus bhí
"Dubh-Darach" mar leas-ainm air-sean. Bhí cabhlach láidir ar an
bhfairrge aici ó Oileáin Árann go cuan Dhún na nGall agus ar fhad an chósta sin
tá, annseo agus annsiúd, fothracha na gcaisleán a bhí aici.
Gadaidhe mara a b’eadh a h-athair
agus a shinnsear roimhe agus bhíodh Gráinne leis i gcómhnuidhe agus ar an gcaoi
sin fuair sí eolas ar mhairnéalacht. Cailleadh a h-athair nuair a
bhí Gráinne timcheall naoi mbliadhna déag d’aois agus ghlac sise an tsrian
annsin agus rinneadh ceannphort ar lucht leanamhna an athar di. Uaidh sin amach
thugtaoi Bainríoghan an Iarthair uirthi. Níltear cinnte cé mhéad soitheach a
bhí aici ná cé’n cineál a b’eadh iad acht ó’n tseanchas, is cosamhail nach raibh
mórán méid ionnta, mar teasbántar go fóill na clúideanna agus na céabhanna a
mbíodh siad ar fasgadh ionnta, agus dhá mba soithigh mhóra iad ní bhéadh áit
aca ins na clúideanna seo ná a sáith uisge aca ionnta. Mar atá ráidhte bhí go
leor caisleán aici, cuid aca ar an móir-thír agus cuid eile ar na h-oileáin
atá ar chóstaí Mhuigheo agus na Gaillimhe. Bhí ceann láidir aici i nOileán
Chliara, áit a bhfuil sí curtha. Bhí ceann eile aici i n-íochtar
Bhaile Chruaich; caisleán Dhún Átha a tugtar air, acht bhí an ceann ba láidre
ar fad aici ag Carraig a’ Chabhlaigh i n-aice le Ros Tuirc i
gConndae Mhuigheo.
Mhair sí ins an
aois a mbíodh an ghadaidheacht ar muir ar siubhal go tréan agus san am a mbíodh
earraidhe dh’á smugláil isteach go iarthar na hÉireann ó’n bhFrainnc agus ó’n
Spáinn agus ó thíortha eile chomh maith. Bhíodh Gráinne agus a cabhlach san
áirdeall ar na longa smuglála seo agus ghlacadh sí seilbh ar gach ceann dhíobh
dá gcastaoi uirthi. Dhíoladh sí féin na h-earraidhe sin aríst agus
dhéanadh sí go maith ortha.
Acht ní ar
luingeas na Spáinne ná na Frainnce a bhí an tóir uilig aici. Ba iomdha fogha a
thugadh sí faoi luingeas tráchtála Shasana chomh maith. Bhí sí ag déanamh
creacha chomh mór sin ar thráchtáil Shasana san iarthar gur thairg riaghaltas
na tíre sin £500 le n-a gabhadh acht b’in an cúig céad punt nár
éirigh le aoinne a shaothrughadh. Bhí Gráinne faoi’n tráth seo i gcaisleán a
bhí aici i gConamara agus thug cipe de shaighdiuirí Shasana a bhí i nGaillimh
fogha faoi’n gcaisleán acht i ndiaidh a bheith ag dul dó ar feadh coicighíse,
b’éigean dóibh tabhairt suas agus Gráinne a fhágáil mar a bhí sí.
Bhí sí pósta
faoi dhó. Domhnall Ó Flaithbheartaigh a
b’ainm do’n chéad fhear a bhí aici. Ba duine de Fhlaithbheartaigh mhóra
Chonamara é agus fear a bhí tugtha do chogadh agus do achrann chomh mór léithe
féin. Níl aon eolas gur fiú le fagháil ó sheanchaidhthe Acla ar an
bhFlaithbheartach i ndiaidh an phósta. Nuair a cailleadh é phós sí duine de na
Búrcaigh a raibh go leor de Ghaillimh agus deisceart Mhuigheo aige. Ar an gcaoi
sin fuair sí an chúmhacht agus na caisleáin a bhí aici, ní h-é
amháin i n-iarthar Mhuigheo acht i gConamara chomh maith.
Timcheall na bliadhna 1576 a phós sí an Búrcach, agus cé nár réidhtigh siad
beirt le chéile, throid siad go dian dúthrachtach i n-aghaidh an
tSasanaigh. Ar chuma ar bith, innstear sa tseanchas gur cuireadh an dara pósadh
ar neamhnidh acht bhí cuid mhór de chúmhacht an Bhúrcaigh ag Gráinne.
Bhí go maith go dtáinig an Biongamach go Connacht mar uachtarán ar an gcúige. Bhí Gráinne ar
cheann de na náimhde ba chúmhachtaighe a bhí roimhe agus fhad agus bhí sí i n-ann,
níor leig sí dhó greim a fhagháil go bog ar chuid ar bith dh’á dúthaigh. Acht
nuair a thuit sí féin agus a fear amach, is cosamhail go raibh sí ag cailleadh
cúmhachta ina dhiaidh sin, mar tháinig sí le cur fúithe ins an gcaisleán a bhí
aici ag Carraig a’ Chabhlaigh. Thug sí suas an troid agus sgathamh ina dhiaidh
sin ghlac an Biongamach seilbh ar mhaoin agus ar thalta Ghráinne agus gheall sé
dhi nach mbacfadh sé léithe dá ngéilleadh sí dhó. Bhí imnidhe ar Ghráinne nach
raibh acht cur i gcéill i gcainnt an Bhiongamaigh agus chonnaic sí an oiread
sin dh’á chuid olcais roimhe sin nach raibh aon mhuinighin aici as. D’fhág sí Connacht annsin agus stop ní dhearna sí gur shroich sí
Cúige Uladh. D’fhan sí annsin sgathamh maith faoi chosaint mhuinntir Dhomhnaill
acht bhí sí ina mnaoi bhoicht anois gan cúmhacht ná saidhbhreas aici.
Ní h-é go leor eolais atá againn
san tseanchas fúithe fhad agus bhí sí i gCúige Uladh acht is cosamhail gur
fhill sí go Connacht agus gur thoisigh sí ar an tsean-cheird aríst, ag
gaduidheacht ar an bhfairrge agus ag troid i n-aghaidh chabhlaigh
Shasanaigh am ar bith a bhfuair sí an deis. Níl fhios i gceart cé’n chaoi a
bhfuair sí an luingeas ná an gléas troda i ndiaidh theacht ó Chúige Uladh dhi
acht tá baramhail ag cuid de na seanchaidhthe gurab iad Domhnallaigh Thír
Chonaill a chuir ar na bonnaí aríst í nuair a tháinig siad féin go Connacht. Ar chuma ar bith, bhí cabhlach aici aríst mar
d’ionnsuigh siad cuid de chabhlach Shasana ag Oileáin Árann agus fuair sí an
bhuaidh ortha. Níltear cinnte cé’n t-am a bhfuair sí bás acht bhí
deireadh le n-a réim mar throdaidhe timcheall toiseach na
seachtmhadh aoise déag.
Ba duine de na Máilligh céadna an Caiptín Ó
Máille sin a bhfuil a chuimhne go glas go fóill thart ar chóstaí Mhuigheo agus
ar Chonndae na Gaillimhe agus chomh fada ó dheas le Conndae an Chláir. Bhí sé
ina smuglaer cáileamhail agus b’iomdha sin gábhadh a ndeacha sé thríd agus é ag
tabhairt luchtaí fíona, síoda, tobac agus earraidhe eile de’n chineál sin anall
ó’n Eoraip gan cáin ar bith a íoc. Ba mhinic a bhíodh an tóir go géar air acht
níor ceapadh ariamh é. Tráth amháin agus é ina shean-fhear bhí sé ag teacht ó’n
Spáinn le lucht nuair a spréach sé ina stoirm air ar chósta Chonamara. Cuireadh
i dtír an long agus briseadh ar na cairrgreacha í. Tháinig sé féin agus an
fhuireann slán acht níor thaobhuigh sé an fhairrge ní ba mhó. Bochtuigheadh é
ina dhiaidh sin go mb’éigean dó dul isteach go teach na mbocht i gCathair na
Mart agus b’ann a cailleadh é.
Níl léigheadh ar a bhfuil de sgéalta fánacha
ag seanchaidhthe Acla agus Iorruis faoi Ghráinne Ní Mháille, agus mur’
gcuirtear leo san innseacht ní baintear tada dhíobh. Timcheall an ama a raibh
sí ina neart thug Eilís, bainríoghan Shasana, cuireadh dhi a dhul anonn chuici
ar cuairt. Shíl Eilís go mb’fhéidir go n-éireochadh léithe a
dhéanamh le plámás agus bladar an rud a sháruigh uirthi a dhéanamh le
lámh-láidir, sé sin géilleadh a bhaint de Ghráinne. Acht níor chríonna an cat
ná an coiméad. Bhí baramhail mhaith ag Gráinne cé’n gnaithe a bhí dhi thall
agus ar an ádhbhar sin bhí sí réidh leis an bhfód a sheasamh fiú amháin thall i
Lunndan.
Ghléas sí a cabhlach agus sgód níor tharraing
sí gur bhain sí Lunndan amach. Bhí Eilís lághach go leor léithe acht níor
theasbáin Gráinne mórán umhlaidheachta dhi. Ní go ró-shásta a bhí Eilís le
iomchur agus neamh-spleádhachas Ghráinne acht nár leig sí sin uirthi. Tharraing
sí chuici an plámás ag súil go ngéillfeadh Gráinne acht b’in a raibh dhá bharr
aici. Bhí Gráinne chomh teann léithe féin agus bogadh ní dhéanfadh sí. Nuair a
bhí sáruighthe ar ghliocas agus bladar Eilíse gheall sí do Ghráinne dá
ngéilleadh sí, go ndéanfadh sí bainríoghan fúithe féin di agus go dtiúbharfadh
sí saidhbhreas agus talamh dhi. Tháinig ruibh feirge ar Ghráinne nuair a chuala
sí sin agus d’ionnsuigh sí Eilís thall ar a h-urlár féin.
"Nach dána an mhaise dhuit é," arsa
Gráinne léithe, "a rádh go ndéanfá bainríoghan díom-sa, ná cé’n ceart atá
agat a leitheide a rádh? Bhí mise ’mo bhainríoghain rómhat féin agus do
dhubhshlán mé a chur faoi smacht. Tusa Bainríoghan Shasana agus mise
Bainríoghan an Iarthair agus is beag mo bheann ort."
Leis sin d’fhág
sí Lunndan agus d’fhill sí abhaile.
Ar an mbealach abhaile dhi shéid sé ina
stoirm agus b’éigean di cur isteach go cuan Bheann Éadair gur leig an stoirm
faoi. Chuaidh sí féin agus cuid dh’á h-oifigigh i dtír agus
chuaidh chomh fada le caisleán Bheann Éadair. Ar sroichint an chaisleáin dóibh chonnaic
siad go raibh na doirsí agus na geataí uilig druidthe mar bhí muinntear an
chaisleáin i gcionn a ndinnéar. Ní raibh aon chaoi ag Gráinne le dul isteach
agus chuir sin ar mire í mar nach raibh aon chleachtadh aici ar a leitheide de
dhoicheall. D’fhill sí síos i dtreo an chuain agus ar an mbealach síos di
casadh páiste beag dathamhail uirthi ag spraoidh dhó féin ar mhacha an
chaisleáin. San gcainnt a bhí aici leis an malrach fuair sí amach go mba oidhre
óg an chaisleáin é. I ngeall ar an doicheall a fuair sí ag an gcaisleán
d’fhuaduigh sí léithe an gasúr siar go Conndae Muigheo.
Cuireadh an tóir uirthi acht dhiúltuigh sí an
gasúr a thabhairt ar ais go ngealltaoi dhi go bhfágfaidhe doirsí agus geataí an
chaisleáin fosgailte ag tráth béilithe agus fáilte agus féile a bheith le
fagháil ann ag "taistealaidhthe thriallta an róid" ina dhiaidh sin.
Deirtear gur tugadh an gheallamhaint agus go raibh áit ar leith san gcaisleán a
mbéadh biadh le fagháil i n-aisge ag aoinne a chasfaidhe an
bealach le linn béile a bheith ar siubhal ag muinntir an chaisleáin.
Bhí caisleán, nó dún-phort aici i gCill
Damhnait, an t-aon cheann amháin a bhí aici ar an oileán. I n-uachtar
Acla atá sé, nó na fothracha anois, ba chóra a rádh agus é déanta ar bhord an
chuisle fairrge atá ag deighilt an oileáin ó’n mhóir-thír. Níl fágtha indiu
acht giota de’n túr chearnógach a bhí air, acht ó’n méid sin féin is soiléir go
raibh eolas a gceirde ag na saortha a rinne i dtoiseach é agus go mba dún
daingean é ina lá. Ó’n tseanchas agus ó na fothracha bhí sé timcheall céad agus
trí sgór troigh ar fad ina éadan acht ní féidir a bheith cinnte faoi’n leithead
mar go bhfuil cuid de na fothracha sguabtha ar siubhal ag an bhfairrge, acht
thiocfadh dhó nach raibh ins an gcuid seo acht balla an chlóis. Má b’í Gráinne
féin a thogh an áit is soiléir go raibh dúil aici san áilneacht. Ba doiligh áit
ní ba deise a fhagháil ar an gcuisle sin ó Bhéal a’ Bhuláin go Béal na gCliath,
ná Cill Damhnait. Is breágh an radharc é lá breágh samhraidh acht go mór mhór
sa tráthnóna nuair a bhíonn sgáilí an chaisleáin agus na gcnoc ar a chúl le
feiceál san uisge. Acht más deas an radharc é indiu, níl aimhreas ná go mba
deise i bhfad é nuair a bhí an caisleán ina sheadh agus cabhlach Ghráinne ar
ancoire faoi n-a sgáth.
Is féidir an rud céadna a rádh faoi’n gceann
a bhí aici i nDún Átha i n-íochtar Bhaile Chruaich. Ní mór nach é
an déanamh céadna a bhí ortha chomh maith, do réir mar a feictear ó na
fothracha indiu. Agus rud eile, is beag nach é an déanamh agus an chuma chéadna
atá ar an ngiota atá ina sheasamh de’n dá cheann go fóill. Tá an ceann i nDún
Átha déanta ar bhord Chuan an Fhóid Dhuibh san áit a dtéigheann an Abhainn Mhór
i bhfairrge. Deirtear go raibh tóchar nó bealach déanta ó’n gcaisleán treasna
béal na h-aibhne go dtí an taobh thall agus go bhfuil rian an
tóchair sin le feiceál go fóill amuigh ag íochtar láin, nuair a bhíonn sé ina
dhíth-thráigh.
Ar chuma ar bith is cosamhail ó’n tseanchas
go raibh réim na Máilleach mar thaoisigh i nAcaill agus i nÚmhaill thart nuair
a cailleadh Gráinne. Mar atá ráidhte, tháinig easaontas idir na Máilligh agus
na Búrcaigh nuair a sgar Gráinne agus a fear, "Risteard an Iarainn"
mar a thugtaoi air, ó chéile. Lagaigh sin na Máilligh go mór agus nuair a
tháinig an Biongamach go Connacht ní raibh na
Máilligh ina líon-chatha dhó, cé nár leig siad ordlach leis go bog gur
sáruigheadh ortha.
Timcheall an ama a dtáinig an Biongamach go Connacht bhí taoiseach tréan calma i gCorrán. Ba duine de
shliocht na Máilleach é agus tá baramhail ag cuid de na seanchaidhthe go mba
mac ar dhíomhaoineas do Ghráinne é. Deir cuid eile go mba driotháir dhí é acht
cébí sin de, níl aimhreas nach raibh sé ann, mar is iomdha seanchas atá faoi
san gceanntar sin. "Diabhal an Chorráin" a bhí mar leas-ainm air agus
más ion-chreidthe an seanchas faoi, ba treoraidhe glic agus saighdiúr calma a
bhí ann.
Nuair a tháinig na Brúnaigh go Conndae
Mhuigheo i dtoiseach shocruigh siad i ndeisceart an chonndae agus nuair a bhí
siad bunaighthe i gceart annsin tugadh Acaill, mar a bhí sí an tráth sin,
dóibh. Chuala Seán Brún, sé sin an chéad duine dhíobh a tháinig, chuala sé
trácht ar "Dhiabhal an Chorráin" agus shocruigh sé searsa a thabhairt
go hAcaill ag súil go mbainfeadh sé géilleadh de "Dhiabhal an
Chorráin" agus go gcuirfeadh sé an ríoghacht sin faoi smacht. Chuala
taoiseach an Chorráin go raibh an Brúnach le teacht agus thoisigh sé féin ag
stócáil agus ag réidhteach mar nach raibh dúil aige aon chuid dh’á ríoghacht a
leigint uaidh go bog. Nuair a fuair sé an sgéal go raibh an Brúnach ar bhealach
ag teacht, chruinnigh sé féin a arm agus chuaidh sé i n-airicis an
Bhrúnaigh.
Casadh an dá arm ar a chéile ag Tír an Áir,
áit atá ar an taobh thoir de Mhaolraithnighe. Tugadh cath fuilteach fíochmhar
annsin a mhair trí lá agus deirtear nach bhfuil léigheadh ná innseacht ar an
tsléacht a rinneadh ann. Bhí an bhuaidh ag "Diabhal an Chorráin" acht
má bhí, cheannuigh sé go daor é. Rinneadh príosúnach de Sheán Brún agus
crochadh é ar an gcnoc cómhgarach do’n áit a bhfuil an teach phobail i dTír an Áir
anois. Níor thug na Brúnaigh iarraidh eile ar Acaill go ceann céad bliadhan ina
dhiaidh sin. Tá furmhór na seanchaidhthe ar aon intinn gur i ngeall ar an
marbhughadh agus an sléacht a rinneadh san gcath sin a fuair an áit sin an t-ainm
atá air.
Bhí caisleán láidir ag na Búrcaigh ar oileán
ar Loch Measga. Caisleán na Caillighe a b’ainm dhó agus d’ionnsuigh an
Biongamach é. San tráth sin bhí na Máilligh agus na Búrcaigh guala ar ghualainn
le chéile agus iad ag tarraingt go maith le chéile agus gan aon dúil aca bheith
faoi ghéilleadh ag Sasana. Ba é "Diabhal an Chorráin" a bhí ag
cosaint an chaisleáin a bhí ar an oileán agus cé gur chaith an Biongamach a
dhícheall go dúthrachtach le n-a bhaint amach, sháruigh air. Bhí
an lá le "Diabhal an Chorráin" agus b’éigean do’n Bhiongamach glanadh
leis.
Más fíor gach a n-innstear faoi
"Dhiabhal an Chorráin," ní raibh trodaidhe ná ceann catha a b’fhearr
ná é san iarthar ariamh. Nuair a ghéill Gráinne féin do’n Bhiongamach, b’fhada
ó’n "Diabhal" thabhairt isteach. Laguidheadh go mór é acht ina
dhiaidh sin dheamhan géilleadh a dhéanfadh sé. Nuair a baineadh a chuid
caisleán agus talaimh dhe ar deireadh, d’imthigh sé leis ar fairrge agus lean
sé air ag baint fogha agus ag déanamh creacha ar an námhaid gach uair d’á
bhfuair sé an deis gur báitheadh é ar deireadh i n-aice le Béal na
gCliath idir Acaill Bheag agus Corrán.
Ní h-ionann an tuairisg atá ag
seanchaidhthe Acla agus seanchaidhthe Bhaile Chruaich faoi "Dhiabhal an
Chorráin" agus ó tugadh thuas an tuairisg atá le fagháil faoi i nAcaill,
bhéarfaidhear annseo an tuairisg atá ag seanchaidhthe Bhaile Chruaich faoi,
agus an gaol a bhí aige le Gráinne.
Bhí triúr clainne ag Gráinne - Máire,
Murchadh agus Eoghan - leis an bhFlaithbheartach agus nuair a tháinig Eoghan i n-aois
phós sé cailín de na Búrcaigh. Bhí cúmhacht agus caisleáin ag na Búrcaigh seo
thart ar Chuan Modh, agus chomh fada soir le Caisleán a’ Bharraigh. Phós Máire,
inghean Ghráinne, duine de na Búrcaigh céadna a raibh caisleán Charraig a’
Chabhlaigh aige agus ceann eile ar an gCorrán. Ba é seo an fear a dtugtaoi
"Diabhal an Chorráin" air agus níor de shliocht na Máilleach é chor
ar bith acht go raibh gaol tré phósadh aige leo. Phós Gráinne í féin duine de
na Búrcaigh chomh maith nuair a cailleadh an Flaithbheartach agus do réir
seanchas Bhaile Chruaich b’in é an chaoi a raibh an cairdeas idir na Máilligh
agus na Búrcaigh a d’fhág iad chomh cúmhachtach agus bhí siad i gConndae
Mhuigheo.
Ar chuma ar bith ba chúmhachtach an dream iad
na Máilligh agus maireann a gcliú go h-úr go fóill i seanchas
Mhuigheo. Ba é Seoirse Ó Máille, an caiptín sin ar tagruigheadh cheana dhó, an
duine deiridh dhíobh a bhfuil aon tseanchas faoi. Is cosamhail go raibh a réim
thart nuair a cailleadh eisean agus ní fearr leacht a thógfadh sinn ortha
annseo ná an dán sin, "Caiptín Ó Máille," a thabhairt do’n
léightheoir. Dán é atá ag seanchaidhthe an Iarthair ó Chuan na Gaillimhe go
Ceann Iorruis agus níl duine ortha nach gcuideochadh linn le cloch a chur ar an
leacht.
CAIPTÍN Ó MÁILLE
1
An chéad lá de
mhí Fhóghmhair a chrochamar ár seolta
Ag tarraingt ar
na cóstaí úd ag tóin an Bhunnáin siar,
Thart annseo le Cliartha agus Acaill Bheag
taobh thiar dhe
Is go hInis Tuirc dhá dtrialladh, bhéadh
áirdeall orainn ann,
Thart le Rinn na Maoille, síor ag Cruach na
Caoile,
An Cloigeann le n-a thaobh sin
agus Tráigh Bhrighid ina dhiaidh
Ná gur dhóirteamar le fánaidh, fríd fhairrge
is í ag cáthadh,
Gur shroicheamar an Ráithche, mar is ann a
bhí ár dtriall.
2
Ag síneadh dhúinn le hÁrainn, mhéaduigh
orainn gála
Bhí cúrsaí istigh i dtráth againn, is níor
thráth faillighe é;
D’árduigh sé ’na
fheochan agus as sin ’un na gaoithe móire
Gur chrochamar na seolta, is níor mhór dúinn
é i n-am.
Bhí an fhairrge ag géimnigh agus las na
tonnta tréana,
Dhorchuigh na spéarthaí agus mhéaduigh ar an
gceo;
Is dhá mbéadh cainnt ag na clárthaí,
d’innseochaidís sgéal cráidhte
Faoi chomh gar is chuaidh an bás dúinn is gan
eadrainn acht iad.
3
Bhí crú na luinge i n-aoinfheacht
ag dearcadh ar chlár m’éadain,
Ag dúil le cabhair a dhéanamh is gan mhaith
ar bith dhóibh ann,
Acht dubhairt mé leo i dtréan-ghuth go
ndéanfainn gach a bhféadfainn
Le n-a stiúradh faoi iomlán
éadaigh fhad is thiocfadh léithe snámh.
Bhí mo lámha feannta stróicthe go síorruidhe
tarraingt rópaí;
Tá’n craiceann uilig tóigthe amach ó alt is
cnáimh.
Acht má’s é an bás a gheall Mac Dé dhúinn,
cia’n gar atá ’ghá shéanadh,
Acht a dhul go Flaithis Dé dhúinn ar aon
stáid amháin.
4
Ag teacht dúinn go hÉirinn, bhí fíon is
branndaí is tae linn,
Tobac ’gus Jamaica ’gus gach aon tsórt d’á
raibh ann,
Píosaí fada
síoda agus sgeafanna dhá dhaoire,
Cébí í féin is mian liom, is di shínfeas mé
mo lámh.
Mo shoitheach bocht tá brúighte ó earainne go
glúiní,
A cuid boltaí gur lúbadh iad is ní náire ar
bith dhi é,
Acht anois ó lag an feochan, is go
bhfuaireamar an chóir mhaith,
Críochnuighmuist an t-amhrán
agus ólamuist dram.
5
Nár mhór an cliú is an t-ádh
dhúinn an bealach úd a shárughadh,
Is gan againn ann acht námhaid rómhainn is
’nár ndiaidh,
Bhí water-guards san áirdeall agus póilíos le
n-a sálaí,
Revenue na h-áite is gach
spiadóir dá raibh leo.
Bhí cutters, beag is mór ann, píolótaí
sanntach’ leobhtha,
Luingseacha Rí Sheoirse sa tóir uilig ’mo
dhiaidh,
Acht is mise Seoirse Ó Máille, fear maith de
chineál Ghráinne,
A chuireadh i dtír mo lucht go sásta, is ná
raibh maith aca dhá chionn.
CAIBIDIL XII
Tighearnaí talaimh - Muinntear Brún -
Muinntear Uí Dhomhnaill - Muinntear Mhic Lochlainn - Muinntear Mhic Chormaic -
’Liam Píce - Iarla Chábháin - "Cailleach a’ Valley."
BHÍ
fúinn ó casadh go hAcaill muid tuairisg a fhagháil faoi na tighearnaí talaimh
ba mhó cliú a bhí ann ó aimsir na Máilleach anuas agus an t-eolas
sin a thabhairt do’n léightheoir mar a fuarthas é ó na seanchaidhthe. Ba
doiligh eolas cruinn a fhagháil faoi chuid aca agus níl na seanchaidhthe ar aon
fhocal fútha. Níl sé seo le tógáil ortha mar bhí na dúithchí a bhí ag cuid de
na tighearnaí ina ngiotaí anonn agus anall ar fud an oileáin agus taobh amuigh
dhe, agus ina cheann sin bhíodh fó-thighearnaí ag cuid de na tighearnaí ó am go
h-am agus cuireann sin na seanchaidhthe ar an tseachrán san
tseanchas i n-áiteacha.
Ar chuma ar bith, do réir mar tuigtear ó’n
tseanchas, b’iad muinntear Uí Dhomhnaill agus na Brúnaigh an dá dhream ba mhó a
raibh dúithchí aca i nAcaill i ndiaidh réim na Máilleach a bheith thart. I
gCathair na Mart a bhí cómhnuidhe ar na Brúnaigh agus i mBaile Uí bhFíodhcháin
a chómhnuigh muinntear Uí Dhomhnaill. Tá sliocht an dá dhream sin ins na h-áiteacha
sin go fóill. Ní raibh tighearna ar bith aca a raibh an oiread talaimh aige i
nAcaill agus a bhí ag Risteard Ó Domhnaill. Bhí an tighearna seo ina ridire
agus dúithchí aige i n-áiteacha eile thart ar Bhaile Uí
bhFíodhcháin agus i mBaile Chruaich. Ní raibh an oiread talaimh ag an mBrúnach
ann agus a bhí ag Risteard Ó Domhnaill ná níor chongbhuigh sé é chomh fada leis
acht oiread. Cúpla bliadhain nó trí i ndiaidh bliadhanta an droch-shaoghail
dhíol sé Dún Ibhir le duine de chlainn Mhic Aodha.
Ba le muinntir Mhic Lochlainn cuid mhór de
leith-innse an Chorráin, Bun a’ Chorraigh agus Tóin a’ tSean-Bhaile. Deirtear
gur as Albain a tháinig siad seo acht ’sé baramhail cuid de na seanchaidhthe
gur ó Chúige Uladh a tháinig siad go hAcaill. Ba Caitilicigh iad agus
bochtuigheadh iad sa gcaoi go mb’éigean dóibh glanadh as Acaill agus ba dream
de mhuintir Mhic Chormaic a fuair seilbh ar na h-áiteacha a bhí
aca ina ndiaidh. Ba Caitilicigh iad-san chomh maith acht níor éirigh leo go
ró-mhaith i nAcaill mar nach raibh aca acht talamh bocht agus gan d’acfuinn ag
na tionóntaí a bhí aca an cíos a íoc. Dhíol siad Bun a’ Chorraigh agus Tóin a’
tSean-Bhaile agus ina dhiaidh sin chuaidh siad i bhfiacha chomh mór sin go
mb’éigean dóibh Corrán a leigint uatha chomh maith.
Taobh amuigh de’n chuid sin d’Acaill a bhí ag
muinntir Mhic Lochlainn agus ag muinntir Mhic Chormaic ina ndiaidh, ba leis an
Domhnallach an chuid eile dhe acht Dún Ibhir ar ndóigh, agus uachtar Acla. Ba
le duine darbh’ ainm dhó Uilliam Píce an chuid sin de’n oileán atá le h-ais
an chuisle fairrge atá idir an mhóir-thír agus an oileán ar an taobh thiar, ag
síneadh ó Ghob a’ Choire ó dheas go Clochmhór.
Ní mór nach ionann an sgéalaidheacht atá faoi
imtheachtaí na dtighearnaí seo agus an seanchas atá faoi n-a
leitheidí i n-áiteacha eile ar fud an chonndae. Bhí an sirriam go
gnaitheach agus lucht na gcróithe ag fagháil a sáith le déanamh le dlighe na
dtighearnaí a chur i bhfeidhm. Bhí an "bánughadh" agus an "cur
as seilbh" ar siubhal ann go tréan faoi chuid de na tighearnaí agus ní
díoghbháil cruthumhnais atá ar an té a bhéarfas searsa fánaidheachta ar fud an
oileáin.
Thuas i n-uachtar Acla
cómhgarach do Chill Damhnait tá lorg sean-bhaile. Ailt a b’ainm do’n bhaile sin
agus bhí sé ar na bailte ba mhó i nAcaill tráth. Cuireadh an sirriam agus lucht na gcróithe ina chionn leis an dlighe a
chur i bhfeidhm agus cúmhacht an tighearna talaimh a theasbáint agus ba mhaith
a rinneadh é mar obair le ceart an dligheadh. Bánuigheadh an baile. Leagadh na
tighthe agus cuireadh muinntear an bhaile sin ar fán ar bheagán siocair. San
áit a raibh tighthe seasgaire agus muirighneacha múirneacha tráth, níl ann
indiu acht beanntracha bearnacha agus ballóga manntacha ina seasamh go tuartha
lom le cruthughadh cé’n éagcóir a rinneadh san am a raibh an neart ina cheart.
Tá seanamóir ins na clochaí i nAcaill fearacht áiteacha eile agus an stair agus
an seanchas ionnta go soiléir buan, an stair agus seanchas a thug dubhshlán do
ghaoith, do bháistigh nó do theas dá mhéad, a chur ar cheal nó i bhfolach anuas
thríd na bliadhanta. Meabhruightear dúinn ionnta an saoghal bocht a bhí ag ár
sinnsir, agus an chruadhtain agus an pianós a mb’éigean dóibh fuilint le
ain-mhian na dtighearnaí a shásughadh.
Mar adubhradh, cuireadh as seilbh muinntear
na hAilte agus d’imthigh siad go h-áiteacha eile gur chuir siad
fútha agus go ndearna siad áitreabh ionnta. Shocruigh cuid aca i nDubh Éige
agus ar an gcaoi sin mhéaduigh an baile sin go mór thar mar bhí sé shul a
dtáinig muinntear na hAilte ann. Chuaidh cuid eile dhíobh treasna na feirsde
soir go leithinnse an Chorráin gur bhunuigh siad bailte eile ann. B’é seo an t-am
ar bunuigheadh Buaile an Ghleanna mar go mba iad muinntear na hAilte a
shocruigh ann i gcéadóir. Níor éirigh leo seo uilig a caitheadh amach as seilbh
socrughadh i nAcaill agus d’fhág siad an t-oileán ar fad agus is
ag Dia amháin atá fhios cé’n bhail a chuaidh ortha. Ba é an Píceach a rinne an
bánughadh sin agus a chuir an fán ar mhuinntir na hAilte.
Thíos i n-íochtar Acla thart ag
bun na Sléibhe Móire bhí baile mór eile tráth a dtugtaoi an tSléibh Mhór air.
Ba leis an Domhnallach an talamh agus nuair a tháinig Éduard Nangail go hAcaill
ag iarraidh iad a mhealladh ó’n bhfíor-chreideamh agus Protustúnaigh a dhéanamh
dhíobh, fuair sé talamh an bhaile sin ó’n Domhnallach. Níor chlaoidh muinntear
na h-áite sin leis an gcreideamh nua seo le aon tsásamh agus
cuireadh an sirriam agus a chomplacht ag obair ann gur bhánuigh siad an baile
sin bun barr.
B’éigean do na daoine glanadh leo agus a n-aghaidh
a thabhairt ar áiteacha eile. Shocruigh cuid mhór aca i nDubh Acha, agus
tháinig cuid eile aca aniar go h-áiteacha eile ar fud an oileáin.
Tá an fhiadhnaise annsin go fóill ag feara Fáil. Tá na sean-bhotháin agus na
garrdhanta bána, na bóithríní agus na claidhtheacha le meabhrughadh go raibh am
ann a raibh "cur agus treabhadh" agus saothrughadh cneasta ar siubhal
san áit.
Is doiligh radharc chomh dubh-brónach
truaighmhéalach a fheiceál le "baile bánuighthe." Cá bhfuil an té sin
a fheicfeas a leitheide nach mborann a chuid fola ina chuisleacha nuair a
smaoinigheann sé ar an am a raibh aithreacha cneasta agus máithreacha
grádhmhara ag obair agus ag saothrughadh as lámha a chéile le n-a
gclainn a thógáil ins na bailte atá anois bán! Bhíodh spraoidh agus siamsa,
greann agus gáiridhe ann. Bhíodh an cleamhnas agus an bhainis ann agus ar
ndóigh an bás agus an brón ann leis, acht má bhí, bhí an fíor-chreideamh agus
an Gaedhealachas ann agus ghlactaoi go foighdeach leis an mbrón mar go mba toil
Dé é. Cé’n bhail a chuaidh ortha? Nach doiligh innseacht? Nach iomdha sin
smaoineadh a thiocfas in do cheann fútha i ndiaidh an sgapadh fada fánach a
cuireadh ortha le ceart dligheadh sho-lúbtha chaim?
Deir an sean-fhocal nach ceart lucht luinge a
bháthadh i ngeall ar dhuine amháin. ’Sé an chaoi chéadna é leis na tighearnaí
talaimh. Ní cóir a bheith sa mhilleán ró-mhór ortha uilig mar bhí corr-cheann
aca, cé go mba fíor-chorr-cheann é, a raibh an chneastacht agus an Grádh-Dia
ann agus a rinne cion fir le cabhrughadh le n-a chuid tionóntaí
nuair a bhíodh an t-anró agus an cruadhtan ag teannadh ortha. Ní
dearmadthar é seo sa tseanchas, mar an tighearna a rinne an gar agus a shín
lámh na tárrthála i n-aimsir an ghéar-ghádha tá a chuimhne
congbhuighthe beo go fóill ag na seanchaidhthe agus ní cluintear an focal trom
dh’á leagaint air.
Tá fhios ag an léightheoir faoi seo go raibh
muinntear Mhic Lochlainn ina dtighearnaí ar Bhun a’ Chorraigh agus Tóin a’
tSean-Bhaile agus go mb’iad muinntear Mhic Chormaic a raibh seilbh aca ar
Chorrán. Tá na seanchaidhthe san dá cheanntar seo go fóill ag maoidheamh nach
raibh i gceithre cheárda an chonndae tighearnaí a bhí chomh fial leis an dá
dhream atá luaidhte thuas. Níl sé le cur ina leith i gceachtar de’n dá áit gur
chuir siad aoinne dh’á dtionóntaí ariamh as seilbh. Acht tá sé sa tseanchas
fútha gur chabhruigh siad chomh mór sin leo i n-aimsir an
droch-shaoghail gur bochtuigheadh iad féin ar deireadh.
Annsin timcheall na bliadhna 1853, nó mar
adeir an seanchaidhe, "sé nó seacht de bhliadhanta i ndiaidh an
droch-shaoghail," fuair an tÁrd-Easbog Seán Mac Éil seilbh ar Bhun a’
Chorraigh nuair a d’fhág muinntear Mhic Lochlainn é. Chuir sé mainistear ar bun
ann i n-áit a dtugtar Asgaill air. Sgathamh ina dhiaidh sin
d’aistrigheadh an mhainistear ó Asgaill go Bun a’ Chorraigh, áit a bhfuil sí
faoi lán-tseoil go fóill. Manaigh de Órd Phróinsiais atá i mbun na
mainistreach. Tá sgoil na mbuachaillí san áit faoi n-a gcúram agus
ina cheann sin tá feilm mheasardha mhór ag dul leis an mainistir agus í
saothruighthe go h-ealadhanta gan aimhreas.
Nuair a d’fhág muinntear Mhic Lochlainn Tóin
a’ tSean-Bhaile b’é Iarla Chábháin an chéad duine eile a fuair seilbh air. Ina
dhiaidh sin tháinig duine de chlainn Mhic Dhomhnaill i seilbh. Níor chaith an
fear sin thar seachtmhain i nAcaill acht d’fhan a bhean, an Bhaintighearna Mhic
Dhomhnaill, nó mar a thugtaoi uirthi i nAcaill "Cailleach a’ Valley,"
ann go raibh sí go mór i n-aois. Ní raibh sí i bhfad imthighthe as
nuair a fuair sí bás agus tá a mac i seilbh na h-áite ó shoin i
leith acht nach bhfuil an oiread talaimh aige agus a bhí aici.
Bunuigheadh dúithche eile i nAcaill nuair a
fuair Eduard Nangail seilbh ar an tSléibh Mhóir ó’n Domhnallach. "Misiún
Acla" a b’ainm do’n dúithche seo nó do’n dream a bhí ’ghá stiúradh. Fuair
an "Misiún" greim i dtoiseach ar an tSléibh Mhóir agus leis an am ba
leo íochtar Acla uilig, Caiseal, Maoileann agus Polraithnighe. Bhí sé de
chuspóir ag lucht stiúrtha an "Mhisiuin" an oiread talaimh a fhagháil
i nAcaill agus a thiocfadh leo agus muinntear Acla a mhealladh annsin ó’n
bhFíor-Chreideamh agus Protustúnaigh a dhéanamh dhíobh. Má bhíonn beagán
foighde agat linn, a léightheoir, bhéarfamuid iarraidh imtheachtaí an
"Mhisiuin" i nAcaill a thabhairt dhuit annseo, do réir mar a
chnuasaigh muid féin é ó sheanchaidhthe an oileáin gan a dhul ró-chruinn ná go
bun na sprioga san sgéal.
CAIBIDIL XIII
Roimh an Ghorta - Teacht Nangail -
Bunughadh an "mhisiuin" - Imtheachta an "mhisiuin" - An
"Achill Herald" - Meath an "mhisiuin" - A dheireadh.
MÁS
mian linn eolas cuimseardha cruinn a fhagháil ar imtheachtaí an "mhisiuin"
i nAcaill, ní mór dúinn léim ghlan-osgardha a thabhairt siar céad bliadhain nó
b’fhéidir beagán le n-a chois le baramhail a bheith againn ar an
gcineál saoghail a bhí i nAcaill nuair a bunuigheadh an "misiún" i
dtoiseach. Feicfidh muid annsin go raibh cuid mhór de na daoine, ní h-é
amháin i nAcaill acht ar fud na tíre, a raibh caoi bhocht ortha i ngeall ar
ghorta agus ganntanas. Bhí Oileán Acla ar cheann de na h-áiteacha
ba déine ar theann an gorta seo leis mar go raibh líon mór daoine ann agus gan
ag an gcuid ba seasgaire dhíobh acht sgair bheag de dhroch-thalamh. Ní raibh an
imirce go hAlbain ná go Sasana ar siubhal ann an tráth sin agus iad seo nár
chlaoidh le curaidheacht bhíodh siad ag pléidhe le iasgaireacht. Acht cé go
raibh na h-éisg níos fairsinge an t-am sin ná mar atá
anois, níor mhór an pré an iasgaireacht mar shlighe bheathadh mar nach raibh an
chaoi ann le n-a gcur chuig an margadh.
An tráth sin ní raibh an t-oileán
ceangailte leis an móir-thír mar atá anois agus cúrsaí na mbóthar de, má ba
chóir bóithre a thabhairt ortha, ní raibh ionnta acht bóithríní agus casáin
gharbha chorracha. Ba é Cathair na Mart an baile mór ba goire dhó agus bhí sé
sin suas le deich míle fichead uaidh agus ar bháid mhóra ba mó a dhéantaoi an
tráchtáil idir Acaill agus Cathair na Mart. An biadh nach dtiúbharfaidhe ó’n
mbaile sin go hAcaill ar na báid mhóra, chaithfidhe é a thabhairt ar chartacha
agus go minic bhíodh moill mhór air, go mór mhór sa nGeimhreadh. D’fhág sin go
mbíodh muinntear Acla gann go leor i mbiadh an t-am a b’fhearr a
mbíodh saoghal aca an tráth údaigh.
Bhí go maith go dtáinig an ganntanas ar fud
na tíre agus gur loic a gcuid fataí ar mhuinntir Acla, agus annsin b’éigean
dóibh a bheith i muinighin na déirce. Thigeadh min bhuidhe agus biadh eile
isteach chuig an oileán le roinnt ortha seo a bhí ina chall agus cé go mba
mhaith ann é an corr-uair a thigeadh sé, ba gearr a théigheadh sé ortha. Ar
chuma ar bith bhí siad ag roighineadh leo agus iad ag dúil ’chuile lá go
dtiocfadh athrughadh chun feabhais ar an tsaoghal ná fóirthín ó cheárd eicínt
ortha. Tuigfidh an léightheoir uaidh seo go mb’olc an bhail a bhí ar mhuinntir
Acla an t-am sin, an t-ocras agus an bochtanas ’ghá
sgrúdadh agus gan aon tsaothrughadh le fagháil ná aon rath ar a gcuid barranna.
Casadh isteach go hAcaill an t-am
sin ministéar Protustúnach ar a shaoire. Eduard Nangail a b’ainm dhó agus ba
anuas ó lár na tíre é. Chonnaic sé an droch-chaoi a bhí ar mhuinntir an oileáin
agus shíl sé dhá dtugtaoi tárrtháil dhóibh le n-a dtógáil as an
mbochtanas go dtréigfeadh siad a gcreideamh ar fad agus go gclaoidhfeadh siad
leis an gcreideamh a bhí aige féin. I ndiaidh dhó cuairt a thabhairt ar fud an
oileáin d’imthigh sé leis aríst agus é socruighthe ina intinn aige filleadh ar
an oileán go luath agus iarraidh a thabhairt leis an gcreideamh Protustúnach a
bhunughadh ann. Níor chaill sé mórán ama annsin go ndeacha sé i gcómhairle leo
seo a raibh cáil agus gradam aca ina chreideamh féin i nÉirinn agus i Sasana.
Chuir sé os a gcómhair gach a bhfaca sé i nAcaill, an gorta, an bochtanas agus
an t-anró agus ina cheann sin fógruigheadh é go fóirleathan gur
phágánaigh a bhí ins an gcuid ba mhó dhíobh seo a raibh cómhnuidhe ortha ar an
oileán iargcúlta seo.
Mínigheadh agus tugadh le fios ar pháipéirí
agus ag cruinnighthe ar fud na tíre seo agus i Sasana go raibh na daoine bochta
seo ag fagháil bháis leis an ocras agus nach raibh ag teastáil acht airgead le
tárrtháil a thabhairt dhóibh agus iad a theagasg sa gcaoi go gcaithfeadh siad
uatha na nósaí págántachta a bhí dh’á gcleachtadh aca. Bhí daoine le fagháil i
Sasana a chreid gach ar dubhradh ins an mbollsgaireacht seo a craobhsgaoileadh
faoi mhuinntir Acla, mar nár thuig siad i gceart an sgéal mar a bhí sé i
nAcaill agus ghlac siad leis an tuairisg a cuireadh os a gcómhair.
Iad seo a raibh airgead aca thug siad go fial
uatha é leis an sgéim a bhí ar intinn ag Nangail a thabhairt chun críche. Ar an
gcaoi sin d’éirigh leis airgead a fhagháil go fairsing le dul ar aghaidh le n-a
chuid oibre i nAcaill. Ba mhaith a thuig sé go mb’fhearr a
d’éireochadh leis a chuid cuspóirí a chur abhaile ar mhuinntir an oileáin fhad
agus bhí an t-ocras dh’á sgrúdadh agus ba é nach raibh fuar ná
failligheach an deis sin a thapughadh nuair a bhí an t-airgead
aige.
Timcheall trí bliadhna i ndiaidh a chéad
chuairt go hAcaill d’fhill Nangail aríst air agus ’chuile shórt i gcaoi agus i
gcóir aige le toiseach a chur ar an "misiún" ann. B’shin an
bhliadhain 1834. Thíos i n-íochtar Acla a shocruigh sé i
dtoiseach. Fuair sé, mar adubhradh cheana, an talamh atá thart ar an tSléibh
Mhóir ó Risteard Ó Domhnaill agus ar an gcaoi sin d’éirigh leis a chrúbaí a
chur i dtaca. Thoisigh sé air annsin i ndáirírí ag réidhteach i gcóir na h-oibre
a bhí leagtha amach aige a dhéanamh, sé sin muinntear Acla a mhealladh ó’n
bhFíor-Chreideamh agus Protustúnaigh a dhéanamh dhíobh. Mar atá ráidhte bhí
dalladh airgid aige faoi’n am seo agus tuilleadh ag teacht isteach chuige i n-aghaidh
an lae.
Ba gearr ar an tSléibh Mhóir é go raibh
teampall, trí cinn de sgoltacha, cisteanach mhór le biadh a réidhteach ann agus
tighthe eile le n-a n-aghaidh seo a bhéadh i mbun na h-oibre
ann, déanta aige. Ba choimhthightheach a ghlac muinntear na h-áite
leis an réidhteach seo go léir agus nuair a thuig siad i gceart céard a bhí
dúil ag Nangail a dhéanamh, d’éirigh siad faobhrach nimheannta leis. Bhí an sop
séidthe anois i nAcaill agus toiseach ar an troid idir na Caitilicigh agus iad
seo a tháinig isteach leis an sgéim a bhí leagtha amach ag Nangail a chur ar
bun.
Shul a n-abruighthear níos mó
faoi thoiseach an "Mhisiuin," tá taobh eile ar sgéal Acla an tráth
sin gur chóir a mheas agus léargus a fhagháil air. Tá Acaill ar cheann de na
paráistí is mó i nÉirinn. Indiu tá sé cinn de thighthe pobail ann. Tá sagart
paráiste agus triúr séiplíneach ag freastal agus ag friotháil go dúthrachtach
ar an bpobal mór atá aca. I n-éinfheacht leis sin tá dhá chlochar
agus mainistear ins an bparáiste le cabhrughadh leis na sagairt ina gcuid oibre
agus le stiúradh agus treoir a thabhairt do na daoine. Acht san tráth ar
thoisigh an "misiún" ní raibh acht dhá theach phobail ins an
bparáiste agus go rí-mhinic bhí an paráiste i muinighin aon tsagairt amháin. Ní
raibh sgoil ar bith gur fiú sgoil a thabhairt air ann le teagasg nó treoir a
thabhairt d’óg nó sean. Ní raibh aoinne le cuidiughadh leis an tsagart leis na
daoine a thabhairt ná a choingbheáil ar dheágh-stáid na nGrást. Ní raibh cárr
ná cóiste ag an tsagart agus b’éigean dó ’chuile aistear a chaithfeadh sé a
dhéanamh a chur de de shiubhal cos nó ar mhuin capaill agus mar adubhradh
cheana ní raibh ar an oileán acht fíor-dhroch-bhóithre. Ní amháin sin acht i
ngeall ar chomh mór agus chomh fairsing agus a bhí an paráiste, agus na daoine
ina gcómhnuidhe i mbailte beaga anonn agus anall ar a fhud agus na bailte seo
uilig sgaithte, sgaptha i bhfad ó n-a chéile sa gcaoi go sáróchadh
sé ar aon tsagart amháin friotháil nó teagasg mar ba chóir a thabhairt do na
daoine, go mór mhór nuair nach raibh sgoltacha ann le fóghluim a thabhairt
dóibh agus an creideamh a mhúineadh dhóibh le linn a n-óige.
San iarraidh bheag atá déanta annseo le
léargus a thabhairt do’n léightheoir ar an gcineál saoghail a bhí i nAcaill
timcheall céad bliadhan ó shoin, sé sin timcheall an ama ar bunuigheadh an
"misiún," béidh fios aige go mba daoine iad muinntear Acla a raibh an
gus bainte asta agus an spiorad geall le bheith múchta ionnta ag an mbochtanas
agus díoghbháil treoir.
Bhí an chaoi agus an deis ag an
"misiún" dul ar aghaidh leis an obair a chuir sé roimhe mar bhí an
talamh le fagháil go réidh ag lucht stiúrtha an "mhisiuin" ó chuid de
na tighearnaí talaimh agus cé nár ró-mhaith a thaithnigh sé seo le muinntir
Acla bhí sé ar a ndubhshlán focal a rádh. Nuair a bhí greim ag an
"misiún" ar an talamh agus lucht a stiúrtha ina dtighearnaí, ní raibh
mórán de’n cheart le fagháil ag na tionóntaí. An té a ghlac le teagasg an
"mhisiuin" agus a thaobhuigh leis, fágadh i seilbh a ghabhaltais é
acht an té a chuir troigh le taca ina aghaidh agus a chlaoidh leis an
bhFíor-Chreideamh caitheadh as seilbh é agus cuireadh ina áit an té a thréig a
dhúthchas agus a chreideamh ar mhaithe leis an maoin.
Is beag má tá ré ar bith i stair na tíre nach
raibh daoine le fagháil a shanntuigh an breab, daoine a ghéill do’n phlámás
agus do’n mhealladh agus a thug druim láimhe do’n dúthchas agus do’n cheart.
Bhí amannta ann ar dearnadh seo ar bheagán siocair. B’fhéidir go mba díoghaltas
agus droch-chómhursanacht ba chionntach leis amannta. Uaireannta eile an t-éad
a spreag an duine le n-a chúl a thabhairt ar a dhúthchas, acht ní
ceann ar bith dhíobh seo ba chionntach leis an athrughadh a tháinig ar
mhuinntir Acla. An t-ocras ba mhó ba chionntach leis. Bhí an
caillteanas ortha idir óg agus sean agus annsin bhí an t-airgead
agus an stór ag lucht an "mhisiuin" le dáil amach go fial ortha seo a
thaobhuigh leo, agus ar ndóigh bhí an dlighe ar thaobh an "mhisiuin"
chomh maith. Bhí an cathughadh agus an faitchíos ag obair go tréan agus ar an
ádhbhar sin ba doiligh a bheith ró-ghéar sa mhilleán ortha seo a thug a gcúl ar
a gcreideamh i nAcaill an uair sin.
Ar chuma ar bith cuireadh toiseach ar an
obair i nDubhghort agus i n-íochtar Acla. Bhí Dubhghort ina
lár-phoinnte nó ina phríomh-áit, mar b’ann a bhí lucht stiúrtha an
"mhisiuin" ag cur fútha. B’ann a tóigeadh an chéad sgoil agus an
chéad teampall, agus bhí an obair ag leathnughadh amach do réir a chéile go
raibh sgoltacha i gCaiseal, ar an gCaol, agus i Sléibh Mhóir chomh maith.
Tráth amháin, timcheall dó nó trí de
bhliadhanta i ndiaidh an "mhisiún" a bhunughadh, bhí os cionn trí
chéad páistí ag freastal ar na sgoltacha seo, más fíor do’n tseanchus. Bhíodh
biadh agus éadaighe le fagháil ag na daltaí seo agus cabhair agus tárrtháil
dh’á bhfagháil ag a muinntir sa mbaile agus chuidigh sin go mór leis na
sgoltacha. Bhí gnáth-ádhbhair na linne sin dh’á múineadh ins na sgoltacha sin
acht b’é eolas ar an mBíobla an príomh-cheann. Ní h-é amháin go
raibh sé ina phríomh-ádhbhar i dteach na sgoile acht bhíodh
"Bíoblóirí" ag dul thart ar fud na mbailte ag léigheadh agus ag
míniughadh an Bhíobla dhóibh seo nach mbíodh ag teacht ar sgoil. I nGaedhilg a
bhí an Bíobla aca mar ba bheag duine i nAcaill an t-am sin a thuig
an Béarla. Ghlaoidhthí na daoine le chéile i n-áiteacha áithride
uair sa tseachtmhain nó b’fhéidir uair sa gcoicighís le giotaí as an mBíobla a
léigheadh agus éisteacht le seanamóir. Iad seo a tháinig bhí duais nó cabhair de chineál
eicínt le fagháil aca. Bhíodh biadh, éadaighe nó airgead dh’á thabhairt amach
aca, sin nó féarach i n-aisge dhóibh dhá gcuid beithidheach ar
thalta an "mhisiuin." An cíos a bhí ag na tighearnaí a bhí ann roimh
an "misiún" ar na tionóntaí, laghduigheadh é go mór dóibh seo a rinne
freastal féilteamhail ar na sgoltacha agus ag na cruinnighthe a bhíodh ag na
"Bíoblóirí."
Acht iad seo nár ghlac leis an teagasg bhí
saoghal bocht aca. Ní raibh cabhair ná congnamh de chineál ar bith le fagháil
aca. Bhí féarach trom le n-íoc aca agus d’árduigheadh an cíos
ortha-san sa gcaoi go raibh siad creachta agus de dhruim an tsaoghail leis.
Nuair a tháinig sé go dtí an t-am nach raibh sé d’acfuinn aca an
cíos a íoc chaithfeadh siad a ngabhaltais a leigint uatha agus a ndubhshlán cur
ina aghaidh.
Bhí biadh agus éadaighe dh’á bhfagháil aca
seo a bhí ag freastal ar na sgoltacha gach áit dá raibh sgoil. Bhí cisteanach
mhór i ngach sgoil aca, áit a mbíodh an brochán, an t-anbhruith
agus an biadh eile dh’á réidhteach.
Cómhgarach do’n áit a raibh an sgoil aca i
gCaiseal tá tobar breágh fíor-uisge ar thaobh an bhóthair mhóir, áit a mbíthí
ag fagháil an uisge do’n sgoil. Tugadh "Tobar an Bhrocháin" air i
ngeall air sin agus lean an t-ainm sin air ó shoin. Bhí gabhaltas
beag talaimh thart ar gach sgoil agus é saothruighthe aca seo a bhí ag freastal
ar an sgoil sa gcaoi go mbíodh glasraí dh’á gcuid féin aca faoi chómhair na
mbéilithe san sgoil.
Nuair a bhí na ceithre sgoltacha atá luaidhte
thuas faoi lán-tseoil, cuireadh craobh de’n "mhisiún" ar bun i
Maoileann, baile atá i ndeisceart an oileáin i n-aice le Dubh
Éige. Bhí árd-sgoil annseo a dtugtaoi "Trinity College"
uirthi. Cineál coláiste a bhí sa sgoil seo agus chuirtí na buachaillí a
b’fhearr a bhí le fagháil ins na sgoltacha eile go dtí an coláiste seo nuair a
bhíodh a gcuid oideachais críochnuighthe aca ins na sgoltacha eile. Bhí suas le
trí sgór daltaí innti uair amháin agus iad ag fanacht i dtighthe a bhí déanta
le n-a n-aghaidh. Bhí sgair mhaith talaimh leis an
sgoil agus fearacht na sgoltacha eile b’iad na daltaí a dhéanadh an chuid ba
mhó d’obair na feilme. Bhí teampall, teach ministéara, teach faoi chómhair na
múinteoirí, na tighthe a mbíodh na daltaí ag cur fútha ionnta agus tighthe an
bhaile féin uilig cómhgarach dh’á chéile i ngleann Mhaoilinn sa gcaoi mba geall
le baile mór é tráth. Ar ndóigh bhí sgoltacha ag an "misiún" i
nAcaill thar "Trinity
College" agus na
ceithre cinn eile atá luaidhte annseo acht b’iad sin na cinn ba mhó cáil.
Nuair a bhí an "misiún" ar bun
timcheall trí bliadhna tharraing Nangail chuige gléas eile le eolas a thabhairt
do’n tsaoghal mhór faoi’n chaoi a raibh sé ag dul ar aghaidh le n-a
chuid oibre. Chuir sé páipéar nuaidheacht ar bun a dtugtaoi an "Achill
Herald" air. I n-aghaidh na míosa a thigeadh an páipéar seo
amach agus ba i nDubhghort a bhí an oifig agus an teach clódóireachta. Fear a
b’ainm dhó Micheál Ó Dálaigh a bhí ina eagarthóir air acht b’é Eduard Nangail é
féin an príomh-stiúrthóir. B’é an cuspóir ba mhó a bhí ag an "Achill
Herald" eolas a chraobhsgaoileadh go fóirleathan ar imtheachtaí an
"mhisiuin" i nAcaill. Cuireadh os cómhair an tsaoghail, áit ar bith a
raibh an páipéar le fagháil, an obair mhór agus an dul chun cinn iongantach a
bhí dh’á dhéanamh ag an "misiún." Bhíodh fógraí air ag lorg cabhrach
agus airgid leis an obair seo a chur ar aghaidh le muinntir Acla a thógáil as
an mbochtanas agus teagasg a thabhairt dhóibh sa gcaoi go gcaithfeadh siad
uatha na nósaí págántachta a bhí dh’á gcleachtadh aca, má b’fhíor do’n
"Herald."
I gcuid de na cóipeanna de’n pháipéar atá le
fagháil go fóill níl righeachan saoghail leis an méid áidhbhéile a bhí ins na
tuairisgí faoi bhochtanas agus faoi phágántacht Acla. Ar ndóigh bhí daoine le
fagháil, go mór mhór i Sasana, a chreid gach ar léigh siad ar an
"Herald" agus a sheol airgead go fairsing anall chuig Nangail le
cuidiughadh leis. Bhí an páipéar seo le fagháil i n-aisge aca seo
i nAcaill a ghlac le teagasg Nangail agus a bhí i n-ann léigheadh
agus a chuir dúil sa léightheoireacht, acht san tráth ar cuireadh ar bun é
b’fhurast a leitheide sin a chómhaireamh i nAcaill. Ar ndóigh ní le h-aghaidh
mhuinntir Acla a cuireadh ar bun é acht le cabhair a fhagháil tré
fhógraidheacht, agus le bollsgaireacht a dhéanamh.
Páipéar beag a
bhí ann agus i mBéarla a bhí sé clódh-bhuailte. San am a dtáinig sé amach i dtoiseach ba bheag glaodhach a bhí air i
nAcaill mar nach raibh mórán daoine ar an oileán an tráth sin a thuig an Béarla
ní h-é amháin a bheith i n-ann é a léigheadh.
Acht do réir mar bhí obair an
"mhisiuin" ag dul ar aghaidh agus an teagasg dh’á fhagháil aca seo a
bhíodh ag freastal ar na sgoltacha bhí an "Herald" ag fagháil a
ghreama go maith ar fud an oileáin, mar bhí na daoine ag fagháil eolais ar an
mBéarla agus ag cur suime san léightheoireacht. Ní féidir anois eolas a
fhagháil ó na seanchaidhthe faoi ché’n bhliadhain a ndeacha an páipéar as clódh
acht is feasach do chuid aca go raibh sé dh’á chur amach anuas go dtí timcheall
trí fichead bliadhan ó shoin.
San tráth ar cuireadh toiseach ar an
"misiún" ní raibh acht dhá theach phobail ar an oileán agus sagart
amháin. Thuas i n-uachtar Acla a bhí an sagart ag cur faoi. Bhí
teach phobail amháin annsin agus bhí an ceann eile i nDúmhach Chinn Aille i n-íochtar
Acla. Nuair a chuir Nangail faoi i nDubhghort d’athruigh an sagart paráiste a
áit chómhnuidhthe ó Chill Damhnait go Dúmhach Chinn Aille ionnus go mbéadh sé
cómhgarach do’n áit a raibh toiseach curtha ar an "misiún" ag Nangail
agus go mbéadh deis ní b’fhearr aige a dhaoine a chómhairliughadh.
An bhliadhain i ndiaidh Nangail shocrughadh i
nDubhghort, thug an t-Árd-Easbog Mac Éil cuairt ar Acaill. Ní
raibh sé acht bliadhain ina easbog ar an díoghóise an t-am sin agus
is léir nach ndearna sé moill ná faillighe gur thug sé cuairt ar Oileán Acla.
Níor stop sé go ndeacha sé síos go Dumhach Chinn Aille, áit ar chuir sé sgata
mór de mhuinntir na h-áite faoi Láimh Easbuig. Tamall ina dhiaidh
sin cheannuigh sé Bun a’ Chorraigh nuair a fuair sé an deis chuige agus chuir
sé an mhainistear ar tagruigheadh cheana dhi ar bun. Acht cé go raibh an méid
seo uilig dh’á dhéanamh le creapaill a chur ar obair an "mhisiuin" ba
bheag an mhaith é mar bhí na daoine a bhí ar thalta an "mhisiuin" ag
taobhughadh le Nangail agus a chuid teagaisg.
Deireann an seanchaidhe nach raibh an dara
rogha aca mar bhí an "bás ins an spéir" agus gan cabhair le fagháil
ag aoinne nach nglacfadh le sgéim an "mhisiuin." Chruthuigh Nangail
chomh maith sin le n-a chuid oibre go raibh ’chuile dhuine a bhí
ar thalta an "mhisiuin" meallta aige faoi n-a stiúradh
féin, acht fíor-chorr-dhuine. B’fhéidir go raibh beirt nó triúr i ngach baile a
sheas amach agus nár ghéill ariamh dhó, acht ba mhór a d’fhulaing siad agus
b’iomdha masladh a mb’éigean dóibh cur suas leis uatha seo a d’iompuigh.
Acht más mar sin a bhí agus go raibh siad
uilig, mórán, faoi n-a bhrat ag Nangail, mar a shíl sé, ní raibh
an chuid ba mhó dhíobh seo a d’iompuigh leis acht ag fanacht go dtigeadh
feabhas ar an tsaoghal agus go bhfághadh siad iad féin ar na bonnacha aríst.
’Réir mar a bhí siad ag fagháil an chaoi chuige sin bhí siad ag tabhairt a gcúl
do na "Bíoblóirí" agus do’n "mhisiún." Nuair a bhéadh an
bás ag teannadh leo chomh maith chuirfeadh siad fios ar an tsagart.
Is iomdha sgéal atá ag na seanchaidhthe i
nAcaill faoi’n sgliúchas agus an treasgairt a bhíodh ann nuair a bhíodh an
sagart ag teacht leis an Ola Dheireannach a chur ar dhuine eicínt díobh seo a
d’iompuigh. Chaithfeadh sgata fear a bheith leis le n-a chosaint,
mar nach raibh léigheadh ar chomh faobhrach bagarthach is a bhíodh na
"Bíoblóirí" ar ócáid de’n tsórt sin. Thárla sé chomh maith go mbíodh
an bhuaidh ag na Bíoblóirí amannta, cé nár mhinic é, go bhfághadh an duine bás
i ndiaidh fios a chur ar an tsagart agus nach mbíodh sé i n-am, nó
nach bhfághadh sé an focal i n-am. Annsin lá na sochraoide bhéadh
an corp ag an taobh ba láidre acht dá measadh na Caitilicigh go raibh an taobh
eile ró-láidir dóibh, leigfeadh siad dóibh an corp a chur acht thigeadh siad
aríst de shiubhal oidhche agus chuireadh siad an corp i roilig na
gCaitiliceach.
Ba rí-mhinic a thárla sé seo agus cé’n
cruthughadh níos fearr atá ag teastáil le teasbáint nach raibh mórán dáirírí
ionnta seo a ghlac le teagasg na "mBíoblóirí" ná mórán muinighine aca
as an "misiún" acht díreach "fhad is mhair an cioth," mar
adeir an seanchaidhe. Ar ndóigh má bhí daoine le fagháil nach raibh acht ag cur
i gcéill go raibh siad dílis do theagasg Nangail, bhí go leor eile a d’iompuigh
leis nár thréig ariamh ina dhiaidh sin é agus a d’oibrigh go dúthrachtach dhó.
Bhí an "misiún" ina neart i nAcaill
bliadhanta an droch-shaoghail acht nuair a bhí an ré sin thart thoisigh an
meath ag teacht air. Thoisigh an imirce annsin agus bhí na daoine ag glanadh
leo go tíortha eile agus ar an gcaoi sin bhí sé ar a gcumas seo a d’imthigheadh
cabhrughadh leo seo a bhí sa mbaile ionnus nach mbéadh siad ní b’fhuide i
muinighin na déirce.
Leis an imirce bhí muinntear Acla ag fagháil léarguis
ní ba leithne ar chúrsaí an tsaoghail mhóir amuigh agus thuig siad annsin cé’n
éagcóir mhór a bhí dh’á dhéanamh ortha ag baile. Nuair a thuig siad é ba gearr
ortha teagasg Nangail a chaitheamh uatha agus a gceart féin a sheasamh. Do réir
mar a bhí feabhas ag teacht ar an tsaoghal bhí an Fíor-Chreideamh ag teacht ar
ais aríst i nAcaill go láidir agus tighthe pobail dh’á ndéanamh ann agus
sagairt ag teacht ann le friotháil go fonnmhar ar mhuinntir an oileáin.
Cuireadh sgoltacha ar bun ann le teagasg mar ba chóir a thabhairt d’aos óg an
oileáin agus do réir mar bhí sin dh’á dhéanamh bhí sgéim Nangail ag tuitim ó
chéile. Bhí droch-mhisneach ag teacht ar lucht stiúrtha an "mhisiuin"
mar bhí a dteampaill agus a sgoltacha dh’á mbánughadh agus an t-airgead
ag éirghe gann agus na daoine ag teacht ar ais aríst do’n tSean-Chreideamh.
Chomh fada agus a mhair an t-airgead agus an "misiún,"
agus an bochtanas i nAcaill, bhí sgéim Nangail ag dul chun cinn, acht nuair a
tháinig athrughadh ar an saoghal chuaidh an "misiún" i n-ísle
bhrígh agus ag cailleadh a bhí sé i n-aghaidh an lae.
Tugadh iarraidh anois agus aríst craobh de’n
"mhisiún" a chur ar bun i n-áiteacha ar fud an oileáin
nach raibh aon bhaint ag lucht stiúrtha an "mhisiuin" leis an talamh.
Ba saothar i n-aisge é mar nach raibh aon ghlacadh ag na daoine
ins na h-áiteacha sin le soisgéal Nangail. Níor éirigh leis ariamh
craobh a bhunughadh i n-uachtar Acla, Corrán ná Dún Ibhir, cé go
mba mhinic a tugadh an iarraidh. Ar ndóigh bhí ’chuile áit dubhshláinneach air
acht áiteacha a raibh seilbh aige ar an talamh agus ba mhaith a thuig sé féin
sin.
Ó thoisigh an meath ag teacht ar an
"misiún" i ndiaidh an droch-shaoghail lean sé dó. Chonnaic lucht a
stiúrtha go raibh a lá thart, go raibh muinntir Acla ag tabhairt a gcúl ar
sgoltacha agus ar theagasg an "mhisiuin" agus go raibh siad ag éirghe
neamh-spleadhach ionnta féin. Caitheadh airgead agus dúthracht le muinntir Acla
a mhealladh ó’n bhFíor-Chreideamh agus soisgéal úr a thabhairt dóibh, acht bhí
na préamhacha ró-dhoimhin ag Creideamh Naoimh Phádraig ina gcroidhe le n-a
mealladh ná an chluain a chur ortha.
Deir an sean-fhocal go mbíonn caora dhubh ins
an tréad is gile agus fíoradh é sin i nAcaill. Bhí daoine le fagháil de thógáil
an oileáin a ghlac go fonnmhar leis an tsoisgéal úr seo agus a d’oibrigh go
dúthrachtach ar thaobh Nangail. Nuair a tháinig feabhas ar an tsaoghal féin
níor chaith siad-san uatha an dalladh mullóg a cuireadh ortha, ní fearacht na
coda eile de mhuinntir an oileáin. Chongbhuigh siad greim an fhir bháidhte ar
chébí fuighleach de’n "mhisiún" a bhí fágtha, agus chomh fada agus
tháinig leo, chonbhuigh siad séideog leis an mbladhaire lag a bhí a dul i n-éag
i n-aghaidh an lae gur fhág an tséideog iad féin agus gur cuireadh
iad agus an "misiún" i n-aon uaigh amháin ar deireadh.
D’fhág Nangail Acaill sa mbliadhain 1852 agus
timcheall an ama chéadna tháinig sagart óg dar b’ainm dó an tAthair Ó hÉinrí go
dtí an paráiste. B’é an sagart seo a thug an buille marbhtha do’n
"mhisiún." Chuir sé cómhairle ar aithreacha agus máithreacha a gcuid
páistí a choingbheál ó sgoltacha an "mhisiuin" agus iad a chur chuig
na múinteoirí a bhí sé féin ag soláthar dóibh. Ghlac na daoine a chómhairle
agus innstear dhúinn nach raibh sé bliadhain ins an bparáiste go mb’éigean dó ocht
gcinn de chuid sgoltacha an "mhisiuin" a dhúnadh ar fad.
Bhí cliste anois ar lucht stiúrtha an
"mhisiuin" an sgéim a bhí leagtha amach aca a chur chun críche i
nAcaill, acht bhí an talamh aca a fuair siad ó am go h-am.
Chongbhuigh siad é seo agus thóg siad cíos air go dtáinig Bord na gCeanntar
bPulcaighthe agus go bhfuair siad-san seilbh air. Riaruigh an dream nua seo an
talamh mar ba chóir agus d’fhág sin na tionóntaí sa gcaoi nach raibh beann dá
laghad ní ba mhó aca ar "mhisiún" Acla.
CAIBIDIL XIV
An chéad traen go hAcaill - An
Tairingireacht - An Traen Speiséalta Deiridh - Ag fóghluim an Bhéarla - Lá an
Easbuig - hata Acla.
TÁ
sé corrlach le dhá sgór bliadhain anois ó toisigheadh ag cainnt i dtoiseach
faoi bhóthar iarainn a dhéanamh ó Chathair na Mart go hAcaill. B'iomdha focal
cainnte a baineadh amach sul ar socruigheadh ar deireadh go ndéanfaidhe an
bóthar iarainn chomh fada le Gob a’ Choire. Ní raibh léigheadh ná innseacht ar
an ríméad a bhí ar mhuinntir an oileáin nuair a chuala siad go raibh ’chuile
shórt socruighthe le toiseach a chur ar an obair. Ba é a mbaramhail nach
bhfeicfeadh siad lá bochtanais ná anró aríst go deo ó thárla anois go mbéadh an
traen ag teacht go béal an dorais aca.
Nár mhór an gar dóibh seo a théigheadh
’chuile bhliadhain "ag déanamh an fhóghmhair" ó Acaill go hAlbain
agus go Sasana, an traen a bheith aca i n-áit a dhul ar bháid
mhóra go Cathair na Mart le dul ar bhord na luinge annsin a bhéarfadh go Glascú
iad. Cinnte chabhruigh an traen go mór leis an oileán acht ní faoi sin atá
fúinn trácht annseo anois. Ní raibh áit ar bith ar an oileán an tráth sin a
gcasfaidhe beirt ar a chéile nach mbéadh a bheag ná a mhór de sheanchas aca
faoi’n maitheas a dhéanfadh an bóthar iarainn. Ba bheag áird a bheirtí ar na
sean-daoine a sháitheadh a ladar san tseanchas anois agus aríst ag rádh go
raibh sé sa tairingireacht gur lán traenach de chuirp a bhéadh leis an gcéad
traen a thiocfadh go Gob a’ Choire agus cuirp a bhéadh leis an gceann
speiséalta deiridh a thiocfadh chomh maith.
Dar le cuid mhaith, go mór mhór an t-aos
óg, nach raibh sa tairingireacht chéadna acht seafóid shean-daoine nár chóir
aon áird a thabhairt air, acht is aisteach í an chinneamhaint agus cúrsaí an
tsaoghail. Ba mhaith a cuireadh abhaile do mhuinntir Acla, dóibh féin a h-innstear
é, nár seafóid ar bith an tairingireacht agus gur doiligh a dhul thar cómhrádh
ná cómhairle na sean.
An bhliadhain a bhí an bóthar iarainn le
bheith críochnuighthe bhí "lucht an fhóghmhair" ag réidhteach le dul
go hAlbain mar ba gnáthach leo. Bhí díombáidh ortha nuair nach raibh ’chuile
shórt réidh ag lucht an bhóthair iarainn ionnus go dtiocfadh leo imtheacht ar
an traen, acht dá mbéadh moill seachtmhaine eile ar "lucht an
fhóghmhair" bhéadh an traen ann, acht níor tháinig leo fanacht. B’éigean
dóibh imtheacht an bhliadhain sin mar a d’imthigheadh siad roimhe sin, ar an
mbád mór go Cathair na Mart.
D’fhág ós cionn céad aca, idir fir agus mná,
an t-oileán ar bháid mhóra le dul go Cathair na Mart, agus an
chuid ba mhó dhíobh i mbláth an tsaoghail, agus iad láidir folláin aerach.
D’éirigh go seolta leo go dtáinig siad cómhgarach do’n chéibh ag Cathair na
Mart. Bhí long Ghlascú annsin ag fanacht leis an taoide le dul isteach go dtí
an chéabh agus nuair a bhí ceann de na báid mhóra ag dul thart léithe isteach
chruinnigh an chuid ba mhó dhíobh seo a bhí ar bord an bháid mhóir anonn go
taobh amháin dhi le lán a súl a bhaint as an luing. Maidean chiuin a bhí ann
gan friota gaoithe ann acht ar éigin, sa gcaoi gur beag siubhal a bhí faoi’n
mbád mór. Acht ar mhío-ádhmharaighe an tsaoghail tháinig séideán iom-ghaoithe a
chaith an seol thart go dtí an taobh de’n bhád a raibh na daoine ina seasamh,
agus le meadhchan na ndaoine agus an tseoil h-iompuigheadh an bád
ar a taobh agus d’fhan sí mar sin. Caitheadh a raibh ar bord uirthi amach sa
bhfairrge agus báitheadh go leor aca. Bhéadh seans ag cuid aca acht bhí seol an
bháid anuas ina mullach agus congbhuigheadh thíos iad. Iad seo nach dtáinig an
seol sa mullach ortha tháinig siad slán. Nuair a d’iompuigh an bád bhrúcht an t-uisge
isteach innti gur báitheadh iad seo uilig a bhí thíos faoi bhord uirthi, acht
aon fhear amháin.
Nuair a chonnaic fuireann na luinge agus
fóirne na mbád eile an rud a thárla tháinig siad de chabhair ortha seo a bhí
san uisge. Bhí siad seo a bhí faoi sheol an bháid agus iad seo a bhí thíos faoi
bhord thar fóir, acht sábháladh an chuid eile. Báitheadh ceithre dhuine dhéag
agus fiche acht fuarthas na cuirp uilig. Tugadh isteach go Cathair na Mart iad
gur cuireadh i gcómhnraí iad le n-a dtabhairt abhaile go hAcaill.
Socruigheadh annsin go mba é an chaoi a b’fhearr le n-a dtabhairt
abhaile an giota beag de’n bhóthar iarainn a bhí le críochnughadh a chur i
gcóir ionnus go bhféadfaidhe an traen a chur leis na marbháin go hAcaill.
Rinneadh amhlaidh agus tháinig an traen leo. B’in an chéad ualach a tháinig ar
traen go hAcaill agus bhí a sáith cruthuighthe ag muinntir an oileáin ann nach
raibh seafóid ar bith ins an gcuid sin de’n tairingireacht ar chuma ar bith. Tá
na cuirp a tugadh ar an traen sin curtha i n-aon uaigh amháin i
roilig Chill Damhnait i n-uachtar Acla agus leacht shlachtmhar os
a gcionn.
D’imthigh na bliadhanta thart agus bhí an
traen ag teacht is ag imtheacht ó Ghob a’ Choire go Cathair na Mart agus
tráchtáil mhór dh’á dhéanamh ag lucht an bhóthair iarainn ann ar feadh i bhfad.
Acht tháinig athrughadh ar an tsaoghal agus annsin sa mbliadhain 1937
socruigheadh go gcaithfidhe deireadh a chur leis an mbóthar iarainn sin mar
nach raibh sé ag glanadh a chostais féin ní h-é amháin aon bhrabach
a bheith as. Bhí cur agus cúitiughadh go leor ag na daoine agus lucht stiúrtha
an bhóthair iarainn faoi’n gceist mar nach raibh na daoine sásta a bheith gan
bóthar iarainn, acht i bhfóghmhar na bliadhna sin tugadh an t-ordughadh
go gcaithfidhe deireadh a chur leis, nach raibh ann acht cailleamhaint. Bhí a
gcuid oibridhthe faoi seo ag lucht stiúrtha an bhóthair iarainn ag sgaoileadh
anuas agus ag tabhairt chun bealaigh leo gach ar bhain leis an mbóthar iarainn
ionnus go bhféadfaidhe na ráileacha a thógáil bun barr.
Nuair a bhí an obair seo uilig ar siubhal
tháinig sgéal uathbhásach go hAcaill i mí Mheadhon Fhóghmhair na bliadhna sin.
Rinneadh luaithreamhán de dheichneabhar stócach as Acaill thall i nAlbain, áit
a ndeacha an teach a raibh siad ina gcodladh ann tré theine agus gan aon chaoi
aca san a fhagháil as. Tugadh na cuirp uilig abhaile agus cuireadh traen
speiséalta leo ó Bhaile Átha Cliath go hAcaill agus b’in an traen speiséalta
deiridh a tháinig go Gob a’ Choire. B’iomdha duine adubhairt annsin, agus fáth
maith aca le n-a rádh, nár chómhrádh cailleach ná seafóid
sean-daoine a bhí sa tairingireacht chor ar bith acht cainnt a raibh ciall
innti agus cómhairle go mb’fhiú áird a thabhairt air. Cuireadh cuirp na
ndeichneabhar n-ógánach seo i roilig Chill Damhnait chomh maith.
Tá an Ghaedhilg go bríoghmhar láidir ag
muinntir Acla fré chéile acht tá corr-bhaile ann a bhfuil níos mó úsáide dh’á
bhaint as an mBéarla ná as an nGaedhilg. I n-íochtar Acla ar an
gCaol, i nDubh Achadh agus i nDubhghort is láidre an Béarla annsin ná an
Ghaedhilg acht níl ins na bailte sin féin acht fíor-chorr-dhuine nach dtuigeann
an Ghaedhilg. Taobh amuigh de na bailte seo is beag Béarla a bhíonns le clons
nó i n-úsáid ag na daoine i ngnáth-chúrsaí an lae aca. Ar ndóigh
ná síltear go bhfuil siad ina muinighin mar theangaidh. Tá riar maith Béarla
aca uilig idir óg agus sean acht is réidhe a thigeas an Ghaedhilg leo, go mór
mhór na sean-daoine.
Thoisigh an meath ag teacht ar an nGaedhilg i
nAcaill i dtoiseach nuair a bunuigheadh an "misiún" ann mar bhíodh sí
dh’á múineadh ins na sgoltacha a cuireadh ar bun an t-am sin. Rud
eile a chuidigh leis an mBéarla na préamhacha a chur i dtalamh i nAcaill níos
deireannaighe ná an t-am ar cuireadh an "Misiún" ar bun,
na cuairteoirí a thigeas ann ’chuile Shamhradh.
Bhí cáil ar Acaill le fada an lá ar an
áilneacht agus ar an bhfiadhántas atá ann agus tharraing an cháil sin na
sluaighte cuairteoirí ó Shasana agus ó thíortha eile isteach ann agus tháinig
an Béarla leo. Tá a rian seo ar áiteacha ar an oileán thar áiteacha eile, mar,
na bailte a gcuireann na cuairteoirí seo fútha ionnta, sin iad na bailte is
láidre an Béarla ionnta i nAcaill. Tá an chanamhaint atá aca i nGaedhilg i
nAcaill an-chosamhail le canamhaint Chúige Uladh acht ar ndóigh luigheann sin
le réasún mar gur beag de na sloinnte atá i nAcaill indiu nach as Cúige Uladh a
tháinig a gceap-sinnsir agus ar an ádhbhar sin ní h-iongantas ar
bith é má tá cosamhlacht idir Ghaedhilg Acla agus Gaedhilg Chúige Uladh.
Acht má tá Béarla i nAcaill indiu, bhí tráth
ann agus níl sé i bhfad ó shoin acht oiread, nuair nach raibh ann acht an
Ghaedhilg cé is móite de’n bheagán Béarla a bhíodh i n-úsáid aca
seo a mbíodh aon bhaint aca leis na cuairteoirí agus strainséirí eile a
chastaoi isteach ar an oileán ó am go h-am. Leis an gceist seo a
dhéanamh soiléir dhuit, a léightheoir, ní fearr caoi a thiocfadh linn a
dhéanamh ná an tuairisg a thug sean-fhear de thógáil an oileáin dúinn i dteach
ósda i nGob a’ Choire a thabhairt duit.
Lá aonaigh a bhí ann agus thárla gur casadh
isteach muid san teach seo. Bhí triúr sean-fhear ina suidhe istigh i seomra
beag ann agus na píopaí faoi lán-tseoil aca agus na gloinneacha ar an mbord. Ag
cur caoi ar chúrsaí an aonaigh a bhí siad agus cuid de’n chómhrádh dh’á
dhéanamh aca i mBéarla agus cuid eile i nGaedhilg. Ba chuma leo idir an dá
theangaidh mar bhí an Béarla aca chomh maith leis an nGaedhilg. Chuirinn féin
agus mo chomrádaidhe focal isteach anois agus aríst acht ba gearr gur thug muid
faoi deara go raibh duine de’n triúr a raibh fonn seanchais air agus féith an
ghrinn ann ní b’fhearr ná an bheirt eile agus nuair a thoisigh seisean i gceart
b’éigean do’n bheirt eile éisteacht.
"Raibh an Béarla agat ó t’óige?"
arsa mise.
"Raibh what?" ar seisean, ag
breathnughadh idir an dá shúil orm. "Ní raibh, ná sgread casta an focal
Béarla a bhí in mo bhaile sgór bliadhain ó shoin ag aoinne de bhunadh an
bhaile."
"Bhfuil
mórán de ann anois?" arsa mise.
"Is beag atá ann acht é anois," ar
seisean.
"Agus nach tobann a tháinig sibh isteach
ar an mBéarla, nó an ar sgoil a d’fhoghluim sibh é?" arsa mise.
"Dá mbéadh sinne i muinighin an mhéid
Béarla a fuair sinn sa sgoil, b’fhurast ár gcuid de a chómhaireamh indiu, acht
innseo’ mise dhuit cé’n chaoi a raibh sé. I mBéarla a bhí na paidreacha dh’á mhúineadh
san sgoil, agus Béarla a bhí i dteach an phost’, ag na póilíos agus ag daoine
eile de’n tsórt sin agus bhíodh sinne ag breith ar na focla a bhíodh siad-san
ag sgaoileadh uatha agus ag congbháil greama ar an bhfocal a fuair muid. Ar an
gcaoi sin bhí muid i dtólamh ag cur leis an mbeagán a bhí againn go raibh riar
maith Béarla againn ar deireadh."
"Bhfuil tú i n-ann an
Ghaedhilg a sgríobhadh ná a léigheadh?" arsa mise.
"Tig liom é a léigheadh go measardha
maith acht cúrsaí sgríobhadh dhe, níl aon lámh agam air."
"Creidim," arsa mise, "go mba
chuma leat acht a bheith i n-ann é a labhairt."
"Sin é é go díreach agus cé’n mhaith
teanga ar bith agat mur’ bhfuil tú i n-ann í a labhairt," ar
seisean.
"A’ mbíthí ag gáiridhe fúibh nuair a bhí
sibh i muinighin an chorr-fhocail Béarla i dtoiseach?" arsa mise.
"Nár chuma dhúinn faoi gháiridhe ná
magadh ar bith," ar seisean. "Nach raibh Béarla againn agus b’in a
raibh uainn."
"Feicim," arsa mise, "gur
chaith sibh am agus dúthracht léithe mar theangaidh le greim a fhagháil uirthi,
go mór mhór nuair nach raibh mórán congnaimh le fagháil agaibh."
"Am agus dúthracht, an eadh? Éist, a
stócaigh, go n-innsighidh mé dhuit faoi. Bhí mise chomh mór ’s atá
mé indiu nuair a chuaidh mé faoi Láimh Easbuig agus bhí daoine ní ba sine ná
mise ag an easbog an lá céadna mar is maith is cuimhneach liom é. Ní chuirfidhe
lá iongantais ann an tráth sin daoine fásta a fheiceál ag dul faoi Láimh
Easbuig ní fearacht anois é. Theastuigh cuid mhaith Teagaisg Chríostuidhe ó
dhuine an t-am sin shul a leigthí dhó dul faoi Láimh Easbuig. ’Sí
an obair a bhíodh orainne, an sgata a bhí le dul chuig an easbog, istigh i
dteach na sgoile ’chuile thráthnóna Domhnaigh agus corr-uair i rith na
seachtmhaine ag fóghluim an Teagaisg Chríostuidhe agus an máighistir sgoile
’ghár múineadh. Bhíodh sinn annsin aige go féilteamhail ag dul feadughadh do’n
Teagasg Críostuidhe agus an máighistir bocht cráidhte ag iarraidh na focla
cruaidhe a mhíniughadh dhúinn agus gan fhios againne ’ch oiread le cúl ár gcinn
céard a bhíodh dh’á rádh againn, mar go mba Béarla a bhí ar siubhal ann."
"’Raibh mórán fóghlumtha agat nuair a
tháinig Lá an Easbuig?" arsa mise.
"Bhí," ar seisean, "ceithre
ceisteanna agus mé bródamhail go maith as obair mo choicighíse mar bhí daoine
ann nach raibh an oiread sin aca. Soir linn go seolta go teach an phobail nuair
a tháinig an lá agus bhí misneach agam féin i ngeall ar an oiread a bhí
fóghlumtha agam, agus an gcreidfeá nár cuireadh orm acht dhá cheist i ndiaidh
mo chuid trioblóide uilig."
"An raibh na freagraí agat?" arsa
mise.
"Ádhmhail
go leor bhí," ar seisean, "mar go mba péire de na ceithre cinn a bhí
fóghlumtha agam a cuireadh orm. Nach orm
a bhí an t-ádh agus a liachtaighe ceist a bhí ins an Teagasg
Críostuidhe?"
"B’ort cinnte," arsa mise,
"agus ba chóir dhuit a bheith buidheach."
"Rud a bhí," ar seisean, "acht
ag teacht abhaile dhom bhí mo bhean amuigh sa ngáirdín agus nuair a tháinig mé
faoi fhad cainnte léithe, ‘Cé’n chaoi ar éirigh leat leis an Teagasg
Críostuidhe?’ ar sise, ina sean-bhéic. "Go féidhmeamhail," arsa mise,
"mar bhí dhá cheist spáráilte agam."
"Thiocfadh leat a rádh ina dhiaidh
sin," arsa mise, "go raibh Béarla agat."
"Agus nach raibh, dá laghad é?" ar
seisean. "Acht chabhruigh an mhéid sin féin liom le tuilleadh a
fhagháil."
"Caithfidh sé mar sin gur beag Béarla a
bhí ar an oileán an tráth sin chor ar bith," arsa mise.
"Nuair a bhí mise óg," ar seisean,
"shiubhailfeá an t-oileán ó cheann go ceann agus ní raibh
focal Béarla le clons ann acht ó na strainséirí. An té a raibh Béarla aige an t-am
sin bhí meas air agus innseo’ mé anois duit sgéal a chuala mé go minic ó
m’athair, go ndéanaidh Dia trócaire air. Nuair a bhí seisean ag teacht suas bhí
an sagart a bhí ann an tráth sin ag cur cómhairle ar na daoine an oiread Béarla
a fhóghluim agus a thiocfadh leo ionnus go mbéadh siad i n-ann a
ngnaithe a dhéanamh nuair a théigheadh siad amach go dtí an mhóir-thír nó as
baile i n-áit ar bith. Thuig an sagart go raibh a dhíoladh
Gaedhilge ag ’chuile dhuine ar an oileán agus go mba mhór an gar dóibh é beagán
Béarla a bheith aca. Ghlac na daoine a chómhairle agus bhí siad ar theann a
ndíchill ag iarraidh corr-fhocal Béarla a mheabhrughadh. Lá amháin bhí fear as
mo bhaile ar a bhealach go Cathair na Mart nuair a casadh an sagart air annseo
i nGob a’ Choire. ‘Good morning, John,’ arsa an sagart leis. ‘Anois, a athair,
labhair Gaedhilg liom, le do thoil,’ arsa John. ‘Níl agam acht cúpla focal
Béarla agus tá mé ’ghá spáráil go dtéighidh mé go Cathair na Mart.’ Nach
dteasbáineann sin a laghad Béarla a bhí ann an tráth sin agus an trioblóid a
fuarthas ag iarraidh é a fhóghluim?"
"Teasbáineann cinnte," arsa mise,
"acht creidim go mba annamh a théigheadh duine as Acaill an uair sin chomh
fada le Cathair na Mart."
"Creidim go mba annamh mar nach raibh an
chaoi ann leis an aistear sin a dhéanamh mar atá anois," ar seisean.
"Tá seans go mb’in an t-am
a raibh ‘Hata Acla’ annseo ag an bhfearsaid," arsa duine de na fir eile
nár labhair go dtí seo. "Cuirfidh mé geall nár chuala na fir seo
ariamh," ar seisean linne, "aon trácht ar ‘Hata Acla.’"
B’éigean dúinn a
rádh nár chuala.
"Seo é an
chaoi a raibh sé," ar seisean. "I bhfad ó shoin nuair nach raibh
muinntear Acla chomh maith as agus atá siad anois, ná b’fhéidir an dara culaith
éadaigh ag cuid aca, bhí hata dubh fágtha annseo ag an bhfearsaid agus duine ar
bith a bhéarfadh a ghnaithe as an oileán amach é chuirfeadh sé an hata sin air
le bheith ina ‘dhuine uasal’ chomh fada agus a bhéadh sé as baile. Ní raibh
hataí chomh fairsing an t-am údaigh agus atá siad anois agus
chuirfidhe sunndas san té a d’fheicfidhe le hata air. Ar ndóigh shíl muinntear na h-áite amuigh
go raibh hata ar ’chuile dhuine i nAcaill mar nach bhfágfadh aoinne an t-oileán
gan an hata a chur air. Nuair a thigeadh an duine sin ar ais d’fhágadh sé an
hata san áit a bhfuair sé é ionnus go mbéadh sé ann ag an gcéad duine eile a
bhéadh ag fágáil an oileáin. Sin é an chaoi a raibh sé anois agus cuireann sé
iongantas orm nár chuala sibh é sin cheana."
B’éigean do’n
bheirt againn a rádh nár chuala, gidh gur dhubhairt an fear sin go raibh sé ina
leath-fhocal ó shoin ar fud iarthair an chonndae le rud ar bith a bhíos ag dul
ar iasacht ó dhuine go duine, gur geall maith le "Hata Acla" é.
Anois, a
léightheoir, tá an cúrsa fánaidheachta seo chómhair a bheith tugtha agus tá
muid buidheach dhíot a bheith chomh foighdeach linn. Gealladh dhuit i dtoiseach go bhfuightheá
breac-chunntas ar gach ar chuala muid agus ar gach a bhfaca muid ar an tsearsa
seo atá anois thart. Tugadh dhuit é mar fuair muid féin é. Níl ann acht an
cunntas a fuarthas ó’n tseanchaidhe mar nár dearnadh tagairt ná sgrúdughadh ar
leabhar ná páipéar leis an gcunntas a fhagháil. Ní raibh gádh leis. Ba
suimeamhla i bhfad a bheith ag éisteacht leis an tseanchaidhe ag sgaoileadh an
tseanchais uaidh gan pioc stróimh ná trioblóide. Ná síltear go bhfuil an
seanchas uilig faoi Iorrus agus faoi Acaill ins an gcunntas seo. Níl, ná
baoghal air, mar thiocfadh le duine a bheith ag breacadh ar a dhícheall i
gcaitheamh a shaoghail agus ní bhéadh sé uilig aige. Shanntuigh muid féin
tuilleadh a chur ar fagháil dhuit, a léightheoir, acht bhí ár saoire anois
thart agus ar ndóigh caithfidhear freastal ar "tóir an tsaoghail."
Deir mo leath-bhádóir, Micheál, gur iomdha
áit ar leag sé a chos ó d’fhág sé Éire gur fhill sé aríst uirthi, acht nach
bhfuair sé aon tsólás ná aoibhneas a chuirfeadh sé i gcomórtas leis an
bpléisiúr a fuair sé ar an ngeábh fánaidheachta seo. Tá sé ag brath ar a
aghaidh a thabhairt aríst ar an Oileán Úr i gceann sgathaimh, acht mar adeir sé
féin, níl an tír sin thall leath chomh h-úr ná chomh h-áluinn
leis an tírín seo atá ina bhuaile dhúthchais aige acht go gcaithfidh sé
imtheacht mar gur thall atá a chuid agus a chúram anois. Tá an Samhradh ag
éalódh uainn anois agus an lá ag cailleadh acht tiocfaidh bliadhain eile agus
faoi n-a bheith slán dúinn uilig tá dúil againn searsa eile
fánaidheachta a thabhairt agus a thoradh a thabhairt dhuit, a léightheoir. Go
dtí sin fágfam slán agus beannacht agat.
<<<